Sceideal | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

Sceidil TG4

Programme Highlights

Inniu ar TG4

Sceidil an Lae

Dé Máirt 21 Bealtaine

  • 5:30AM
    France 24

    France 24Sraith 11, Eipeasóid 141

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

  • 7:00AM
    Cúla 4

    Cúla 4

    Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

  • 7:02AM
    Mofy

    MofySraith 1, Eipeasóid 44

    Suantraí sa bhForaois

    Casann Mofy le hainmhithe óga agus í ar a bealach tigh Chiaráin. Tagann stoirm an oíche sin agus bíonn imní uirthi faoi na hainmhithe óga.

  • 7:07AM
    Mofy

    MofySraith 1, Eipeasóid 45

    Daideo

    Iarrann an t-ulchabhán ar Mofy aire a thabhairt dá dhaideo fad is a bheidh sé as baile.

  • 7:13AM
    Balloon Barnyard

    Balloon BarnyardSraith 1, Eipeasóid 2

    Lá an Fhaitís

    Tá torann éigin ag coinneáil gach duine ina ndúiseacht. Meas tú cá as a bhfuil an torann ag teacht?

  • 7:20AM
    Olobob Top

    Olobob TopSraith 1, Eipeasóid 21

    Dioscó Deeno

    Is í Lalloo an t-aon duine gan culaith ag an Dioscó Bréagéide, go dtí go dtagann Prioslachán.

  • 7:25AM
    Rita & Crogall

    Rita & CrogallSraith 1, Eipeasóid 5

    Campáil

    Téann Rita agus Crogall ag campáil. Tá áthas ar Rita gur thug a cara tóirse leis.

  • 7:30AM
    Rita & Crogall

    Rita & CrogallSraith 1, Eipeasóid 6

    An Zú

    Téann Rita agus Crogall chuig an zú agus casann Crogall le cairde nua.

  • 7:35AM
    Kid E Cats

    Kid E CatsSraith 1, Eipeasóid 35

    Taibhrimh ar Éileamh

    Tá na piscíní ag iarraidh go mbeadh a rogha brionglóide acu.

  • 7:40AM
    Kid E Cats

    Kid E CatsSraith 1, Eipeasóid 36

    Ag Cumadh Eachtraí

    Tabharfaidh Daideo cúnamh do na piscíní a gcuid samhlaíochta a úsáid.

  • 7:45AM
    School of Roars

    School of RoarsSraith 1, Eipeasóid 45

    Ag Insint Bréag

    Tá Wingston in éad le Icklewoo mar go bhfuil trampailín nua aige. Deir sé le gach duine go bhfuil sár-shleamhnán aige féin, ach ní fíor é.

  • 7:52AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 1, Eipeasóid 5

    An Veain is Fearr

    Cuireann Stan a mhadra Ben isteach ar Sheó Madraí Phlimpáin ach nuair a ghortaíonn Ben é féin roimh an gcomórtas bíonn ar Olly teacht ar phlean eile.

  • 7:57AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 1, Eipeasóid 6

    Glanann Olly Suas

    Tugann Olly agus Stan cúnamh d'Iníon Florette Páirc na gCrann a ghlanadh i ndiaidh cóisire. Ach cá gcuirfidh siad an bruscar ar fad?

  • 8:03AM
    Dot

    DotSraith 1, Eipeasóid 34

    Múch na Soilse

    Tá soilse na cathrach ag teacht idir Dot agus na réaltaí.

  • 8:15AM
    The Furchester Hotel

    The Furchester HotelSraith 1, Eipeasóid 1

    Fáilte Chuig an Furchester

    Bíonn sé ina raic san óstán nuair a shocraíonn muintir Furchester físeán a dhéanamh.

  • 8:26AM
    Maya an Bheachín

    Maya an BheachínSraith 2, Eipeasóid 21

    Maya i gCeannas

    Fágann an Bhanríon Maya i gceannas ar an gcuasnóg ar feadh an lae.

