Skip to main content
Menu

Sceidil TG4

Programme Highlights

Inniu ar TG4

Sceidil an Lae

Dé Sathairn 15 Nollaig

  • 5:30AM
    France 24

    France 24Sraith 10, Eipeasóid 349

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

  • 7:00AM
    Cúla 4

    Cúla 4

    Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

  • 7:02AM
    Alvinnn !!! & the Chipmunks

    Alvinnn !!! & the ChipmunksSraith 2, Eipeasóid 1

    Madra Nua

    Tagann na hioraí talún ar mhadra agus beartaíonn siad é a choinneáil. Ach an éireoidh leo é a choinneáil i ngan fhios do Dháithí?

  • 7:14AM
    Dónall Dána (GS)

    Dónall Dána (GS)Sraith 1, Eipeasóid 25

    Dónall Dána agus an Cluiche Peile

    Tá Dónall ag iarraidh ticéad a fháil don chluiche mór ach níl a fhios aige cá bhfaighidh sé ceann.

  • 7:25AM
    Dr Dimension Pants

    Dr Dimension PantsSraith 1, Eipeasóid 15

    Seo Tabó

    Féachfaidh táibléad le háit Kyle a ghlacadh.

  • 7:36AM
    Dr Dimension Pants

    Dr Dimension PantsSraith 1, Eipeasóid 16

    Seanteidí

    Bíonn sé ina spraoi nuair a fhaigheann Kyle réidh lena theidí.

  • 7:48AM
    Angelo Rules (GS)

    Angelo Rules (GS)Sraith 3, Eipeasóid 29

    Conas gan a Bheith i d'Angelo

    Tá spéaclaí an mhúinteora goidte ag Tracy agus iad curtha aici i dtaisceadán Angelo.

  • 8:00AM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag a 7 a.m. go dtí a 10.00 am agus arís ag a 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 8:02AM
    Eolaíocht le Bert

    Eolaíocht le BertSraith 1, Eipeasóid 5

    Scála

    Tabharfaidh Bert faoi thurgnamh a bhaineann le scála.

  • 8:06AM
    Eolaíocht le Bert

    Eolaíocht le BertSraith 1, Eipeasóid 6

    Domhantarraingt

    Tabharfaidh Bert faoi thurgnamh a bhaineann le domhantarraingt.

  • 8:10AM
    The Furchester Hotel

    The Furchester HotelSraith 1, Eipeasóid 14

    Dealbh

    Féachann muintir Furchester le dealbh álainn atá réidh le titim a shábháil!

  • 8:21AM
    Elmo Anseo

    Elmo AnseoSraith 1, Eipeasóid 3

    Páistí

    Foghlaimeoidh Elmo agus a chara nua Cliste níos mó faoi pháistí óga inniu.

  • 8:27AM
    PJ Masks

    PJ MasksSraith 1, Eipeasóid 30

    Gekko agus Ruaille Buaille ag an Iarsmalann

    Is é Romeo a tharraingeoidh trioblóid anocht.

  • 8:39AM
    Dinosaur Train (GS)

    Dinosaur Train (GS)Sraith 2, Eipeasóid 22

    Paiste Puimcíní ag an Linn Mhór

    Téann Muintir Pteranodon in éineacht le Muintir Lambeosaurus chuig an Linn Mhór chun Gealach an Fhómhair a cheiliúradh.

  • 8:51AM
    Woozle & Pip

    Woozle & PipSraith 1, Eipeasóid 3

    Lá aintín

    Féachann na cairde le rud éigin deas a dhéanamh d'Aintín ar a lá speisialta.

  • 8:56AM
    Woozle & Pip

    Woozle & PipSraith 1, Eipeasóid 4

    Réaltbhuíonta

    Foghlaimeoidh na cairde faoi réaltaí agus réaltbhuíonta.

