Skip to main content
Menu

Sceidil TG4

Programme Highlights

Inniu ar TG4

Sceidil an Lae

Dé Máirt 16 Deireadh Fómhair

  • 5:30AM
    France 24

    France 24Sraith 10, Eipeasóid 289

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

  • 7:00AM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 7:02AM
    Mofy

    MofySraith 1, Eipeasóid 12

    Strainséir

    Tagann sionnach darb ainm Foxy chomh fada le Mofy agus Ciarán lena insint dóibh go bhfuil strainséir sa bhforaois.

  • 7:07AM
    Mofy

    MofySraith 1, Eipeasóid 13

    An Phéist

    Rachaidh Mofy agus Mogu ar eachtra faoi thalamh.

  • 7:12AM
    Balloon Barnyard

    Balloon BarnyardSraith 1, Eipeasóid 13

    Lá an Fhéir

    Tá Fraidy Francach imithe amú san fhéar. An bhfuil sé in am an féar a bhaint?

  • 7:19AM
    Olobob Top

    Olobob TopSraith 1, Eipeasóid 32

    Turas Spáis

    Nuair a leaindeálann spáslong sa bhforaois, ní bhíonn na hOlobobanna in ann labhairt leis an gcuairteoir. Ach is cosúil go dtuigeann gach duine gáire.

  • 7:24AM
    Tractor Tom

    Tractor TomSraith 1, Eipeasóid 28

    An Liathróid Nua

    Téann Tom i mullach na liathróide i gcluiche tábhachtach peile. Caithfidh sé liathróid nua a fháil go beo!

  • 7:35AM
    Kid E Cats

    Kid E CatsSraith 1, Eipeasóid 13

    Dé Domhnaigh

    Tá na piscíní ag iarraidh dul ag spraoi lena n-athair.

  • 7:40AM
    Kid E Cats

    Kid E CatsSraith 1, Eipeasóid 14

    An Phearóid Chainteach

    Caithfidh na piscíní aire a thabhairt do phearóid na comharsan.

  • 7:45AM
    Wissper

    WissperSraith 1, Eipeasóid 45

    Béar sa Lár

    Tá na Béir Bhána ag achrann arís. An mbeidh Wissper agus Máirtín in ann cúrsaí a chur ina gceart eatarthu?

  • 7:52AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 1, Eipeasóid 14

    Ag Gléasadh Suas

    Tá Stan agus Olly ag iarraidh dul chuig cóisir bhréigéide ach tá culaith Stan ró-bheag aige!

  • 7:57AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 1, Eipeasóid 15

    Rúbaí

    Is héileacaptar tarrthála faoi oiliúint í Rúbaí ach ní shábhálann sí an duine ceart riamh! An mbeidh Olly in ann cúnamh a thabhairt di?

  • 8:02AM
    Dot

    DotSraith 1, Eipeasóid 32

    Peataí

    Tá Dot le haire a thabhairt do chat Ruby ar an deireadh seachtaine.

  • 8:13AM
    The Furchester Hotel

    The Furchester HotelSraith 1, Eipeasóid 6

    Na Glasraí Ceoil

    Cuireann na glasraí an t-óstán trína chéile lena gcuid amhrán!

  • 8:24AM
    Maya an Bheachín

    Maya an BheachínSraith 2, Eipeasóid 32

    Cabhraíonn Flip leis an mBanríon

    Fuadaíonn na foichí an Bhanríon le mil a fháil as an gcuasnóg agus caithfidh Maya, Willy agus Flip í a thabhairt slán.

  • 8:38AM
    Bubu & na hUlchabháin Bheaga

    Bubu & na hUlchabháin BheagaSraith 1, Eipeasóid 13

    An Lá Mór

    Tá mamó agus daideo ag teacht ar cuairt agus tá na hulchabháin bheaga ag súil go mór leo.

  • 8:49AM
    Scéalta Scanrúla le Masha

    Scéalta Scanrúla le MashaSraith 1, Eipeasóid 2

    Inseoidh Masha scéal scanrúil faoi bhuachaill a bhfuil faitíos air roimh níochán.

