Skip to main content
Menu

Sceidil TG4

Programme Highlights

Inniu ar TG4

Sceidil an Lae

Déardaoin 20 Meán Fómhair

  • 5:30AM
    France 24

    France 24Sraith 10, Eipeasóid 263

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

  • 7:00AM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 7:02AM
    Mofy

    MofySraith 1, Eipeasóid 28

    Geansaithe

    Téann an ceirtlín olla amú ar Mofy nuair a bhíonn sí ag cniotáil geansaí.

  • 7:07AM
    Mofy

    MofySraith 1, Eipeasóid 29

    Breithlá Sona

    Inniu breithlá Lee agus Sioux. Ní fada go mbíonn siad ag troid faoi phíosaí cáca.

  • 7:12AM
    Balloon Barnyard

    Balloon BarnyardSraith 1, Eipeasóid 21

    Lá na hEitleoige

    Tá eitleog faighte ag Streak agus ag Pip ach níl siad in ann í a chur ag eitilt.

  • 7:19AM
    Olobob Top

    Olobob TopSraith 1, Eipeasóid 14

    Cosa

    Tá cóisir ag an Duine Mór agus tá deacrachtaí ag na hOlobobanna a mbealach a dhéanamh abhaile.

  • 7:24AM
    Tractor Tom

    Tractor TomSraith 1, Eipeasóid 10

    An Léim Mhór

    Ní mórán den ádh a bhíonn ar Matt agus é ag iarraidh teach Fi a phéinteáil agus chomh maith leis sin níl Whinny sásta aon aclaíocht a dhéanamh.

  • 7:35AM
    Kid E Cats

    Kid E CatsSraith 1, Eipeasóid 29

    Scéalta á Scríobh

    Tá na piscíní chun a gcuid scéalta féin a chumadh in éineacht.

  • 7:40AM
    Kid E Cats

    Kid E CatsSraith 1, Eipeasóid 30

    An Slaitín Draíochta a Bhí ag Blasta

    Tá eagla ar Shnasta agus ar Mhilseog roimh shlaitín draíochta Bhlasta.

  • 7:45AM
    Wissper

    WissperSraith 1, Eipeasóid 27

    Na Sionnaigh Artacha

    Tagann Ríona, an sionnach artach, ar cuairt chuig Wissper mar go bhfuil a conairt caillte aici. An mbeidh Wissper, Gertie an sioráf agus Otis an giobaire in ann iad a aimsiú?

  • 7:52AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 1, Eipeasóid 30

    Olly an Veain Bheag Tine

    Tugann Olly agus Stan cúnamh don fhoireann nuair a bhíonn beirt fhear dóiteáin tinn. Caithfidh Ruairí iad a thraenáil ar dtús áfach. An mbeidh siad in ann ag an bpost má bhíonn tine mhór ann?

  • 7:57AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 1, Eipeasóid 31

    Olly an Draíodóir

    Is é lá breithe Eoinín é agus tá sé ar bís mar go mbeidh draíodóir ag a chóisir. Ach nuair a fhaigheann Alice glaoch le rá nach féidir leis a bheith ann, caithfidh Olly agus Stan seó a chur le chéile ag an nóiméad deiridh.

  • 8:02AM
    Dot

    DotSraith 1, Eipeasóid 14

    Crann na Féile

    Tá maisiúcháin an chrainn Nollag ar iarraidh.

  • 8:13AM
    The Furchester Hotel

    The Furchester HotelSraith 1, Eipeasóid 32

    Na Caoirigh

    Ceapann Fergus agus Funella nach bhfuil ach caora amháin ag fanacht san óstán ach is cosúil go bhfuil i bhfad níos mó sin ag fanacht ann. Beidh sé ina spraoi!

