Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Réalta Agus Gaolta

An cuardach don teaghlach is cumasaí in Éirinn!
 
Tá Réalta agus Gaolta ar ais, agus sinn sa tóir ar an teaghlach is cumasaí in Éirinn, sa bhliain 2021! Is cuma más ceoltóirí oilte sibh, nó amhránaithe binne, nó fiú rinceoirí ábalta – táimid ag súil le cloisint uaibh!
 
An féidir libh dul i bhfeidhm ar ár moltóirí? Beidh Irial Ó Ceallaigh, amhránaí sean-nóis agus craoltóir aitheanta; agus Sinéad Ní Uallacháin, craoltóir agus léiritheoir raidió ag coimeád súil ghéar ar na hiomaitheoirí ar fad agus iad ag faire amach do thallann úr! Beidh aoi-mholtóir clúiteach ó shaol na siamsaíochta ina dteannta gach seachtain chun cabhrú leo a gcinneadh a thógaint.
 
An bhfuil bua faoi leith ag do theaghlach? An féidir leat tú féin agus do shiblíní a shamhlú ag canadh ní hamháin ós comhair an scátháin, ach ar stáitse náisiúnta? An bhféadadh do thuismitheoirí banna a bhunú agus an tír a thaisteal, ag seinm ceoil? Má sea, bí i dteagmháil linn!
 
Le bheith san áireamh, ní mór do bheirt ar a laghad ó do theaghlach iad féin a chur chun cinn. Caithfidh gaol a bheith eadraibh ar fad.
 
Beifear ag scannánú in RTÉ i mBaile Átha Cliath san earrach.
 
Caithfidh iomaitheoirí a bheith ar fáil do LÁ AMHÁIN scannánaíochta, ar a laghad. Má éiríonn leo an babhta leathcheannais agus an babhta ceannais a bhaint amach, bheadh orthu a bheith ar fáil don DARA lá scannánaíochta.
 
Le tuilleadh eolais a fháil, seol teachtaireacht chuig realta@adareproductions.ie nó glaoigh ar 083 132 6559.
 

Cé a bhuafaidh Réalta agus Gaolta?