  • 9:01AM
    Kazoops

    KazoopsSraith 1, Eipeasóid 48

    Folach Bíog

    Gheobhaidh Monty agus Jimmy Jones amach an bhfuil áiteanna eile ann le dul i bhfolach seachas taobh thiar de rudaí.

  • 9:08AM
    Zou

    ZouSraith 3, Eipeasóid 52

    Filleadh an Phianó

    Ar chlár an lae inniu, tabharfar pianó Nanna abhaile.

  • 9:20AM
    Peg & Cat

    Peg & CatSraith 3, Eipeasóid 33

    Ceist na Seachtóidí Funcíáilte

    Is breá le Mamó agus Daideo Pheig ceol na 60í ach is fearr leis na gabhair atá acu ceol na 70í. An mbeidh Peig in ann an scéal a réiteach?

  • 9:32AM
    Is Ait an Mac é Mús

    Is Ait an Mac é MúsSraith 1, Eipeasóid 49

    Ag Tumadóireacht

    Téann Jeaicín agus Mús ag tumadh ar sheanbhád.

  • 9:40AM
    Bia Linn (TS)

    Bia Linn (TS)Sraith 2, Eipeasóid 3

    Subh

    Sraith spleodrach cócaireachta do pháistí óga. Bí linn sa chistin go bhfeicfidh tú cé a bheidh ag cuidiú le Muireann. Ag cócaireacht le subh a bheidh sí inniu.

  • 9:55AM
    Saol Faoi Shráid (GS)

    Saol Faoi Shráid (GS)Sraith 1, Eipeasóid 8

    Tír na nÓg

    Tá dráma scríofa ag Cící agus is ag Glibín atá an phríomhpháirt! Scéal Oisín agus Niamh atá ann ach ní mar a chuala muid cheana é! Baineann Cící an-taitneamh as a ról ina stiúrthóir. Tá na daoine óga os cionn na sráide ag cleachtadh do dhráma freisin!

  • 10:10AM
    Ar Mhuin na Muice agus na gCapall (OS)

    Ar Mhuin na Muice agus na gCapall (OS)Sraith 1, Eipeasóid 3

    Léiriú ar imeachtaí chumann marcaíochta capall i nGaeltacht Dhún na nGall in imeacht bliana. Sa chlár seo, rachaidh baill an Chumainn chuig babhtaí cáilithe seóléimní an RDS i Sligeach agus a gcroíthe lán le dóchas. Tá Áilbhe Kelly ag iarraidh a bheith ag staidéar ach a bheith ag marcaíocht freisin. Tá a chuid fadhbanna féin ag a hathair Manus Kelly, gníomhaire eastáit, atá ag iarraidh teach a dhíol ar oileán amach ón gcósta. Beidh ócáid mhór an chumainn ar siúl freisin, tá seó ar an trá á eagrú acu a mheallann cuairteoirí as gach cearn den tír.

  • 10:40AM
    Ón Mám go dtí na Major Leagues (OS & TS)

    Ón Mám go dtí na Major Leagues (OS & TS)Sraith 17, Eipeasóid 4

    Ón Mám go dtí na Major Leagues

    Clár faisnéise a thugann chun cuimhne na héachtaí daorchluiche a rinne ceathrar deartháireacha as Dúiche Sheoigheach in iarthar na Gaillimhe ag an leibhéal gairmiúil is airde sa spórt céad bliain ó shin. Léirigh siad a gcumas sa daorchluiche agus níorbh fhada go raibh siad ag imirt le cuid de na foirne ba cháiliúla ar fad. Ba é Steve, a rugadh i Meiriceá, an duine ab fhearr acu a chruthaigh sa spórt mar gur bhuaigh sé an chraobh is airde, Sraith an Domhain, ina imreoir agus ina dhiaidh sin ina bhainisteoir foirne. Seo scéal dheartháireacha Uí Néill as an Mám.

