S1 E3 24m
Ar Monte da Cunca, in Algarve na Portaingéile a thabharfaidh an lucht Wwoofála a n-aghaidh an tseachtain seo. 'Parthas lucht Wwoofála' a thugtar ar an bhfeirm seo, a bhfuil lucht Wwoofála as gach cearn den domhan, chomh maith le go leor éan agus ainmhithe, ag cur fúthu uirthi. Foghlaimeoidh Mairéad agus Conall le tithe a thógáil agus le aire a thabhairt do chapall atá fiáin. Tabharfaidh Conall ceacht tonnmharcaíochta do Mhairéad ar an trá in aice láimhe agus eagróidh Mairéad rang ióga don bheirt acu, ach an seal suaimhneach a bheidh ann?
Béarla
29 Eanáir 2018