Skip to main content
Menu

Sceidil TG4

Programme Highlights

Inniu ar TG4

Sceidil an Lae

Dé Céadaoin 19 Nollaig

  • 5:29AM
    France 24

    France 24Sraith 10, Eipeasóid 353

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

  • 7:00AM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag a 7 a.m. go dtí a 10.00 am agus arís ag a 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 7:02AM
    Mofy

    MofySraith 1, Eipeasóid 2

    An Préachán Béasach

    Tá faitíos ar Mofy agus ar a cairde roimh éan mór dubh.

  • 7:07AM
    Mofy

    MofySraith 1, Eipeasóid 3

    Mofy an File

    Tá Mofy ag iarraidh go léifidh a cairde an dán a scríobh sí ach níl duine ar bith ag tabhairt aon airde uirthi.

  • 7:12AM
    Balloon Barnyard

    Balloon BarnyardSraith 1, Eipeasóid 7

    Lá na Rásaí

    Inniu Lá na Rásaí i gClós na mBalún ach tá na bainbh ag briseadh na rialacha.

  • 7:19AM
    Olobob Top

    Olobob TopSraith 1, Eipeasóid 26

    Fear na gCleas

    Tá Deeno ag imirt cleas ar dhaoine agus ag ligean air féin gurb é 'An tUasal Duine Ar Bith' atá á dhéanamh, go dtí go dtagann An tUasal Duine Ar Bith é féin chuig an bhforaois!

  • 7:24AM
    Tractor Tom

    Tractor TomSraith 1, Eipeasóid 22

    Cearca Trína Chéile

    Bíonn rudaí aisteacha ag tarlú ar an bhfeirm san oíche. Is mór an mhaith go bhfuil Tom thart chun teacht ar an gcréatúr mistéireach.

  • 7:35AM
    Kid-E-Cats

    Kid-E-CatsSraith 1, Eipeasóid 5

    Prócaí is Piscíní

    Níl aon bhealach ag na piscíní chun an próca suibhe a thabhairt aníos ón íoslach.

  • 7:40AM
    Kid-E-Cats

    Kid-E-CatsSraith 1, Eipeasóid 6

    Rothar

    Foghlaimeoidh Blasta le dul ag rothaíocht ar a rothar nua inniu.

  • 7:45AM
    Wissper

    WissperSraith 1, Eipeasóid 39

    An Cóisir Rúnda

    Tá Máirtín an míorchat ag iarraidh cúnamh Wissper chun cóisir rúnda a eagrú dá chara speisialta. Ach cé hé nó hí a chara speisialta?

  • 7:52AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 1, Eipeasóid 2

    Scoil Tiomána

    Milleann Olly agus Bazz Comórtas Déanta Cácaí Phlimpáin.

  • 7:57AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 1, Eipeasóid 3

    An Blas is Fearr

    Caitheann Olly agus Stan i bhfad sa scuaine chun uachtar reoite a cheannach lena fháil amach go bhfuil sé ar fad díolta ag Mario.

  • 8:02AM
    Dot

    DotSraith 1, Eipeasóid 26

    Codladh na gCarad

    Tá Dot chun an oíche a chaitheamh i dteach cara.

  • 8:13AM
    The Furchester Hotel

    The Furchester HotelSraith 1, Eipeasóid 18

    Sár-chloch

    Tá Sár-Chloch ag fanacht sa Furchester, ach ceapann sé go bhfuil a chuid cumhachtaí draíochta caillte aige nuair a stróictear a chlóca.

  • 8:24AM
    Maya an Bheachín

    Maya an BheachínSraith 2, Eipeasóid 26

    Liathróid Mhór

    Faigheann Maya amach nach bhfuil aon chloch mhíle ar leith ag baint le stair na dtrumpallán. Socraíonn Kurt an liathróid aoiligh is mó dá bhfacthas sa ghleann riamh a dhéanamh.

  • 8:38AM
    Bubu & na hUlchabháin Bheaga

    Bubu & na hUlchabháin BheagaSraith 1, Eipeasóid 7

    Oíche Mhaith, a Fhoraois

    Foghlaimeoidh na hulchabháin bheaga faoi ainmhithe a bhíonn amuigh san oíche.

  • 8:49AM
    Scéalta Scanrúla le Masha

    Scéalta Scanrúla le MashaSraith 1, Eipeasóid 22

    An Fhírinne Fúthu Siúd a Bhfuil Eagla Orthu a Bheith Beag

    Inseoidh Masha an fhírinne dúinn fúthu siúd a bhfuil faitíos orthu a bheith beag.

  • 8:56AM
    Kazoops

    KazoopsSraith 1, Eipeasóid 55

    Déanann Monty Arís é

    Iarrann an múinteoir ar Monty rud éigin eile a phéinteáil seachas a bheith ag péinteáil an rud céanna i gcónaí.