  • 8:56AM
    Kazoops

    KazoopsSraith 1, Eipeasóid 12

    Cumhacht na mBláthanna

    Tá iontas ar Monty go bhfuil gach duine tógtha le bláthanna.

  • 9:03AM
    Zou

    ZouSraith 3, Eipeasóid 44

    Zou and Téadchleasaí

    Ní maith le Zinnia a bheith thuas ard ach tabharfaidh Zou cúnamh di leis sin inniu.

  • 9:15AM
    Peg & Cat

    Peg & CatSraith 3, Eipeasóid 44

    Mac an Fhoirc

    Goideann Mac bia ó gach duine san ollmhargadh ach b'fhéidir nach drochrud é sin.

  • 9:30AM
    Ainmhithe Craiceáilte (OS & TS)

    Ainmhithe Craiceáilte (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 70

    Cat-a-blanca

    Ar chlár an lae inniu beidh madra ag dul craiceáilte, cóisir d'ailigéadair agus francach atá ag iarraidh an dlí a sheachaint.

  • 10:00AM
    Little House on the Prairie (TS)

    Little House on the Prairie (TS)Sraith 6, Eipeasóid 24

    He Loves Me, He Loves Me Not (Part 2)

    Feiceann Laura Almanzo ag cuimilt droim cailín atá ag obair i mbeár agus ní mó ná sásta a bhíonn sí faoi. Tá buachaill Nellie ag imeacht as an áit.

  • 10:55AM
    The Gilmore Girls (TS)

    The Gilmore Girls (TS)Sraith 2, Eipeasóid 11

    Secrets and Loans

    Fáilte chuig Stars Hollow, Connecticut, baile beag álainn ina bhfuil neart carachtar ina measc Lorelai Gilmore, bean cheanndána, 32 bliain d'aois agus a hiníon, Rory. Is minic a cheaptar gur deirfiúracha iad! Is máthair shingil í Lorelai atá ina bainisteoir ar óstán agus níl uaithi anois ach saol deas réidh a chaitheamh in éineacht lena hiníon ach is cuid den mhuc an t-eireaball! Cé gur minic a bhíonn siad ag troid agus ag tabhairt amach dá chéile, beidh siad mór lena cheile arís faoi dheireadh an chláir. De réir mar a thagann athrú ar Stars Hollow, mairfidh an ceangal go deo eatarthu!

  • 11:50AM
    Cheese Slices (TS)

    Cheese Slices (TS)Sraith 5, Eipeasóid 2

    Traditional Flavoured Pecorino Cheeses - Sicily

    Sraith a fhiosraíonn na scéalta agus na traidisiúin iontacha a bhaineann leis na cáiseanna is mó cáil ar domhan. Cáiseanna as an tSicil a bheidh faoi chaibidil inniu. Léireoidh Will an tionchar a bhí ag muintir na Gréige, na Rómhánaigh, na hArabaigh, na Normannaigh agus ar ndóigh na hIodálaigh ar dhéanamh cáise sa tSicil. Breathnófar freisin ar na cineálacha éagsúla Pecorino atá ann, tabharfaidh sé cuairt ar cheann de na feirmeacha deiridh a bhíonn ag déanamh cáise cróch agus tabharfaidh cuairt ar sheomra aibíochta cáise a théann siar na céadta bliain.

  • 12:20PM
    Ó Cuisine (OS)

    Ó Cuisine (OS)Sraith 2, Eipeasóid 9

    Pól Ó hÉannraich

    Pól Ó hÉannraich ó Bloom Brasserie i mBaile Átha Cliath a bheidh ag cócaireacht ar an gclár seo. Réiteoidh sé sailéad cloicheán le pomagránait agus finéal, Uaineoil Acla le hOlóga Dubha agus Piobar Dearg agus Toirtín Caor Dearga.

