Sceideal | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

Sceidil TG4

Programme Highlights

Inniu ar TG4

Sceidil an Lae

Déardaoin 27 Meitheamh

  • 5:30AM
    France 24

    France 24Sraith 11, Eipeasóid 178

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

  • 7:00AM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag a 7 a.m. go dtí a 10.00 am agus arís ag a 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 7:02AM
    Rita & Crogall

    Rita & CrogallSraith 1, Eipeasóid 13

    Cóisir

    Osclaíonn Rita bronntanas Mhuiris ar an mbealach chuig a chóisir, agus tosaíonn sí féin agus Crogall ag spraoi leis.

  • 7:07AM
    Rita & Crogall

    Rita & CrogallSraith 1, Eipeasóid 14

    Rothaíocht

    Is breá le Rita dul ag rothaíocht sa pháirc le Crogall ach an bhfuil Muiris níos fearr na í ar an rothar?

  • 7:12AM
    School of Roars

    School of RoarsSraith 1, Eipeasóid 37

    Teidí Beag Glas

    Díolann máthair Wufflebump a teidí beag ag margadh na scoile trí thimpiste. An mbeidh Wufflebump in ann é a fháil ar ais?

  • 7:20AM
    School of Roars

    School of RoarsSraith 1, Eipeasóid 38

    Arracht Grinn

    Tugann Wufflebump bréagán nua Growlbert chuig an scoil. Bíonn an-spraoi aige féin agus Yummble ag imirt cleas ar a gcuid cairde leis.

  • 7:27AM
    Peg & Cat

    Peg & CatSraith 3, Eipeasóid 19

    Casann Peg le Cat

    Tá Peg ag iarraidh an cat beag atá ar strae a choinneáil mar pheata ach ní éiríonn léi é seo a mhíniú dá máthair.

  • 7:39AM
    Dinosaur Train (GS)

    Dinosaur Train (GS)Sraith 4, Eipeasóid 19

    Ceolchoirm do Chriostal agus Rí: Cuid a 1

    Eagraíonn Criostal agus an Rí ceolchoirm chun aird a tharraingt ar an ró-iascaireacht atá á dhéanamh sa Linn Mhór.

  • 7:52AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 1, Eipeasóid 19

    Ní hAon Chúis Imní É

    Tá Stan agus Olly ag dul ag campáil ach tá sé deacair láthair champála cheart a aimsiú. Nuair a thagann siad ar láthair, ní thugann Stan cead d'Olly cúnamh a thabhairt dó an campa a chur suas.

  • 7:56AM
    Wissper

    WissperSraith 1, Eipeasóid 19

    Nóta Ard Phóil

    Iarrann Pól an Panda cúnamh ar Wissper. Tá sé ag iarraidh a bheith in ann canadh ach níl aon ghuth aige.

  • 8:03AM
    Tractor Tom

    Tractor TomSraith 1, Eipeasóid 25

    Lá gnóthach ag Tom

    Nuair a fhágann Fi Tom i gceannas, caitheann sé dul i ngleic le cúpla bligeard.

  • 8:13AM
    The Furchester Hotel

    The Furchester HotelSraith 1, Eipeasóid 19

    An tUasal Barróga ina Chodladh

    Titeann béar ina chodladh i bhforhalla an óstáin agus féachann ár gcairde len é a chur i seomra.

  • 8:25AM
    Zou

    ZouSraith 3, Eipeasóid 19

    Zou an tEolaí

    Caithfidh Zou tabhairt faoi thogra taighde eolaíochta inniu.

  • 8:38AM
    Masha agus an Béar

    Masha agus an BéarSraith 1, Eipeasóid 19

    Ag Foghlaim an Phianó

    Féachann an Béar leis an bpianó a mhúineadh do Masha.

  • 8:45AM
    Loopdidoo

    LoopdidooSraith 5, Eipeasóid 24

    Ladrann sa Zón

    Is faoi Loopdidoo atá sé a fháil amach cé a bhris drón Basil.

