Skip to main content
Menu

Sceidil TG4

Programme Highlights

Inniu ar TG4

Sceidil an Lae

Dé Máirt 25 Meán Fómhair

  • 5:30AM
    France 24

    France 24Sraith 10, Eipeasóid 268

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

  • 7:00AM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 7:02AM
    Mofy

    MofySraith 1, Eipeasóid 34

    Ceol Álainn

    Tá Mofy agus Ciarán ag cloisteáil ceol álainn agus tá siad ag iarraidh a fháil amach cé a chum é.

  • 7:07AM
    Mofy

    MofySraith 1, Eipeasóid 35

    Cá bhfuil na bláthanna?

    Tá cúpla síol curtha ag Mofy agus is fada léi go mbeidh siad faoi bhláth.

  • 7:12AM
    Balloon Barnyard

    Balloon BarnyardSraith 1, Eipeasóid 24

    Sárlaochra

    Tá na hasail ag léamh leabhair faoi shárlaochra. Thaitneodh leo féin a bheith ina sárlaochra freisin!

  • 7:19AM
    Olobob Top

    Olobob TopSraith 1, Eipeasóid 17

    Ag Imirt le Chéile

    Níl a fhios ag na hOlobobanna céard a imreoidh siad. Cruthaíonn siad cara nua agus imríonn sé cluiche in éineacht leo uilig.

  • 7:24AM
    Tractor Tom

    Tractor TomSraith 1, Eipeasóid 13

    Carnabhal do Fhi

    Níl Fi ná Tom in ann dul chuig an gcarnabhal agus mar sin tá Matt chun an carnabhal a thabhairt chomh fada leosan.

  • 7:35AM
    Kid E Cats

    Kid E CatsSraith 1, Eipeasóid 35

    Taibhrimh ar Éileamh

    Tá na piscíní ag iarraidh a mbrionglóidí féin a roghnú.

  • 7:40AM
    Kid E Cats

    Kid E CatsSraith 1, Eipeasóid 36

    Ag Cumadh Eachtraí

    Tabharfaidh Daideo cúnamh do na piscíní a gcuid samhlaíochta a úsáid.

  • 7:45AM
    Wissper

    WissperSraith 1, Eipeasóid 30

    Am Spraoi

    Tá Ódi cinnte go bhfuil deireadh lena chuid spraoi ó tharla a sciathán liúnta aige.

  • 7:52AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 1, Eipeasóid 36

    Olly agus an Robálaí

    Tá Olly síoraí ag iarraidh cúnamh a thabhairt do dhaoine ach níl a chúnamh ag teastáil ó aon duine inniu.

  • 7:57AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 1, Eipeasóid 37

    Olly an Bleachtaire

    Cé atá ag goid na mbananaí ó Iníon Florette agus ó mhuintir an bhaile? An mbeidh Stan agus Olly in ann breith ar an ngadaí?

  • 8:02AM
    Dot

    DotSraith 1, Eipeasóid 17

    Hal ar an Tanaí

    Tá Dot ag súil go mór le dul ag spraoi sa loch in éineacht le Hal.

  • 8:13AM
    The Furchester Hotel

    The Furchester HotelSraith 1, Eipeasóid 37

    Dineasár i Seomra 223

    Tagann Elmo ar dhineasár.

  • 8:24AM
    Maya an Bheachín

    Maya an BheachínSraith 2, Eipeasóid 17

    Éad

    Tá Willy ag ceapadh gurb í Lara a chailín, ach níl sí ach ag iarraidh go ngoidfidh sé an ghlóthach ríoga di.

  • 8:38AM
    Bubu & na hUlchabháin Bheaga

    Bubu & na hUlchabháin BheagaSraith 1, Eipeasóid 17

    An t-ainmhí a bhí ina ainmhí eile

    Míneoidh Mam do Bhubu faoi mheiteamorfóis nua. Tuigeann Bubu go bhfuil sí an-sásta mar atá sí agus nach bhfuil sí ag iarraidh athrú.

