Sceideal | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

Sceidil TG4

Programme Highlights

Inniu ar TG4

Sceidil an Lae

Dé hAoine 26 Aibreán

  • 5:30AM
    France 24

    France 24Sraith 11, Eipeasóid 116

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

  • 7:00AM
    Cúla 4

    Cúla 4

    Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

  • 7:02AM
    Mofy

    MofySraith 1, Eipeasóid 10

    Coinnigh Ort

    Níl aon ghiúmar ar Chiarán mar nár roghnaíodh a amhrán sa gcomórtas.

  • 7:07AM
    Mofy

    MofySraith 1, Eipeasóid 11

    Amhrán

    Cumann Mofy amhrán faoi úll a thit de chrann ach cailleann sí a misneach nuair nach mbíonn sí in ann an t-amhrán a chríochnú.

  • 7:13AM
    Balloon Barnyard

    Balloon BarnyardSraith 1, Eipeasóid 11

    Lá na Báistí

    Tá an lá an-fhliuch. An mbeidh na hainmhithe ar fad tirim sa scioból?

  • 7:20AM
    Olobob Top

    Olobob TopSraith 1, Eipeasóid 4

    Figear Feaigear

    Caithfidh na hOlobobanna áit bhog a shocrú don Duine Mór le titim ann.

  • 7:25AM
    Tractor Tom

    Tractor TomSraith 1, Eipeasóid 22

    Cearca Trína Chéile

    Bíonn rudaí aisteacha ag tarlú ar an bhfeirm san oíche. Is mór an mhaith go bhfuil Tom thart chun teacht ar an gcréatúr mistéireach.

  • 7:35AM
    Kid E Cats

    Kid E CatsSraith 1, Eipeasóid 43

    Ficheall

    Tá Milseog ag iarraidh cluiche fichille a imirt - ach cé a imreoidh in éineacht leis?

  • 7:40AM
    Kid E Cats

    Kid E CatsSraith 1, Eipeasóid 44

    Traein na gCat

    Rachaidh na piscíní agus a gcuid cairde ar eachtra ar thraein.

  • 7:45AM
    School of Roars

    School of RoarsSraith 1, Eipeasóid 28

    Fáinní

    Tá sé ag gleadhradh báistí ag an scoil mar sin eagraíonn an Mháistreás Grizzlesniff cluiche taobh istigh. Bíonn gach rud mar is ceart nó go dtagann cantal ar Wufflebump agus milleann sé an cluiche.

  • 7:52AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 1, Eipeasóid 36

    Olly agus an Robálaí

    Bíonn Olly síoraí ag iarraidh cúnamh a thabhairt do dhaoine ach níl a chúnamh ag teastáil ó aon duine inniu.

  • 7:57AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 1, Eipeasóid 37

    Olly an Bleachtaire

    Cé atá ag goid na mbananaí ó Iníon Florette agus ó mhuintir an bhaile? An mbeidh Stan agus Olly in ann breith ar an ngadaí?

  • 8:03AM
    Dot

    DotSraith 1, Eipeasóid 17

    Hal ar an Tanaí

    Tá Dot ag súil go mór le dul ag spraoi sa loch in éineacht le Hal.

  • 8:15AM
    The Furchester Hotel

    The Furchester HotelSraith 1, Eipeasóid 28

    Croch é, caith é, cuardaigh é

    Tá a lúibín gruaige caillte ag bó agus cuireann ár gcairde fios ar dhá luch aisteacha chun cabhrú leo é a aimsiú.

  • 8:26AM
    Maya an Bheachín

    Maya an BheachínSraith 2, Eipeasóid 4

    Turas Scoile

    Ní fada go dtéann cúrsaí ó smacht nuair a thugann Willy na beacha óga ar thuras scoile.

  • 8:40AM
    Bubu & na hUlchabháin Bheaga

    Bubu & na hUlchabháin BheagaSraith 1, Eipeasóid 11

    Bia na Foraoise

    Faigheann na hulchabháin bheaga amach faoin mbia a itheann ainmhithe éagsúla.