  • 8:24AM
    Maya an Bheachín

    Maya an BheachínSraith 2, Eipeasóid 14

    An Slogadóir Meala

    Tá sé faighte amach ag Maya go bhfuil Max ag goid na meala as an gcuasnóg. Tá sé a dhéanamh mar go bhfuil sé faoi bhagairt ag arrachtach.

  • 8:38AM
    Bubu & na hUlchabháin Bheaga

    Bubu & na hUlchabháin BheagaSraith 1, Eipeasóid 14

    Buzz buzz buzz

    Casfaidh na hulchabháin bheaga le beach bheag. Tá siad ag iarraidh go leor ceisteanna a chur uirthi ach tá siad uile ag caint ag an am céanna.

  • 8:49AM
    Masha agus an Béar

    Masha agus an BéarSraith 1, Eipeasóid 18

    Ag Níochán

    Bíonn an Béar seasta ag níochán éadaí Masha mar nach féidir iad a choinneáil glan.

  • 8:56AM
    Masha agus an Béar

    Masha agus an BéarSraith 1, Eipeasóid 19

    Ag Foghlaim an Phianó

    Féachann an Béar le múineadh do Masha leis an bpianó a chasadh.

  • 9:03AM
    Zou

    ZouSraith 3, Eipeasóid 18

    Zou an Maisitheoir Gairdín

    Tá Zou ag iarraidh an gairdín a mhaisiú do Mham mar go bhfuil cuairteoir ag teacht chun dinnéir.

  • 9:15AM
    Peg & Cat

    Peg & CatSraith 3, Eipeasóid 18

    Ceist an Bhabaí Ollmhóir

    Caithfidh Peg agus Cat a fháil amach le glaoire a úsáid agus iad ag tabhairt aire do bhabaí ollmhór.

  • 9:30AM
    Ainmhithe Craiceáilte (OS & TS)

    Ainmhithe Craiceáilte (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 103

    Sé Ghadhar Déag

    Ar chlár an lae inniu beidh madra ar shleamhnán, cat ag déanamh aclaíochta agus madra óg atá ag iarraidh a leaba ar ais!

  • 10:00AM
    Little House on the Prairie (TS)

    Little House on the Prairie (TS)Sraith 5, Eipeasóid 14

    The Godsister

    Airíonn Carrie uaithi go mór a hathair nuair a bhíonn air féin agus ar Jonathon dul ag obair as baile go ceann roinnt seachtainí. Nuair nach mbíonn aon duine sásta am a chaitheamh in éineacht léi, samhlaíonn sí go bhfuil cara nua aici.

  • 11:20AM
    The Gilmore Girls (TS)

    The Gilmore Girls (TS)Sraith 1, Eipeasóid 14

    That Damn Donna Reed

    Sraith ghrinn drámaíochta. Níl Rory ná Dean ar aon intinn faoi ról na mban tar éis dóibh breathnú ar 'The Donna Reed Show'.

  • 12:10PM
    Cheese Slices (TS)

    Cheese Slices (TS)Sraith 3, Eipeasóid 1

    Feta, Food of the Gods - Greece

    Sraith a fhiosraíonn na scéalta agus na traidisiúin iontacha a bhaineann leis na cáiseanna is mó cáil ar domhan. Cáis Feta, nó bia na nDéithe mar a thugtar air sa Ghréig, a bheidh faoi chaibidil ar an gclár seo. Rachaidh Will go Tuaisceart na Gréige le go bhfaighidh sé amach faoin ról tábhachtach atá ag bairillí adhmaid maidir le haibiú Feta traidisiúnta agus cén chaoi a ndéantar Manouri, cáis mheidhg ársa. Réiteofar taosrán file agus pióga pita baile freisin. Rachaidh Will go Crete ansin le blaiseadh de roinnt de na cáiseanna áitiúla blasta atá le fáil ann.