  • 8:40AM
    Bubu & na hUlchabháin Bheaga

    Bubu & na hUlchabháin BheagaSraith 1, Eipeasóid 2

    A Bhláth Beag Bídeach Álainn

    Tiocfaidh Bubu, Biel agus Bonie ar gharraí ina bhfuil neart bláthanna agus foghlaimeoidh siad faoi theacht an earraigh ó iora beag.

  • 8:51AM
    Masha agus an Béar

    Masha agus an BéarSraith 1, Eipeasóid 19

    Ag Foghlaim an Phianó

    Féachann an Béar le múineadh do Masha leis an bpianó a chasadh.

  • 8:58AM
    Kazoops

    KazoopsSraith 1, Eipeasóid 8

    Lean na Rialacha

    Níl a fhios ag Monty cén fáth a dteastaíonn rialacha i gcluichí.

  • 9:05AM
    Zou

    ZouSraith 3, Eipeasóid 39

    Sonóg Zou

    Caithfidh Zou sonóg na foirne a aimsiú roimh an gcluiche mór.

  • 9:16AM
    Ár Scéal (GS)

    Ár Scéal (GS)Sraith 1, Eipeasóid 43

    Bogha Báistí

    Tá Úna gnóthach sa veain agus í ag péinteáil bogha báistí. Fad is atá sé ag triomú rachaidh sí ar thuras chuig Caisleán an Bharraigh chuig a cairde i Scoil Raiftéirí mar go bhfuil scéal acu di dá bailiúchán faoi bhoghanna báistí freisin. Déanfaidh siad pinata i gcruth boghanna báistí agus bíonn an-spraoi acu á phléascadh sula dtugann siad cluas don scéal 'Bogha Báistí'.

  • 9:30AM
    Ainmhí 999 (OS & TS)

    Ainmhí 999 (OS & TS)Sraith 4, Eipeasóid 2

    Sraith a thugann léargas ar an obair a dhéanann carthanacht ainmhithe in Albain. Glaoitear ar Connie O'Neill chuig stáisiún bus áit ar tháinig duine de na tiománaithe ar chaitín óg ar cheann de na busanna.

  • 10:00AM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 11, Eipeasóid 1

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á cur i láthair ag Anne Robinson.

  • 10:55AM
    Little House on the Prairie (TS)

    Little House on the Prairie (TS)Sraith 8, Eipeasóid 17

    Days of Sunshine, Days of Shadow (Part 1)

    Scriosann stoirm an fómhar ar Laura agus ar Almanzo. Barr ar an mí-ádh faigheann Almanzo stróc agus buaileann tinneas an pháiste Laura.

  • 12:15PM
    Logainm (OS & TS)

    Logainm (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 23

    Dathanna

    Sraith ina dtugtar léargas ar logainmneacha na hÉireann, staidéar a thugann chun solais go leor den saibhreas tíreolaíochta atá ar fáil iontu. Le cabhair ó shaineolaithe agus ó thuairiscí ó láithreacha ar fud na tíre, fiosróidh Breanndán Ó Beaglaoich logainmneacha atá sa Ghaeilge. Logainmneacha a bhfuil baint acu le dathanna a bheidh á bplé an tseachtain seo. Ar phainéal na seachtaine seo beidh Eithne Ní Ghallachobhair ó Acadamh Ríoga na hÉireann, agus Nollaig Ó Muraíle, a bhí ina léachtóir in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

  • 12:45PM
    Comhrá (OS)

    Comhrá (OS)Sraith 3, Eipeasóid 3

    Eddie Bheartla Ó Conghaile

    Eddie Bheartla Ó Conghaile, sagart paróiste Thír an Fhia, Co. na Gaillimhe a bheidh ag comhrá le Máirtín Tom Sheáinín. Inseoidh Eddie faoin gcinneadh a ghlac sé dul sna sagairt tar éis a chlann a bheith tógtha aige. Bhásaigh a bhean i 1977. Inseoidh sé freisin dúinn faoin tseirbhís cleamhnais atá tosaithe aige do dhaoine le Gaeilge.

