Sceideal | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

Sceidil TG4

Programme Highlights

Inniu ar TG4

Sceidil an Lae

Déardaoin 21 Márta

  • 5:30AM
    France 24

    France 24Sraith 11, Eipeasóid 80

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

  • 7:00AM
    Cúla 4

    Cúla 4

    Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

  • 7:02AM
    Mofy

    MofySraith 1, Eipeasóid 10

    Coinnigh Ort

    Níl aon ghiúmar ar Chiarán mar nár roghnaíodh a amhrán sa gcomórtas.

  • 7:07AM
    Mofy

    MofySraith 1, Eipeasóid 11

    Amhrán

    Cumann Mofy amhrán faoi úll a thit de chrann ach cailleann sí a misneach nuair nach mbíonn sí in ann an t-amhrán a chríochnú.

  • 7:13AM
    Balloon Barnyard

    Balloon BarnyardSraith 1, Eipeasóid 11

    Lá na Báistí

    Tá an lá an-fhliuch. An mbeidh na hainmhithe ar fad tirim sa scioból?

  • 7:20AM
    Olobob Top

    Olobob TopSraith 1, Eipeasóid 30

    Amhrán Lalloo

    Teastaíonn cúnamh ó Lalloo cuimhneamh ar amhrán álainn a chum sí agus í sa bhforaois. An mbeidh Bíog Bheag in ann cabhrú léi?

  • 7:25AM
    Rita & Crogall

    Rita & CrogallSraith 1, Eipeasóid 19

    Gairdín

    Tá Rita agus Crogall chun síolta a chur chun glasraí a fhás sa ngairdín. Ach céard a dhéanfaidh siad faoi na héin atá ag ithe na síolta orthu?

  • 7:30AM
    Rita & Crogall

    Rita & CrogallSraith 1, Eipeasóid 20

    Caisleán

    Tugann Rita agus Crogall cuairt ar chaisleán agus míníonn Rita dá cara go mbíodh ríthe i gceannas ar chuile dhuine fadó.

  • 7:35AM
    Kid E Cats

    Kid E CatsSraith 1, Eipeasóid 33

    Fiacail Diúil

    Tá a chéad diúlfhiacail tite ó Bhlasta.

  • 7:40AM
    Kid E Cats

    Kid E CatsSraith 1, Eipeasóid 34

    Piscíní ag Tumadh

    Tabharfaidh Daideo na piscíní ag tumadh.

  • 7:45AM
    School of Roars

    School of RoarsSraith 1, Eipeasóid 2

    Na Cairde is Fearr

    Ní maith le Wufflebump go bhfuil Yummble ag spraoi le Meepa.

  • 7:52AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 1, Eipeasóid 49

    Olly i bPost Nua

    Caitheann Olly an lá ag obair sa pháirc spraoi ach ní thaitníonn a phost nua leis.

  • 7:57AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 1, Eipeasóid 50

    Béile Gan Mhoill

    Caithfidh Olly a mbéilí a thabhairt do na custaiméirí chomh tapa agus is féidir.

  • 8:03AM
    Dot

    DotSraith 1, Eipeasóid 43

    Malartú Mire

    Tá Dot ag iarraidh bréagán nua.

  • 8:15AM
    The Furchester Hotel

    The Furchester HotelSraith 1, Eipeasóid 44

    Níl Hata Mar Sin ag Aon Duine

    Caithfidh Elmo hata nua a fháil.

  • 8:26AM
    Maya an Bheachín

    Maya an BheachínSraith 2, Eipeasóid 30

    A Dheirfiúr Dhílis

    Faigheann Maya agus Willy amach go bhfuil damhán alla eile ina cónaí in éineacht le Thelka, a deirfiúr, Bella.

  • 8:40AM
    Bubu & na hUlchabháin Bheaga

    Bubu & na hUlchabháin BheagaSraith 1, Eipeasóid 11

    Bia na Foraoise

    Faigheann na hulchabháin bheaga amach faoin mbia a itheann ainmhithe éagsúla.

