Sceideal | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

Sceidil TG4

Programme Highlights

Inniu ar TG4

Sceidil an Lae

Dé Luain 18 Feabhra

  • 5:30AM
    France 24

    France 24Sraith 11, Eipeasóid 49

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

  • 7:00AM
    Cúla 4

    Cúla 4

    Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

  • 7:02AM
    Mofy

    MofySraith 1, Eipeasóid 16

    Ga Gréine

    Tugann Mogu le fios do Mofy go bhfuil gráinneog bheag tite síos i bpoll.

  • 7:07AM
    Mofy

    MofySraith 1, Eipeasóid 17

    Cabhair!

    Caithfidh Mofy agus Ciarán bia a thabhairt chuig ainmhithe na foraoise mar gheall ar an sneachta.

  • 7:13AM
    Balloon Barnyard

    Balloon BarnyardSraith 1, Eipeasóid 14

    Lá an Fhómhair

    Tá an fómhar le baint i gClós na mBalún. Tá na torthaí agus na glasraí ar fad réidh.

  • 7:20AM
    Olobob Top

    Olobob TopSraith 1, Eipeasóid 7

    Ag Glanadh Suas

    Tá Gurdy chomh maith sin ag glanadh nach mbíonn na hOlobobanna in ann dada a aimsiú ina dhiaidh!

  • 7:25AM
    Tractor Tom

    Tractor TomSraith 1, Eipeasóid 43

    Ní maith liom an bháisteach!

    Tá sé ag cur báistí agus mar gheall go bhfuil faitíos ar Rora roimh uisce, ní thugtar dada le hithe do na lachain.

  • 7:35AM
    Kid E Cats

    Kid E CatsSraith 1, Eipeasóid 29

    Scéalta á Scríobh

    Tá na piscíní chun a gcuid scéalta féin a chumadh in éineacht.

  • 7:40AM
    Kid E Cats

    Kid E CatsSraith 1, Eipeasóid 30

    An Slaitín Draíochta a Bhí ag Blasta

    Tá eagla ar Shnasta agus ar Mhilseog roimh shlaitín draíochta Bhlasta.

  • 7:45AM
    School of Roars

    School of RoarsSraith 1, Eipeasóid 31

    Mo Shean Scútar

    Tá na páistí ag foghlaim faoi rialacha an bhóthair ar chúrsa an Uasail Marrow. Tá faitíos ar Yummble nach bhfaighidh sé suaitheantas sábháilteachta bóthair mar gheall gur seanscútar meirgeach atá aige.

  • 7:52AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 1, Eipeasóid 3

    An Blas is Fearr

    Caitheann Olly agus Stan i bhfad sa scuaine chun uachtar reoite a cheannach lena fháil amach go bhfuil sé ar fad díolta ag Mario.

  • 7:57AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 1, Eipeasóid 4

    Rac 's Ról

    Tá an príomhoide Tabitha i bponc mar nach bhfuil córas teasa na scoile ag obair. Cabhraíonn Stan agus Olly léi ceolchoirm a eagrú le hairgead a bhailiú.

  • 8:03AM
    Dot

    DotSraith 1, Eipeasóid 20

    Arsa Scratch

    Tá Dot ag iarraidh a bheith in ann a madra a thuiscint.

  • 8:15AM
    The Furchester Hotel

    The Furchester HotelSraith 1, Eipeasóid 13

    Carr Sleamhnáin na bPiongainí

    Taispeánann Phoebe agus Elmo do dhá phiongain le dul ag marcaíocht ar bhobshleamhnán.

  • 8:26AM
    Maya an Bheachín

    Maya an BheachínSraith 2, Eipeasóid 7

    Cairde an Ghleanna

    Féachann Maya le seó a chur ar siúl faoi chairdeas ach éiríonn easaontas idir na feithidí a bhíonn ag eitilt agus na feithidí a bhíonn ar an talamh.

  • 8:40AM
    Bubu & na hUlchabháin Bheaga

    Bubu & na hUlchabháin BheagaSraith 1, Eipeasóid 14

    Buzz buzz buzz

    Castar beach bheag ar na hulchabháin bheaga. Tá siad ag iarraidh go leor ceisteanna a chur uirthi ach bíonn siad uile ag caint ag an am céanna.

  • 8:51AM
    Masha agus an Béar

    Masha agus an BéarSraith 1, Eipeasóid 18

    Ag Níochán

    Bíonn an Béar seasta ag níochán éadaí Masha.

  • 8:58AM
    Kazoops

    KazoopsSraith 1, Eipeasóid 18

    Teach Cúngach

    Déanann Stan teachín do Monty. Baineann Monty úsáid as a chuid samhlaíochta le rudaí iontacha a chruthú ann.