  • 12:45PM
    Logainm (OS & TS)

    Logainm (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 3

    Birds

    Sraith ina dtugtar léargas agus léirmhíniú ar logainmneacha na hÉireann, staidéar a thugann chun solais go leor den saibhreas staire, tíreolaíochta, béaloidis agus seanchais atá ar fáil iontu. Le cabhair ó shaineolaithe sa stiúideo agus ó thuairiscí ó láithreacha ar fud na tíre, fiosraíonn Breanndán Ó Beaglaoich an taisce iontach logainmneacha atá sa Ghaeilge. An tseachtain seo, pléifear na logainmneacha a bhaineann le héin. Beidh Emma Nic Cárthaigh ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh agus Aengus Finneagan scoláire ar na logainmneacha sa stiúideo.

  • 1:15PM
    The West Wing (TS)

    The West Wing (TS)Sraith 1, Eipeasóid 14

    Tá diúltaithe ag Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe iarratas chun moill a chur ar an ordú a rinneadh chun Simon Cruz a chur chun báis. Is é an tUachtarán an t-aon duine atá in ann pionós feidearálach a laghdú. Insíonn Leo don Uachtarán faoi chás Simon Cruz tar éis do Sam é a phlé leis an fhoireann. Caitheann an tUachtarán an deireadh seachtaine ag smaoineamh ar an bhfreagracht ollmhór atá air. Ar deireadh beartaíonn sé diúltú d'iarratas Simon Cruz.

  • 2:05PM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 9, Eipeasóid 24

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

  • 3:00PM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 3:02PM
    Dot

    DotSraith 1, Eipeasóid 32

    Peataí

    Tá Dot le haire a thabhairt do chat Ruby ar an deireadh seachtaine.

  • 3:13PM
    Masha agus an Béar

    Masha agus an BéarSraith 2, Eipeasóid 4

    Deoch Dhraíochtúil

    Ólann Masha deoch a chuireann plandaí ag fás agus a dhéanann ise mór millteach.

  • 3:20PM
    Bubu & na hUlchabháin Bheaga

    Bubu & na hUlchabháin BheagaSraith 1, Eipeasóid 4

    Cara Beag Bídeach

    Tá cara beag ag Biel, Bolb, a bhí ina hubh agus ina féileacán ansin. Insíonn sí do na hulchabháin faoi mheiteamorfóis.

  • 3:31PM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 1, Eipeasóid 67

    Súile Dochreidte

    An mbeidh trí ainmhí a bhfuil amharc iontach acu, in ann cúnamh a thabhairt do Nic agus Sailí Iarla a aimsiú?

  • 3:44PM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 1, Eipeasóid 68

    Siúlóirí Uisce

    Ar chlár an lae inniu cuireann an Cat Siúlaí feithid atá ábalta siúl ar uisce in aithne do Nic agus Sailí.

  • 4:00PM
    Cúla 4

    Cúla 4

    Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl, beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

  • 4:02PM
    Alvinnn !!! & the Chipmunks

    Alvinnn !!! & the ChipmunksSraith 2, Eipeasóid 45

    Céard a dúirt sí?

    Níl Alvin ná Sailí ar aon intinn faoin údar ar bhuail an t-aláram dóiteáin sa scoil.

  • 4:13PM
    Breadwinners

    BreadwinnersSraith 2, Eipeasóid 2

    Arán na nAmadán

    Itheann Ketta builín a chuireann cuma sheafóideach uirthi.

  • 4:25PM
    Zak Jinks

    Zak JinksSraith 1, Eipeasóid 4

    Cóil Cearnach

    Níl muintir Zak sásta leis na marcanna a fuair sé sa scrúdú mata. Fostaíonn siad teagascóir chun cúnamh a thabhairt dó.

  • 4:38PM
    Dr Dimension Pants

    Dr Dimension PantsSraith 1, Eipeasóid 1

    Cara Cliste

    Tá cara nua ag Kyle Lipton ach ní mó ná sásta atá Philip an t-aonbheannach faoi.

  • 4:49PM
    Dr Dimension Pants

    Dr Dimension PantsSraith 1, Eipeasóid 2

    Ná Pléasc mo Bholgán!