  • 8:51AM
    Dot

    DotSraith 1, Eipeasóid 25

    Meitheal Oibre

    Tá Dot agus Hal ag iarraidh an gairdín a réiteach.

  • 9:03AM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 1, Eipeasóid 25

    Tóraíocht Taisce

    Tá Nic agus Sailí ag ligean orthu féin gur foghlaithe mara iad. Tugann an Cat ag tóraíocht taisce iad ag úsáid léarscáil foghlaí mara.

  • 9:15AM
    Ár Scéal (GS)

    Ár Scéal (GS)Sraith 1, Eipeasóid 19

    An Phiongain

    Tabharfaidh Úna Ní Fhlatharta cuairt ar scoileanna ar fud na tíre chun scéalta a bhailiú agus chun cabhrú leis na daltaí óga tabhairt faoi thograí móra ealaíne bunaithe ar charachtair agus ar théamaí na scéalta. Ar Scoil Náisiúnta Leitir Mealláin i gCo. na Gaillimhe a thabharfaidh Úna cuairt inniu chun scéal faoi Phiongain a chur lena bailiúchán scéalta. Beidh an-spraoi aici in éineacht lena cairde beaga ag déanamh piongainí dá gcuid féin. Bíonn píosa spraoi acu sa rang nuair a dhamhsaíonn siad an liombó sula n-insíonn siad an scéal 'An Phiongain'.

  • 9:30AM
    Ainmhí 999 (OS & TS)

    Ainmhí 999 (OS & TS)Sraith 6, Eipeasóid 5

    Sraith a thugann léargas ar an obair a dhéanann carthanacht ainmhithe in Albain. Cuirtear fios chuig Glaschú ar Jan Toraman chun dhá eala atá imithe ar strae agus atá i gcontúirt anois a thabhairt slán.

  • 10:00AM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 11, Eipeasóid 27

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

  • 10:55AM
    Little House on the Prairie (TS)

    Little House on the Prairie (TS)Sraith 1, Eipeasóid 13

    The Lord is My Shepherd Part 1

    Bíonn an-áthas go deo ar mhuintir Ingalls nuair a bheirtear mac óg dóibh, Charles Fredrick Ingalls. Bíonn an-éad ar Laura faoin bpáiste óg agus diúltaíonn ar fad dó. Nuair a chailltear an páiste go gairid ina dhiaidh sin bíonn Laura ag mothú an-dona faoi. Socraíonn sí imeacht ón mbaile agus dul ag guí do dtarlóidh míorúilt.

  • 12:00PM
    Abair Amhrán (OS)

    Abair Amhrán (OS)Sraith 1, Eipeasóid 5

    Sraith a dhéanann ceiliúradh ar amhráin a bhíodh againn ag éirí aníos.

  • 12:15PM
    Dúiche (OS & TS)

    Dúiche (OS & TS)Sraith 2, Eipeasóid 7

    Ag Féile Ealaíon Idirnáisiúnta Baboró do Leanaí i gCathair na Gaillimhe a bheimid inniu. Tá an fhéile 19 bliain ar an bhfód i mbliana agus tá sí dírithe ar leanaí agus ar theaghlaigh. Inseoidh an t-údar mór le rá, Patricia Forde, stair na féile dúinn. Rachaimid go Luimneach ansin le castáil le Cumann Beachaireachta Uirbí Luimnigh a mbíonn feachtas feasachta ar bun acu maidir le cruachás na mbeach. Labhróimid freisin le muintir na háite sa Chaladh i gCo. Ciarraí lena gcuid tuairimí faoi lucht scannán Star Wars a bheith ag taifeadadh ar Sceilig Mhichíl a fháil amach.