  • 12:45PM
    Comhrá (OS)

    Comhrá (OS)Sraith 7, Eipeasóid 7

    Tomás Ó Faoláin

    Tomás Ó Faoláin as an Trá Mhór, Co. Phort Láirge a bheidh ag comhrá le Máirtín Tom Sheáinín inniu. Déanfaidh Tomás cur síos ar an uair a ndeachaigh sé go hÁrainn ar bhád an 'Dun Aengus' agus a chuaigh go tóin poill. Ní raibh sé ach ina fhear óg ag an am. Deir sé go bhfuil gaol aige le muintir Kennedy freisin. Bhásaigh Tomás ó rinneadh an clár seo. Ar Dheis Dé go raibh a Anam.

  • 1:15PM
    The West Wing (TS)

    The West Wing (TS)Sraith 2, Eipeasóid 10

    Noël

    Fostaíonn Leo duine gairmiúil chun cuidiú le Josh atá faoi strus ó caitheadh é. Tá Josh ag déanamh amach nach bhfuil an eachtra ag cur isteach ná amach air. Caithfidh Sam dul i ngleic le rúnaí trioblóideach nach n-aontaíonn le Bartlet. Tugann C.J. cúnamh do thurasóir, atá corraithe suas, a chonaic pictiúr a bhí ag a muintir agus a ghoid Rialtas na Fraince, a bhí faoi smacht ag na Naitsithe, é. Féachann Charlie lena chur ina luí ar an Uachtarán nach mbeidh sé in ann níos mó ná milliún cárta Nollag a shíniú go pearsanta.

  • 2:05PM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 10, Eipeasóid 13

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

  • 3:00PM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 3:02PM
    Dot

    DotSraith 1, Eipeasóid 2

    Cá bhfuil Mister Soggy?

    Tá bréagán coganta Scratch ar iarraidh.

  • 3:13PM
    Kazoops

    KazoopsSraith 1, Eipeasóid 13

    Lá Báistí

    Meas tú an féidir a bheith ag spraoi taobh amuigh má tá sé ag báisteach?

  • 3:20PM
    Bubu & na hUlchabháin Bheaga

    Bubu & na hUlchabháin BheagaSraith 1, Eipeasóid 7

    Oíche Mhaith, a Fhoraois

    Foghlaimeoidh na hulchabháin bheaga faoi ainmhithe a bhíonn amuigh san oíche.

  • 3:31PM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 2, Eipeasóid 31

    Clúdach Cliste

    Níl Nic ná Sailí in ann páipéar a chur ar bhronntanais. An mbeidh an Cat in ann cúnamh a thabhairt dóibh?

  • 3:44PM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 2, Eipeasóid 32

    Beir ar an bhFrog

    Tá frog i linn snámha Shailí agus níl siad in ann é a sháinniú! An mbeidh an Cat in ann cúnamh a thabhairt dóibh?

  • 4:00PM
    Cúla 4

    Cúla 4

    Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl, beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

  • 4:02PM
    Alvinnn !!! agus na Chipmunks

    Alvinnn !!! agus na ChipmunksSraith 1, Eipeasóid 12

    Clipire

    Nuair a fhaigheann Dáithí aip le go mbeidh sé in ann súil a choinneáil ar na hioraí talún, féachann Alvin le héalú óna smacht.

  • 4:13PM
    Breadwinners

    BreadwinnersSraith 2, Eipeasóid 9

    Lachain Lochlannacha

    Tosaíonn na hAránaigh ag obair do Oonski nuair a deir Ketta leo post a fháil.

  • 4:25PM
    Zak Jinks

    Zak JinksSraith 1, Eipeasóid 29

    Banríon an Bleachtaire:

    Féachann Zak agus Jason le Banphrionsa a thraenáil le bheith ina bleachtaire ach ní mó ná sásta atá Megan faoi.

  • 4:38PM
    Spongebob Squarepants (GS)

    Spongebob Squarepants (GS)Sraith 9, Eipeasóid 27

    Tearmann!

    Tagann seilide atá ar strae tigh SpongeBob.

  • 4:51PM
    Dochreidte Gan Dabht (GS)

    Dochreidte Gan Dabht (GS)Sraith 4, Eipeasóid 9

    Seo é Dochreidte Gan Dabht, an clár ar a mbeidh na curiarrachtaí is aistí, is iontaí agus is dochreidte dá bhfaca tú riamh. Inniu déanfar iarracht 10 gcarr a iompú san am is tapa. Á chur i láthair ag Eoghan Ó Loideáin.