  • 1:15PM
    The West Wing (TS)

    The West Wing (TS)Sraith 1, Eipeasóid 16

    20 Hours In L.A.

    Rachaidh an tUachtarán agus an fhoireann chuig Los Angeles chun freastal ar ócáid mhór tiomsaithe airgid. Ach tá an fear atá ag eagrú na hócáide ag bagairt an ócáid a chur ar ceal mura gcáinfidh an tUachtarán bille a dhéanfadh dochar do dhaoine aeracha. I Washington, féachfaidh Leo le hiallach a chur ar Hoynes gan tacú le bille a bhfuil an tUachtarán ina fhabhar. Casfar Joey Lucas ar Josh arís.

  • 2:05PM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 11, Eipeasóid 1

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á cur i láthair ag Anne Robinson.

  • 3:00PM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag a 7 a.m. go dtí a 10.00 am agus arís ag a 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 3:02PM
    Dot

    DotSraith 1, Eipeasóid 37

    Ag Súil le hUibheacha

    Tá Dot ag súil go mór leis na huibheacha a bhéarfaidh a cuid cearc.

  • 3:13PM
    Kazoops

    KazoopsSraith 1, Eipeasóid 36

    Lán Tí

    Samhlaíonn Monty mar bheadh an teach dá mbeadh níos mó spáis aige féin agus ag Jimmy Jones.

  • 3:20PM
    Bubu & na hUlchabháin Bheaga

    Bubu & na hUlchabháin BheagaSraith 1, Eipeasóid 21

    Misean Tarrthála

    Nuair a fheiceann na hulchabháin óga éinín beag i mbéal crogaill, cuireann siad fios ar ainmhithe na foraoise chun cabhrú leo an t-éinín a thabhairt slán. Ní thuigeann siad nach bhfuil an t-éinín i gcontúirt ar chor ar bith.

  • 3:31PM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 1, Eipeasóid 77

    Nuair a Bheidh Mé Mór

    Tá Nic agus Sailí ag iarraidh déanamh amach céard a bheidh Pugail a dhéanamh nuair a bheidh sí mór.

  • 3:44PM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 1, Eipeasóid 78

    Ar Dhóigh Eile

    Tugann an Cat, Nic agus Sailí cuairt ar thrí ainmhí a dhéanann rudaí ar bhealaí éagsúla.

  • 4:00PM
    Cúla 4

    Cúla 4

    Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

  • 4:02PM
    Alvinnn !!! agus na Chipmunks

    Alvinnn !!! agus na ChipmunksSraith 1, Eipeasóid 22

    Seo Linn ag Campáil!

    Ní maith le Dave go bhfuil na hioraí talún ag caitheamh an oiread ama ar an ríomhaire. Tugann sé ag campáil iad don deireadh seachtaine.

  • 4:13PM
    Dónall Dána (GS)

    Dónall Dána (GS)Sraith 4, Eipeasóid 30

    Breithlá Breá ag Dónall

    Níl mórán fonn ar Dhónaill a bhreithlá a cheiliúradh.

  • 4:24PM
    Angelo Rules (GS)

    Angelo Rules (GS)Sraith 4, Eipeasóid 13

    Fostaí na Míosa

    Tá post faighte ag Angelo sa bPáirc Siamsaíochta agus tá pleananna móra aige.

  • 4:35PM
    Zak Jinks

    Zak JinksSraith 1, Eipeasóid 38

    Dream an Pháipéir

    Tá tionscnamh ar bun sa rang agus caithfidh na gasúir ar fad scéal éigin a aimsiú agus alt a scríobh faoi don nuachtán scoile. Tá an oiread bíse ar Zak agus ar Jason go gcruthaíonn siad scéal nach bhfuil siad iomlán cinnte de, ach insíonn Olivia an scéal ceart dóibh.