  • 8:49AM
    Masha agus an Béar

    Masha agus an BéarSraith 1, Eipeasóid 26

    Ag Deisiú is ag Ceartú

    Féachann an Béar le pictiúir a chrochadh ar an mballa ach is gearr go mbíonn pléasc mhór ann.

  • 8:56AM
    Masha agus an Béar

    Masha agus an BéarSraith 2, Eipeasóid 1

    Portráid den Scoth

    Rachaidh Masha agus an Béar ag cuardach rud éigin le péinteáil.

  • 9:03AM
    Zou

    ZouSraith 3, Eipeasóid 23

    Zou agus Roth na gCeisteanna

    Féachfaidh Zou le hardú croí a thabhairt dá shin-sheanmháthair inniu.

  • 9:15AM
    Peg & Cat

    Peg & CatSraith 3, Eipeasóid 23

    Ceist Seó Bronnta na nGradam

    Tá Peg agus Cat chun bronnadh na ngradam a chur i láthair, seó nach mairfidh ach seacht nóiméad.

  • 9:30AM
    Ainmhithe Craiceáilte (OS & TS)

    Ainmhithe Craiceáilte (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 55

    Hamstar Mór

    Ar chlár an lae inniu beidh smutmhadra nach bhfuil in ann fanacht socair, pearóid a dhéanann praiseach mhór agus cangarú atá ag iarraidh déanamh mór le cat.

  • 10:00AM
    Little House on the Prairie (TS)

    Little House on the Prairie (TS)Sraith 5, Eipeasóid 21

    The Enchanted Cottage

    Tá beagán den amharc ag Mary arís agus tá a muintir ag guí gur gearr go mbeidh radharc na súl ar ais aici. Téann sí féin agus Charles chuig dochtúir na súl le tástálacha a dhéanamh. Tá Adam idir dhá chomhairle faoin scéal mar nach bhfuil a fhios aige cén tionchar a bheidh aige ar an saol dóibh.

  • 10:55AM
    The Gilmore Girls (TS)

    The Gilmore Girls (TS)Sraith 1, Eipeasóid 17

    The Breakup, Part II

    Sraith ghrinn drámaíochta. Briseann Dean amach le Rory an oíche a mbeidís ag ceiliúradh trí bliana in éineacht. Téann Rory chuig cóisir chun dearmad a dhéanamh ar an méid atá ag tarlú agus castar Tristin, buachaill atá sa rang in éineacht léi, uirthi agus pógann sí é. Tugann Lorelai cuairt ar Max agus luíonn siad le chéile.

  • 11:50AM
    Cheese Slices (TS)

    Cheese Slices (TS)Sraith 3, Eipeasóid 4

    Soft Washed Rind Cheeses - France

    Sraith a fhiosraíonn na scéalta agus na traidisiúin iontacha a bhaineann leis na cáiseanna is mó cáil ar domhan. Cáiseanna le craiceann nite orthu as an bhFrainc a bheidh faoi chaibidil inniu. Rachaidh Will go dtí an Normainn agus chuig an mbaile álainn Epoisse in Burgandy sa tóir ar cheithre cháis a dhéantaí i mainistreacha; Munster, Pont L'eveque, Livarot agus Epoisse. Bhí na cáiseanna sin i mbaol go dtí le gairid nuair a shocraigh teaghlaigh a raibh déirí acu iad a tháirgeadh arís.

  • 12:20PM
    Ó Cuisine (OS)

    Ó Cuisine (OS)Sraith 1, Eipeasóid 12

    Síle Gorman

    Síle Gorman as Corca Dhuibhne a bheidh sa chistin inniu. Sailéad le Cáis Crozier, Casaról Mairteola agus Ispíní agus Mionbhruar Úll & Sméar Dubh a chuirfidh sí chun boird.

