Sceideal | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

Sceidil TG4

Programme Highlights

Inniu ar TG4

Sceidil an Lae

Déardaoin 19 Meán Fómhair

  • 5:30AM
    France 24

    France 24Sraith 11, Eipeasóid 262

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

  • 7:00AM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag a 7 a.m. go dtí a 10.00 a.m. agus arís ag a 3 p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 7:02AM
    Tractor Tom

    Tractor TomSraith 1, Eipeasóid 1

    An Fón

    Tá a fhón nua caillte ag Matt ach tá an t-ádh air go bhfuil Tom ann chun cabhrú leis é a chuardach.

  • 7:15AM
    Wissper

    WissperSraith 1, Eipeasóid 27

    Na Sionnaigh Artacha

    Tagann Ríona, an sionnach Artach, ar cuairt chuig Wissper mar go bhfuil a conairt caillte aici. An mbeidh Wissper, Gertie an sioráf agus Otis an giobaire in ann iad a aimsiú?

  • 7:22AM
    The Furchester Hotel

    The Furchester HotelSraith 1, Eipeasóid 27

    Fáilte Romhat a Scúnc

    Tá boladh bréan san óstán. Meas tú cén fáth?

  • 7:33AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 1, Eipeasóid 14

    Ag Gléasadh Suas

    Tá Stan agus Olly ag iarraidh dul chuig cóisir bhréigéide ach tá culaith Stan ró-bheag aige!

  • 7:38AM
    Bubu & na hUlchabháin Bheaga

    Bubu & na hUlchabháin BheagaSraith 1, Eipeasóid 14

    Buzz buzz buzz

    Castar beach bheag ar na hulchabháin bheaga. Tá siad ag iarraidh go leor ceisteanna a chur uirthi ach bíonn siad uile ag caint sag am céanna.

  • 7:49AM
    Dinosaur Train (GS)

    Dinosaur Train (GS)Sraith 4, Eipeasóid 14

    An Spinosaurus

    Tagann Don ar mhaide atá an-chosúil leis an Sean-Spinosaurus. Níl aon mhaith aige ann go seasfaidh an Sean-Spinosaurus dó fad a dhéanfaidh sé dealbh de.

  • 8:01AM
    Dot

    DotSraith 1, Eipeasóid 14

    Crann na Féile

    Tá maisiúcháin an chrainn Nollag ar iarraidh.

  • 8:13AM
    Kid E Cats

    Kid E CatsSraith 1, Eipeasóid 14

    An Phearóid Chainteach

    Caithfidh na piscíní aire a thabhairt do phearóid na comharsan.

  • 8:20AM
    Seó Luna

    Seó LunaSraith 1, Eipeasóid 14

    Marsaigh, Marsaigh, Marsaigh

    Tá go leor ceisteanna ag Luna, Jupiter agus Clyde faoin saol ar Mhars. Chun freagraí a gcuid ceisteanna a aimsiú tugann siad cuairt ar an bpláinéad dearg féin!

  • 8:32AM
    PJ Masks

    PJ MasksSraith 1, Eipeasóid 48

    Gekko agus Cloch na Cumhachta

    Tá Gekko ag ceapadh go bhfuil sé an-láidir.

  • 8:45AM
    Dragain Florrie

    Dragain FlorrieSraith 1, Eipeasóid 14

    Bolgáin Gach Áit

    Tá Dragan Deas agus Florrie ag iarraidh spraoi le seanábhar draíochta Casimir.

  • 8:55AM
    Kazoops

    KazoopsSraith 1, Eipeasóid 14

    An Rothar is Fearr ar Domhan

    Ó tharla rothar nua ag Monty caithfidh sé a sheanrothar a thabhairt do dhuine éigin eile anois.

  • 9:02AM
    Peg & Cat

    Peg & CatSraith 3, Eipeasóid 29

    Ceist Eile faoi Thraein

    Téann duais Albert Einstein ar iarraidh fad agus a bhíonn siad ar bord Luastraein Pheg agus Chat.

