Skip to main content
Menu

Sceidil TG4

Programme Highlights

Inniu ar TG4

Sceidil an Lae

Dé hAoine 17 Lúnasa

  • 5:30AM
    France 24

    France 24Sraith 10, Eipeasóid 229

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

  • 7:00AM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 7:02AM
    Olivia (GS)

    Olivia (GS)Sraith 1, Eipeasóid 12

    Olivia ag Pacáil

    Ní thaitníonn sé le Olivia go gcaithfidh sí a seomra a roinnt lena deartháir Cian. Téann sí sa tóir ar áit nach bhfuil deartháireacha ar bith ann.

  • 7:13AM
    Dinosaur Train (GS)

    Dinosaur Train (GS)Sraith 4, Eipeasóid 3

    Céard atá i Lár an Domhain? Sraitheanna!

    Tabharfaidh an Stiúrthóir muintir Tearanódóin ar thuras speisialta ar aireagán nua - An Druil-Traein.

  • 7:25AM
    An Captaen Flinn agus na Foghlaithe Dineasár

    An Captaen Flinn agus na Foghlaithe DineasárSraith 1, Eipeasóid 29

    Báisteach

    Bíonn sé ag díle bháistí agus téann na gasúir agus na foghlaithe ar foscadh sa bpluais chéanna.

  • 7:37AM
    Wanda and the Alien

    Wanda and the AlienSraith 1, Eipeasóid 3

    Puimcíní

    Tugtar síolta puimcín do Wanda agus d'Eachtrán le cur. Úsáideann Alien a chuid draíochta len iad a chur ag fás níos tapúla ach tar éis píosa bíonn an iomarca acu ag fás agus ní féidir iad a cheansú.

  • 7:47AM
    Wissper

    WissperSraith 1, Eipeasóid 3

    Béar Bán

    Casann Wissper le béar bán. Níl dlúthchara an bhéir bháin sásta dul ag snámh. Faigheann Wissper cúnamh ó phiongain óg, Peggy.

  • 7:55AM
    Tractor Tom

    Tractor TomSraith 1, Eipeasóid 30

    Lá Aisteach

    Tá Matt sáinnithe ar an díon agus tá Mo i bhfostú i gcrann.

  • 8:05AM
    Balloon Barnyard

    Balloon BarnyardSraith 1, Eipeasóid 22

    Fear Bréige

    Tá an t-arbhar réidh le baint ach tá na préacháin á ithe.

  • 8:12AM
    The Furchester Hotel

    The Furchester HotelSraith 1, Eipeasóid 3

    An Torcán Craobhach Tábhachtach

    An mbeidh Phoebe agus Elmo in ann a bheith ag spraoi le Pierce, an torcán deilgneach?

  • 8:20AM
    Is Ait an Mac é Mús

    Is Ait an Mac é MúsSraith 1, Eipeasóid 3

    Róbó

    An bhfaighidh Mús agus Jeaicín an ceann is fearr ar Róbó i gcluiche fichille?

  • 8:30AM
    Zou

    ZouSraith 2, Eipeasóid 3

    Tic Toc

    Caithfidh Zou fanacht ar feadh uair an chloig sula mbeidh Elzee in ann spraoi leis ach ní mó ná sásta atá sé faoi seo. Féachann sé leis an am a chur ar aghaidh.

  • 8:44AM
    Dot

    DotSraith 1, Eipeasóid 34

    Múch na Soilse

    Tá soilse na cathrach ag teacht idir Dot agus na réaltaí.

  • 8:55AM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 2, Eipeasóid 12

    An Ceann Deireanach

    Foghlaimíonn Nic agus Sailí le seacláid a dhéanamh.

  • 9:10AM
    Alvinnn !!! & the Chipmunks

    Alvinnn !!! & the ChipmunksSraith 2, Eipeasóid 3

    Seas Suas Duit Féin

    Tá Derek ag piocadh ar chairde Simon. Féachann Alvin lena thaispeáint dóibh leis an bhfód a sheasamh.