  • 12:45PM
    Comhrá (OS)

    Comhrá (OS)Sraith 7, Eipeasóid 3

    Máire Harrington

    Máire Harrington as Co. Mhaigh Eo a bheidh ag comhrá le Máirtín Tom Sheáinín ar chlár an lae inniu. Labhróidh sí faoin bhfeachtas a bhí ar siúl aici in aghaidh Shell i Maigh Eo agus an seal a chaith sí i bpríosún Mhuinseo dá bharr.

  • 1:15PM
    The West Wing (TS)

    The West Wing (TS)Sraith 1, Eipeasóid 17

    Tarraingíonn ráitis a rinne bean an Uachtaráin go poiblí caint ar an Uachtarán ach tá an iomarca faitís air dul ina coinne. Féachfaidh Sam a chur ina luí ar Abby chomh tábhachtach is atá sé go n-oibreodh sí i gcomhar le foireann an Uachtaráin feasta. Socraíonn Zoey gan casadh le Charlie ag oscailt oifigiúil club mar gheall go bhfuil bagairtí déanta ag lucht forchiníoch geal orthu.

  • 2:05PM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 9, Eipeasóid 27

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

  • 3:00PM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 3:02PM
    Dot

    DotSraith 1, Eipeasóid 36

    Róbó-Rásaithe

    Caithfidh Dot agus a cuid cairde róbat rásaíochta a dhéanamh.

  • 3:13PM
    Masha agus an Béar

    Masha agus an BéarSraith 2, Eipeasóid 8

    Ag Tógáil Pictiúr

    Faigheann Masha seancheamara agus tógann sí pictiúir dá cairde ar fad.

  • 3:20PM
    Bubu & na hUlchabháin Bheaga

    Bubu & na hUlchabháin BheagaSraith 1, Eipeasóid 8

    An Fathach Beag

    Tugann na hulchabháin bheaga cúnamh do thurtair dul chomh fada leis an bhfarraige. Casann siad le turtar droimleathair.

  • 3:31PM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 1, Eipeasóid 75

    Mo Stíl Gruaige

    Tá Nic agus Sailí ag iarraidh stíl nua gruaige. Tugann siad cuairt ar chairde Chait le comhairle a fháil.

  • 3:44PM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 1, Eipeasóid 76

    Leac Oighear

    Níl aon leac oighir fanta ag Nic ná ag Sailí. Tugann an Cat chuig Bróna, an béar bán, iad.

  • 4:00PM
    Cúla 4

    Cúla 4

    Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl, beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

  • 4:02PM
    Alvinnn !!! & the Chipmunks

    Alvinnn !!! & the ChipmunksSraith 2, Eipeasóid 49

    Béal Mór

    Tá Alvin cinnte gur chuir Theodore mallacht air le nach mbeadh sé in ann bréag a insint arís go deo. Is cosúil go bhfuil an ceart aige!

  • 4:13PM
    Breadwinners

    BreadwinnersSraith 2, Eipeasóid 3

    Olc Go Cnámh Na Lachan

    Tá sé faighte amach ag SwaySway gur buachaillí dána a thaitníonn le Jenny Quackles.

  • 4:25PM
    Zak Jinks

    Zak JinksSraith 1, Eipeasóid 9

    Zak and Zeke

    Tá Zak ag campáil in éineacht lena theaghlach agus tá sé ag ligean air féin go bhfuil leathchúpla aige, Zeke.

  • 4:38PM
    Spongebob Squarepants (GS)

    Spongebob Squarepants (GS)Sraith 9, Eipeasóid 24

    Jab do Patrick

    Faigheann Patrick post.

