Skip to main content
Menu

Sceidil TG4

Programme Highlights

Inniu ar TG4

Sceidil an Lae

Dé Luain 22 Deireadh Fómhair

  • 5:30AM
    France 24

    France 24Sraith 10, Eipeasóid 295

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

  • 7:00AM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 7:02AM
    Mofy

    MofySraith 1, Eipeasóid 20

    Cara Nua

    Bhí Mofy le dul ar thuras sa bhforaois in éineacht lena cairde ach tá slaghdán uirthi anois.

  • 7:07AM
    Mofy

    MofySraith 1, Eipeasóid 21

    Cluichí san Fhoraois

    Inniu Lá na gCluichí Foraoise. Cé go mbíonn an bua ag Ciarán, Mogu agus na hIoraí, ní éiríonn rómhaith le Mofy ar chor a bith.

  • 7:12AM
    Balloon Barnyard

    Balloon BarnyardSraith 1, Eipeasóid 17

    Lá na Péinte

    Tá na duilleoga uilig ag titim sa chlós. An bhfuil rud éigin mícheart leis na crainn?

  • 7:19AM
    Olobob Top

    Olobob TopSraith 1, Eipeasóid 36

    Stuif

    Cén chaoi an gcabhróidh Diggy Piggy le Deeno fáil réidh lena chuid stuif?

  • 7:24AM
    Tractor Tom

    Tractor TomSraith 1, Eipeasóid 32

    Ainmhithe Trioblóideach

    Tá gach duine ag obair go crua. Gach duine seachas na caoirigh dhána!

  • 7:35AM
    Kid E Cats

    Kid E CatsSraith 1, Eipeasóid 21

    Lá Breithe Mham

    Déanann na piscíní crobhaing bláthanna do bhreithlá Mhamaí.

  • 7:40AM
    Kid E Cats

    Kid E CatsSraith 1, Eipeasóid 22

    Fón Poca

    Tá fón nua faighte ag cara na bpiscíní, Tóraí.

  • 7:45AM
    Wissper

    WissperSraith 1, Eipeasóid 49

    Na Béir ag Scátáil

    Tá na béir bhána ag iarraidh dul ag scátáil ach níl na piongain ag iarraidh an áit a roinnt leo. An dtabharfaidh siad aird ar Wissper?

  • 7:52AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 1, Eipeasóid 22

    Corn Phlimpán

    Ba mhaith le Jethro cluiche peile a imirt agus an corn a bhuachan ach síleann sé go bhfuil sé róshean agus rómhall chuige anois. Socraíonn Olly agus Suibhín cluiche speisialta a eagrú dó.

  • 7:57AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 1, Eipeasóid 23

    Ar Ais ar Scoil

    Tá sé in am ag Eoinín dul ar ais ar scoil ach níl na leabhair nua faighte ag an scoil fós. Tugann Olly agus Stan cúnamh don Phríomhoide Tabitha na leabhair a bhailiú.

  • 8:02AM
    Dot

    DotSraith 1, Eipeasóid 36

    Róbó-Rásaithe

    Caithfidh Dot agus a cuid cairde róbat rásaíochta a dhéanamh.

  • 8:13AM
    The Furchester Hotel

    The Furchester HotelSraith 1, Eipeasóid 12

    Stáisiún Teilifíse Furchester

    Bunaíonn Phoebe agus Elmo stáisiún teilifíse ionas nach gcaillfidh na lachain an clár is fearr leo.

  • 8:24AM
    Maya an Bheachín

    Maya an BheachínSraith 2, Eipeasóid 36

    Is Cloíte an Galar an Grá

    Tá Max go mór í ngrá le Beatrice ach níl sé ag fáil aon aird uaithi agus socraíonn Maya agus Willy cabhrú leis.

  • 8:38AM
    Bubu & na hUlchabháin Bheaga

    Bubu & na hUlchabháin BheagaSraith 1, Eipeasóid 17

    An t-ainmhí a bhí ina ainmhí eile

    Míneoidh Mam do Bhubu faoi mheiteamorfóis de chineál nua. Tuigeann Bubu go bhfuil sí an-sásta mar atá sí agus nach bhfuil sí ag iarraidh athrú.