  • 9:15AM
    Is Mise (GS)

    Is Mise (GS)Sraith 1, Eipeasóid 14

    Joey ag Bácáil

    Tá Joey chun cáca a dhéanamh do bhreithlá a mhamaí inniu. Buailfidh sé le Danielle a thaispeánfaidh dó a dteastóidh uathu - stán bácála, spúnóg adhmaid, babhla, naprún agus maisiúcháin. Isteach leo sa chistin chun cáca spúinse a dhéanamh agus bíonn an-spraoi ag Joey ag tabhairt cúnaimh do Danielle an cáca a mhaisiú.

  • 9:30AM
    Ainmhí 999 (OS & TS)

    Ainmhí 999 (OS & TS)Sraith 5, Eipeasóid 9

    Sraith ina dtugtarléargas ar an obair a dhéanann carthanacht ainmhithe in Albain. Cuirtear fios ar oibrí carthanachta chuig stáisiún gáis ar an Droichead Nua in iarthar Dhún Éideann áit ar tháinig oibrithe ansin ar choiníní óga.

  • 10:00AM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 11, Eipeasóid 21

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

  • 10:55AM
    Little House on the Prairie (TS)

    Little House on the Prairie (TS)Sraith 5, Eipeasóid 12

    Blind Journey (Part 1)

    Tagann scéala go bhfuil an teach fágtha ag an Uasal Hansen, atá tar éis bháis, ag muintir Walnut Grove. Socraíonn comhairle an bhaile gur anseo a bheidh scoil nua na ndall ag Mary agus ag Adam mar nach bhfuil siad in ann an scoil atá acu i Winoka a choinneáil.

  • 11:50AM
    Abair Amhrán (OS)

    Abair Amhrán (OS)Sraith 1, Eipeasóid 4

    Sraith a dhéanann ceiliúradh ar amhráin a bhíodh againn ag éirí aníos.

  • 12:05PM
    A Chef's Life (TS)

    A Chef's Life (TS)Sraith 1, Eipeasóid 8

    Rachaidh Vivian go Columbia in South Carolina chun bualadh le Glenn Roberts, bunaitheoir Anson Mills agus foghlaimeoidh sí faoi méid atá ar bun ag an gcomhlacht chun seanchineálacha gráinní a thabhairt ar ais. Spreagfaidh sé sin Vivian chun 'dinnéar ríse' a eagrú. Taispeánfaidh máthair Vivian di ansin conas béile le sicín agus rís a dhéanamh mar is ceart.

  • 12:35PM
    Cósta Uí Chatháin (OS)

    Cósta Uí Chatháin (OS)Sraith 1, Eipeasóid 3

    Loch Cuan agus Baile Forda

    Rachaidh cócaire as Béal Feirste, Éamonn Ó Catháin, ar thuras timpeall chósta Thuaisceart Éireann. Beidh sé féin agus a chara, Darach Ó Tuairisg, ag seoladh ar bord an Kuta of Carrickfergus, bád 40 troigh ar fad. I Loch Cuan i gContae an Dúin a bheidh Éamonn an tseachtain seo, áit a réiteoidh sé ispíní agus pónairí do na páistí áitiúlaansin. Tabharfaidh sé cuairt ansin ar an bhfeirm féileacán is sine in Éirinn i mBaile Forda.

  • 1:05PM
    Murder She Wrote (TS)

    Murder She Wrote (TS)Sraith 1, Eipeasóid 4

    Birds Of A Feather

    Tá neacht Jessica trína chéile go bhfuil a fiancé gafa ag póilíní maidir le dúnmharú úinéir club banríonacha draig in San Francisco.

  • 2:00PM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 11, Eipeasóid 21

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

  • 3:00PM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag a 7 a.m. go dtí a 10.00 a.m. agus arís ag a 3 p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 3:02PM
    Lá Le Mamó nó Daideo (GS)

    Lá Le Mamó nó Daideo (GS)Sraith 1, Eipeasóid 2

    Daideo Micheál agus Euan

    Tá Euan ag déanamh ceapairí dó fhéin agus do Dhaideo agus iad ag fáil faoi réir leis an lá a chaitheamh ag rothaíocht ar an Rian Glas. As go brách leo i dtreo an tolláin agus ansin i dtreo an droichid. Beidh an-lá acu le chéile.