  • 8:51AM
    Masha agus an Béar

    Masha agus an BéarSraith 1, Eipeasóid 2

    Codladh an Gheimhridh

    Tá an Béar ag iarraidh codladh ar feadh an gheimhridh ach ní tharlóidh sé sin agus Masha thart!

  • 8:58AM
    Kazoops

    KazoopsSraith 1, Eipeasóid 67

    Ionadh ar Stan

    Tá Violet ag iarraidh turas a phleanáil do Stan ach níl Monty in ann é a choinneáil faoi rún.

  • 9:05AM
    Zou

    ZouSraith 3, Eipeasóid 14

    Zou agus an Snag Breac Stiúgtha

    Tá snag breac ag cur isteach ar Zou atá i mbun obair ealaíne.

  • 9:16AM
    Ár Scéal (GS)

    Ár Scéal (GS)Sraith 1, Eipeasóid 26

    Daithí Damhán Alla

    Tabharfaidh Úna Ní Fhlatharta cuairt ar scoileanna ar fud na tíre chun scéalta a bhailiú agus chun cabhrú leis na daltaí óga tabhairt faoi thograí móra ealaíne bunaithe ar charachtair agus ar théamaí na scéalta. Ar Scoil Mhuire, Ros Muc, Co. na Gaillimhe a thabharfaidh Úna cuairt inniu chun scéal faoi dhamhán alla a chur lena bailiúchán scéalta. Beidh an-spraoi aici lena cairde beaga ag déanamh damháin alla cairdiúla dá gcuid féin sula n-éisteann siad leis an scéal 'Daithí Damhán Alla'.

  • 9:30AM
    Ainmhí 999 (OS & TS)

    Ainmhí 999 (OS & TS)Sraith 2, Eipeasóid 7

    Sraith ina dtugtar léargas ar an obair a dhéanann carthanacht ainmhithe in Albain. Tá éan creiche sáinnithe i gcarrchlós i nDún Éideann.

  • 10:00AM
    Little House on the Prairie (TS)

    Little House on the Prairie (TS)Sraith 7, Eipeasóid 7

    Divorce, Walnut Grove Style

    Tá Laura in éad le seanchara Almanzo. Bogann sí ar ais abhaile arís mar gheall uirthi.

  • 10:55AM
    Gilmore Girls (TS)

    Gilmore Girls (TS)Sraith 1, Eipeasóid 4

    The Deer-Hunters

    Sraith ghrinn drámaíochta. Níl ag éirí rómhaith le Rory sa scoil nua. Tugann Lorelai taitneamh don mhúinteoir slachtmhar atá ag Rory.

  • 11:45AM
    Cheese Slices (TS)

    Cheese Slices (TS)Sraith 6, Eipeasóid 4

    Italy - Cheeses of the North East

    Sraith a fhiosraíonn na scéalta agus na traidisiúin iontacha a bhaineann leis na cáiseanna is mó cáil ar domhan. Cáiseanna traidisiúnta a dhéantar sna hAlpa in Iarthuaisceart na hIodáile a bheidh faoi chaibidil inniu. Rachaidh Will go bunchnoic na nAlp le casadh leis an duine is faide atá ag déanamh cáise san Iodáil. Taispeánfar dó mar a dhéantaí Asiago d'Avello ar thine adhmaid sula dtabharfaidh sé a aghaidh ar dhéirí theaghlach Perezin a dhéanann Montasio. Rachaidh sé go Dolomites chun siléar cáise atá i seanbhuncar a théann siar roimh aimsir an chogaidh a fheiceáil.

  • 12:15PM
    Logainm (OS & TS)

    Logainm (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 6

    Miotaseolaíocht

    Sraith 26 clár, ina dtugtar léargas agus léirmhíniú ar ainmneacha áite na hÉireann, staidéar a thugann chun solais go leor den saibhreas staire, tíreolaíochta, béaloidis agus seanchais atá ar fáil iontu. Is iomaí cúis a bhí ag ár sinsear le hainm a thabhairt ar áit, ar shliabh, ar loch ar chuan nó ar ghleann. Dreach na tíre féin a spreag cuid de na hainmneacha, naomh-phatrún áitiúil uaireanta eile nó pearsa as an bhFiannaíocht nó as an Rúraíocht. Á cur i láthair ag Breanndán Ó Beaglaioch.