  • 9:03AM
    Zou

    ZouSraith 3, Eipeasóid 4

    Zou agus an Rás Uisce

    Rachaidh Zou agus Daideo sa tóir ar chadhc don lá deireanach de laethanta saoire an tsamhraidh.

  • 9:15AM
    Ár Scéal (OS & TS)

    Ár Scéal (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 23

    An Préachán agus an Cháis

    Tabharfaidh Úna Ní Fhlatharta cuairt ar scoileanna ar fud na tíre chun scéalta a bhailiú agus chun cabhrú leis na daltaí óga tabhairt faoi thograí móra ealaíne bunaithe ar charachtair agus ar théamaí na scéalta. Ar Scoil Iognáid i gcathair na Gaillimhe a thabharfaidh Úna cuairt inniu. Féachfaidh Úna le cleas a imirt ar na gasúir agus í ag caitheamh masc préacháin ach aithníonn na gasúir í ar an bpointe. Beidh an-spraoi aici lena cairde beaga a dhéanfaidh préacháin dá gcuid féin sula n-inseoidh siad an scéal 'An Préachán agus an Cháis'.

  • 9:30AM
    Ainmhithe Craiceáilte (OS & TS)

    Ainmhithe Craiceáilte (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 102

    Sean Seile

    Ar chlár an lae inniu beidh madra ar ghluaisrothar, ostrais ar maith leis grianghraf a ghlacadh de agus madra atá i ngrá le hiasc.

  • 10:00AM
    Little House on the Prairie (TS)

    Little House on the Prairie (TS)Sraith 1, Eipeasóid 12

    The Award

    Tá Mary chun tabhairt faoi scrúdú breise ag an scoil le foclóir álainn a bhuachan. Ach nuair a bhíonn sí ag staidéar lasann sí an scioból de dhearmad. Tá imní ar Caroline fúithi agus iarrann uirthi gan an scrúdú a dhéanamh. Tugann Mary faoin scrúdú ar aon nós agus éiríonn léi an duais a thabhairt léi.

  • 10:55AM
    The Gilmore Girls (TS)

    The Gilmore Girls (TS)Sraith 4, Eipeasóid 13

    Nag Hammadi is Where They Found the Gnostic Gospels

    Sraith ghrinn drámaíochta. Castar Jess agus Rory ar a chéile fad a bhíonn carr Jess á deisiú i Stars Hollow. Téann Lorelai chuig dinnéar carthanais in éineacht lena máthair agus bíonn áthas uirthi nuair a thagann a fear, Jason, ann. Nuair a chastar Jess agus Rory ar a chéile arís féachann Rory imeacht uaidh ach insíonn seisean rud éigin di nach raibh súil ar bith aici leis.

  • 11:45AM
    Cheese Slices (TS)

    Cheese Slices (TS)Sraith 3, Eipeasóid 7

    Edam and Gouda - The Netherlands

    Sraith a fhiosraíonn na scéalta agus na traidisiúin iontacha a bhaineann leis na cáiseanna is mó cáil ar domhan. Cáiseanna Edam agus Gouda a bheidh faoi chaibidil ar an gclár seo. Cé go bhfuil an Ísiltír ar an dara easpórtálaí is mó cáise san Eoraip níl cáil ach ar dhá cháis de chuid na tíre sin. Tabharfaidh Will cuairt ar Edam agus rachaidh sé chuig seó bia i Rotterdam áit a mblaisfidh sé de roinnt de na cáiseanna a choinníonn muintir na hÍsiltíre dóibh féin. Tabharfaidh Will a aghaidh ar oileán Texel go bhfaighidh sé amach faoin mbealach a ndéantar Gouda.

  • 12:15PM
    Ó Cuisine (OS)

    Ó Cuisine (OS)Sraith 1, Eipeasóid 13

    Peadar Mac an Bhaird

    Réiteoidh Peadar Mac an Bhaird as Country Choice, béile atá saor le réiteach a d'fheilfeadh do mhic léinn. Arán gloine phionta agus ae uaineola le cácaí prátaí a chuirfidh sé chun boird.

  • 12:45PM
    Garraí Glas (OS)

    Garraí Glas (OS)Sraith 2, Eipeasóid 3

    Rachaidh Síle go tuaisceart Chontae na Gaillimhe áit a mbuailfidh sí le Joe Hogan, caoladóir. Rachaidh Síle ar ais chuig a seanchara Jim McNamara san Ionad Glas lena fháil amach faoi dhul i ngleic le talamh a bheadh fliuch. Tabharfaidh Jörg Müller ag sealgaireacht cois locha í agus déanfaidh Hans Wieland seatnaí as trátaí glasa.