  • 3:09PM
    PJ Masks

    PJ MasksSraith 1, Eipeasóid 4

    Catboy agus an tOllscartaire-Pógó

    Tuigeann Catboy anois go gcaithfidh sé éisteacht lena chairde.

  • 3:21PM
    Cat Cliste

    Cat ClisteSraith 1, Eipeasóid 54

    An Ghealach a d'Imigh Amú

    Tá Hal thar a bheith brónach. Nuair a théann sé ag uallfairt leis an ngealach, mar a dhéanann sé gach oíche, bíonn an ghealach imithe.

  • 3:33PM
    Ár Scéal (GS)

    Ár Scéal (GS)Sraith 1, Eipeasóid 17

    An Leanbh Nua

    Rachaidh Úna chuig Gaelscoil na bhFilí, Co. na Gaillimhe chun scéal faoi bhuachaill darb ainm Tom agus an leanbh óg a chloisteáil. Níl aon leid aici faoin scéal ach go bhfuil déshúiligh ann. Tugann sí léi na déshúiligh agus bíonn píosa spraoi aici leo. Beidh an-spraoi aici lena cairde beaga ag déanamh a gcuid déshúileach féin sa rang sula n-inseoidh siad an scéal 'An Leanbh Nua'.

  • 3:44PM
    Is Mise (GS)

    Is Mise (GS)Sraith 1, Eipeasóid 28

    Cóil ag Tiomáint

    Tabharfaidh Cóil faoi rásaíocht cairtíní inniu in éineacht le Róisín a thaispeánfaidh dó i dtús báire a mbeidh ag teastáil uathu - cosantóir muiníl, culaith agus clogad. Caithfidh siad súil ar fhíseán sábháilteachta sula n-gcuirfidh Cóil air a chulaith. Taispeánfaidh Róisín dó conas an cairtín a thiomáint agus beidh an-spraoi ag Cóil ag rásaíocht timpeall an rásraoin.

  • 4:00PM
    Cúla 4

    Cúla 4

    Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 ar maidin ag an deireadh seachtaine agus ón 4 tráthnóna ó Luan go Satharn. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl beidh Dónall Dána, Camp Lakebottom, Harvey Beaks, Na Dúlradóirí, Aifric agus neart eile.

  • 4:02PM
    Alvinnn !!! & the Chipmunks

    Alvinnn !!! & the ChipmunksSraith 3, Eipeasóid 4

    Tuairiscí Scoile

    Tá tuairiscí scoile an ranga curtha sa bpost ag an máistreás. Tá Alvin ag iarraidh a bheith roimhe sula bhfeicfidh Dáithí é.

  • 4:14PM
    Dónall Dána (GS)

    Dónall Dána (GS)Sraith 4, Eipeasóid 4

    Dónall & an Hata Dána

    Tá Dónall agus a chairde ag iarraidh dul ag spraoi sa sneachta ach tá sin in aghaidh rialacha na scoile.

  • 4:26PM
    Clarence

    ClarenceSraith 1, Eipeasóid 4

    Cóisir Dhinnéir

    Nuair a théann Clarence chuig cóisir ardnósach in éineacht le Breehn agus a mhuintir, féachann sé le spraoi a bhaint as.

  • 4:37PM
    Spongebob Squarepants (GS)

    Spongebob Squarepants (GS)Sraith 11, Eipeasóid 4

    ROC AN OILC ARÍS

    Tógann Roc an Oilc teach Squidward ar cíos ar feadh deireadh seachtaine.

  • 5:05PM
    C.L.U.B (OS & TS)

    C.L.U.B (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 1

    Caisleán Cnucha

    Tabharfaimid cuairt ar CLG Chaisleán Cnucha i mBaile Átha Cliath 15. Is é imreoir peile Bhaile Átha Cliath agus Chaisleán Cnucha, Ciarán Kilkenny, aoi speisialta an chláir seo.

