Sceideal | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

Sceidil TG4

Programme Highlights

Inniu ar TG4

Sceidil an Lae

Dé Luain 23 Aibreán

  • 5:30AM
    France 24

    France 24Sraith 10, Eipeasóid 113

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

  • 7:00AM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 7:02AM
    Olivia (GS)

    Olivia (GS)Sraith 1, Eipeasóid 5

    Téann Olivia ar Thuras Bóthair

    Tá an t-aistear go dtí teach Mhamó an-fhada go deo.

  • 7:13AM
    An Captaen Flinn agus na Foghlaithe Dineasár

    An Captaen Flinn agus na Foghlaithe DineasárSraith 1, Eipeasóid 49

    Sár-long

    Tá an Dearcán feistithe amach ag Tom agus is bád breá anois í.

  • 7:25AM
    Astroblast! (GS)

    Astroblast! (GS)Sraith 1, Eipeasóid 39

    Cochall Nua Comet

    Tá cochall spáis nua ag Comet agus tá sé ag iarraidh é a roinnt le daoine.

  • 7:37AM
    Astroblast! (GS)

    Astroblast! (GS)Sraith 1, Eipeasóid 40

    Lá Cairdis

    Ceapann Comet nach bhfuil Halley mór leis níos mó mar gheall nár thug sí cárta dó do Lá na gCairde.

  • 7:50AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 1, Eipeasóid 29

    Cluiche Gailf

    Téann Stan ag imirt gailf ach go bhfóire Dia air mar is é an tUasal Dris a bheidh ag imirt in éineacht leis!

  • 7:55AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 1, Eipeasóid 30

    Olly an Veain Bheag Tine

    Nuair a bhíonn beirt fhear dóiteáin tinn tugann Olly agus Stan cúnamh don fhoireann. Caithfidh Ruairí iad a thraenáil ar dtús áfach. An mbeidh siad in ann ag an bpost má bhíonn tine mhór ann?

  • 8:00AM
    Dora (GS)

    Dora (GS)Sraith 8, Eipeasóid 20

    Eachtra an tSolaisín Oíche

    Tá Dora ag iarraidh solas oíche a thabhairt chomh fada leis an leabharlann sula mbeidh sé ródhorcha.

  • 8:25AM
    Tractor Tom

    Tractor TomSraith 1, Eipeasóid 30

    Lá Aisteach

    Tá Matt sáinnithe ar an díon agus tá Mo i bhfostú i gcrann.

  • 8:36AM
    Balloon Barnyard

    Balloon BarnyardSraith 1, Eipeasóid 14

    Lá an Fhómhair

    Inniu Lá an Fhómhair i gClós na mBalún agus tá na torthaí agus na glasraí ar fad réidh le baint.

  • 8:45AM
    Dot

    DotSraith 1, Eipeasóid 24

    Gadaí

    Tá gadaí i ngairdín Dot.

  • 8:56AM
    Masha agus an Béar

    Masha agus an BéarSraith 2, Eipeasóid 13

    Scannán Scanrúil

    Níor cheart don Bhéar Masha a fhágáil ag breathnú ar scannán scanrúil léi féin.

  • 9:03AM
    Messy, Seo Linn go Okido

    Messy, Seo Linn go OkidoSraith 1, Eipeasóid 7

    Fuaimeanna Sciatháin Leathair

    Bíonn an-spraoi ag Messy ag déanamh torainn lena chorn, ach gach nóta a dhéanann Messy, bíonn duine éigin nó rud éigin in áit éigin eile ag déanamh aithrise air.

  • 9:15AM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 2, Eipeasóid 9

    Na Ciaróga

    Tá Nic agus Sailí ag iarraidh a gcuid brioscaí a chosaint.

  • 9:30AM
    Ainmhithe Craiceáilte (OS & TS)

    Ainmhithe Craiceáilte (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 102

    Sean Seile

    Ar chlár an lae inniu beidh madra ar ghluaisrothar, ostrais a fhaigheann grianghraf gar-amhairc agus madra a thiteann i ngrá le hiasc.

  • 10:00AM
    Little House on the Prairie (TS)

    Little House on the Prairie (TS)Sraith 3, Eipeasóid 7

    Journey in the Spring (Part 2)

    Insíonn Laura neart scéalta do Landsford faoina bhean chéile le nach ndéanfaidh sé dearmad uirthi agus éiríonn siad an-mhór lena chéile. Ach cuirtear an cairdeas seo i mbaol nuair a ghortaítear capall Laura, Bunny, go dona. Deir Landsford léi go dtriailfidh sé an capall a leigheas ach nuair a thuigeann Charles go bhfuil an capall ró-ghortaithe féachann sé len í a chur den tsaol. Bíonn an-olc ar Laura nuair a sheasann Landsford le Charles.

