Skip to main content
Menu

Sceidil TG4

Programme Highlights

Inniu ar TG4

Sceidil an Lae

Dé Céadaoin 26 Meán Fómhair

  • 5:30AM
    France 24

    France 24Sraith 10, Eipeasóid 269

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

  • 7:00AM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 7:02AM
    Mofy

    MofySraith 1, Eipeasóid 36

    Snag

    Tá fail ar Chiarán agus tá an comórtas amhránaíochta ar siúl amárach. Féachfaidh Mofy le leigheas a fháil ar an scéal!

  • 7:07AM
    Mofy

    MofySraith 1, Eipeasóid 37

    Uaigneas

    Ba bhreá le Liam agus le Sioux a bheith ina gcónaí i 'dTalamh na nDearcán'. Rachaidh na deartháireacha sa tóir ar an talamh seo.

  • 7:12AM
    Balloon Barnyard

    Balloon BarnyardSraith 1, Eipeasóid 25

    Breithlá

    Breithlá Cud atá ann agus tá na hasail ag iarraidh cóisir a eagrú di.

  • 7:19AM
    Olobob Top

    Olobob TopSraith 1, Eipeasóid 18

    Leabhair do Chách

    Tá leabharlann ag Cnag ina teachín crainn ach is faoi chnónna na leabhair uile atá aici!

  • 7:24AM
    Tractor Tom

    Tractor TomSraith 1, Eipeasóid 14

    Ceol den scoth?

    Tá Whinny in ísle brí ach tá a fhios ag Tom le gáire a bhaint aisti!

  • 7:35AM
    Kid E Cats

    Kid E CatsSraith 1, Eipeasóid 37

    Féileacán

    Tá Milseog sa tóir ar fhéileacán speisialta.

  • 7:40AM
    Kid E Cats

    Kid E CatsSraith 1, Eipeasóid 38

    Na Sár-Phiscíní

    Tá na piscíní ag iarraidh a bheith ina sárlaochra agus teacht i gcabhair ar a gcuid cairde.

  • 7:45AM
    Wissper

    WissperSraith 1, Eipeasóid 31

    Mistéir na Luch

    Tagann an-imní ar Mharcus nuair nach mbíonn sé in ann teacht ar Laoise an luchín. An mbeidh Wissper agus a cairde in ann teacht uirthi?

  • 7:52AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 1, Eipeasóid 38

    Olly Lofa Salach

    Tá Olly ag súil go mór le casadh le Súibhín!

  • 7:57AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 1, Eipeasóid 39

    Bóthar an Bhisigh

    Tá anraith speisialta réitithe ag Bazza do na carranna ar fad Tigh Mick ach ní bhíonn sé i bhfad go bhfaigheann na carranna ar fad tinn.

  • 8:02AM
    Dot

    DotSraith 1, Eipeasóid 18

    Dot gan Draíocht

    Tá Dot tinn agus níl sí in ann dul chuig cóisir Ruby.

  • 8:13AM
    The Furchester Hotel

    The Furchester HotelSraith 1, Eipeasóid 38

    Glaoch na Maidine

    Caithfidh Funella glaoch coiligh a ligean aisti féin lena chinntiú go ndúiseoidh cuairteoir in am.

  • 8:24AM
    Maya an Bheachín

    Maya an BheachínSraith 2, Eipeasóid 18

    Droch Chomhluadar

    Tá Beatrice tinn tuirseach ag imirt cluichí amaideacha in éineacht le feithidí an ghleanna. Tá sí ag iarraidh spraoi in éineacht leis na déagóirí.

  • 8:38AM
    Bubu & na hUlchabháin Bheaga

    Bubu & na hUlchabháin BheagaSraith 1, Eipeasóid 18

    Báisteach an tSamhraidh

    Lá álainn atá ann agus tá na hulchabháin bheaga ag dul ar phicnic. Tá gach rud réidh ach ansin tosaíonn sé ag báisteach!

  • 8:49AM
    Masha agus an Béar

    Masha agus an BéarSraith 2, Eipeasóid 2

    Marcaíocht ar Chapall

    Tagann cara leis an mBéar, an Tíogar, ar cuairt agus imríonn siad cluiche fichille.

  • 8:56AM
    Masha agus an Béar

    Masha agus an BéarSraith 2, Eipeasóid 3

    Ceol den Scoth

    Tabharfaidh Masha cúnamh don Bhéar a ghrá geal a mhealladh.

  • 9:03AM
    Zou

    ZouSraith 3, Eipeasóid 24

    Zou agus Teach na dTaibhsí

    Tá Zou agus Zak ag ceapadh go bhfuil taibhsí sa teach.