    Déanann Kyle namhaid nuair a ionsaíonn sé Ré na mBolgán.

  • 5:00PM
    C.L.U.B. (OS & TS)

    C.L.U.B. (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 1

    Tabharfaimid cuairt ar CLG Chaisleán Cnucha i mBaile Átha Cliath 15. Is é imreoir peile Bhaile Átha Cliath agus Chaisleán Cnucha, Ciarán Kilkenny, aoi speisialta an chláir seo.

  • 5:28PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 21, Eipeasóid 225

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 5:30PM
    Feirm (OS & TS)

    Feirm (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 2

    Caoraigh & Muca

    Is bianna an-tábhachtacha de chuid na hÉireann iad muiceoil agus uaineoil. Fiosróidh Jamie an nuálaíocht atá ar bun ó thaobh na feirmeoireachta de agus ó thaobh táirgíochta de sna hearnálacha caorach agus muc. Labhróidh Jamie le Brendan Joyce ó Uain Sléibhe Chonamara faoin stádas PGI atá bainte amach acu agus an obair phórúcháin atá ar súil acu leis an gcaora bhrocach, atá dúchasach do Chonamara, a thabhairt ar ais. Casfaidh sé leis an Ollamh John O'Doherty i UCD a rinne staidéar ar úsc feamainne seachas antaibheathaigh a úsáid ar mhuca.

  • 6:00PM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 9, Eipeasóid 24

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

  • 6:57PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 22, Eipeasóid 263

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 7:00PM
    Nuacht TG4

    Nuacht TG4Sraith 21, Eipeasóid 263

    Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

  • 7:30PM
    Seal le Dáithí (OS & TS)

    Seal le Dáithí (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 3

    Seal le Dáithí - Caitlín Uí Aodha

    Caitlín Uí Aodha a bheidh ag caint le Dáithí ar an gclár seo. Is as Gaeltacht na nDéise Caitlín agus ba í an chéad scipéir ban in Éirinn í a raibh a bád féin aici. Tá baint ag Caitlín leis an iascaireacht i gcaitheamh a saoil agus tá sí an-ghníomhach i dtionscal na hiascaireachta. Labhróidh sí go hoscailte, macánta faoi shaol na hiascaireachta agus faoi thragóid an Tit Bonhomme in 2012, tragóid inar bhásaigh a fear céile, Michael.

  • 8:00PM
    Turas Bóthair (OS & TS)

    Turas Bóthair (OS & TS)Sraith 2, Eipeasóid 3

    Sraith ina bhfuil ceamaraí suiteáilte i gcarranna ar fud na hÉireann le deis a thabhairt dúinne dul ag cúléisteacht ar na paisinéirí agus eolas a chur ar na nithe atá ag déanamh tinnis dóibh. I measc na n-ábhar plé sa chlár seo beidh tuairimí éagsúla ar bhia, briseadh croí, deonú orgáin, Donald Trump, rialú gunnaí, colscaradh agus comhaontú réamhphósta.

  • 8:30PM
    Ros na Rún (OS & GS)

    Ros na Rún (OS & GS)Sraith 23, Eipeasóid 6

    Tá na torthaí DNA faighte ag Dee agus tá imní anois uirthi faoin tionchar a bheidh acu uirthi féin agus ar Mack. An n-inseoidh sí an méid atá faighte amach aici? Tá Laoise náirithe ag Máire. An mbeifear sásta go bhfuil Laoise agus Micheál in éineacht? Tá Frances cinnte go raibh baint éigin ag Tadhg leis an méid a tharla leis an gcairéal. An mbeidh Gráinne in ann cúnamh a thabhairt di é sin a chruthú?