  • 10:58AM
    Little House on the Prairie (TS)

    Little House on the Prairie (TS)Sraith 3, Eipeasóid 8

    Fred

    Uchtaíonn Laura pocaide gabhair. Ní mórán tóir a bhíonn air áfach nuair a itheann sé gach a bhfuil curtha ag muintir Ingalls. Cuirtear fainic ar Laura fáil réidh leis go beo.

  • 11:55AM
    Ó Cuisine (OS)

    Ó Cuisine (OS)Sraith 2, Eipeasóid 27

    Stiofán Mac Donnchadha

    Stiofán Mac Donnchadha as Óstán Pháirc Mhionlaigh a bheidh sa chistin inniu.

  • 12:30PM
    Díol É (OS)

    Díol É (OS)Sraith 1, Eipeasóid 4

    An tSrath Bán

    An tseachtain seo buailfimid le Zoe de Brún, cailín óg as an Srath Bán, atá ag obair in Ionad Glaochanna. Tá roinnt nithe luachmhara fágtha ag a muintir aici agus tá súil aici roinnt airgid a dhéanamh orthu dá cuid laethanta saoire. Ach an mbeidh Zoe in ann scaradh leis na nithe sin?

  • 1:05PM
    The Gilmore Girls (TS)

    The Gilmore Girls (TS)Sraith 4, Eipeasóid 11

    In the Clamor and the Clangor

    Sraith ghrinn drámaíochta. Tá Lorelai trína chéile go bhfuil Luke ina chónaí in éineacht le Nicole i gceantar eile i Connecticut. Ní mó ná sásta atá Rory go bhfuil fear ina rang atá ag scaipeadh ráflaí fúithi. Éalaíonn Lane amach chun casadh lena grúpa ceoil. Ach nuair a fhaigheann a máthair amach é, caitheann sí amach as an teach í.

  • 2:00PM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 9, Eipeasóid 13

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

  • 3:00PM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 3:02PM
    Masha agus an Béar

    Masha agus an BéarSraith 2, Eipeasóid 5

    Scuab Dhraíochta

    Tagann Masha ar scuab dhraíochta.

  • 3:09PM
    Masha agus an Béar

    Masha agus an BéarSraith 2, Eipeasóid 6

    Mianach na Clainne

    Cabhróidh Masha leis an mBéar aird na piongaine a fháil.

  • 3:16PM
    PJ Masks

    PJ MasksSraith 1, Eipeasóid 10

    Plean Maith Oighir Gekko

    Níl cairde Gekko ag éisteacht leis anocht.

  • 3:28PM
    Wissper

    WissperSraith 1, Eipeasóid 46

    Tochas an Mhíorchait!

    Tagann míorchat óg ar cuairt chuig teach Wissper ach tá ailéirge ag cur as do mháthair Wissper. An mbeidh Wissper agus a cairde in ann í a leigheas?

  • 3:35PM
    Is Ait an Mac é Mús

    Is Ait an Mac é MúsSraith 1, Eipeasóid 24

    Taibhse

    Féachann Mús agus Jeaicín leis na taibhsí atá i dteach an Mhéara a dhíbirt.

  • 3:40PM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 1, Eipeasóid 44

    Aistear na Síolta

    Tá Sailí agus Nic ag dul ar eachtra, ach cén chaoi a rachaidh siad ann?

  • 3:55PM
    Cúla 4

    Cúla 4

    Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl, beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

  • 3:57PM
    Alvinnn !!! & the Chipmunks

    Alvinnn !!! & the ChipmunksSraith 2, Eipeasóid 52

    Ná Glaoigh orm!

    Tarraingíonn Alvin trioblóid air féin agus é ag imirt cleas ar dhaoine ar an bhfón.

  • 4:08PM
    Dónall Dána (GS)

    Dónall Dána (GS)Sraith 1, Eipeasóid 51

    Léann Dónall Dána Leabhar

    Féachann Dónall le leabhar a léamh do chomórtas scoile.

  • 4:19PM
    Garfield (GS)

    Garfield (GS)Sraith 4, Eipeasóid 12

    An Crann Lasáinne: An Lasáinne is Fearr

    Ní chreideann Vito go bhfuil lasáinne ar bith níos fearr ná a cheann féin, ná go bhfásann sé ar chrann, mar sin téann sé chuig an Iodáil chun é a fháil.

  • 4:32PM
    Winston Steinburger & Sir Dudley Ding Dong

    Winston Steinburger & Sir Dudley Ding DongSraith 1, Eipeasóid 10

    Scéalta na Seanóirí

    I ngan fhios dóibh féin cabhraíonn Winston agus Dudley le grúpa seanóirí smacht a fháil ar an réaltra.

  • 4:43PM
    Fangbone

    FangboneSraith 1, Eipeasóid 35

    Baithis an Éadóchais

    Téann an Ladhar i bhfostú do bhaithis Bill. Tá dath glas ar Bill anois.