  • 5:32PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 262

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 5:35PM
    An Lá a Rugadh Mé (OS & TS)

    An Lá a Rugadh Mé (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 8

    Ciarán Kilkenny

    Sraith ina dtagann pearsa aitheanta ar eolas faoi imeachtaí a thit amach in Éirinn an lá ar saolaíodh iad. Scrúdóidh an té sin na nuachtáin a foilsíodh an lá a rugadh é agus roghnóidh trí scéal le fiosrú. Rachaidh an t-aoi ar aistear ar thóir breis eolais faoi na scéalta agus chun cainte le daoine a thabharfaidh léargas breise dó orthu. Fiosróidh an peileadóir Ciarán Kilkenny trí scéal iontacha as na nuachtáin a foilsíodh an lá a rugadh é.

  • 6:05PM
    Gilmore Girls (TS)

    Gilmore Girls (TS)Sraith 5, Eipeasóid 9

    Emily Says 'Hello'

    Sraith ghrinn drámaíochta. Ceistíonn Rory agus Lorelai Richard agus Emily faoi dheireadh a chur leis an bpósadh. Tá Emily ag iarraidh dul amach le fir eile a deir sí. Tugann Lorelai cuireadh do Christopher chun lóin san óstán. Insíonn sí do Luke gur chas sí le Christopher agus bíonn an-éad air faoi.

  • 6:57PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 262

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 7:00PM
    Nuacht TG4

    Nuacht TG4Sraith 24, Eipeasóid 262

    Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

  • 7:30PM
    An Shandon (OS & TS)

    An Shandon (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 3

    Sraith faisnéise ar an láthair í seo a léireoidh an méid a bhíonn ar bun sa chúlra in Óstán an Shandon, áit a mbíonn an méid céanna spraoi ag an bhfoireann agus a bhíonn ag na haíonna! I gclár a trí, tugtar Stoirm Ophelia, an stoirm mhór a raibh an saol Fódlach ag caint uirthi, chun cuimhne. Cén tionchar a bhí aici ar fhoireann agus ar aíonna 'An Shandon'? Beidh Railí an Fhómhair ar an mbaile chomh maith agus beidh Paula, a bhíonn ag obair i spá an óstáin, ag glacadh páirte ann.

  • 8:00PM
    Turas Bóthair (OS & TS)

    Turas Bóthair (OS & TS)Sraith 3, Eipeasóid 3

    Tá Turas Bóthair ar ais do shraith eile, an tríú sraith! Sraith ina bhfuil ceamaraí suiteáilte i gcarranna daoine ar fud na hÉireann le deis a thabhairt don lucht féachana dul ag cúléisteacht ar na paisinéirí agus eolas a chur ar na nithe atá ag déanamh tinnis dóibh. Idir scéalta lúcháire agus bróin, grinn agus tubaiste, grá agus briseadh croí, scéalta éadóchais agus dóchais - tabharfar léargas sa chlár ar an dearcadh atá ag an ngnáthphobal ar chúrsaí an tsaoil ón teicneolaíocht go tinneas, cearta na mban chomh maith le cuid mhór eile.

  • 8:30PM
    Ros na Rún (OS & GS)

    Ros na Rún (OS & GS)Sraith 24, Eipeasóid 6

    Baintear siar as Vince é nuair a úsáideann Caitríona a chárta creidmheasa i ngan fhios dó. Ní cheapann Caitríona go bhfuil údar ar bith aige a bheith míshásta go háirithe mar gheall na bréaga a d'inis seisean faoi Andy. An dtiocfaidh an lánúin as seo ar fad? Faigheann O'Shea deis, ar deireadh, Andy a cheistiú ach tagann athrú ar chúrsaí nuair a chuireann seisean líomhaintí i gcoinne Bhriain. An gcreidfidh O'Shea Andy? Tá Sorcha ag lorg teistiméireachta ach níl Berni sásta ceann a thabhairt di. Le teann eagla féachann Briain a chur ina luí ar Berni teistiméireacht a thabhairt di.