  • 8:49AM
    Scéalta Scanrúla le Masha

    Scéalta Scanrúla le MashaSraith 1, Eipeasóid 6

    Insíonn Masha finscéal faiteach dúinn faoi chailín piseogach.

  • 8:56AM
    Kazoops

    KazoopsSraith 1, Eipeasóid 23

    Anraith Piseanna

    Tá gach duine ag iarraidh an comhábhar a chuireann an blás álainn ar anraith piseanna mhamó a fháil amach.

  • 9:03AM
    Zou

    ZouSraith 3, Eipeasóid 50

    Díolann Zou Amach

    Cabhróidh Zou agus Daideo le hAintín Zelda agus le Uncail Zavier sa siopa ar chlár an lae inniu.

  • 9:15AM
    Peg & Cat

    Peg & CatSraith 3, Eipeasóid 50

    An Cheist faoin gCrián

    Níl Peg agus Cat mór lena chéile ar choir ar bith ar chlár an lae inniu.

  • 9:30AM
    Ainmhithe Craiceáilte (OS & TS)

    Ainmhithe Craiceáilte (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 74

    Na Deartháireacha Gorméin

    Ar chlár an lae inniu, beidh sicín ag seinm an phianó, sionnaigh ag cóisir agus gabhar a cheapann gur cat é.

  • 10:00AM
    Little House on the Prairie (TS)

    Little House on the Prairie (TS)Sraith 7, Eipeasóid 8

    Dearest Albert, I'll Miss You

    Féachann Albert le cara pinn a mhealladh. Níl a fhios aige go bhfuil sise í féin i gcathaoir rothaí.

  • 10:55AM
    The Gilmore Girls (TS)

    The Gilmore Girls (TS)Sraith 2, Eipeasóid 15

    Lost & Found

    Fáilte chuig Stars Hollow, Connecticut, baile beag álainn ina bhfuil neart carachtar ina measc Lorelai Gilmore, bean cheanndána, 32 bliain d'aois agus a hiníon, Rory. Is minic a cheaptar gur deirfiúracha iad! Is máthair shingil í Lorelai atá ina bainisteoir ar óstán agus níl uaithi anois ach saol deas réidh a chaitheamh in éineacht lena hiníon ach is cuid den mhuc an t-eireaball! Cé gur minic a bhíonn siad ag troid agus ag tabhairt amach dá chéile, beidh siad mór lena cheile arís faoi dheireadh an chláir. De réir mar a thagann athrú ar Stars Hollow, mairfidh an ceangal go deo eatarthu!

  • 11:45AM
    Cheese Slices (TS)

    Cheese Slices (TS)Sraith 5, Eipeasóid 6

    Artisan Cheese Champions - Wales

    Sraith a fhiosraíonn na scéalta agus na traidisiúin iontacha a bhaineann leis na cáiseanna is mó cáil ar domhan. Cáiseanna na Breataine Bige a bheidh faoi chaibidil inniu. Bíonn daoine den tuairim nach ndéantar aon cháis eile sa Bhreatain Bheag ach an Caerphilly ach ní fíor é sin. Rachaidh Will go déirí Caws le casadh le teaghlach a bhíonn ag déanamh cáis Caerphilly. Casfaidh sé le seanchara ansin ar fheirm Gorwydd a bhíonn ag déanamh cáise as bainne bó amh agus beirt eile atá freagrach as cáis speisialtóra na Breataine Bige a thabhairt chun cinn arís.

  • 12:15PM
    Ó Cuisine (OS)

    Ó Cuisine (OS)Sraith 2, Eipeasóid 13

    Louise Ní Bhrosnacháin

    Louise Ní Bhrosacháin as an Global Village sa Daingean a bheidh sa chistin. Réiteoidh sí gliomach le hubh bhog agus císte polenta, colmóir le chorizo agus maróg carraigín le brioscaí sinsir.

  • 12:45PM
    Seal le Dáithí (OS & TS)

    Seal le Dáithí (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 6

    Dáithí Ó hÁrgáin

    Dáithí Ó hÁrgáin as Béal Feirste a bheidh i mbun comhrá le Dáithí. Bhain Dáithí céim dlí amach i Cambridge, MBA in Harvard agus tá sé líofa i sé theanga. Is Bainisteoir Stiúrtha é ar an gcomhlacht taiscéalaíochta Petrel Resources, comhlacht Éireannach a bunaíodh i 1997 agus atá ar an stocmhargadh i Londain. Tá taithí aige i dtionscnaimh ola, gáis agus acmhainní i Meiriceá Laidineach, san Afraic agus sa Mheánoirthear.