  • 4:55PM
    Whiz sa Chistin (GS)

    Whiz sa Chistin (GS)Sraith 1, Eipeasóid 57

    Seó cluichí é Whiz sa Chistin atá bunaithe ar bhia. Beidh ceathrar leanaí sa chistin ar gach clár agus beidh a fhios againn cé chomh maith is atá said sa chistin nuair a chaithfidh siad tabhairt faoi dhúshlán bia agus ceisteanna go leor a fhreagairt. Ar chlár an lae inniu tabharfaidh Caitlín & Leon aghaidh ar Kristina & Ríona.

  • 5:25PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 21, Eipeasóid 96

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 5:28PM
    Irish Paint Magic

    Irish Paint MagicSraith 16, Eipeasóid 4

    Sunset Sails

    Tráthnóna ciúin álainn is ábhar do phictiúr an lae inniu.

  • 6:00PM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 9, Eipeasóid 13

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

  • 6:57PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 22, Eipeasóid 113

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 7:00PM
    Nuacht TG4

    Nuacht TG4Sraith 21, Eipeasóid 113

    Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

  • 7:30PM
    Punchestown Festival Preview

    Punchestown Festival Preview

    S�il chun cinn ar Fh�ile N�isi�nta R�sa�ochta Seilge na h�ireann a gcuirfear t�s l�i D� M�irt seo chugainn i mBaile Ph�inse. D�anfaidh na saineolaithe anail�s ar phr�omhimeachta� na f�ile agus ar na capaill mh�ra a bheidh san ioma�ocht. T� F�ile Bhaile Ph�inse ar cheann de na himeachta� capall is m� sa bhf�ilire sp�irt.

  • 8:00PM
    GAA 2018

    GAA 2018Sraith 18, Eipeasóid 13

    Buaicphointí ó bhabhtaí éagsúla de Chraobhchomórtas Iomána agus Peile na gClubanna.

  • 9:00PM
    Glór Tíre - Rogha & Togha

    Glór Tíre - Rogha & ToghaSraith 10, Eipeasóid 1

    Togha agus Rogha an cheoil ón deichiú sraith de Ghlór Tíre. An tseachtain seo beidh Louise Morrissey, Michael English, Mike Denver, Jim Devine, Mich Flavin, Brendan Shine agus Nathan Carter ar stáitse i dTeach na Céibhe i nGaillimh.

  • 9:30PM
    Scannán: The Choice (TS)

    Scannán: The Choice (TS)

    (2016, Scannán Dráma) Benjamin Walker, Teresa Palmer agus Alexandra Daddario na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Ross Katz. Is i mbaile beag cois farraige a chastar Travis agus Gabby ar a chéile den chéad uair agus ní fada go mbíonn siad mór le chéile ach is cosúil go bhfuil an saol mór ag dul ina gcoinne.

  • 11:30PM
    Wwoofáil sa Téalainn (OS & TS)

    Wwoofáil sa Téalainn (OS & TS)Sraith 5, Eipeasóid 3

    New Life Foundation

    Sa Téalainn a bheidh an láithreoir aimsire Mairéad Ní Chuaig agus an t-iriseoir Tomaí Ó Conghaile sa tsraith seo de Wwoofáil. Is i bhfad ón stiúideo a bheidh siad agus is iomaí eachtra a bhainfidh dóibh ar a n-aistear ag fánaíocht trasna na tíre. Tabharfaidh Tomaí agus Mairéad aghaidh ar Chiang Rai, chun cuairt a thabhairt ar New Life Foundation, ionad a úsáideann ióga agus machnamh le cúnamh a thabhairt d'andúiligh drugaí. Rachaidh siad chuig margadh cáiliúil Chiang Rai agus foghlaimeoidh siad le curaí na háite a dhéanamh.

  • 0:00AM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 22, Eipeasóid 113

    An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

  • 0:05AM
    The Vampire Diaries (TS)

    The Vampire Diaries (TS)Sraith 8, Eipeasóid 13

    The Lies Will Catch Up to You

    Castar sean-naimhde ar Damon agus ar Alaric nuair a thagann siad ar uirlis a d'fhéadfadh Cade a scriosadh. Nuair a choinníonn duine a bhfuil aithne aige orthu Stefan in aghaidh a thola, bíonn air aghaidh a thabhairt ar rún dorcha ón am atá caite. Féachann Caroline agus Matt le Stefan a choinneáil slán. Tá Cade dírithe anois ar Bonnie agus tá sé bailithe go domhain ina hintinn.

  • 0:55AM
    The Vampire Diaries (TS)

    The Vampire Diaries (TS)Sraith 8, Eipeasóid 14

    It's Been a Hell of a Ride

    Oibríonn Damon agus Stefan as lámh a chéile chun an ceann is fearr a fháil ar Cade agus chun cónra Elena a shábháil. Caithfidh Caroline agus Alaric dul i ngleic le draíocht a n-iníonacha atá ag fáil níos láidre.

  • 1:45AM
    France 24

    France 24Sraith 10, Eipeasóid 113

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.