  • 9:00PM
    Glór Tíre - Rogha & Togha (TS)

    Glór Tíre - Rogha & Togha (TS)Sraith 12, Eipeasóid 1

    Cuirfear tús an tseachtain seo le rogha agus togha an dara sraith déag de Ghlór Tíre. Beidh móruaisle an cheoil tíre ar stáitse i dTeach na Céibhe leis an rogha is fearr amhrán. Ar chlár na hoíche anocht beidh Mike Denver, Justin McGurk, Mick Flavin, Shawn Cuddy, Patrick Feeney, Jimmy Buckley agus John McNicholl.

  • 9:30PM
    Underdogs (OS & TS)

    Underdogs (OS & TS)Sraith 8, Eipeasóid 2

    Tá Underdogs, sraith chlúiteach CLG TG4, sa tóir arís ar fhoireann peile nua - grúpa fear a bheidh sách maith le haghaidh a thabhairt ar cheann de na foirne peile gaelaí is fearr sa tír. Tá triúr laochra spóirt ar an bhfoireann bainistíochta - Mickey Ned O Sullivan, Valerie Mulcahy agus Caoimhín Ó Casaide. Ag Institiúid Teicneolaíochta Cheatharlach a bheidh an chéad champa traenála acu agus imreoidh siad a gcéad cluiche dúshláin in aghaidh CLG Cnoc Arda, Co. Cheatharlach. Tabharfar bata agus bóthar do dhuine de na a Underdogs ag deireadh an chláir.

  • 10:30PM
    Fíorscéal (OS & TS)

    Fíorscéal (OS & TS)Sraith 20, Eipeasóid 2

    Fáilte Roimh Frídíní!

    Tá sé os cionn deich mbliana ó thángthas ar thuiscint ar ghéanóm an duine agus tá eolaithe ag déanamh amach anois go bhfuil níos ag baint leis an duine ná sin. Chomh maith le miocróib tá os cionn leath de ghéanóm an duine comhdhéanta de víris, baictéir agus seadáin - atá sa duine de bharr phróiseas na héabhlóide leis na milliúin bliain. Is ar obair an mhicribhitheolaí Maria Gloria Dominguez Bello a dhírítear sa chlár seo agus ar an turas a thug sí go dtí an Amasóin le linn shamhradh 2012.

  • 11:32PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 262

    An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

  • 11:35PM
    Ros na Rún (OS & GS)

    Ros na Rún (OS & GS)Sraith 24, Eipeasóid 6

    Baintear siar as Vince é nuair a úsáideann Caitríona a chárta creidmheasa i ngan fhios dó. Ní cheapann Caitríona go bhfuil údar ar bith aige a bheith míshásta go háirithe mar gheall na bréaga a d'inis seisean faoi Andy. An dtiocfaidh an lánúin as seo ar fad? Faigheann O'Shea deis, ar deireadh, Andy a cheistiú ach tagann athrú ar chúrsaí nuair a chuireann seisean líomhaintí i gcoinne Bhriain. An gcreidfidh O'Shea Andy? Tá Sorcha ag lorg teistiméireachta ach níl Berni sásta ceann a thabhairt di. Le teann eagla féachann Briain a chur ina luí ar Berni teistiméireacht a thabhairt di.

  • 0:05AM
    Scannán: Love comes Softly (TS)

    Scannán: Love comes Softly (TS)

    (2003, Dráma) Katherine Heigl, Dale Midkiff agus Corbin Bernsen na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Michael Landon Jr. Cuirtear iallach ar bhaintreach fear eile a phósadh cé nach bhfuil aon suim aici ann. Ach titeann siad beirt i ngrá lena chéile de réir a chéile.

  • 1:45AM
    Dáil Éireann

    Dáil ÉireannSraith 20, Eipeasóid 2

    Craoladh ar imeachtaí na maidine de riar na hoibre i nDáil Éireann.

  • 2:10AM
    France 24

    France 24Sraith 11, Eipeasóid 262

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.