  • 5:09PM
    Dochreidte Gan Dabht (GS)

    Dochreidte Gan Dabht (GS)Sraith 4, Eipeasóid 10

    Seo é Dochreidte Gan Dabht, an clár ar a mbeidh na curiarrachtaí is aistí, is iontaí agus is dochreidte dá bhfaca tú riamh. Inniu feicfimid iarracht ar an méid is mó péire stocaí a choimre i nóiméad amháin. Á chur i láthair ag Eoghan Ó Loideáin.

  • 5:28PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 21, Eipeasóid 251

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 5:30PM
    Turas Bóthair (OS & TS)

    Turas Bóthair (OS & TS)Sraith 2, Eipeasóid 6

    Sraith ina bhfuil ceamaraí suiteáilte i gcarranna ar fud na hÉireann le deis a thabhairt dúinne dul ag cúléisteacht ar na paisinéirí agus eolas a chur ar na nithe atá ag déanamh tinnis dóibh. I measc na n-ábhar plé sa chlár seo beidh tuismitheoirí a chur i dteach altranais, cúrsaí faisin agus róbait!

  • 6:00PM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 10, Eipeasóid 13

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

  • 6:57PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 22, Eipeasóid 289

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 7:00PM
    Nuacht TG4

    Nuacht TG4Sraith 21, Eipeasóid 289

    Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

  • 7:30PM
    7 Lá

    7 LáSraith 16, Eipeasóid 29

    Clár speisialta faoin mBreatimeacht á chur i láthair ag Máirín Ní Ghadhra beo as Parlaimint na hEorpa sa mBruiséil.

  • 8:00PM
    Ar an Aer (OS & TS)

    Ar an Aer (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 1

    Teacht & Imeacht

    Sraith ina gcaitear súil ar shaol na Gaeltachta agus na Gaeilge ó na 1960í go dtí na 1990í trí chláir ó chartlann RTÉ. Cúrsaí imirce agus eisimirce a bheidh faoi chaibidil sa chlár seo - muintir Chonamara i Huddersfield sna 60í, muintir Thír Chonaill ag teacht abhaile as Albain sna 70í agus scéim Choimisiún na Talún faoinar athlonnaigh teaghlaigh as Conamara go Ráth Chairn. Á chur i láthair ag Micheál Ó Sé.

  • 8:30PM
    Ros na Rún (OS & GS)

    Ros na Rún (OS & GS)Sraith 23, Eipeasóid 13

    Tá Peatsaí breá compordach Tigh Thaidhg ach ní mó ná sásta atá Tadhg faoi. An bhfaighidh Tadhg an ceann is fearr ar Pheatsaí i gcluiche cártaí? Tá Bobbi Lee ag cur comhairle ar dhaoine ar an raidió faoi chúrsaí grá. An dtabharfaidh Niall aird ar a cuid comhairle? Tá a fhios ag Dee go bhfuil Katy ag déanamh bréag léi. An bhfaighidh Dee amach nach bhfuil Katy agus Jason in éineacht níos mó? Tá a fhios ag Caitríona anois go raibh Maeve ag déanamh bréag faoi Sam. An inseoidh Caitríona an fhírinne do Sonia?

  • 9:00PM
    Glór Tíre - Rogha & Togha (TS)

    Glór Tíre - Rogha & Togha (TS)Sraith 12, Eipeasóid 2

    Rogha agus togha an dara sraith déag de Ghlór Tíre. Beidh móruaisle an cheoil tíre ar stáitse i dTeach na Céibhe leis an rogha is fearr amhrán. Ar chlár na hoíche anocht ag gabháil fhoinn beidh Jimmy Buckley, Mick Flavin, John McNicholl, Patrick Feeney, Shawn Cuddy, Lee Matthews, Sandy Kelly agus Justin McGurk.