  • 9:15AM
    Peg & Cat

    Peg & CatSraith 3, Eipeasóid 24

    An Cheist faoin gCloigeann Mícheart

    Téann Peg sa tóir ar hata nua nuair a laghdaíonn a ceann féin sa triomadóir.

  • 9:30AM
    Ainmhithe Craiceáilte (OS & TS)

    Ainmhithe Craiceáilte (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 56

    Crúba

    Ar chlár an lae inniu beidh cat cainteach, moncaithe ag pleidhcíocht chomh maith le béar sa chathair.

  • 10:00AM
    Little House on the Prairie (TS)

    Little House on the Prairie (TS)Sraith 5, Eipeasóid 22

    Someone Please Love Me

    Castar Brett Harper ar Charles nuair a théann sé ag ceannach capall i Sleepy Eye. Is é Brett an póraitheoir capall is fearr sa stát ach tá sé i ngreim ag an ól faraor agus tá sé sin ag cur drochbhail ar a theaghlach.

  • 10:55AM
    The Gilmore Girls (TS)

    The Gilmore Girls (TS)Sraith 1, Eipeasóid 18

    The Third Lorelai

    Sraith ghrinn drámaíochta. Tá imní ar Emily gur thairg seanmháthair Lorelai airgead do Lorelai le hoideachas a chur ar Rory. Tá faitíos ar Emily nach mbeidh sí ag teastáil ó Lorelai ná ó Rory níos mó. Tá Rory míchompordach timpeall ar Tristin ó phóg siad. Féachann sí le Tristin agus Paris a chur in éineacht ach níl suim ag Tristin ach intise.

  • 11:50AM
    Cheese Slices (TS)

    Cheese Slices (TS)Sraith 3, Eipeasóid 5

    Savoie/Franche Comte - Cheeses of the Alps

    Sraith a fhiosraíonn na scéalta agus na traidisiúin iontacha a bhaineann leis na cáiseanna is mó cáil ar domhan. Cáiseanna Mont D'Or, Reblochon, Beaufort agus Abondance a bheidh faoi chaibidil inniu. De bharr go mbíonn sneachta ar na hAlpa agus Savoie ar feadh 4 mhí ar a laghad gach bliain ní dhéantar cáis ach de réir an tséasúir. Faigheann Will amach faoin ról tábhachtach atá ag na foraoisí sprúis maidir le haibiú na cáise Mont D'Or. Rachaidh sé chuig feirm a bhíonn ag táirgeadh Reblochon agus taispeánfar dó len é a ghriolladh faoi ghual te.

  • 12:20PM
    Ó Cuisine (OS)

    Ó Cuisine (OS)Sraith 1, Eipeasóid 13

    Peadar Mac an Bhaird

    Réiteoidh Peadar Mac an Bhaird as Country Choice, béile atá saor le réiteach a d'fheilfeadh do mhic léinn. Arán gloine phionta agus ae uaineola le cácaí prátaí a chuirfidh sé chun boird.

  • 12:45PM
    Garraí Glas (OS)

    Garraí Glas (OS)Sraith 1, Eipeasóid 4

    Sraith faoin mbliain a chaith Síle Nic Chonaonaigh ag taisteal na tíre ag lorg bealaí níos orgánaí agus inbhuanaithe le maireachtáil. Sa chlár seo tabharfaidh sí a haghaidh ar Bhaile Locha Riach áit a gcasfaidh sí le Padaí Rua Ó Baoill atá ag cur glasraí orgánach le blianta beaga anuas. Labhróidh sí chomh maith le Gaby Wieland ón Ionad Orgánach.

  • 1:15PM
    The West Wing (TS)

    The West Wing (TS)Sraith 1, Eipeasóid 18

    Six Meetings Before Lunch

    Tá sé dearbhaithe ag an Seanad go bhfuil Mendoza ceaptha chuig an gCúirt Uachtarach. Cuireann Josh duine atá ainmnithe do phost an Leas-Ard-Aighne cúnta faoi agallamh. Gabhtar mac tiomsaitheora airgid do na Daonlathaigh faoi dhrugaí a bheith aige ag cóisir, cóisir ag a raibh Zoey. Tá Mandy ag iarraidh panda eile sa Zú Náisiúnta ó tharla an ceann a bhí ann básaithe.

  • 2:05PM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 9, Eipeasóid 28

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

  • 3:00PM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 3:02PM
    Dot

    DotSraith 1, Eipeasóid 37

    Ag Súil le hUibheacha

    Tá Dot ag súil go mór leis na huibheacha a bhéarfaidh a cuid cearc.