  • 9:00PM
    Glór Tíre - Rogha & Togha

    Glór Tíre - Rogha & ToghaSraith 9, Eipeasóid 6

    Rogha agus togha an naoú sraith de Ghlór Tíre. Beidh móruaisle an cheoil tíre ar stáitse i dTeach na Céibhe leis an rogha is fearr amhrán. Ar chlár na hoíche anocht beidh Jimmy Buckley, Susan McCann, Derek Ryan, Stephen Smyth, Lorraine McDonald, John McNicholl, Gerry Guthrie, Lisa McHugh agus Mike Denver.

  • 9:30PM
    Underdogs (OS & TS)

    Underdogs (OS & TS)Sraith 7, Eipeasóid 3

    Sraith chlúiteach CLG TG4. An tseachtain seo, tabharfaidh na Underdogs faoi dhianchampa traenála i gCampa an Churraigh in éineacht le hÓglaigh na hÉireann. Is é an Ceannfort Murtagh Brennan as Scoil Chorpoideachais Óglaigh na hÉireann a bheidh i mbun na traenála. Leagfar amach dúshláin dóibh a chuirfidh faoi bhrú iad agus beidh ortha oibriú mar fhoireann chun na dúshláin sin a chur i gcrích. Tabharfaidh na Underdogs aghaidh ar fhoireann CLG Óglaigh na hÉireann sa dara cluiche dúshláin. Tabharfaidh na roghnóirí bata is bóthar do dhuine de na Underdogs le linn gach campa.

  • 10:30PM
    Fíorscéal (OS & TS)

    Fíorscéal (OS & TS)Sraith 19, Eipeasóid 3

    Dúchas agus Dúlra

    Clár faoi DNA agus ar na nithe a mbíonn tionchar acu air, dar le heolaithe. Ceapadh riamh gurbh é DNA an t-aon ní a raibh smacht aige ar an méid a bhí i ndán dúinn. Ach tá taighde déanta ag eolaithe ar an tionchar atá ag bia, truailliú, strus agus neart eile orainn. Tá sé d'acmhainn againn anois deireadh a chur leis na fachtóirí díobhálacha seo agus an timpeallacht a athrú. B'fhéidir go mbeadh muid in ann an méid atá i ndán dúinne agus don ghlúin atá le theacht a athrú.

  • 11:32PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 22, Eipeasóid 263

    An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

  • 11:35PM
    Ros na Rún (OS & GS)

    Ros na Rún (OS & GS)Sraith 23, Eipeasóid 6

    Tá na torthaí DNA faighte ag Dee agus tá imní anois uirthi faoin tionchar a bheidh acu uirthi féin agus ar Mack. An n-inseoidh sí an méid atá faighte amach aici? Tá Laoise náirithe ag Máire. An mbeifear sásta go bhfuil Laoise agus Micheál in éineacht? Tá Frances cinnte go raibh baint éigin ag Tadhg leis an méid a tharla leis an gcairéal. An mbeidh Gráinne in ann cúnamh a thabhairt di é sin a chruthú?

  • 0:05AM
    Scannán: Love's Long Journey (TS)

    Scannán: Love's Long Journey (TS)

    (2005, Dráma) Erin Cottrell, Logan Bartholomew agus William Morgan Sheppard na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Michael Landon Jr.. Tá Missie ag iompar clainne, rud a chuirfidh athrú ar chúrsa an tsaoil di. Socraíonn sí féin agus a fear an baile a fhágáil agus a n-aghaidh a thabhairt go hiarthar na tíre. Cé go bhfuil sceitimíní ar Missie faoin athrú mór seo, tá sé ag cur as di a cuid tuismitheoirí a fhágáil mar nach bhfuil a fhios aici cén uair a fheicfidh sí arís iad.

  • 1:40AM
    Dáil Éireann

    Dáil ÉireannSraith 19, Eipeasóid 2

    Craoladh ar imeachtaí na maidine de riar na hoibre i nDáil Éireann.

  • 2:05AM
    France 24

    France 24Sraith 10, Eipeasóid 263

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.