  • 9:25AM
    Ainmhithe Craiceáilte (OS & TS)

    Ainmhithe Craiceáilte (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 80

    Gadharín Scéalach

    Ar chlár an lae inniu, beidh cat ag obair sa chlós, madra ar shleamhnán chomh maith le camaill a bhfuil an-ocras orthu.

  • 9:55AM
    World Para Swimming 2018

    World Para Swimming 2018Sraith 1, Eipeasóid 9

    World Para Swimming 2018

    Craoladh beo ar Chraobhchomórtais Pharasnámha na hEorpa 2018 as an Ionad Náisiúnta Uisce, Baile Átha Cliath.

  • 12:40PM
    An Lá a Rugadh Mé (OS & TS)

    An Lá a Rugadh Mé (OS & TS)Sraith 2, Eipeasóid 9

    Linda Bhreathnach

    Caithfidh an scríbhneoir, stiúrthóir agus aisteoir Linda Bhreathnach súil siar ar na himeachtaí agus na scéalta a bhí sa nuacht an lá a rugadh í i mí Eanáir 1983. Fad a bhí a muintir ag ceiliúradh a breithe, bádh athair cailín óg eile as Acaill san fharraige. Fillfidh Linda ar Iarthar na hÉireann chun casadh le Ellen Cafferkey, a inseoidh dúinn faoin maidin Domhnaigh sin fadó ar cailleadh a hathair. Má d'fhás tú suas sna 80idí beidh cuimhne agat ar Anything Goes! Casfaidh Linda le Aonghus McAnally ón gclár teilifíse do leanaí. Bhí an-chlú ar 'Anything Goes' i measc óige na 80idí.

  • 1:10PM
    The Gilmore Girls (TS)

    The Gilmore Girls (TS)Sraith 7, Eipeasóid 14

    Farewell, My Pet

    Sraith ghrinn drámaíochta. Tá Richard ag teacht chuige féin tar éis na hobráide. Nuair a fhilleann Rory ar an gcoláiste, is ollamh óg dathúil, Tucker Culbertson, atá ag múineadh rang Richard anois. Bíonn Rory an-tógtha leis. Tugann Lorelai cúnamh do Sookie na socraithe a dhéanamh do shochraid mhadra Michel. Tagann Christopher ar ais agus tá sé ag iarraidh labhairt le Lorelai faoin rud is mó atá ag cur isteach ar a bpósadh - chomh ceanúil is atá Lorelai ar Luke.

  • 2:00PM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 9, Eipeasóid 5

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

  • 3:00PM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 3:02PM
    Masha agus an Béar

    Masha agus an BéarSraith 2, Eipeasóid 2

    Marcaíocht ar Chapall

    Tagann cara leis an mBéar, an Tíogar, ar cuairt agus imríonn siad cluiche fichille.

  • 3:09PM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 1, Eipeasóid 40

    Fear Níocháin agus an Veain Bhríomhar

    Tá lá saoire ag Olly. Fágann sé sin go bhfuil ar Stan an obair ar fad a dhéanamh.

  • 3:14PM
    PJ Masks

    PJ MasksSraith 1, Eipeasóid 37

    Owlette Forshonach

    Tá Owlette chomh tógtha lena ríomhaire nua go bhfuil misean na hoíche anocht curtha i mbaol aici.

  • 3:26PM
    Cat Cliste

    Cat ClisteSraith 1, Eipeasóid 40

    Beag ach Mór

    Tá sceitimíní ar Gheonaíl mar go bhfuil an tAonach Beag ach Mór ar siúl.

  • 3:38PM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 1, Eipeasóid 44

    Aistear na Síolta

    Tá Sailí agus Nic ag dul ar eachtra, ach cén chaoi a rachaidh siad ann?

  • 3:54PM
    Cúla 4

    Cúla 4

    Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl, beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

  • 3:55PM
    Alvinnn !!! & the Chipmunks

    Alvinnn !!! & the ChipmunksSraith 2, Eipeasóid 24

    Cara Diúltach

    Baineann Theodore úsáid as aireagán Simon chun daoine a dhiúltú.