  • 1:15PM
    The West Wing (TS)

    The West Wing (TS)Sraith 2, Eipeasóid 14

    The War At Home

    Tugann Bartlet ordú do na fórsaí speisialta gníomhairí drugaí a fuadaíodh sa Cholóim a thabhairt slán, rud a d'fhéadfadh cogadh a tharraingt. Tá na fuadaitheoirí ag iarraidh ar rialtas na Colóime tiarna drugaí a ligean amach as an bpríosún. Níl Bartlet sásta an t-iarratas a dhéanamh ar Uachtarán na Colóime. Tá imní ar Abbey go gcuirfidh an scléaróis iolrach atá ag dul dá fear as dó fad is atá sé san oifig agus insíonn sí sin dó.

  • 2:05PM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 10, Eipeasóid 17

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

  • 3:00PM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 3:02PM
    Dot

    DotSraith 1, Eipeasóid 7

    Ceol go Deo

    Is fearr le Dot a bheith ag spraoi lena cairde ná a bheith ag cleachtadh ceoil.

  • 3:13PM
    Kazoops

    KazoopsSraith 1, Eipeasóid 24

    Turas Blasta

    Samhlaíonn Monty mar a bheadh sé an domhan a thaistil agus beatha na dtíortha éagsúla a bhlaiseadh.

  • 3:20PM
    Bubu & na hUlchabháin Bheaga

    Bubu & na hUlchabháin BheagaSraith 1, Eipeasóid 12

    Tá Sé Chomh Fuar

    Míníonn an t-ulchabhán beag sneachta do na hulchabháin bheaga go bhfásann tuilleadh cleití orthu sa gheimhreadh chun iad a choinneáil te.

  • 3:31PM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 1, Eipeasóid 1

    Mil Bhlasta

    Níl aon mhil fanta ag Sailí ná Nic. Ach ar an dea-uair tá a fhios ag an gCat cá bhfaighidh sé tuilleadh de!

  • 3:44PM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 1, Eipeasóid 2

    Imirce

    Tá an gabhlán corcra a bhí i ngairdín Sailí imithe amú.

  • 4:00PM
    Cúla 4

    Cúla 4

    Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl, beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

  • 4:02PM
    Dónall Dána (GS)

    Dónall Dána (GS)Sraith 2, Eipeasóid 16

    Dónall Dána agus an Cumhrán

    Cruthaíonn Learaí agus Dónall cumhrán a mbíonn droch-éifeachtaí aige ar dhaoine.

  • 4:13PM
    Angelo Rules (GS)

    Angelo Rules (GS)Sraith 4, Eipeasóid 16

    Angelo i gCoinne an Scrúdaithe

    Caithfidh Angelo stop a chur leis an scrúdú atá an Máistir Mac Spág le tabhairt don rang.

  • 4:24PM
    Zak Jinks

    Zak JinksSraith 1, Eipeasóid 35

    An Toraíocht Taisce

    Tá Zak ar thuras campála leis an rang. Tá tóraíocht taisce oideachasúil pleanáilte ag Beartla, an ceannaire, ach tá pleananna eile ag Zak agus ag Jason.

  • 4:37PM
    Harvey Beaks (GS)

    Harvey Beaks (GS)Sraith 2, Eipeasóid 16

    Cosantóir na Foraoise & An Banphrionsa Harvey

    Tagann sean-namhaid Jeremy ar ais chun an áit ar fad a mhilleadh agus bíonn air filleadh ar a sheanphost ina chosantóir ar an bhforaois chun an áit ar fad a thabhairt slán. Tarlaíonn eachtra aisteach le criostail agus mar thoradh air sin bíonn Harvey sáinnithe i gcolainn an Bhanphrionsa agus bíonn an Banphrionsa sáinnithe i gcolainn Harvey.