  • 4:51PM
    Dochreidte Gan Dabht (GS)

    Dochreidte Gan Dabht (GS)Sraith 4, Eipeasóid 3

    Seo é Dochreidte Gan Dabht, an clár ar a mbeidh na curiarrachtaí is aistí, is iontaí agus is dochreidte dá bhfaca tú riamh. Feicfimid duine atá ag iarraidh curiarracht a bhaint amach ag rothaíocht faoi uisce. Á chur i láthair ag Eoghan Ó Loideáin.

  • 5:09PM
    Dochreidte Gan Dabht (GS)

    Dochreidte Gan Dabht (GS)Sraith 4, Eipeasóid 4

    Seo é Dochreidte Gan Dabht, an clár ar a mbeidh na curiarrachtaí is aistí, is iontaí agus is dochreidte dá bhfaca tú riamh. Tá Buachaill Bó an Spáis ar ais. Á chur i láthair ag Eoghan Ó Loideáin.

  • 5:28PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 21, Eipeasóid 230

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 5:30PM
    Turas Bóthair (OS & TS)

    Turas Bóthair (OS & TS)Sraith 2, Eipeasóid 3

    Sraith ina bhfuil ceamaraí suiteáilte i gcarranna ar fud na hÉireann le deis a thabhairt dúinne dul ag cúléisteacht ar na paisinéirí agus eolas a chur ar na nithe atá ag déanamh tinnis dóibh. I measc na n-ábhar plé sa chlár seo beidh tuairimí éagsúla ar bhia, briseadh croí, deonú orgáin, Donald Trump, rialú gunnaí, colscaradh agus comhaontú réamhphósta.

  • 6:00PM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 9, Eipeasóid 27

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

  • 6:57PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 22, Eipeasóid 268

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 7:00PM
    Nuacht TG4

    Nuacht TG4Sraith 21, Eipeasóid 268

    Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

  • 7:30PM
    7 Lá

    7 LáSraith 16, Eipeasóid 27

    Clár cúrsaí reatha seachtainiúil TG4. Déanfar scagadh agus plé ar scéalta nuachta atá go mór i mbéal an phobail, go háirithe scéalta réigiúnacha agus Gaeltachta.

  • 8:00PM
    Bhí mé ann (OS)

    Bhí mé ann (OS)Sraith 1, Eipeasóid 4

    Oideachas

    Sraith faisnéise de chuid Chlár SÍOCHÁIN III an AE. Féachfar sa tsraith seo ar an saol mar a chaith gnáthdhaoine é le linn na dTrioblóidí i dTuaisceart Éireann. Daoine a d'fhreastail agus a d'oibrigh in institiúidí oideachais ag an am a bheidh faoi chaibidil sa chlár seo. Níor éalaigh na scoileanna ón bhforéigean ná ón achrann a bhí ag titim amach ar na sráideanna. Chuirtí armlón i bhfolach i bhfoirgnimh scoile, chuardaíodh saighdiúirí málaí scoile na ndaltaí agus d'fhéach na múinteoirí le tearmann de chineál éigin a thabhairt taobh istigh de bhallaí na scoile dóibh féin agus do na gasúir.

  • 8:30PM
    Ros na Rún (OS & GS)

    Ros na Rún (OS & GS)Sraith 23, Eipeasóid 7

    Tá díomá ar Frances nach bhfuil aon fhianaise ann a cheanglaíonn Tadhg leis an gcairéal. An bhfuil an ceann is fearr faighte ag Tadhg uirthi nó an éireoidh le Frances fianaise éigin a fháil í féin? Ba mhaith le hÁine dá mbeadh Tadhg agus Katy mór lena chéile arís agus tá plean curtha i dtoll a chéile aici chun sin a dhéanamh. Tá Mo ag súil go mór deireadh a bheith leis an gcóir leighis ach nach bhfaigheann sí drochscéala. An mbeidh Mo in ann leanúint leis an gceimiteiripe?