  • 4:06PM
    Dónall Dána (GS)

    Dónall Dána (GS)Sraith 1, Eipeasóid 15

    Téann Dónall Dána chuig Bialann

    Milleann Dónall an béile ar chuile dhuine nuair a théann siad chuig bialann ghalánta.

  • 4:17PM
    Jamie's Got Tentacles

    Jamie's Got TentaclesSraith 1, Eipeasóid 40

    Oíche na Réalta Reatha

    Glacann Jamie agus Erwin páirt i Spás-Rás.

  • 4:30PM
    Winston Steinburger & Sir Dudley Ding Dong

    Winston Steinburger & Sir Dudley Ding DongSraith 1, Eipeasóid 14

    Burgair an Ama

    Iarrann Cutty ar Winston burgar a thabhairt chuig an Tiarna Dorcha, ach nuair a fhágann Winston ró-dheireanach é éiríonn a shaol an-chasta, an-sciobtha!

  • 4:41PM
    Dochreidte Gan Dabht (GS)

    Dochreidte Gan Dabht (GS)Sraith 1, Eipeasóid 13

    Seo é Dochreidte Gan Dabht, an clár ar a mbeidh na curiarrachtaí is aistí, is iontaí agus is dochreidte dá bhfaca tú riamh. Ar an gclár inniu beidh an béile éisc is contúirtí a d'fhéadfá a ithe! Á chur i láthair ag Eoghan Ó Loideáin.

  • 5:11PM
    Dochreidte Gan Dabht (GS)

    Dochreidte Gan Dabht (GS)Sraith 4, Eipeasóid 13

    Seo é Dochreidte Gan Dabht, an clár ar a mbeidh na curiarrachtaí is aistí, is iontaí agus is dochreidte dá bhfaca tú riamh. Féachann foireann curiarracht a bhaint amach leis an méid is mó aer-rothlaithe tríd fáinne a dhéanamh i nóiméad amháin. Á chur i láthair ag Eoghan Ó Loideáin.

  • 5:25PM
    Is Eolaí Mé (GS)

    Is Eolaí Mé (GS)Sraith 1, Eipeasóid 6

    Teas

    Teas is ábhar don chlár seo. Beidh deis ag Peadar an seancheird agus scil, séideadh gloine, a fhoghlaim. Beidh Deirdre Ní Churraoin agus Colm Ó Curraoin in éineacht le Peadar sa stiúideo agus iad ag foghlaim faoi dhá mhodh aistriú teasa - seoladh agus comhiompar. Cuirfidh Úna aithne ar chairde nua nuair a fheicfidh sí sicíní óga áille agus í amuigh ar an mbóthar. Tabharfaimid cuairt ar an Ollamh Ullamh agus a chúntóir, Aodh, go bhfeicfimid cé na bobanna atá á n-imirt acu.

  • 5:55PM
    Dúshlán 1881 (OS)

    Dúshlán 1881 (OS)Sraith 1, Eipeasóid 2

    Caithfidh dhá theaghlach, teaghlach as Éirinn agus teaghlach as Meiriceá, trí lá agus trí oíche a chaitheamh mar a chaith a muintir rompu é sa gCeathrú Meánach i nDún na nGall in 1881, tráth ar díshealbhaíodh suas le trí theaghlach déag ansin. Caithfidh an dhá theaghlach an chéad lá agus oíche i dteachín ceann tuí gan leictreachas ná uisce reatha. Ní raibh an saol éasca san am sin, mar a thuigfidh an dhá theaghlach gan mhoill.

  • 6:25PM
    Lads mar Dads (OS)

    Lads mar Dads (OS)Sraith 1, Eipeasóid 4

    Tá na páistí ag teacht abhaile as an ospidéal, Rosie go dtí an Clochán Liath agus Ruadhán go Tuaim Bhreacaí. Tá achar beag eile fós ar na tríríní ach faoi dheireadh an chláir beidh Daithí agus Luisne iad féin sa mbaile. Ré nua é seo do na haithreacha ar fad - cé gur beag codlata a dhéanfaidh siad ach is fiú an tairbhe an trioblóid.