  • 9:05AM
    Zou

    ZouSraith 3, Eipeasóid 51

    Réim na Samhlaíochta Zou

    Eagróidh Zinnia cóisir bhréagéide ar chlár an lae inniu.

  • 9:16AM
    Ár Scéal (GS)

    Ár Scéal (GS)Sraith 1, Eipeasóid 29

    Daideo

    Rachaidh Úna ar thuras go Conamara, Co na Gaillimhe chuig a cairde i Scoil Bhríde i Leitir Calaidh. Téann Úna amú ach aimsíonn sí a cairde sa deireadh. Déanann an rang grian dá gcuid féin sula dtugann siad cluas don scéal 'Daideo'.

  • 9:30AM
    Ainmhithe Beaga Thart Orainn (OS)

    Ainmhithe Beaga Thart Orainn (OS)Sraith 2, Eipeasóid 20

    Ainmhithe sa Zú III Tráthnóna

    Caithfimid súil ar mar a chaitheann ainmhithe óga sa zú an tráthnóna.

  • 10:00AM
    Little House on the Prairie (TS)

    Little House on the Prairie (TS)Sraith 4, Eipeasóid 2

    Times of Change

    Tugann Charles Mary in éineacht leis go Chicago chuig Comhdháil Grange. Castar John Jr, atá ag obair anois ina iriseoir do pháipéar nuachta, ar Mary. Cé go raibh Mary agus John ag siúl amach lena chéile tráth tá bean eile ag John anois.

  • 10:55AM
    The Gilmore Girls (TS)

    The Gilmore Girls (TS)Sraith 6, Eipeasóid 1

    New and Improved Lorelai

    Sraith ghrinn drámaíochta. Bíonn náire ar Luke nuair a fhaigheann muintir Star Hollows amach gurbh í Lorelai a d'iarr airsean ise a phósadh. Ní mó ná sásta atá Lorelai go bhfuil an coláiste caite in aer ag Rory agus go bhfuil sí bogtha isteach in éineacht le Emily agus Richard. Cé go bhfuil aturnae mór le rá faighte ag Richard do Rory, fós féin gearrtar 300 uair an chloig seirbhíse pobail uirthi faoin luamh a ghoid.

  • 11:45AM
    Cheese Slices (TS)

    Cheese Slices (TS)Sraith 8, Eipeasóid 1

    Sraith a fhiosraíonn na scéalta agus na traidisiúin iontacha a bhaineann leis na cáiseanna is mó cáil ar domhan. In iardheisceart Shasana a bheidh Will agus a iníon Ellie ar chlár an lae inniu, ceantar a bhfuil cáil mhór air as an gcáis chéadair is fearr ar domhan. Seasfaidh siad ag an Bath & West Show, agus tabharfaidh an bheirt a n-aghaidh ansin ar Fheirm Quicke chun blaiseadh de cháiseanna céadair na feirme. Rachaidh siad go hEastát Sharpham i Totnes ansin áit a bhfuil neart cáiseanna agus fíonta agus a bhfuil neart duaiseanna buaite acu ó 1981.

  • 12:15PM
    Cósta Uí Chatháin (OS)

    Cósta Uí Chatháin (OS)Sraith 1, Eipeasóid 5

    Leithinis Aird

    Tabharfaidh an cócaire as Béal Feirste, Éamonn Ó Catháin, turas timpeall chósta Thuaisceart Éireann. Beidh sé féin agus a chara, Darach Ó Tuairisg, ag seoladh ar bord bád atá 40 troigh ar fhad. Tabharfaidh Éamonn agus an criú aghaidh ar Bheannchar i gCo. an Dúin agus rachaidh sé ar thuras ar an Aird. Blaisfidh sé de bhia na háite as na garrantaí scoir i mBaile Nua na hArda agus tabharfaidh sé cuairt ar an teach tábhairne is sine in Éirinn, Grace Neill's.

  • 12:45PM
    Seal le Dáithí (OS & TS)

    Seal le Dáithí (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 18

    Catherine Foley

    Catherine Foley ó Ghaeltacht na Rinne aoi na seachtaine ag Dáithí Ó Sé. Is scríbhneoir cruthaitheach, craoltóir, scríbhneoir teilifíse agus iriseoir í Catherine, a chaith breis is 25 bliain ag obair leis an Irish Times ina tuairisceoir agus scríbhneoir. Foilsíodh a leabhar "Beyond the Breakwater: Memories of Home" le gairid.