  • 12:45PM
    Béaloideas Beo (OS & GS)

    Béaloideas Beo (OS & GS)Sraith 2, Eipeasóid 4

    Dinnseanchas

    An dara sraith de 'Béaloideas Beo'. Tá Seán Mac an tSíthigh ar ais sa stiúideo chun traidisiúin agus nósanna an bhéaloidis sa lá atá inniu ann agus san am atá caite a phlé. Tabharfar cuairt ar Dhún Chaocháin i gCo. Mhaigh Eo áit a bhfuil togra iontach curtha i gcrích ar na logainmneacha ansin. Mar chuid den togra déanadh mionstaidéar ar na hainmneacha atá ag muintir na háite ar na garraithe agus ar shainchomharthaí eile ina gceantar. Cérbh í an Chailleach Bhéara? Cén fáth a bhfuil an oiread sin áiteanna ainmnithe ina diaidh?

  • 1:15PM
    The West Wing (TS)

    The West Wing (TS)Sraith 2, Eipeasóid 20

    The Fall's Gonna Kill You

    Tá Babish ag ceistiú Toby seasta faoin tinneas atá ar Bartlet agus ritheann sé anois léi go mb'fhéidir go bhfuil sí tarraingthe isteach i gcomhcheilg choiriúil chun an dallamullóg a chur ar an bpobal. Tá Babish ag iarraidh an fhoireann a réiteach don ghrinnscrúdú a bheidh ar siúl. Nuair a thagann Abbey ar ais ó thuras, ceistíonn sé í maidir leis an bhfoirm sláinte a shínigh sí faoi rún. Tá Josh den tuairim go dteastaíonn tuilleadh airgid Roinn Dlí chun na comhlachtaí móra tobac a throid.

  • 2:05PM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 11, Eipeasóid 27

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

  • 3:00PM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag a 7 a.m. go dtí a 10.00 am agus arís ag a 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 3:02PM
    Masha agus an Béar

    Masha agus an BéarSraith 2, Eipeasóid 16

    Agus Aicsean!

    Beartaíonn Masha agus an Béar scannán a dhéanamh ach níl siad ar aon intinn faoin scéal.

  • 3:09PM
    PJ Masks

    PJ MasksSraith 1, Eipeasóid 42

    SárChéadfa Gekko

    Ceapann Gekko nach bhfuil maith ar bith lena shárchumhachtaí.

  • 3:21PM
    Cat Cliste

    Cat ClisteSraith 1, Eipeasóid 16

    Lochán Taoide

    Féachann portán le misneach a thabhairt don chat cliste.

  • 3:33PM
    Kazoops

    KazoopsSraith 1, Eipeasóid 2

    Trá sa nGairdín

    Déanann Monty trá sa bhaile nuair nach mbíonn sé féin agus a mhuintir in ann dul chuig an trá.

  • 3:40PM
    Kazoops

    KazoopsSraith 1, Eipeasóid 3

    Cluichí Dineasáir

    Samhlaíonn Monty agus Jimmy Jones mar a bhíodh an saol fadó.

  • 3:50PM
    Cúla 4

    Cúla 4

    Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

  • 3:52PM
    Alvinnn !!! & the Chipmunks

    Alvinnn !!! & the ChipmunksSraith 2, Eipeasóid 30

    Coinnithe Siar

    Caithfidh Alvin léirmheas a dhéanamh ar leabhar do scrúdú dheireadh na bliana nó coinneofar siar é.

  • 4:03PM
    Dónall Dána (GS)

    Dónall Dána (GS)Sraith 2, Eipeasóid 16

    Dónall Dána agus an Cumhrán

    Cruthaíonn Learaí agus Dónall cumhrán a chuireann isteach go mór ar dhaoine.

  • 4:15PM
    Thomas Edison's Secret Lab

    Thomas Edison's Secret LabSraith 1, Eipeasóid 19

    Gan Dúil ar Bith

    Foghlaimíonn ár gcairde sa tsaotharlann faoin gcumarsáid a bhíonn idir ainmhithe.