  • 8:51AM
    Masha agus an Béar

    Masha agus an BéarSraith 2, Eipeasóid 15

    Hata Draíochta

    Aimsíonn Masha hata draíochta atá in ann í a chur as radharc.

  • 8:58AM
    Kazoops

    KazoopsSraith 1, Eipeasóid 41

    Torthaí Ugli

    Ceannaíonn Mamó torthaí neamhghnácha nach mbíonn mórán fonn ar Monty ná ar Stan iad a bhlaiseadh.

  • 9:05AM
    Zou

    ZouSraith 3, Eipeasóid 30

    Zou agus an Léine Rathúil Peile

    Tá Zou ag ceapadh nach mbeidh aon mhaith leis ag imirt sa gcluiche gan a léine ádhúil.

  • 9:16AM
    Ár Scéal (GS)

    Ár Scéal (GS)Sraith 1, Eipeasóid 52

    Ruairí

    Réiteoidh Úna a veain mar go bhfuil turas fada roimpi chuig a cairde i nGaelscoil Ros Eo áit a bhfuil scéal acu di faoi mhadra darb ainm Ruairí. Caithfidh siad an lá i mbun ealaíne sula dtabharfaidh siad cluas don scéal 'Ruairí'.

  • 9:30AM
    Ainmhithe Beaga Thart Orainn (OS)

    Ainmhithe Beaga Thart Orainn (OS)Sraith 2, Eipeasóid 7

    Ainmhithe Beaga sa Chathair ar Maidin

    Caithfimid súil ar mar a chaitheann ainmhithe óga sa chathair an mhaidin.

  • 10:00AM
    Little House on the Prairie (TS)

    Little House on the Prairie (TS)Sraith 5, Eipeasóid 16

    Blind Man's Bluff

    Ba bhreá le Jordan, cara Laura, a bheith ag obair leis an sorcas lá breá éigin. Ach bíonn a mhuintir seasta ag troid, rud a chuireann as go mór dó. Nuair a chailleann sé radharc na súl ar feadh scaithimh de bharr timpiste, ligeann sé air féin go bhfuil sé caoch ar fad sa chaoi is go mbeidh a mhuintir mór le chéile arís.

  • 10:55AM
    The Gilmore Girls (TS)

    The Gilmore Girls (TS)Sraith 7, Eipeasóid 2

    That's What You Get, Folks, For Makin' Whoopie

    Sraith Ghrinn Drámaíochta. Airíonn Rory uaithi go mór Logan. Cé go bhfuil cúrsaí grá ag cur as di féin freisin, féachann Lorelai le croí Rory a ardú. Tá Lane tagtha abhaile ó mhí na meala gan caoi. Castar Luke agus Lorelai ar a chéile. Tá Rory spréachta le Lorelai gur luí sí le Christopher.

  • 11:45AM
    Cheese Slices (TS)

    Cheese Slices (TS)Sraith 3, Eipeasóid 5

    Savoie/Franche Comte - Cheeses of the Alps

    Sraith a fhiosraíonn na scéalta agus na traidisiúin iontacha a bhaineann leis na cáiseanna is mó cáil ar domhan. Cáiseanna Mont D'Or, Reblochon, Beaufort agus Abondance a bheidh faoi chaibidil inniu. De bharr go mbíonn sneachta ar na hAlpa agus Savoie ar feadh 4 mhí ar a laghad gach bliain ní dhéantar cáis ach de réir an tséasúir. Faigheann Will amach faoin ról tábhachtach atá ag na foraoisí sprúis maidir le haibiú na cáise Mont D'Or. Rachaidh sé chuig feirm a bhíonn ag táirgeadh Reblochon agus taispeánfar dó len é a ghriolladh faoi ghual te.