  • 9:00PM
    Glór Tíre - Rogha & Togha

    Glór Tíre - Rogha & ToghaSraith 10, Eipeasóid 2

    Togha agus Rogha an cheoil ón deichiú sraith de Ghlór Tíre. Mike Denver, Johnny Brady, Louise Morrissey, Nathan Carter, Brendan Shine, Michael English agus Mick Flavin a bheidh ar stáitse anocht i dTeach na Céibhe i nGaillimh.

  • 9:30PM
    Opry le Daniel (OS & TS)

    Opry le Daniel (OS & TS)Sraith 7, Eipeasóid 2

    The Ryans

    Sraith ceoil tíre á cur i láthair ag Daniel O'Donnell as Fóram na Mílaoise i nDoire. Is é Derek Ryan agus a mhuintir as Co. Cheatharlach a bheidh i gcuideachta Daniel ar an gclár seo. Gheobhaidh Daniel agus an lucht féachana léargas ar shaol Derek, Adrian agus Pat Ryan. Casfaidh na deartháireacha cúpla amhrán dúinn in éineacht, ina n-aonar agus in éineacht le Daniel chomh maith.

  • 10:30PM
    Relative Strangers (TS)

    Relative Strangers (TS)Eipeasóid 2

    Sraith dhrámaíochta. Rachaidh Maureen, bean as Éirinn atá ina cónaí sa nGearmáin le blianta, go hÉirinn chun eolas a fháil ar an saol eile a chaith a fear céile atá básaithe anois. Faigheann sí amach i bhfad níos mó ná mar a bhí súil aici leis.

  • 11:30PM
    Ros na Rún (OS & GS)

    Ros na Rún (OS & GS)Sraith 23, Eipeasóid 7

    Tá díomá ar Frances nach bhfuil aon fhianaise ann a cheanglaíonn Tadhg leis an gcairéal. An bhfuil an ceann is fearr faighte ag Tadhg uirthi nó an éireoidh le Frances fianaise éigin a fháil í féin? Ba mhaith le hÁine dá mbeadh Tadhg agus Katy mór lena chéile arís agus tá plean curtha i dtoll a chéile aici chun sin a dhéanamh. Tá Mo ag súil go mór deireadh a bheith leis an gcóir leighis ach nach bhfaigheann sí drochscéala. An mbeidh Mo in ann leanúint leis an gceimiteiripe?

  • 0:00AM
    Friday Night Lights (TS)

    Friday Night Lights (TS)Sraith 4, Eipeasóid 9

    The Lights in Carroll Park

    Caitear leaid óg dhá bhliain déag d'aois i bpáirc in East Dillon agus caithfidh an Cóitseálaí Taylor gníomhú leis. Tugann fear dathúil cúnamh do Julie dearmad a dhéanamh ar Matt. Faigheann Vince post i Ray's BBQ. Tá sé féin agus Landry in iomaíocht lena chéile mar go dtaitníonn Jess Merriweather leis an mbeirt acu. Faigheann Becky Sproles amach go bhfuil sí ag iompar clainne agus insíonn sí do Luke agus do Riggins faoi.

  • 0:52AM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 22, Eipeasóid 268

    An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

  • 0:55AM
    Fíorscéal (OS & TS)

    Fíorscéal (OS & TS)Sraith 19, Eipeasóid 3

    Dúchas agus Dúlra

    Clár faoi DNA agus ar na nithe a mbíonn tionchar acu air, dar le heolaithe. Ceapadh riamh gurbh é DNA an t-aon ní a raibh smacht aige ar an méid a bhí i ndán dúinn. Ach tá taighde déanta ag eolaithe ar an tionchar atá ag bia, truailliú, strus agus neart eile orainn. Tá sé d'acmhainn againn anois deireadh a chur leis na fachtóirí díobhálacha seo agus an timpeallacht a athrú. B'fhéidir go mbeadh muid in ann an méid atá i ndán dúinne agus don ghlúin atá le theacht a athrú.

  • 2:00AM
    France 24

    France 24Sraith 10, Eipeasóid 268

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.