  • 12:45PM
    Amhráin is Ansa Liom (OS)

    Amhráin is Ansa Liom (OS)Sraith 2, Eipeasóid 13

    Brian Ó Domhnaill

    Is é Brian Ó Domhnaill as Anagaire Co. Dhún na nGall a bheidh ar chlár an lae inniu. Casfaidh sé na hamhráin is ansa leis, 'An Bobaire', 'Mainistir na Búille' agus 'Máire Mhaiseach'.

  • 1:15PM
    An Trucailín Donn (OS)

    An Trucailín Donn (OS)

    Clár tráthúil faisnéise faoi chás cúirte a ghin conspóid agus poiblíocht iontach do ghluaiseacht na Gaeilge beagán le cois 100 bliain ó shin. Cainteoir dúchais Gaeilge ab ea Niall Mac Giolla Bhríde, feirmeoir beag i dTír Chonaill. Lá amháin i 1905 agus é ag filleadh abhaile go suaimhneach ón margadh, stop póilín é agus chuir toghairm chun cúirte air as na focail Gaeilge seo 'Niall Mac Giolla Bhríghde' a bheith scríofa ar an gcairt aige. Chinntigh an Conradh go raibh tuairiscí sna nuachtáin ag léiriú na héagóra seo agus áiféis na n-údarás ag cur an dlí ar dhaoine as a dteanga dúchais a úsáid.

  • 2:05PM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 11, Eipeasóid 15

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á cur i láthair ag Anne Robinson.

  • 3:00PM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag a 7 a.m. go dtí a 10.00 am agus arís ag a 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 3:02PM
    Dot

    DotSraith 1, Eipeasóid 24

    Gadaí

    Tá gadaí i ngairdín Dot.

  • 3:13PM
    Kazoops

    KazoopsSraith 1, Eipeasóid 16

    Tá an Oíche Ceart go Leor

    Tá sé in am codlata ach níl Monty ná Jimmy Jones tuirseach. Meas tú an le haghaidh codlata amháin an oíche?

  • 3:20PM
    Bubu & na hUlchabháin Bheaga

    Bubu & na hUlchabháin BheagaSraith 1, Eipeasóid 1

    An Crio-Criogar

    Dúisíonn torann Bubu, Biel agus Bonie as a gcodladh. Meas tú céard atá ann?

  • 3:31PM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 1, Eipeasóid 37

    Rabhadh na gCoiníní

    Tá Nic ag iarraidh lón a dhéanamh dá mháthair i ngan fhios di ach bíonn sí seasta ag teacht isteach sa chistin.

  • 3:44PM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 1, Eipeasóid 38

    Cnó i bhFolach

    Níl a fhios ag Nic cár fhág sé a yó-yó.

  • 4:00PM
    Cúla 4

    Cúla 4

    Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

  • 4:02PM
    Alvinnn !!! agus na Chipmunks

    Alvinnn !!! agus na ChipmunksSraith 1, Eipeasóid 3

    Cá bhfuil na hEachtrannaigh?

    Ceapann Alvin go bhfuil smacht ag eachtráin ar an áit nuair a fheiceann sé Brittany ag déanamh rudaí aisteacha.

  • 4:13PM
    Dónall Dána (GS)

    Dónall Dána (GS)Sraith 4, Eipeasóid 13

    Dónall Dána agus an Fón Nach Raibh Aige

    Caithfidh Dónall fón póca Mháirtín a fháil ar ais ón phríomhoide.

  • 4:24PM
    Angelo Rules (GS)

    Angelo Rules (GS)Sraith 4, Eipeasóid 44

    A bhFuil i nDán

    Samhlaíonn Angelo, Sherwood agus Lola mar a bheidh an saol nuair a bheidh siad mór.