  • 3:13PM
    Masha agus an Béar

    Masha agus an BéarSraith 2, Eipeasóid 9

    An Dochtúir Masha

    Ba mhaith le Masha a bheith ina dochtúir ach is mó dochar ná maitheas a dhéanann sí.

  • 3:20PM
    Bubu & na hUlchabháin Bheaga

    Bubu & na hUlchabháin BheagaSraith 1, Eipeasóid 9

    Fadó, fadó, bhí síol ann

    Tá an iomarca faitís ar Biel a insint do Mhamaí gur bhris sí ceann dá cuid bláthanna.

  • 3:31PM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 1, Eipeasóid 77

    Nuair a Bheidh Mé Mór

    Tá Nic agus Sailí ag iarraidh déanamh amach céard a bheidh Pugail a dhéanamh nuair a bheidh sí mór.

  • 3:44PM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 1, Eipeasóid 78

    Ar Dhóigh Eile

    Tugann an Cat, Nic agus Sailí cuairt ar thrí ainmhí a dhéanann rudaí ar bhealaí éagsúla.

  • 4:00PM
    Cúla 4

    Cúla 4

    Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl, beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

  • 4:02PM
    Dónall Dána (GS)

    Dónall Dána (GS)Sraith 2, Eipeasóid 5

    Dónall Dána agus an Madra

    Éiríonn Dónall mór le madra fáin.

  • 4:13PM
    Angelo Rules (GS)

    Angelo Rules (GS)Sraith 4, Eipeasóid 5

    Fanacht Thar Oíche

    Tá Angelo ag imirt cleas in éineacht lena chairde ach téann cleas amháin as smacht.

  • 4:24PM
    Zak Jinks

    Zak JinksSraith 1, Eipeasóid 10

    Pearóid Olivia

    Teastaíonn duine éigin ó Olivia le haire a thabhairt dá pearóid, Priompallán. Tabharfaidh sí freagraí an scrúdú staire don té a dhéanfaidh é.

  • 4:37PM
    Harvey Beaks

    Harvey BeaksSraith 2, Eipeasóid 5

    Pirimid Fee & Fiacha Saoil

    Iarrann Miriam ar Fee a bheith ina deirfiúr speisialta ag Michelle, ach níl a fhios ag Fee an bhfuil sí in ann aige. Faigheann sí beagán comhairle agus cúnamh óna cuid cairde. Tagann Foo i gcabhair ar Rooter agus ceapann Rooter go bhfuil sé i bhfiacha le Foo anois. Socraíonn Foo aire a thabhairt do Rooter an chuid eile dá shaol.

  • 5:00PM
    Whiz sa Chistin (GS)

    Whiz sa Chistin (GS)Sraith 2, Eipeasóid 4

    Seó cluichí é Whiz sa Chistin atá bunaithe ar bhia. Beidh ceathrar leanaí sa chistin ar gach clár agus beidh a fhios againn cé chomh maith is atá said sa chistin nuair a chaithfidh siad tabhairt faoi dhúshlán bia agus ceisteanna go leor a fhreagairt.

  • 5:28PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 21, Eipeasóid 231

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 5:30PM
    Irish Paint Magic

    Irish Paint MagicSraith 19, Eipeasóid 9

    Harvestime

    Baint an Fhómhair is ábhar do phictiúr an lae inniu - radharc álainn de shaol na tuaithe in Éirinn san am atá caite.

  • 6:05PM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 9, Eipeasóid 28

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

  • 6:57PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 22, Eipeasóid 269

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 7:00PM
    Nuacht TG4

    Nuacht TG4Sraith 21, Eipeasóid 269

    Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

  • 7:30PM
    Cleas Act (OS & TS)

    Cleas Act (OS & TS)Sraith 3, Eipeasóid 10

    Buailfidh na láithreoirí Eibhlín Ní Chonghaile agus Stiofán Ó Fearail le daltaí Ghaelscoil Philib Barún i dTrá Mhór. Ní bheadh a fhios agat beo céard a déarfadh na páistí seo agus iad ag caint faoi na nithe is maith leo agus na nithe nach maith. Féachfaidh an scoil lena leagan féin den amhrán 'Havana' ó Camila Cabello a dhéanamh le cabhair ón mbanna ceoil mór le rá, agus banna tí 'Cleas Act', Seo Linn. Stephen O'Keeffe a bheidh ina aoi speisialta ar an gclár.