  • 11:10AM
    GAA 2018

    GAA 2018Sraith 18, Eipeasóid 45

    Buaicphointí na gcluichí a imríodh ag an deireadh seachtaine sna comórtais éagsúla, Cluichí Ceannais Chraobhchomórtas Sinsear Peile na gClubanna AIB i gCúige Laighean agus Cluiche Ceannais Chraobhchomórtas Sinsear na gClubanna i bPeil na mBan ina measc.

  • 12:10PM
    Little House on the Prairie (TS)

    Little House on the Prairie (TS)Sraith 1, Eipeasóid 6

    If I Should Wake Before I Die

    Airíonn Iníon Amy a teaghlach uaithi go mór nuair a théann sí ar shochraid a cara. Creideann Laura nach bhfuil sé ceart neamhaird a dhéanamh do bhreithlá do chairde.

  • 1:05PM
    Little House on the Prairie (TS)

    Little House on the Prairie (TS)Sraith 1, Eipeasóid 7

    Town Party, Country Party

    Gortaíonn Laura a rúitín ag cóisir Nellie Oleson. Cuireann sí aithne ar chailín beag a bhfuil máchail uirthi ó rugadh í, tá cos amháin níos faide ná an chos eile. Socraíonn na cailíní Ingalls cóisir a bheith acu féin agus féachann Laura le díoltas a fháil ar Nellie Oleson.

  • 2:00PM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 10, Eipeasóid 26

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á cur i láthair ag Anne Robinson.

  • 2:55PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 22, Eipeasóid 311

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 3:00PM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag a 7 a.m. go dtí a 10.00 am agus arís ag a 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 3:02PM
    Dot

    DotSraith 1, Eipeasóid 1

    Toirneach Chugainn

    Tá faitíos ar Scratch roimh thoirneach.

  • 3:13PM
    Kazoops

    KazoopsSraith 1, Eipeasóid 49

    An Dochtúir Sciotaráil

    Féachann Monty le gáire a bhaint as Stan nuair a théann dealg ina mhéar.

  • 3:20PM
    Bubu & na hUlchabháin Bheaga

    Bubu & na hUlchabháin BheagaSraith 1, Eipeasóid 13

    An Lá Mór

    Tá mamó agus daideo ag teacht ar cuairt agus tá na hulchabháin bheaga ag súil go mór leo.

  • 3:31PM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 2, Eipeasóid 13

    Crua go Leor

    Tá Nic agus Sailí ag iarraidh a fháil amach cén t-ainmhí is láidre.

  • 3:44PM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 2, Eipeasóid 14

    An Bealach ar Ais

    Tugann an Cat, Nic agus Sailí cúnamh do Ting Tang Tonaí nuair a bhíonn sé ag iarraidh dul abhaile.

  • 4:00PM
    Cúla 4

    Cúla 4

    Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

  • 4:02PM
    Alvinnn !!! & the Chipmunks

    Alvinnn !!! & the ChipmunksSraith 2, Eipeasóid 2

    Daidí an Dragan

    Caithfidh Theodore aire a thabhairt d'ubh dragain. Cé nach gcreideann Alvin agus Simon gur ubh dragain cheart í, cuireann Dáithí iallach orthu cúnamh a thabhairt do Theodore.

  • 4:13PM
    Camp Lakebottom

    Camp LakebottomSraith 1, Eipeasóid 12

    Féasta na mBeithíoch

    Éiríonn na campálaithe mór le Poe, a bhíodh ina champálaí tráth.

  • 4:24PM
    Zak Jinks

    Zak JinksSraith 1, Eipeasóid 33

    Ceoldráma Long Spáis

    Tá éisteachta ar siúl don cheoldráma Long Spáis. Tá Aodán ag fáil go leor cúnaimh.

  • 4:36PM
    Zak Jinks

    Zak JinksSraith 1, Eipeasóid 34

    Tinte Ealaíne

    Tá Zak ag iarraidh dul chuig an taispeántas tinte ealaíne ach beidh air imeacht amach i ngan fhios don fheighlí leanaí ar dtús.