  • 4:47PM
    Spongebob Squarepants (GS)

    Spongebob Squarepants (GS)Sraith 10, Eipeasóid 9

    An tÉalú & Roinn na nEarraí Caillte

    Téann SpongeBob amú ar a theagascóir tiomána. Cuireann an tUasal Krabs SpongeBob ar thóir bréagán atá ar iarraidh agus aimsíonn SpongeBob é féin in oifig na n-earraí caillte.

  • 5:10PM
    Dochreidte Gan Dabht (GS)

    Dochreidte Gan Dabht (GS)Sraith 5, Eipeasóid 4

    Seo é Dochreidte Gan Dabht, an clár ar a mbeidh na curiarrachtaí is aistí, is iontaí agus is dochreidte dá bhfaca tú riamh. An líon is mó uibheacha is féidir a scoilteadh le tarbhlasc i nóiméad amháin ina measc. Á chur i láthair ag Eoghan Ó Loideáin.

  • 5:28PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 141

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 5:30PM
    Scothfhoirne (OS & GS)

    Scothfhoirne (OS & GS)Sraith 1, Eipeasóid 8

    1960idí / An Fhrainc

    Sraith ina roghnóidh painéal saineolaithe cuid de na himreoirí ab fhearr riamh chun 'scothfhoireann' a chur le chéile. Ní éasca an jab a bheidh ag an bpainéal foireann a phiocadh ó na 60idí, ré órga an chluiche. Beidh orthu togha na n-imreoirí a fhágáil amach. Cé a roghnóidh siad ar scothfhoireann na Fraince? Idir laochra Chorn an Domhain agus sár-imreoirí thar na blianta, beidh plúr na n-imreoirí acu.

  • 6:00PM
    Gilmore Girls (TS)

    Gilmore Girls (TS)Sraith 1, Eipeasóid 20

    P.S. I Lo...

    Sraith ghrinn drámaíochta. Tá Rory fós trína chéile faoi Dean. Cailleann sí an cloigeann le Lorelai mar nár inis sí di go raibh sí ar ais in éineacht le Max. Insíonn Dean do Lorelai an chúis ar bhris sé amach le Rory agus cuireann Lorelai comhairle ar Rory a bheith níos macánta faoi mar a mhothaíonn sí.

  • 6:57PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 141

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 7:00PM
    Vóta 2019

    Vóta 2019Sraith 1, Eipeasóid 5

    Clár beo ina ndéanfar plé ar iarrthóirí agus ar mhórcheisteanna sna Toghcháin Áitiúla agus Eorpacha. Pléifear cúrsaí an Reifrinn chomh maith leis na pobalbhreitheanna.

  • 8:00PM
    Tríd an Lionsa (OS & TS)

    Tríd an Lionsa (OS & TS)Sraith 2, Eipeasóid 3

    Misinéirí Sláinte

    Sraith a thugann léargas ar an saibhreas breá grianghraf atá sna taiscí cartlainne a tógadh sa tréimhse ó 1880-1902, luath-laethanta ré na grianghrafadóireachta in Éirinn. Á cur i láthair ag an Dr. Úna Ní Bhroiméil. Sa Leabharlann Náisiúnta tá bailiúchán grianghraf Bhord na gCeantar Cúng agus mar chuid de, tá grianghraif de mhná a d'oibrigh ina mbanaltraí faoin Scéim Leighis Dudley i gcuid de na ceantair ba bhoichte ar chósta thiar na hÉireann ó 1903 ar aghaidh. Fiosrófar sa chlár seo na pobail ar a raibh na banaltraí ag freastal agus an cineál saoil a bhí acu féin agus a gcuid othar.