  • 8:30PM
    Tithe Cois Farraige (OS & TS)

    Tithe Cois Farraige (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 4

    Gaillimh

    Sraith 8 gclár a thabharfaidh léargas ar áilleacht agus ar éagsúlacht árais chónaithe le cósta in Éirinn. Ar chósta Chonamara i nGaillimh a bheidh Síle Nic Chonaonaigh sa chlár seo. Tabharfaidh sí cuairt ar mhuintir Foyle sa gClochán agus ansin rachaidh sí ó dheas chun cuairt a thabhairt ar Eoin agus Cecilia Keenan ina dteach álainn traidisiúnta ach comhaimseartha.

  • 9:00PM
    Glór Tíre - Rogha & Togha

    Glór Tíre - Rogha & ToghaSraith 10, Eipeasóid 3

    Togha agus Rogha an cheoil ón deichiú sraith de Ghlór Tíre. An tseachtain seo beidh Michael English, Louise Morrissey, Nathan Carter, Mike Denver, Jim Devine, Brendan Shine agus Johnny Brady i measc na n-amhránaithe i dTeach na Céibhe i nGaillimh.

  • 9:30PM
    Finné (OS & TS)

    Finné (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 4

    George Stagg

    Scéal Frank Stagg a bhásaigh ar stailc ocrais i bpríosún i Sasana i 1976. Ní raibh rialtas na hÉireann ag iarraidh go ndéanfaí mairtíreach dó. Ba é deartháir Frank, George, a bhí lena chónra a thabhairt abhaile as Aerfort Bhaile Átha Cliath go Béal an Átha i Maigh Eo, áit a raibh sé le cur in uaighe phoblachtach. Ach ar an mbealach anall d'ordaigh an Rialtas do lucht an eitleáin cúrsa a athrú agus luí sa tSionainn. I gcoinne mian a mhuintire, ghlac an Rialtas smacht ar shochraid Frank a dhiúltaigh é a chur in uaighe phoblachtach. Déanfaidh George Stagg cur síos ar an méid a tharla.

  • 10:35PM
    Port (OS & TS)

    Port (OS & TS)Sraith 4, Eipeasóid 1

    Brittany

    Sraith ceoil á cur i láthair ag Julie Fowlis agus Muireann Nic Amhlaoibh. Tabharfaidh siad cuairt ar an mBriotáin chun tuilleadh eolais a fháil ar cheol traidisiúnta an réigiúin. Buailfidh siad le cairde leo a bhfuil dlúthbhaint acu leis an réigiún. Beidh an ceoltóir iomráiteach Mischa MacPherson as Albain agus Laoise Kelly as Éirinn i dteannta Julie agus Muireann agus cloisfimid ceol ó Annie Ebrel, Erik Marchand, Jean-Michel Veillon, Jacky Molard agus Sylvain Barou. Casfaidh Julie agus Muireann leis na ceoltóirí as an áit, Elouan Le Sauze & Louri Derrien, chomh maith.

  • 11:35PM
    Survivor: Game Changers (OS & TS)

    Survivor: Game Changers (OS & TS)Sraith 34, Eipeasóid 3

    Malartaíonn na hiomaitheoirí treibheanna agus caitheann roinnt de na hiomaitheoirí an comórtas a thosú as an nua arís. Fágann iomaitheoir amháin an chuid eile den treibh sa bhfarraige le go mbeidh deis aige an íol díolúine a chuardach.

  • 0:28AM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 22, Eipeasóid 269

    An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

  • 0:30AM
    Pioc do Ride (OS & TS)

    Pioc do Ride (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 12

    Shane

    Shane as Contae na Mí a bheidh ag tóraíocht mná ag Scoil Railí na hÉireann i gCo. Mhuineacháin an tseachtain seo. Beidh air rogha a dhéanamh idir Heather a bhfuil an-suim aici i gcarranna, Niamh as Tuaisceart Bhaile Átha Cliath agus Maria as Cathair Chorcaí. Tabharfaidh na mná ar fad faoi dhúshlán railí ach cén bhean a roghnóidh sé agus an roghnóidh sise eisean nó an seic?

  • 1:00AM
    An Jig Gig (OS)

    An Jig Gig (OS)Sraith 5, Eipeasóid 3

    Tá an Jig Gig ar ais arís agus sa tóir ar na damhsóirí Gaelacha is fearr sa tír. Beidh damhsóirí ó chuile chearn den tír páirteach sa gcomórtas ach cé a rachaidh i bhfeidhm ar na moltóirí?

  • 2:00AM
    Dáil Éireann

    Dáil ÉireannSraith 19, Eipeasóid 3

    Craoladh ar imeachtaí na maidine de riar na hoibre i nDáil Éireann.

  • 2:25AM
    France 24

    France 24Sraith 10, Eipeasóid 269

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.