  • 9:30PM
    Opry le Daniel (OS & TS)

    Opry le Daniel (OS & TS)Sraith 7, Eipeasóid 5

    Jim Reeves Tribute

    Cuirfidh Daniel clár speisialta in ómós do Jim Reeves i láthair as Fóram na Mílaoise, i nDoire. I measc na ndaoine a bheidh ar stáitse anocht beidh Al Grant, Tony Kerr, Patrick Feeney agus Matt Leavy. Inseoidh siad a gcuid scéalta féin dúinn faoi Jim Reeves agus faoin gcaoi a ndeachaigh sé i bhfeidhm orthu. Beidh neart de cheol Jim Reeves ar an gclár seo chomh maith le míreanna cartlainne.

  • 10:30PM
    Keeping Faith (TS)

    Keeping Faith (TS)Sraith 1, Eipeasóid 1

    Is dlíodóir, bean céile agus máthair í Faith Howells. Cuirtear an saol trína chéile ar Faith nuair a théann a fear céile agus páirtí gnó, Evan, ar iarraidh. Bíonn imní ar bhaile an fhir go bhfuil sé imithe gan tásc gan tuairisc. Caithfidh Faith dul ar ais ag obair chun Arthur, fear siúil éadóchasach, a chosaint sa chúirt. Téann sí ag tochailt agus ag tóraíocht go bhfaighidh sí amach cad a bhain dá fear. Tosaíonn eolas ag teacht chun cinn agus ceistíonn Faith an raibh aithne ar bith aici ar a fear céile.

  • 11:40PM
    Ros na Rún (OS & GS)

    Ros na Rún (OS & GS)Sraith 23, Eipeasóid 13

    Tá Peatsaí breá compordach Tigh Thaidhg ach ní mó ná sásta atá Tadhg faoi. An bhfaighidh Tadhg an ceann is fearr ar Pheatsaí i gcluiche cártaí? Tá Bobbi Lee ag cur comhairle ar dhaoine ar an raidió faoi chúrsaí grá. An dtabharfaidh Niall aird ar a cuid comhairle? Tá a fhios ag Dee go bhfuil Katy ag déanamh bréag léi. An bhfaighidh Dee amach nach bhfuil Katy agus Jason in éineacht níos mó? Tá a fhios ag Caitríona anois go raibh Maeve ag déanamh bréag faoi Sam. An inseoidh Caitríona an fhírinne do Sonia?

  • 0:10AM
    Friday Night Lights (TS)

    Friday Night Lights (TS)Sraith 4, Eipeasóid 12

    Laboring

    Tá East Dillon Lions agus Dillon Panthers le aghaidh a thabhairt ar a chéile i gcluiche deiridh na sraithe agus is cinnte gur cluiche maith a bheidh ann agus an dianiomaíocht atá idir na naimhde. Tá an feachtas le Tammy a dhíbirt as a post, mar gur chuir sí comhairle ar Becky faoi ghinmhilleadh, ag treisiú. Beirtear mac óg do Mindy. Gabhtar Uncail Tim nuair a fhaigheann na póilíní amach faoin ngaráiste mídhleathach.

  • 1:02AM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 22, Eipeasóid 289

    An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

  • 1:05AM
    Fíorscéal (OS & TS)

    Fíorscéal (OS & TS)Sraith 19, Eipeasóid 6

    Páistí an Chogaidh

    Clár faisnéise goilliúnach atá bunaithe ar phíosa scannánaíochta 8-mm, nár craoladh riamh, a tógadh den obair a bhí ar bun ag an eagraíocht Red Barnet sa Danmhairg chun cuidiú le páistí a d'fhulaing sa Dara Cogadh Domhanda. Chaith 21,000 páiste trí mhí i dtithe altrama sa Danmhairg idir na blianta 1945 agus 1951. Páistí ab ea iad a tháinig ar thraenacha as tíortha ó ar fud na hEorpa a bhí réabtha ag an gcogadh. Cuirtear roinnt de na páistí a bhí sa seanphíosa scannánaíochta sin faoi agallamh sa chlár seo.

  • 2:10AM
    France 24

    France 24Sraith 10, Eipeasóid 289

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.