  • 4:35PM
    Harvey Beaks (GS)

    Harvey Beaks (GS)Sraith 2, Eipeasóid 11

    An Bhalscóid & An Síol Dána

    Cuirtear iallach ar Fee agus ar Foo dul ag obair i dteach altranais mar phionós ach castar duine an-speisialta ar Fee fad is a bhíonn sí ann. Breathnaíonn Harvey agus a chuid cairde ar scannán thar a bheith scanrúil ach ní bhíonn sé i bhfad go dtuigeann siad go bhfuil duine éigin ag imirt cleas orthu.

  • 5:00PM
    Is Eolaí Mé (GS)

    Is Eolaí Mé (GS)Sraith 1, Eipeasóid 12

    Athchúrsáil

    Athchúrsáil is ábhar do chlár an lae inniu. Ar smaoinigh sibh riamh ar a dtarlaíonn nuair a bhailítear an bruscar sa mbaile? Bhuel tabharfaidh Peadar cuairt ar ionad athchúrsála chun é a fháil amach. Beidh Muireann Ní Ghloinn agus Ailbhe Ní Ghionnáin ag cabhrú sa stiúideo chun piastlann a dhéanamh. Beidh Úna ag breathnú ar na rudaí iontacha a dhéanann siad san ionad 'ReCreate' as ábhar athchúrsála. Mar is iondúil, tabharfaimid cuairt ar an Ollamh Ullamh agus a chúntóir Aodh, go bhfeicfimid a mbeidh ar siúl acu inniu.

  • 5:28PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 116

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 5:30PM
    Seoidíní Staire (OS)

    Seoidíní Staire (OS)Sraith 1, Eipeasóid 6

    Cill Charthaigh

    I measc na nithe a bheidh ar taispeáint i músaem ócáideach na seachtaine seo i gCill Charthaigh i nDún na nGall, beidh clóscríobhán den seanré, bonn a bhfuil íomhá de bhean as an áit air agus inseofar scéal tubaisteach faoi bheirt saighdiúirí a tháinig i dtír le linn an chogaidh.

  • 6:00PM
    Ceol@Celtic (OS)

    Ceol@Celtic (OS)Sraith 9, Eipeasóid 2

    Sraith bunaithe ar an bhféile ceoil is mó sa gheimhreadh - Celtic Connections. Páirteach sa chlár beidh plúr na gceoltóirí agus na n-amhránaithe agus iad ar stáitse ag an bhféile i nGlaschú. Á cur i láthair ag an gceoltóir aitheanta agus léiritheoir ceoil, Dónal O'Connor.

  • 6:30PM
    Lurgan 2K18 (OS & GS)

    Lurgan 2K18 (OS & GS)Sraith 3, Eipeasóid 4

    Bear Claws

    Sraith siamsaíochta do dhaoine óga ina dtaispeánfar físeáin nua ó, 'TG Lurgan' chomh maith leis na daltaí ardchumasacha a ghlacann páirt iontu. Tabharfar cuntas sa tsraith seo ar na heachtraí saoil a thug na daoine óga seo le chéile agus tabharfar léargas ar an tuiscint atá ag na scoláirí ar chultúr na Gaeilge tríd an gceol. Sa chlár seo seinnfidh Leon an dordghiotár le hamhrán nuachumtha, 'Bogadh ar Aghaidh' agus casfar an t-amhrán 'Bear Claws' leis an mbanna ceoil Éireannach The Academic.

  • 6:45PM
    Lurgan 2K18 (OS & GS)

    Lurgan 2K18 (OS & GS)Sraith 3, Eipeasóid 5

    These Days

    Sraith siamsaíochta do dhaoine óga ina dtaispeánfar físeáin nua ó 'TG Lurgan' chomh maith leis na daltaí ardchumasacha a ghlacann páirt iontu. Sa chlár seo inseoidh Saoirse dúinn faoin tsuim atá aici i réalteolaíocht agus roinnfidh a cuid tuairimí ar an tábhacht atá le taighde a dhéanamh ar an ábhar seo. Casfaidh Daragh agus Patrick amhrán nuachumtha "Fág É Ann" agus beidh Saoirse ar stáitse ag casadh "These days" le Rudimental.