  • 5:00PM
    Whiz sa Chistin (GS)

    Whiz sa Chistin (GS)Sraith 2, Eipeasóid 11

    Seó cluichí é Whiz sa Chistin atá bunaithe ar bhia. Beidh ceathrar leanaí sa chistin ar gach clár agus beidh a fhios againn cé chomh maith is atá said sa chistin nuair a chaithfidh siad tabhairt faoi dhúshlán bia agus ceisteanna go leor a fhreagairt.

  • 5:28PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 21, Eipeasóid 257

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 5:30PM
    Irish Paint Magic

    Irish Paint MagicSraith 17, Eipeasóid 3

    Stormy Seas

    Stoirm ar an bhfarraige is ábhar do phictiúr an lae inniu.

  • 6:00PM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 10, Eipeasóid 17

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

  • 6:57PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 22, Eipeasóid 295

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 7:00PM
    Nuacht TG4

    Nuacht TG4Sraith 21, Eipeasóid 295

    Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

  • 7:30PM
    C.L.U.B. (OS & TS)

    C.L.U.B. (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 5

    Cuala

    Ar Chuala, club i nDeilginis i mBaile Átha Cliath, a thabharfaidh CLUB aghaidh an tseachtain seo. Is é Sean Brennan, cúl báire Chuala, aoi speisialta an chláir seo.

  • 8:00PM
    GAA 2018

    GAA 2018Sraith 18, Eipeasóid 38

    Súil siar ar na cluichí a imríodh ar an deireadh seachtaine.

  • 9:00PM
    Glór Tíre - Rogha & Togha (TS)

    Glór Tíre - Rogha & Togha (TS)Sraith 12, Eipeasóid 5

    Rogha agus togha an dara sraith déag de Ghlór Tíre. Beidh mór uaisle an cheoil tíre ar stáitse i dTeach na Céibhe leis an rogha is fearr amhrán. Ar chlár na hoíche anocht ag gabháil fhoinn beidh Louise Morrissey, Michael English, Nathan Carter, Mike Denver, Mick Flavin, Johnny Brady, Gina and the Champions agus Jim Devine.

  • 9:30PM
    Scannán: Reservoir Dogs (TS)

    Scannán: Reservoir Dogs (TS)

    (1992, Dráma, Coirpeacht) Harvey Keitel, Tim Roth, Michael Madsen na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Quentin Tarantino. Tá amhras ar bhuíon coirpeach go bhfuil brathadóir ina measc.

  • 11:20PM
    Finné (OS & TS)

    Finné (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 7

    Pat Wallace

    Scéal faoin gconspóid a thit amach nuair a bheartaigh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ceannáras nua a thógáil ar láthair i gCé an Adhmaid, láthair ina raibh an t-uafás iarsmaí luachmhara Lochlannacha. Ainneoin na sluaite i mbun mórshiúil ar shráideanna na cathrach ag iarraidh an láthair a chaomhnú, lean an Bardas leis an tógáil. Ba faoi stiúrthóir na tochailte, Pat Wallace, a bhí sé a chinntiú go raibh an tochailt ar láthair na Lochlannach seo déanta sular thosaigh an tógáil.

  • 0:20AM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 22, Eipeasóid 295

    An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

  • 0:22AM
    Friday Night Lights (TS)

    Friday Night Lights (TS)Sraith 4, Eipeasóid 13

    Thanksgiving

    Insíonn Jess do Laundry go bhfuil cion aici ar Vince. Tá muintir Taylor ag réiteach dinnéar altú buíochais don teaghlach ar fad. Tá na Lions agus na Panthers le haghaidh a thabhairt ar a chéile ach tá na Lions i bhfad níos láidre ná mar a cheaptar. An mbeidh Landry in ann an cluiche a bhuachan dóibh?

  • 1:10AM
    Friday Night Lights (TS)

    Friday Night Lights (TS)Sraith 5, Eipeasóid 1

    Expectations

    Féachann an cóitseálaí le sár-imreoir a aimsiú d'fhoireann East Dillon ó tharla go bhfuil gach duine ag ceapadh go bhfuil an fhoireann i bhfad níos fearr ná mar atá. Ní maith le Tami a post nua ina treoirchomhairleoir in East Dillon. Tá Julie ag fáil faoi réir don choláiste. Tá Vince agus Luke iad féin sa tóir ar imreoir nua d'fhoireann Lions.

  • 2:00AM
    France 24

    France 24Sraith 10, Eipeasóid 295

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.