  • 12:15PM
    Bia 's Bóthar (OS)

    Bia 's Bóthar (OS)Sraith 2, Eipeasóid 5

    Luimneach

    Is i Luimneach a bheidh Éamonn ar an gclár seo. Ar dtús réiteoidh sé mias torthaí taobh amuigh. Tabharfaidh sé cuairt ansin ar Devine Wines agus bíonn cúpla gloine fíona aige chomh maith. Gheobhaidh sé amach conas Packet and Tripe a dhéanamh.

  • 12:45PM
    Béaloideas Beo (OS)

    Béaloideas Beo (OS)Sraith 1, Eipeasóid 1

    Breith

    Sraith á cur i láthair ag Seán Mac an tSíthigh. Nochtfar cuid den saibhreas iontach ilghnéitheach béaloideasa agus nósmhaireachtaí eile atá folaithe i saol an lae inniu agus beo bláfar in Éirinn. Pléifear na traidisiúin agus na nósanna a bhaineann le breith, le pósadh, le bás agus go leor eile. Na piseoga a bhaineann le páiste a iompar agus a thabhairt ar an saol is ábhar do chlár an lae inniu.

  • 1:15PM
    The West Wing (TS)

    The West Wing (TS)Sraith 6, Eipeasóid 21

    Things Fall Apart

    D'éirigh thar barr le Comhdháil na bPoblachtánach i gcomparáid le ceann an nDaonlathach - iad féin fós in éadan a chéile ag iarraidh iarrthóir a ainmniú. Tá an Stáisiún Idirnáisiúnta Spáis agus na triúr spásairí atá ar bord i mbaol.

  • 2:05PM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 10, Eipeasóid 21

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á cur i láthair ag Anne Robinson.

  • 3:00PM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag a 7 a.m. go dtí a 10.00 am agus arís ag a 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 3:02PM
    Dot

    DotSraith 1, Eipeasóid 7

    Ceol go Deo

    B'fhearr le Dot a bheith ag spraoi lena cairde ná a bheith ag cleachtadh ceoil.

  • 3:13PM
    Kazoops

    KazoopsSraith 1, Eipeasóid 59

    Campáil

    Cuireann Monty an iomarca rudaí ina mhála don turas campála agus ní fada go dtuigeann sé gur fearr beagán ná mórán sa gcás seo.

  • 3:20PM
    Bubu & na hUlchabháin Bheaga

    Bubu & na hUlchabháin BheagaSraith 1, Eipeasóid 26

    Cara Mór na Foraoise

    Déanann na hulchabháin ceiliúradh ar Lá na gCrann.

  • 3:31PM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 2, Eipeasóid 23

    Bolg Callánach

    Tá ocras ar na páistí! Tabharfaidh an Cat na páistí chuig an Dochtúir Mac Gáire agus foghlaimeoidh siad faoin mbolg agus an chaoi a mbíonn sé callánach de bharr ocrais.

  • 3:44PM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 2, Eipeasóid 24

    Ainmnigh an Pláinéad Sin

    Tugann an Cat Nic agus Sailí ar thuras timpeall na cruinne le go mbeidh siad in ann na pláinéid ar fad a ainmniú.

  • 4:00PM
    Cúla 4

    Cúla 4

    Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

  • 4:02PM
    Alvinnn !!! agus na Chipmunks

    Alvinnn !!! agus na ChipmunksSraith 1, Eipeasóid 28

    Ná hImigh a Simon!

    Tá Alvin agus Theodore ag ceapadh go bhfuil Simon le cur chuig scoil chónaithe agus tá siad ar a ndícheall ag iarraidh é a choinneáil sa mbaile.

  • 4:13PM
    Dónall Dána (GS)

    Dónall Dána (GS)Sraith 3, Eipeasóid 49

    Dónall Dána Cumhacht Airgid

    Tuigeann Dónall cumhacht airgid nuair a théann léiritheoir ceoil ag teacht Pheigí.

  • 4:24PM
    Breadwinners

    BreadwinnersSraith 2, Eipeasóid 12

    Ná Cothaigh na Lacha-sáir

    Cuireann Ketta fainic ar na hAránaigh gan na Lachasáir a bheathú.