  • 6:57PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 116

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 7:00PM
    Nuacht TG4

    Nuacht TG4Sraith 22, Eipeasóid 116

    Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

  • 7:30PM
    Mending Legends (OS & TS)

    Mending Legends (OS & TS)

    Fiosróidh an láithreoir spóirt, Máire Treasa Ní Dhubhghaill ceann de na gortuithe is mó a mbíonn ar lucht spóirt éirí as mar gheall air - gortú teannáin. Féachfaidh sí ar an tionchar a bhíonn ag gortú mar seo ar lúthchleasaithe, ar a n-intinn agus ar a gcolainn. I measc na ndaoine a labhróidh sí leo beidh iar-chaptaen peile na Gaillimhe Pádraic Joyce, an tOilimpeach Jessie Barr agus an t-iar-imreoir rugbaí Denis Leamy. Ar a turas casfaidh sí le saineolaithe spóirt sa gCurrach, i bPáirc an Chrócaigh, in Ospidéal na Tréidliachta i Londain agus in Institiúid Spóirt na hÉireann.

  • 8:00PM
    Na Sár-Laochra Spóirt (OS & GS)

    Na Sár-Laochra Spóirt (OS & GS)Sraith 1, Eipeasóid 31

    Vincenzo Nibali / Tom Daley / Nadia Comaneci / Donald Bradman

    Ceathrar Sár-laochra ó spóirt éagsúla a bheidh faoi chaibidil anocht ... Vincenzo Nibali, sár-laoch na rothaíochta bóthair, Tom Daley seaimpín domhanda tumadóireachta na Breataine, Nadia Comaneci, an bhean a fuair an dreas is fearr sa ghleacaíocht agus Sir Donald Bradman, an té ab fhearr riamh sa chruicéad.

  • 8:30PM
    Scothfhoirne (OS & GS)

    Scothfhoirne (OS & GS)Sraith 1, Eipeasóid 27

    The All Blacks / An Corn Domhanda Rugbaí

    Is údar mór mórtais na All Blacks don Nua-Shéalainn agus is í an fhoireann is cáiliúil sa rugbaí idirnáisiúnta í. Cé a bheadh ar an bhfoireann All Blacks ab fhearr riamh? Ainmneofar freisin na himreoirí ab fhearr nár bhuaigh Corn Rugbaí an Domhain riamh.

  • 9:00PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 116

    An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

  • 9:05PM
    An Western: Major Dundee (TS)

    An Western: Major Dundee (TS)

    (1965, Eachtra, Cogadh, Scannán Buachaillí Bó) Is iad Charlton Heston, Richard Harris agus Jim Hutton na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Sam Peckinpah. De bharr grúpa Apáitseach a bheith ag thabhairt ruathair trasna as Meicsiceo go Meiriceá socraíonn oifigeach dul thar teorainn go mídhleathach chun slad a dhéanamh ar an treibh.

  • 11:20PM
    Eoin Mac Néill: Fear Dearmadta 1916 (OS & TS)

    Eoin Mac Néill: Fear Dearmadta 1916 (OS & TS)

    An oíche roimh Éirí Amach na Cásca 1916 d'eisigh Eoin Mac Néill, Ceann Foirne Óglaigh na hÉireann, freasordú ag cur an Éirí Amach ar ceal. D'fhanfadh sin leis go brách. Féachtar sa chlár seo ar an réabhlóidí as Ulaidh agus an bhaint a bhí aige le hathbheochan na Gaeilge, a ról mar Cheann Foirne ar Óglaigh na hÉireann, an tionchar a bhí ag an gCogadh Cathartha ar a mhuintir agus an t-údar a cheap sé Éirí Amach na Cásca a chur ar ceal.

  • 0:20AM
    The Sinner (TS)

    The Sinner (TS)Sraith 1, Eipeasóid 8

    Clár deiridh na sraithe. Is é lá na cinniúna é do Cora.

  • 1:10AM
    France 24

    France 24Sraith 11, Eipeasóid 116

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.