Sceideal | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

Sceidil TG4

Programme Highlights

Inniu ar TG4

Sceidil an Lae

Dé Máirt 17 Iúil

  • 5:30AM
    France 24

    France 24Sraith 10, Eipeasóid 198

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

  • 7:00AM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 7:02AM
    Olivia (GS)

    Olivia (GS)Sraith 2, Eipeasóid 16

    Seó Tallainne

    Is gearr uainn seó tallainne na scoile agus tá bís ar Olivia go dtaispeánfaidh sí chomh maith is atá sí ar na drumaí.

  • 7:13AM
    Dinosaur Train (GS)

    Dinosaur Train (GS)Sraith 2, Eipeasóid 32

    Aibítir na nDineasár / An Phicnic Mhór

    Tá Traein na nDineasár plódaithe ag 26 dineasár éagsúla a bheidh san amhrán "Aibítir na nDineasár'?. Tosaíonn Tiny ar an amhrán i mBaile Troodon agus glacann na dineasáir eile ar fad páirt ann.

  • 7:25AM
    An Captaen Flinn agus na Foghlaithe Dineasár

    An Captaen Flinn agus na Foghlaithe DineasárSraith 1, Eipeasóid 6

    Ó Thuaidh

    Tá na foghlaithe dána tar éis maighnéad "Ó Thuaidh" a ghoid agus tá siad á úsáid chun miotal a ghoid ó bháid eile.

  • 7:37AM
    Wanda and the Alien

    Wanda and the AlienSraith 1, Eipeasóid 32

    Ubh

    Tagann Wanda agus Eachtrán ar ubh, a dtagann lacha óg aisti. An mbeidh Wanda agus Eachtrán in ann an lacha a thabhairt ar ais chuig a mháthair?

  • 7:47AM
    Wissper

    WissperSraith 1, Eipeasóid 32

    Cóilín an Camall

    Tugann Cóilin an Camall cuairt ar Wissper mar go bhfuil fadhb mhór aige - níl aon acmhainn grinn aige. An mbeidh Monty an míorchat in ann gáire a bhaint as?

  • 7:55AM
    Tractor Tom

    Tractor TomSraith 1, Eipeasóid 51

    Rothaí Nua

    Caithfidh Tom na préacháin a choinneáil amach ó na síolta nua atá curtha aige.

  • 8:05AM
    Balloon Barnyard

    Balloon BarnyardSraith 1, Eipeasóid 24

    Sárlaochra

    Tá na hasail ag léamh leabhar faoi shárlaochra. Thaitneodh leo féin a bheith ina sárlaochra freisin!

  • 8:12AM
    The Furchester Hotel

    The Furchester HotelSraith 1, Eipeasóid 32

    Na Caoirigh

    Ceapann Fergus agus Funella nach bhfuil ach caora amháin ag fanacht san óstán ach is cosúil go bhfuil i bhfad níos mó sin ag fanacht ann. Beidh sé ina spraoi!

  • 8:24AM
    Is Ait an Mac é Mús

    Is Ait an Mac é MúsSraith 1, Eipeasóid 32

    Tairseach Ama

    Rachaidh Jeaicín agus Mús siar san am atá caite i dtairseach ama.

  • 8:31AM
    Zou

    ZouSraith 2, Eipeasóid 32

    Vása Zou

    Briseann Zou vása Nana trí thimpiste agus caithfidh sé ceann nua a fháil di.

  • 8:44AM
    Masha agus an Béar

    Masha agus an BéarSraith 1, Eipeasóid 3

    Las an Crann Nollag!

    Tá deacrachtaí ag an mBéar agus ag Masha lena gcrann Nollag.

  • 8:52AM
    Dot

    DotSraith 1, Eipeasóid 51

    Sár-Ruby

    Níl áis éisteachta Ruby ag obair i gceart.

  • 9:03AM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 1, Eipeasóid 54

    Trunca Eilifinte

    Tá Nic agus Sailí ag iarraidh teacht ar uirlis atá in ann chuile rud a dhéanamh.