  • 6:57PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 22, Eipeasóid 229

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 7:00PM
    Nuacht TG4

    Nuacht TG4Sraith 21, Eipeasóid 229

    Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

  • 7:15PM
    Abair Amhrán (OS)

    Abair Amhrán (OS)Sraith 2, Eipeasóid 5

    Sraith a dhéanann ceiliúradh ar amhráin a bhíodh againn ag éirí aníos.

  • 7:30PM
    GAA - Club na mBan (OS & TS)

    GAA - Club na mBan (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 3

    Sraith faoi mhná agus Cumann Lúthchleas Gael a thugann léargas ón taobh istigh dúinn ar shaothar agus ar dhúthracht na mban atá páirteach sna cluichí ag gach leibhéal. Sa chlár seo, féachfaidh Sinéad í féin a shuaimhniú roimh an gcluiche leathcheannais in aghaidh Mhaigh Eo. Faigheann Ruth seisiún fisiteiripe ó Rena mar go bhfuil seanghortú á ciapadh arís lá roimh thástáil aclaíochta na nÓglach.

  • 8:00PM
    Na Sár-Laochra Spóirt (OS & GS)

    Na Sár-Laochra Spóirt (OS & GS)Sraith 1, Eipeasóid 11

    David Beckham / Andrea Pirlo / Arjen Robben agus Philipp Lahm

    David Beckham, an branda, a bheidh faoi chaibidil ar chlár na hoíche anocht chomh maith le Andrea Pirlo, maestro draíochtúil na hIodáile, agus beirt réaltaí Bayern Munich Arjen Robben agus Philipp Lahm a bhí i mbarr a réime ar feadh na mblianta.

  • 8:30PM
    Fleadh TV

    Fleadh TVSraith 6, Eipeasóid 2

    Sraith ceoil agus siamsaíochta beo a léireoidh an ceol traidisiúnta agus an ceol tíre is fearr ó Fhleadh Cheoil na bliana seo i nDroichead Átha. Le ceoltóirí idirnáisiúnta, chomh maith leis an tallann nua is fearr ó chomórtais na Fleaidhe - tabharfaidh FleadhTV deis don lucht féachana a bheith i gcroílár Fhleadh Cheoil na bliana seo.

  • 11:30PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 22, Eipeasóid 229

    An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

  • 11:35PM
    An Léigear 1922 (OS & TS)

    An Léigear 1922 (OS & TS)

    Scannán ar an tréimhse is conspóidí i stair na hÉireann. Bhí an t-uafás troda ar bun i mBaile Átha Cliath idir an 28 Meitheamh agus an 5 Iúil 1922, céad fheachtas chogadh cathartha na hÉireann. Ag deireadh na seachtaine bhí an ruaig ar na poblachtaigh. Tabharfaidh an clár seo léargas ar an gcathair agus ar na daoine a throid sa gcogadh.

  • 0:35AM
    Pobal ag Guí (OS & TS)

    Pobal ag Guí (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 3

    Cothú an Chreidimh

    Sraith faisnéise ar chúrsaí creidimh in Éirinn san am a caitheadh agus san am i láthair. Faoi chaibidil an tseachtain seo, beidh na dúshláin atá roimh an Eaglais Chaitliceach in Éirinn an tsuim atá ag glún óg na linne seo sa chreideamh a mhúscailt arís. Is cosúil go raibh borradh mór faoin gcreideamh sna 1970idí ach thuig na heaspaig féin agus an eaglais an t-am sin féin gur ag meath a bhí an creideamh.

  • 1:05AM
    No Tears (TS)

    No Tears (TS)Eipeasóid 2

    Sraith drámaíochta ceithre chlár é No Tears faoin scannal heipitítis C a bhí sa tír i lár na nóchaidí nuair a tholg mná in Éirinn heipitíteas C ó fhuil thruaillithe. Tabharfar léargas ar an méid a d'fhulaing siad féin agus a dteaghlaigh mar gheall ar an tinneas.

  • 2:05AM
    France 24

    France 24Sraith 10, Eipeasóid 229

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.