  • 1:15PM
    The West Wing (TS)

    The West Wing (TS)Sraith 5, Eipeasóid 21

    Gaza

    Téann Donna agus an tAimiréal Fitzwallace go Stráice Gaza in éineacht le cúpla feisire eile chun eolas a bhailiú agus féachaint le réiteach a dhéanamh idir na Palaistínigh agus na hIosraelaigh. Nuair a mharaítear cúpla duine den toscaireacht i bpléasc, smaoiníonn Bartlet ar ghoimh míleata a ghlacadh. Tagann cuimhní chuig Donna ar an bhfóta-iriseoir as Sasana, Goran Marik, a ghlacann pictiúir d'uafáis an tsaoil.

  • 2:05PM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 10, Eipeasóid 29

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á cur i láthair ag Anne Robinson.

  • 3:00PM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag a 7 a.m. go dtí a 10.00 am agus arís ag a 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 3:02PM
    Dot

    DotSraith 1, Eipeasóid 38

    Cárta Poist

    Tá Dot ag iarraidh cárta poist speisialta a sheoladh chuig a Mamó.

  • 3:13PM
    Kazoops

    KazoopsSraith 1, Eipeasóid 34

    Daoine Éagsúla

    Tá Monty ag iarraidh a fháil amach an féidir le daoine a dtaitníonn rudaí éagsúla leo a bheith mór lena chéile.

  • 3:20PM
    Bubu & na hUlchabháin Bheaga

    Bubu & na hUlchabháin BheagaSraith 1, Eipeasóid 1

    An Crio-Criogar

    Dúisíonn torann Bubu, Biel agus Bonie as a gcodladh. Meas tú céard atá ann?

  • 3:31PM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 1, Eipeasóid 53

    Ag Fanacht Fuar

    Tá sé an-te inniu. Meas tú cén chaoi a bhfanfaidh Sailí agus Nic fuar?

  • 3:44PM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 1, Eipeasóid 54

    Trunca Eilifinte

    Tá Nic agus Sailí ag iarraidh teacht ar uirlis atá in ann chuile rud a dhéanamh.

  • 4:00PM
    Cúla 4

    Cúla 4

    Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

  • 4:02PM
    Alvinnn !!! agus na Chipmunks

    Alvinnn !!! agus na ChipmunksSraith 1, Eipeasóid 3

    Cá bhfuil na hEachtrannaigh?

    Ceapann Alvin go bhfuil smacht ag eachtráin ar an áit nuair a fheiceann sé Brittany ag déanamh rudaí aisteacha.

  • 4:13PM
    Dónall Dána (GS)

    Dónall Dána (GS)Sraith 3, Eipeasóid 26

    Dónall Dána: An Stampa

    Nuair a fhaigheann Dónall amach gur féidir le stampaí a bheith luachmhar tosaíonn sé ag lorg ceann ar fiú na milliúin é.

  • 4:24PM
    Angelo Rules (GS)

    Angelo Rules (GS)Sraith 4, Eipeasóid 13

    Fostaí na Míosa

    Tá post faighte ag Angelo sa bPáirc Siamsaíochta agus tá pleananna móra aige.

  • 4:35PM
    Harvey Beaks (GS)

    Harvey Beaks (GS)Sraith 2, Eipeasóid 9

    Scéal Mhúslaí agus Dreoilín & Foo-tite

    Tá slaghdán ar na gasúir uilig inniu. Insíonn Jeremy scéal dóibh faoi bheirt darb ainm Dreoilín agus Múslaí a chas ar a chéile fadó in áit thar a bheith ársa agus draíochtúil ar a dtugtar an "Coláiste"! Bíonn Foo seasta síoraí ag briseadh rudaí ar a chuid cairde mar go bhfuil sé chomh fiáin. Féachann a chairde le cabhrú leis a bheith beagán níos cúramaí.

  • 5:00PM
    Whiz sa Chistin (GS)

    Whiz sa Chistin (GS)Sraith 2, Eipeasóid 41

    Seó cluichí é Whiz sa Chistin atá bunaithe ar bhia. Beidh ceathrar leanaí sa chistin ar gach clár. Beidh a fhios againn cé chomh maith is atá said sa chistin nuair a chaithfidh siad tabhairt faoi dhúshlán bia agus ceisteanna go leor a fhreagairt.