  • 9:19AM
    ABC Sesame

    ABC SesameSraith 1, Eipeasóid 7

  • 9:20AM
    ABC Sesame

    ABC SesameSraith 1, Eipeasóid 9

  • 9:22AM
    ABC Sesame

    ABC SesameSraith 1, Eipeasóid 8

  • 9:25AM
    Alvinnn !!! agus na Chipmunks

    Alvinnn !!! agus na ChipmunksSraith 1, Eipeasóid 32

    Cairteacha le Díol

    Nuair a mhilleann Alvin rothar Theodore trí thimpiste, cuireann sé isteach ar chomórtas ag bailiú cairteacha siopadóireachta chun rothar nua a fháil dó.

  • 9:40AM
    Little House on the Prairie (TS)

    Little House on the Prairie (TS)Sraith 1, Eipeasóid 12

    The Award

    Tá Mary chun tabhairt faoi scrúdú breise ag an scoil le foclóir álainn a bhuachan. Ach nuair a bhíonn sí ag staidéar lasann sí an scioból de dhearmad. Tá imní ar Caroline fúithi agus iarrann uirthi gan an scrúdú a dhéanamh. Tugann Mary faoin scrúdú ar aon nós agus éiríonn léi an duais a thabhairt léi.

  • 10:40AM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 9, Eipeasóid 13

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

  • 11:35AM
    Tour de France - Súil Siar

    Tour de France - Súil SiarSraith 14, Eipeasóid 10

    Súil siar ar an gcéim is déanaí den Tour de France.

  • 12:05PM
    Tour de France Beo

    Tour de France BeoSraith 14, Eipeasóid 10

    Annecy / Le-Grand-Bornand

    Craoladh beo ar an 10ú céim de Tour de France 2018.

  • 5:25PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 21, Eipeasóid 169

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 5:30PM
    Fuaimrian Mo Shaoil (OS)

    Fuaimrian Mo Shaoil (OS)Sraith 1, Eipeasóid 9

    Donncha Ó Dúlaing

    An craoltóir Donncha Ó Dúlaing a bheidh i mbun cainte le Dáithí Ó Sé ar an gclár seo. Labhróidh sé ar na cairde mór ceoil a bhí aige i gcaitheamh a shaoil. Labhróidh sé faoi Daniel O'Donnell agus Bridie Gallagher agus déanfaidh sé cur síos dúinn ar an amhrán a bhí á chasadh nuair a chonaic sé a bhean den chéad uair agus ar an gceol ar maith leis éisteacht leis nuair a thugann sé faoi shiúlóidí carthanachta.

  • 6:00PM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 9, Eipeasóid 13

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

  • 6:57PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 22, Eipeasóid 198

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 7:00PM
    Nuacht TG4

    Nuacht TG4Sraith 21, Eipeasóid 198

    Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

  • 7:15PM
    An Gobán Saor (OS)

    An Gobán Saor (OS)Sraith 1, Eipeasóid 2

    Sraith a dhéanann ceiliúradh ar an ngreann i saol na hÉireann. Inseoidh fir, idir óg agus sean, ó cheann ceann na tíre na scéalta grinn is ansa leo féin. Baineann na scéalta seo le gnáthchúrsaí an tsaoil, ó bhreith go bás agus ó chúrsaí creidimh go cleamhnais.

  • 7:30PM
    Éire na Nuachtscannán (OS & TS)

    Éire na Nuachtscannán (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 3

    'Ulaidh versus Éire: An Cath chun Éire Nua a Chur i Láthair

    Sraith 6 chlár a thugann léargas ar an mbealach inar cuireadh imeachtaí in Éirinn i láthair sna nuachtscannáin. Ba mhór i gceist na nuachtscannáin idir 1910 agus 1950 agus bhí tionchar mór acu ar an bpobal. Sa chlár seo taispeánfar mar a tháinig 'dhá Éire' chun cinn sna 1930idí. In 1932 bhí Comhdháil Chorp Chríost i mBaile Átha Cliath agus d'oscail Stormont i mBéal Feirste.