  • 4:50PM
    Dr Dimension Pants

    Dr Dimension PantsSraith 1, Eipeasóid 37

    Tomaí Turcaí

    Tugann an Dochtúir Sárbhrístí turcaithe atá stiúgtha leis an ocras chuig Baile Ghandail.

  • 5:00PM
    Whiz sa Chistin (GS)

    Whiz sa Chistin (GS)Sraith 2, Eipeasóid 25

    Seó cluichí é Whiz sa Chistin atá bunaithe ar bhia. Beidh ceathrar leanaí sa chistin ar gach clár agus beidh a fhios againn cé chomh maith is atá siad sa chistin nuair a chaithfidh siad tabhairt faoi dhúshlán bia agus ceisteanna go leor a fhreagairt.

  • 5:30PM
    Whiz sa Chistin (GS)

    Whiz sa Chistin (GS)Sraith 2, Eipeasóid 26

    Seó cluichí é Whiz sa Chistin atá bunaithe ar bhia. Beidh ceathrar leanaí sa chistin ar gach clár agus beidh a fhios againn cé chomh maith is atá siad sa chistin nuair a chaithfidh siad tabhairt faoi dhúshlán bia agus ceisteanna go leor a fhreagairt.

  • 6:00PM
    Ar Chúl an Chuirtín (OS & TS)

    Ar Chúl an Chuirtín (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 3

    Sraith ceithre chlár seo faoi andúlaithe drámaíochta as gach cearn den tír agus ní ar an ardán amháin a bhíonn an drámaíocht! Níl línte an dráma ar eolas ag aisteoirí na nDúnaibh agus tá siad dearmadta ag na haisteoirí i gCeatharlach freisin tar éis seachtain saoire. Tá Amharclann Ghaoth Dobhair réidh in am le dul ar stáitse agus tá an amharclann oscailte don phobal den chéad uair le deich mbliana.

  • 6:30PM
    Lurgan 2K17 (GS)

    Lurgan 2K17 (GS)Sraith 1, Eipeasóid 3

    Grace Willis - Green Light

    Sraith siamsaíochta do dhaoine óga ina dtaispeánfar físeáin ó, 'TG Lurgan' chomh maith leis na daltaí ardchumasacha a ghlacann páirt iontu. Tabharfar cuntas sa tsraith seo ar na heachtraí saoil a thug na daoine óga seo le chéile agus tabharfar léargas ar an tuiscint atá ag na scoláirí ar chultúr na Gaeilge tríd an gceol. Sa chlár seo casfaidh Grace Willis, 15, as Co. na Mí 'Mo Chara is Fearr' a scríobh sí féin agus 'Green Light' le Lorde. Labhróidh Grace faoin suim atá aici san eolaíocht agus tabharfaidh sí léargas dúinn ar shaol sóisialta an choláiste.

  • 6:42PM
    Lurgan 2K17 (GS)

    Lurgan 2K17 (GS)Sraith 1, Eipeasóid 4

    Cal Mac Lochlainn - The Sound

    Sraith siamsaíochta do dhaoine óga ina dtaispeánfar físeáin nua ó, 'TG Lurgan' chomh maith leis na daltaí ardchumasacha a ghlacann páirt iontu. Tabharfar cuntas sa tsraith seo ar na heachtraí saoil a thug na daoine óga seo le chéile agus tabharfar léargas ar an tuiscint atá ag na scoláirí ar chultúr na Gaeilge tríd an gceol. Sa chlár seo casfaidh Cal Mac Lochlainn, atá trí bliana déag d'aois as Baile Átha Cliath, 'Where The Streets Have No Name' le U2 agus 'The Sound' le 1975.