  • 4:27PM
    Camp Lakebottom

    Camp LakebottomSraith 1, Eipeasóid 19

    Créatúr Tochasach

    Tugann Scuaid a pheata ar ais ó na mairbh.

  • 4:38PM
    Harvey Beaks (GS)

    Harvey Beaks (GS)Sraith 1, Eipeasóid 14

    Scannal Randl/Rí na gCleas

    Faigheann Randl réidh lena Mham agus ceannaíonn ceann nua.

  • 5:00PM
    Na Dúlradóirí (TS)

    Na Dúlradóirí (TS)Sraith 1, Eipeasóid 10

    Fianna Rua

    Níl spéis ag na Dúlradóirí i ní ar bith ach sa timpeallacht - ní nach ionadh. Fianna a bheidh faoi chaibidil ag Na Dúlradóirí inniu. Céard a itheann an fia? An ndéanann siad fuaim ar bith? Tá Na Dúlradóirí ag lorg fianna rua, tá go leor comharthaí ann go bhfuil na fianna anseo ach b'fhéidir go mbeidh sé an-deacair iad a aimsiú. Idir an dá linn, tá Colm agus Fionnuala ag déanamh machnaimh ar an todhchaí ... ar mhaithe leis an eolaíocht dar ndóigh.

  • 5:15PM
    Dochreidte Gan Dabht (GS)

    Dochreidte Gan Dabht (GS)Sraith 4, Eipeasóid 10

    Seo é Dochreidte Gan Dabht, an clár ar a mbeidh na curiarrachtaí is aistí, is iontaí agus is dochreidte dá bhfaca tú riamh. Féachfar leis an líon is mó péirí stocaí a chur le chéile in aon nóiméad amháin. Á chur i láthair ag Eoghan Ó Loideáin.

  • 5:32PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 178

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 5:35PM
    GAA - Club na mBan (OS & TS)

    GAA - Club na mBan (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 1

    Sraith faoi mhná agus cluichí Chumann Lúthchleas Gael a thugann léargas ón taobh istigh dúinn ar shaothar agus ar dhúthracht na mban atá páirteach sna cluichí ag gach leibhéal. Ar an gclár seo, beidh an laoch spóirt as Corcaigh, Rena Buckley atá i mbun a gnó féin ach atá ag iarraidh a bheith ag traenáil freisin. Rachaidh Sinéad Finnegan, a bhfuil gradam All-Star aici chun páirce lena club baile & déanfaidh sí cur síos ar a bhfuil sí ag iarraidh a bhaint amach an séasúr seo chugainn. Buailfimid leis na cairde Ruth & Michelle atá ag fáil faoi réir do Chomórtas Peile na Gaeltachta.

  • 6:05PM
    Gilmore Girls (TS)

    Gilmore Girls (TS)Sraith 2, Eipeasóid 19

    Teach Me Tonight

    Sraith ghrinn drámaíochta. Iarrann Luke ar Rory cúnamh a thabhairt do Jess nuair a fhaigheann sé amach nach bhfuil ag éirí go maith leis ar scoil. Ag an seisiún staidéir, cuireann Jess ina luí ar Rory cead a thabhairt dó a carr a thiomáint ach baineann timpiste dóibh agus gortaítear Rory. Tá Lorelai ar buile le Luke faoin timpiste mar gur cuireadh Rory i gcontúirt. Socraíonn Luke Jess a chur ar an mbus chuig Nua-Eabhrac.

  • 6:57PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 178

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 7:00PM
    Nuacht TG4

    Nuacht TG4Sraith 22, Eipeasóid 178

    Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

  • 7:30PM
    Seal le Dáithí (OS)

    Seal le Dáithí (OS)Sraith 1, Eipeasóid 1

    Cynthia Ní Mhurchú

    Cynthia Ní Mhurchú a bheidh ag caint le Dáithí ar an gclár seo. As Ceatharlach ó dhúchas í agus thosaigh sí ag craoltóireacht le RTÉ i 1988. Chuir sí an comórtas Eurofíse i láthair in éineacht le Gerry Ryan, nach maireann, i 1994. Tá 20 bliain caite aici ag obair san earnáil dlí anois.