  • 4:35PM
    Dr Dimension Pants

    Dr Dimension PantsSraith 1, Eipeasóid 9

    Philip ina Athair

    Gheobhaidh Philip amach faoin méid atá i gceist le bheith i do thuismitheoir.

  • 4:47PM
    Dr Dimension Pants

    Dr Dimension PantsSraith 1, Eipeasóid 10

    Ag Cleasaíocht

    Ní éiríonn rómhaith le Kyle nuair a fhéachann sé le bob a bhualadh ar Ré na nGéag.

  • 5:00PM
    C.L.U.B. (OS & TS)

    C.L.U.B. (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 11

    Is iad na Fianna, as Baile Átha Cliath 9 a bheith faoi chaibidil ar C.L.U.B inniu. Is í Róisín Baker, imreoir camógaíochta leis na Fianna agus Baile Átha Cliath aoi speisialta an chláir.

  • 5:28PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 80

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 5:30PM
    Méara Bhoston - Mo Mhac (OS)

    Méara Bhoston - Mo Mhac (OS)

    Clár faisnéise faoi Mhéara nua Bhostúin, Martin J. Walsh, arna insint ag a mháthair Mary Walsh. I mí Eanáir 2014, toghadh Martin J. Walsh ar an 54ú méara ar Bhostún. Fuair Martin agus a mhuintir an ceann is fearr ar an drochshaol agus ar an imirce agus é anois i gceann de na poist is mó tábhacht i saol na polaitíochta i mBostún.

  • 6:00PM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 10, Eipeasóid 21

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á cur i láthair ag Anne Robinson.

  • 6:57PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 80

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 7:00PM
    Nuacht TG4

    Nuacht TG4Sraith 22, Eipeasóid 80

    Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

  • 7:30PM
    Aon Lá Amháin (OS & TS)

    Aon Lá Amháin (OS & TS)Sraith 18, Eipeasóid 3

    Tapaíonn seisear iascairí an deis dul ag iascach leis an gCuil Bhealtaine ar Loch Coirib i nDúiche Sheoigheach - cuil, nuair a éiríonn sí sa loch, nach mbíonn ina beatha ach aon lá amháin.

  • 8:00PM
    Ár gClub (OS & TS)

    Ár gClub (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 7

    Sa gclár deiridh sa tsraith, is é am na cinniúna é do na cumainn éagsúla. Beimid i dteannta iománaithe agus lucht leanúna Chill Mochuda na Crócaigh agus iad ag fáil faoi réir le cluiche ceannais sinsear Átha Cliath a imirt arís. Tá an teannas agus an brú le brath go láidir in Iarthar Chiarraí freisin mar go bhfuil foireann sinsear na Gaeltachta ag fáil faoi réir do chluiche dícháilithe. Má chaileann siad, dícháileofar iad go dtí an grád idirmheánach. I gConamara, tá cinneadh crua le déanamh ag mná na bPiarsach faoi thodhchaí fhoireann Pheil na mBan an chumainn.

  • 8:30PM
    Ros na Rún (OS & GS)

    Ros na Rún (OS & GS)Sraith 23, Eipeasóid 58

    Níl aon rogha ag Briain ach insint do Bobbi Lee agus do Niall go bhfuil an galar Alzheimer ar Jude. An dtuigfidh Berni go bhféadfaidh sí saol Jude agus saol daoine eile a chur i mbaol má choinníonn sí an scéal faoi rún? Tá Dee meáite Mack a chur in aghaidh Katy. Tá iontas ar Mack teachtaireacht ghránna a fháil. An bhfuil Dee imithe ró-fhada leis an scéal? Tá croí Thaidhg fós briste i ndiaidh Maggie agus níl aon fhonn air ceisteanna Áine a fhreagairt. Tugann sé le fios nach miste leis má théann Frances amach le daoine eile fad is nach é Malachaí é.