  • 5:28PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 49

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 5:30PM
    Beidh Aonach Amárach (OS & TS)

    Beidh Aonach Amárach (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 6

    Tullamore

    Ag taispeántas talmhaíochta Thulach Mhór a bheimid an tseachtain seo ar chlár deiridh na sraithe. Is é seó Thulach Mhór an seó aon lae is mó san Eoraip. Bíonn réiteach mór le déanamh ag eagraí an tseó, Freda Kinnarney, chun a chinntiú go mbeidh chuile rud mar is ceart ar an lá. Tagann Matt agus Rita Goulding as an mBaile Dubh i gContae Chiarraí lena gcuid eallach; tagann Diarmuid Ó Curraoin as Contae na Mí do chomórtas na gcaorach.

  • 6:00PM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 10, Eipeasóid 29

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á cur i láthair ag Anne Robinson.

  • 6:57PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 49

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 7:00PM
    Nuacht TG4

    Nuacht TG4Sraith 22, Eipeasóid 49

    Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

  • 7:30PM
    Ár gClub (OS & TS)

    Ár gClub (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 2

    Tagann foirne as gach áit go Gaeltacht Chorca Dhuibhne in Iarthar Chiarraí do Chomórtas bliantúil Pháidí Uí Shé atá á reáchtáil ag muintir Uí Shé agus CLG na Gaeltachta. I mBaile Átha Cliath, tá Club Chill Mochuda na Crócaigh ag iarraidh Camóige a chur chun cinn sa bparóiste. Caitheann na cailíní ar an bhfoireann F12 agus a dtuismitheoirí dul i ngleic le cúrsaí tráchta. I dTír Chonaill, tugann baill chumann na nDúnaibh faoin seastán nua a thógáil iad féin. I gConamara, tá imní ar bhainisteoir fhoireann na mban i Ros Muc nach mbeidh dóthain imreoirí aige le foireann a chur chun páirce.

  • 8:00PM
    GAA 2019

    GAA 2019Sraith 19, Eipeasóid 4

    Buaicphointí na gcluichí a imríodh ar an deireadh seachtaine sa tSraith Allianz agus chluichí leathcheannais AIB na gClubanna.

  • 9:00PM
    Siar an Bóthar (OS)

    Siar an Bóthar (OS)Sraith 13, Eipeasóid 12

    Togha agus rogha an cheoil agus an damhsa ar Siar an Bóthar. I measc na míreanna ar chlár na seachtaine seo beidh mír den ghrúpa ceoil 'De Danann' ag casadh dreas ríleanna as na Embankment Cabaret Rooms i dTamhlacht i 1976. Casfaidh Annie McKenzie an t-amhrán grinn 'The Night Oul' Magee Got His Cork Leg Set' agus taispeánfar píosa cainte a rinneadh faoin bhfidléir mór le rá as Sligeach, Michael Coleman. Casfaidh James Kelly agus Paddy Glackin roinnt de cheol Coleman ina dhiaidh sin.

  • 9:30PM
    Scannán: The Social Network (TS)

    Scannán: The Social Network (TS)

    (2010, Beathaisnéis, Dráma) Is iad Jesse Eisenberg, Andrew Garfield agus Justin Timberlake na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir David Fincher. Scéal faoi mar a chruthaigh an scoláire as Harvard, Mark Zuckerberg an láithreán líonraithe sóisialta Facebook agus an dá dheartháir a chuir ina leith gurb iadsan a chuimhnigh air.

  • 11:40PM
    Racht (OS & TS)

    Racht (OS & TS)Sraith 2, Eipeasóid 6

    Edward Ball

    Sraith 6 chlár a scrúdóidh dúnmharuithe ón am atá caite féachaint lena gcúlra a thabhairt chun suntais agus tuiscint a fháil ar na cúiseanna a bhí leo agus a dtionchar ar na daoine a bhain leis an scéal. I mBaile Átha Cliath sa mbliain 1936, bhog Edward Ball, fear óg 19 mbliana d'aois ar ais isteach i dteach a mháthar. Cúig lá ina dhiaidh sin, bhí sí ar iarraidh agus thángthas ar a carr, faoi fhuil ar bhóithrín tuaithe. Gabhadh Edward agus chuir an méid a d'inis sé do na Gardaí alltacht orthu.

  • 0:10AM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 49

    An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

  • 0:12AM
    Friday Night Lights (TS)

    Friday Night Lights (TS)Sraith 1, Eipeasóid 17

    I Think We Should Have Sex

    Tugann Julie le fios do Matt go bhfuil sí ag iarraidh luí leis agus féachann sé le rud éigin speisialta a eagrú in ómós na hócáide. Tá Tim agus a athair in árach a chéile. Tá na Panthers imithe chun cinn go dtí na chéad bhabhtaí eile agus iad ag imirt go maith.

  • 1:05AM
    France 24

    France 24Sraith 11, Eipeasóid 49

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.