  • 8:30PM
    Ros na Rún (OS & GS)

    Ros na Rún (OS & GS)Sraith 23, Eipeasóid 75

    Le teann faitís roimh Andy, tugann Michelle Eur5,000 dó ach tá sé ag éileamh tuilleadh anois. Socraíonn Michelle imeacht as Ros na Rún ar fad mar gheall air. Tá Jude ag ceapadh gurb é Briain a fear céile, Máirtín, atá caillte agus tá faitíos uirthi roimhe. Nuair a thuigeann Berni chomh corraithe atá Jude iarrainn sí ar Bhriain imeacht ach an nglacfaidh Briain leis seo?

  • 9:00PM
    Glór Tíre - Rogha & Togha (TS)

    Glór Tíre - Rogha & Togha (TS)Sraith 11, Eipeasóid 5

    Rogha agus togha an aonú sraith déag de Ghlór Tíre. Beidh móruaisle an cheoil tíre ar stáitse i dTeach na Céibhe leis an rogha is fearr amhrán. Ar chlár na hoíche anocht beidh Hugo Duncan, Paddy O Brien, Lisa McHugh, Derek Ryan, John Hogan, Trudi Lawlor, Mike Denver, Gerry Guthrie agus Robert Mizzell.

  • 9:30PM
    Opry an Iúir (OS & TS)

    Opry an Iúir (OS & TS)Sraith 5, Eipeasóid 1

    Stars

    Tá Opry an Iúir ar ais agus á chur i láthair arís ag Daniel O'Donnell. Clár an-speisialta é an clár seo, Opry leis na Réaltaí. I measc na n-aíonna beidh Sandy Kelly, Brendan Quinn, Gloria, Ray Lynam agus Frank McCaffrey.

  • 10:40PM
    Orange Is the New Black (TS)

    Orange Is the New Black (TS)Sraith 2, Eipeasóid 6

    You Also Have a Pizza

    Lá Vailintín atá ann ach an bhfuil an grá faoi bhláth? Ceistíonn Poussey an ceangal atá ag Taystee le Vee. Tugann Piper tairiscint do Healy.

  • 11:50PM
    Ros na Rún (OS & GS)

    Ros na Rún (OS & GS)Sraith 23, Eipeasóid 75

    Le teann faitís roimh Andy, tugann Michelle Eur5,000 dó ach tá sé ag éileamh tuilleadh anois. Socraíonn Michelle imeacht as Ros na Rún ar fad mar gheall air. Tá Jude ag ceapadh gurb é Briain a fear céile, Máirtín, atá caillte agus tá faitíos uirthi roimhe. Nuair a thuigeann Berni chomh corraithe atá Jude iarrainn sí ar Bhriain imeacht ach an nglacfaidh Briain leis seo?

  • 0:20AM
    Friday Night Lights (TS)

    Friday Night Lights (TS)Sraith 3, Eipeasóid 8

    New York, New York

    Tá Tami ag cuimhneamh dul chun cónaithe in áit éigin eile. Tá Eric ag ceapadh go gcaithfidh sé duine eile a fháil chun áit Mac a ghlacadh ó tharla gur thit sé as a sheasamh ag traenáil. Níl a fhios ag Tyra an fearr di mian a croí a leanúint nó a buachaill a leanúint.

  • 1:12AM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 141

    An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

  • 1:15AM
    Fíorscéal (OS & TS)

    Fíorscéal (OS & TS)Sraith 19, Eipeasóid 35

    Sodar i dTreo na Gealaí 2

    Gheall Kennedy i 1962 go gcuirfí fear ar an ngealach roimh dheireadh na seascaidí agus sin é go díreach a rinne Meiriceá. Tar éis chlár Gemini, an clár a thug NASA chun cinn ar a gcuid iomaitheoirí, tháinig an clár Apollo. Bhí drochthús ag Apollo 1 nuair a bhásaigh triúr spásairí le linn traenála ach baineadh amach an sprioc le Apollo 11 nuair a shiúil Neil Armstrong ar an ngealach an 20ú Iúil 1969 agus an saol mór ag breathnú air le hiontas.

  • 2:20AM
    France 24

    France 24Sraith 11, Eipeasóid 141

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.