  • 9:00PM
    A Little Bit Showband

    A Little Bit ShowbandSraith 1, Eipeasóid 4

    Paddy Cole

    Clár faisnéise faoi Rí Snagcheoil na hÉireann, Paddy Cole. Ní raibh Paddy ach naoi mbliana d'aois nuair a thosaigh sé ag ceol. Chaith sé a óige ag ceol ag coirmeacha in Éirinn agus i Sasana. Ina dhiaidh sin ghlac sé páirt sna seóbhannaí agus sa 'Capitol Showband'. Ba iad an Capitol Showband an chéad seó-bhanna a thaifead ceirnín agus ba iad an chéad seó-bhanna iad ar an gclár 'Sunday Night at the Palladium'. Ach i ndiaidh blianta i mbarr réime tháinig deireadh le ré na seó-bhannaí sna 1960í agus 70í.

  • 9:30PM
    Truckers na hÉireann (OS & TS)

    Truckers na hÉireann (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 3

    Sraith í 'Truckers na hÉireann' a thabharfaidh léargas ar an saol mar a chaitheann daoine é atá ag obair sa tionscal iompair in Éirinn agus a chaitheann cuid mhór ama ar bóthar. Tá an Breatimeacht ag bagairt agus buailfimid le tiománaithe leoraí as Éirinn atá ag iarraidh slí bheatha a bhaint amach i dtionscal thar a bheith dúshlánach. Léireofar sa tsraith na nithe a mheallann daoine go dtí an tionscal ach ó tharla brú mór ama i gcónaí i gceist, tá líon na bhfear óg atá ag dul leis an obair ag dul ar gcúl. Cad atá i ndán mar sin do 'Truckers na hÉireann'?

  • 10:00PM
    Fíorscéal (OS & TS)

    Fíorscéal (OS & TS)Sraith 19, Eipeasóid 27

    Colaistéaról: Croí na Fírinne nó Cur i gCéill?

    Tá ceangal á dhéanamh le hos cionn leath chéad bliain idir fadhbanna croí agus colaistéaról sa bhfuil. Tá forbairt na billiún dollar déanta ar thionscal bia ar bheagán saille agus ar chógas a íslíonn colaistéaról. Tá sé ar an gcógas is mó a ordaítear do dhaoine a thógáil ar fud an domhain agus 30 milliún duine á thógáil sna Stáit Aontaithe. Ach cé go bhfuil an ráta colaistéaróil laghdaithe i dtíortha forbartha níl aon athrú ar na fadhbanna croí. Cén fáth?

  • 11:02PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 80

    An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

  • 11:05PM
    Ros na Rún (OS & GS)

    Ros na Rún (OS & GS)Sraith 23, Eipeasóid 58

    Níl aon rogha ag Briain ach insint do Bobbi Lee agus do Niall go bhfuil an galar Alzheimer ar Jude. An dtuigfidh Berni go bhféadfaidh sí saol Jude agus saol daoine eile a chur i mbaol má choinníonn sí an scéal faoi rún? Tá Dee meáite Mack a chur in aghaidh Katy. Tá iontas ar Mack teachtaireacht ghránna a fháil. An bhfuil Dee imithe ró-fhada leis an scéal? Tá croí Thaidhg fós briste i ndiaidh Maggie agus níl aon fhonn air ceisteanna Áine a fhreagairt. Tugann sé le fios nach miste leis má théann Frances amach le daoine eile fad is nach é Malachaí é.

  • 11:35PM
    Scannán: Oh! What a Lovely War (TS)

    Scannán: Oh! What a Lovely War (TS)

    (1969, Scannán Grinn, Ceolmhar, Cogadh) Is iad Wendy Allnutt, Colin Farrell agus Malcolm McFee na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Richard Attenborough. Ní mar a chéile a bhreathnaíonn an cogadh anois do muintir Smith nuair a chaitheann triúr dá gcuid fear féin dul chun troda ann.

  • 2:15AM
    France 24

    France 24Sraith 11, Eipeasóid 80

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.