  • 1:15PM
    The West Wing (TS)

    The West Wing (TS)Sraith 4, Eipeasóid 11

    Holy Night

    Tá sé ina stoirm san oirthuaisceart. Baintear siar as duine den fhoireann é nuair a thagann cuairteoir nach aon súil leis ar cuairt.

  • 2:05PM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 10, Eipeasóid 29

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á cur i láthair ag Anne Robinson.

  • 3:00PM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag a 7 a.m. go dtí a 10.00 am agus arís ag a 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 3:02PM
    Dot

    DotSraith 1, Eipeasóid 4

    Mo Phictiúr

    Tá Dot ag iarraidh bronntanas speisialta a thabhairt dá máthair.

  • 3:13PM
    Kazoops

    KazoopsSraith 1, Eipeasóid 56

    Am Folctha

    Níl Monty ag iarraidh dul sa bhfolcadán. An gcaithfidh tú tú féin a fhliuchadh chun tú féin a ní?

  • 3:20PM
    Bubu & na hUlchabháin Bheaga

    Bubu & na hUlchabháin BheagaSraith 1, Eipeasóid 16

    Mistéir sa bhForaois

    Tuigeann na hulchabháin bheaga go mbíonn ainmhithe áirithe ag déanamh aithrise ar ainmhithe eile.

  • 3:31PM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 2, Eipeasóid 19

    Ainmnigh an Fhuaim Sin

    Foghlaimíonn Nic agus Sailí faoin torann a dhéanann criogair.

  • 3:44PM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 2, Eipeasóid 20

    Cleití Áille

    Níl aon chleití i hata Shailí. An mbeidh an Cat in ann cúnamh a thabhairt di?

  • 4:00PM
    Cúla 4

    Cúla 4

    Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

  • 4:02PM
    Dónall Dána (GS)

    Dónall Dána (GS)Sraith 2, Eipeasóid 41

    Dónall Dána, an Tuairisceoir

    Tosaíonn Dónall ag déanamh fiosrúchán nuair a bhunaíonn Peigí irisleabhar na scoile.

  • 4:13PM
    Angelo Rules (GS)

    Angelo Rules (GS)Sraith 4, Eipeasóid 42

    Poll Nathracha

    Glacann Angelo páirt sa chomórtas teilifíse 'Poll Nathracha'.

  • 4:24PM
    Zak Jinks

    Zak JinksSraith 1, Eipeasóid 37

    Plean na Tuairisce Scoile

    Tá na tuairiscí scoile ag teacht abhaile ón scoil. Insíonn Bn. Uí Jinks do Zak go bhfaighidh sé turas chuig Tír na Loinge Spáis má éiríonn go maith leis.

  • 4:37PM
    Harvey Beaks (GS)

    Harvey Beaks (GS)Sraith 2, Eipeasóid 15

    Sí an Nollaig Í

    Tá gach duine i Littlebark ag fáil faoi réir don Nollaig agus iad ag canadh amhrán agus ag déanamh spraoi!

  • 5:00PM
    Whiz sa Chistin (GS)

    Whiz sa Chistin (GS)Sraith 2, Eipeasóid 28

    Seó cluichí é Whiz sa Chistin atá bunaithe ar bhia. Beidh ceathrar leanaí sa chistin ar gach clár agus beidh a fhios againn cé chomh maith is atá siad sa chistin nuair a chaithfidh siad tabhairt faoi dhúshlán bia agus ceisteanna go leor a fhreagairt.

  • 5:28PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 22, Eipeasóid 315

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 5:30PM
    Irish Paint Magic

    Irish Paint MagicSraith 18, Eipeasóid 7

    The Coolin River

    Sraith á cur i láthair ag David Willis. Abhainn Chualainn is ábhar do phéintéireacht an lae inniu bunaithe ar phictiúr as féilire le Thomas & Niamh Burke as an bhFairche.

  • 6:00PM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 10, Eipeasóid 29

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á cur i láthair ag Anne Robinson.

  • 6:57PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 22, Eipeasóid 353

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 7:00PM
    Nuacht TG4

    Nuacht TG4Sraith 21, Eipeasóid 353

    Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

  • 7:30PM
    An Ríl Deal (OS & TS)

    An Ríl Deal (OS & TS)Sraith 3, Eipeasóid 3

    Táimid sa tóir ar an gcéad réalta mór eile i saol an damhsa Ghaelaigh. Tá fáilte roimh chuile chineál damhsóra Gaelaigh, idir dhamhsa steip agus dhamhsa na scuaibe, dhamhsóirí sean-nóis agus dhamhsóirí seite, cur isteach ar an gcomórtas. Ag tabhairt breithiúnais ar na hiomaitheoirí beidh na triúr moltóirí Breandán de Gallaí, Úna Ní Fhlatharta and Roy Galvin. Á chur i láthair ag Síomha Ní Ruairc.