  • 8:00PM
    Feirmeoirí (OS)

    Feirmeoirí (OS)Sraith 1, Eipeasóid 6

    Sraith clár faoi fheirmeoirí beaga an lae inniu in Éirinn agus mar atá siad ag dul i ngleic le deacrachtaí ár linne. Tagann Teagasc ar cuairt chuig Noel Lynch. Tá deireadh an tséasúir tagtha agus tugann sé a chuid beithíoch go dtí an Margadh i Maigh Chromtha. Inseoidh Pádraig Ó Scanaill dúinn faoin bhfáth go bhfuil a phictiúr ar chartáin bainne i mBaile Átha Cliath. Fágann Joe Joyce slán leis na coileáin 'Nipper' agus 'Ted' sula dtugtar thar lear iad.

  • 8:30PM
    An Lá a Rugadh Mé (OS & TS)

    An Lá a Rugadh Mé (OS & TS)Sraith 2, Eipeasóid 5

    Peter Coonan

    Séasúr eile den tsraith thaitneamhach ina bhfuil deis ag duine aitheanta cur lena chuid eolais faoi na scéalta suntasacha nó aite a bhí á dtabhairt chun solais sna nuachtáin ag an am ar tháinig sé/sí ar an saol. Fiosróidh an t-aisteoir Peter Coonan imeachtaí agus scéalta a bhain leis an lá a rugadh é an 15ú Márta 1984. Fiosróidh sé ar bhain do John DeLorean, an fear iomráiteach déanta carranna ar rug an FBI air ag díol cócaoin in LA.

  • 9:00PM
    Tour de France - Súil Siar

    Tour de France - Súil SiarSraith 14, Eipeasóid 11

    Súil siar ar an 10ú céim de Tour de France 2018.

  • 9:30PM
    Opry Dhoire (OS & TS)

    Opry Dhoire (OS & TS)Sraith 6, Eipeasóid 7

    Big Tom

    Tá Opry ar ais agus á chur i láthair arís ag Daniel O'Donnell. Cuirfidh réalta thar a bheith speisialta, Big Tom, clabhsúr leis an tsraith seo. Déanfar ceiliúradh ar éachtaí Big Tom i bhFóram na Mílaoise, i nDoire. Faraor, bhásaigh Big Tom ó taifeadadh an clár seo.

  • 10:40PM
    Nashville (TS)

    Nashville (TS)Sraith 6, Eipeasóid 14

    For the Sake of the Song

    Tá imní ar Deacon agus ar na cailíní go mbíonn Gideon ag imeacht as an teach. Tugann Juliette aghaidh ar Darius. Déanann Twig a mhíle dhícheall an rún atá ag Jonah a choinneáil ó Maddie. Faigheann Alannah amach go bhfuil Brad ag cur isteach ar dhaoine eile chomh maith léi féin.

  • 11:30PM
    Friday Night Lights (TS)

    Friday Night Lights (TS)Sraith 3, Eipeasóid 12

    Underdogs

    Caithfidh muintir Taylor cinneadh a dhéanamh a d'fhéadfadh a gcairdeas le muintir McCoy a scriosadh. Insíonn Lila dá hathair faoin bplean eile atá aici ó tharla nach bhfuil sí ábalta freastal ar an gcoláiste a raibh sí ag iarraidh. Féachann Landry le cúnamh a thabhairt do Tyra lena haiste. Ba bhreá le Matt leanúint leis an oideachas tar éis na scoile.

  • 0:22AM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 22, Eipeasóid 198

    An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

  • 0:25AM
    Fíorscéal (OS & TS)

    Fíorscéal (OS & TS)Sraith 18, Eipeasóid 26

    Zika

    Clár faoin ngalar Zika, a dhéanann dochar d'inchinn agus do cholainn an linbh sa bhroinn. Féachtar sa chlár seo ar bhunús an ghalair agus mar a scaip sé ar fud an domhain go ciúin, réidh i ngan fhios don saol go dtí le gairid. An bhféadfadh athrú teacht ar an ngalar seo agus é teacht ar dhaoine fásta nó an bhfuil a fhios fós i ndáiríre an tionchar a bheidh aige go fadtéarmach ar na leanaí a thagann ar an saol leis? Tá na dochtúirí ar a ndícheall ag iarraidh teacht ar na freagraí.

  • 1:30AM
    France 24

    France 24Sraith 10, Eipeasóid 198

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.