  • 6:57PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 22, Eipeasóid 349

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 7:00PM
    Nuacht TG4

    Nuacht TG4Sraith 21, Eipeasóid 349

    Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

  • 7:15PM
    Vótaí do Mhná (OS)

    Vótaí do Mhná (OS)

    Clár faisnéise faoi mar a bhain mná na hÉireann cead vótála amach i 1918. Bhí gach príomhpháirtí polaitíochta in Éirinn agus sa mBreatain go mór in aghaidh cead vótála a thabhairt do mhná roimh an gCéad Chogadh Domhanda. Ach le díograis agus le dúthracht agus le cúnamh ó ghrúpa beag fear, idir shóisialaigh agus phoblachtaigh, bhain siad ceart vótála amach sa deireadh do mhná os cionn 30 bliain d'aois.

  • 8:15PM
    Opry le Daniel (OS & TS)

    Opry le Daniel (OS & TS)Sraith 8, Eipeasóid 6

    Na Kirwans

    Fillfidh Daniel O'Donnell ar Fhóram na Mílaoise i nDoire chun clár speisialta a chur i láthair in ómós mhuintir Kirwan as an Ómaigh, Co. Thír Eoghain. Tabharfar léargas sa chlár ar shaol Dominic, Colm agus Barry agus beidh neart amhrán le cloisteáil uathusan chomh maith le hamhráin a chasadh in éineacht le Daniel.

  • 9:16PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 22, Eipeasóid 349

    An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

  • 9:20PM
    Murdair Mhám Trasna (OS & TS)

    Murdair Mhám Trasna (OS & TS)

    Fadscannán faisnéise/drámaíochta faoi cheann de na cásanna dúnmharaithe is iomráití in Éirinn - dúnmharú cúigear as teaghlach amháin i Mám Trasna i gCo. Mhaigh Eo in 1882. Ghníomhaigh dlí Shasana go pras ach ba é a thoradh gur ciontaíodh agus gur crochadh daoine san éagóir bunaithe ar fhianaise bhréige, ar bhrathadóirí agus ar bhreabaireacht.

  • 11:30PM
    Na Bailéid (OS & TS)

    Na Bailéid (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 3

    The Rocks of Bawn

    Sa chlár seo rachaidh John Spillane chuig iarthar na hÉireann agus fiosróidh sé cúlra trí amhrán mór le rá a bhaineann leis an réigiún; 'Dónal Óg' á chasadh ag Elaine Cormican, 'The West's Awake' á chasadh ag Damien Dempsey agus 'The Rocks of Bawn' á chasadh ag Niamh Parsons.

  • 0:00AM
    Draíocht (OS)

    Draíocht (OS)Sraith 1, Eipeasóid 9

    An bhfuil sé sa duine rudaí 'gránna' a shlogadh? Fiosróidh RUA an scéal. Bíonn iontas ar an gcraoltóir Jessica de Búrca agus ar an gceoltóir John Spillane go mbíonn a fhios ag RUA cé air a mbíonn siad ag smaoineamh. Is i siopa bréagán Hamley a dhéanfaidh sé a chéad chleas eile.

  • 0:30AM
    Draíocht (OS)

    Draíocht (OS)Sraith 1, Eipeasóid 10

    Sa chlár deiridh féachfaidh RUA leis an toradh a bheidh ar chluiche millín péinte a thuar sula dtosaíonn an cluiche ar chor ar bith! Tuigeann láithreoir TG4, Sláine Ní Chathalláin, an tairbhe a bhaineann le bheith dearfach. Dá chleas deiridh cuirfidh Rua a mhuinín i nduine den phobal.

  • 1:00AM
    Ceol ar an Imeall (OS)

    Ceol ar an Imeall (OS)Sraith 6, Eipeasóid 9

    Ar an gclár seo beidh na bannaí ceoil Meltybrains a chasfaidh 'Intros are so Original' agus 'Inti Splace', Morning Veils a chasfaidh 'Lily' agus casfaidh Slow Skies 'Bodies'. Beidh píosa cainte ag Una Mullally leis an ngrúpa Lucius.

  • 1:30AM
    France 24

    France 24Sraith 10, Eipeasóid 349

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.