  • 8:30PM
    Blasta (OS & TS)

    Blasta (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 8

    Gaillimh

    Rachaidh an staraí bia Máirtín Mac an Iomaire ar fud na tíre chun oidhreacht bhia na hÉireann a fhiosrú agus chun eolas a chur ar oidis, airnéisí agus leabhair chócaireachta na ndaoine. I nGaillimh a bheidh sé ar chlár na seachtaine seo. Buailfidh sé le Máirtín, Jimmy agus Máirín a thaispeánfaidh dó le miasa a bhaineann leis an áit a dhéanamh agus roinnfidh siad an stair a bhaineann leo leis. Idir ronnaigh bhuí ar an trá agus cháca na Nollag, céard a cheapfaidh muintir na háite faoi na hoidis seo atá ligthe i ndearmad? Bígí linn d'oíche bia agus béaloidis i Músaem Chathair na Gaillimhe.

  • 9:00PM
    The Foster & Allen Show

    The Foster & Allen ShowSraith 3, Eipeasóid 11

    Sraith ceoil agus siamsaíochta i dteannta Mick Foster agus Tony Allen. Tabharfaidh siad siar ar bhóithrín na smaointe muid sa chlár seo leis na hamhráin 'My Eileen Is Waiting For Me', 'I'll Never Stop Wanting You' agus 'A Hug'. Is é Nathan Carter aoi an chláir seo agus casfaidh sé an t-amhrán 'Pretty Woman'.

  • 9:30PM
    Ar Theallach an Dóchais (OS & TS)

    Ar Theallach an Dóchais (OS & TS)

    Caoga bliain i ndiaidh don ghluaiseacht cearta sibhialta a shocrú go raibh sí chun athrú a chur ar an sochaí i dTuaisceart Éireann, tabharfaidh an clár seo léargas ar roinnt de na dúshláin atá anois roimh sheisear saoránach óg a bhfuil cónaí orthu ansin. Déanfaidh an seisear seo, atá go mór ar son chúrsaí sóisialta agus cultúir, cur síos ar na fadhbanna a bhaineann lena gcuid cearta a bhaint amach agus faoin méid atá ar bun acu chun an ceann is fearr a fháil ar na fadhbanna sin. Cé go bhfuil stair achrannach mar oidhreacht acu tá siad go mór ag iarraidh a dtodhchaí féin a chruthú.

  • 10:30PM
    TradFest TG4 (OS & TS)

    TradFest TG4 (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 4

    Sraith úrnua ceoil thraidisiúnta agus chomhaimseartha a taifeadadh beo i mí Eanáir ag TradFest i gcroílár na hardchathrach. Á cur i láthair ag Doireann Ní Ghlacáin as Baile Átha Cliath. Beidh ceol sa tsraith ó cheoltóirí as Éirinn agus ó thar lear chomh maith le tallann nua atá ag teacht chun cinn. Ar chlár na seachtaine seo beidh Martin Harley lena ghiotár blues agus Daniel Kimbro ar an olldord chomh maith le ceol ó Na Dublin Lasses, Daoirí Farrell agus beirt bhan a bhfuil an ceol go smior iontu, Aoileann O'Connor agus Ellen Potts. Arna léiriú ag Aniar TV.

  • 11:30PM
    Survivor: Game Changers (OS & TS)

    Survivor: Game Changers (OS & TS)Sraith 34, Eipeasóid 15

    Gheobhaimid amach ar an gclár seo gurb í Sarah a thug an duais mhór $1,000,000 léi. D'éirigh léi vóta sheachtar den ghiúiré a fháil - Hali, Zeke, Andrea, Michaela, Cirie, Aubry agus Tai. Is é Brad a tháinig sa dara háit. Fuair seisean vótaí Ozzy, Debbie agus Sierra. Ba é Troyzan a bhí sa tríú háit. Níor vótáil aon duine dó.

  • 1:00AM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 22, Eipeasóid 353

    An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

  • 1:05AM
    Fuaimrian Mo Shaoil (OS)

    Fuaimrian Mo Shaoil (OS)Sraith 1, Eipeasóid 3

    Ger Canning

    Labhróidh Dáithí Ó Sé le craoltóir spóirt RTÉ Ger Canning faoin gceol is mó a thaitníonn leis chomh maith leis na cuimhní atá aige ar a athair, an ceol ar thit sé féin agus a bhean i ngrá leis agus an ceol as an tír is fearr leis, an Astráil.

  • 1:35AM
    France 24

    France 24Sraith 10, Eipeasóid 353

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.