  • 8:00PM
    Mná Spóirt: Croí is Anam (OS & TS)

    Mná Spóirt: Croí is Anam (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 1

    Spórt Foirne

    Sa chéad chlár den tsraith faoi mhná i gcúrsaí spóirt, buailfidh Aoife le Rena Buckley, réalta mór peile agus camógaíochta Chorcaí. Pléifidh siad na luachanna a bhaineann le spórt foirne. Gheobhaidh Aoife tuilleadh eolais faoin bhfeachtas nua 20x20, atá ag iarraidh aird an phobail a tharraingt ar spórt na mban.

  • 8:30PM
    Barney Bunion (OS)

    Barney Bunion (OS)Sraith 1, Eipeasóid 1

    Drugaí agus Madraí

    Sraith Ghrinn. Socraíonn Barney Bunion, fear pósta a bhfuil mac amháin aige, slí bheatha nua a dhéanamh dó féin ina bhleachtaire príobháideach agus a dheartháir Cecil ina leathbhádóir aige. Ach níl barúil dá laghad ag Barney ná ag Cecil céard atá i gceist leis an obair seo. Téann madra Kitty ar iarraidh agus tagtar ar lastas mór drugaí san áit. Nuair is beag suim atá ag an Sáirsint i scéal Kitty fostaíonn sí Barney chun é a aimsiú. Cé a cheapfadh gurb é Barney a réiteodh scéal an mhadra agus na ndrugaí!

  • 9:00PM
    A Little Bit Showband

    A Little Bit ShowbandSraith 2, Eipeasóid 3

    Derek Dean

    Clár faisnéise faoi phríomhamhránaí conspóideach an bhanna 'The Freshmen', Derek Dean. Tabharfaidh Derek cuntas ar a shaol mar a chaith sé é i ré na seó-bhannaí - gur ól sé go leor agus gur mó suime a bhí aige i gcúrsaí gnéis ná i gcúrsaí ceoil.

  • 9:30PM
    Hollywood in Éirinn (OS & TS)

    Hollywood in Éirinn (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 1

    The Wind That Shakes the Barley

    Sraith ina gcaitheann an t-aisteoir Denis Conway súil siar ar an tionchar a d'imir mór-scannáin ar an bpobal in Éirinn inar tharla an scannánú ar an láthair. Sa chéad chlár rachaidh Denis go Cúil Aodha agus Droichead na Bandan i gCorcaigh sa tóir ar mhuintir na háite a bhí páirteach i scannán Ken Loach agus iadsan a chabhraigh leis chun an Palme d'Or a bhuachan. Inseoidh daoine as an áit, a bhí ag obair sa chúlra ar an scannán mór le rá seo ina raibh an t-aisteoir Cillian Murphy, a gcuid scéalta féin dó.

  • 10:00PM
    The Field - Crá sa Chré (OS & TS)

    The Field - Crá sa Chré (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 4

    An Lámh Láidir

    Sraith staire, ina bhfiosraítear an tábhacht atá le talamh do mhuintir na hÉireann agus an spéis atá acu ann. Caithfear súil ar chuid de na cásanna cúirte ba mhó sa tír a bhain le talamh. Na dianbhealaí a d'úsáideadh daoine fadó lena dtalamh a chosaint is ábhar do chlár na hoíche anocht.

  • 10:30PM
    Fíorscéal (OS & TS)

    Fíorscéal (OS & TS)Sraith 19, Eipeasóid 8

    Sodar na Sár-Bhaictéar

    Clár faisnéise faoi chúrsaí leighis agus ar a tharlóidh nuair nach mbeidh antaibheathaigh ábalta muid a leigheas níos mó. Is iad na hantaibheathaigh bun agus barr leigheas an lae inniu, ach ní fada uainn faraor an lá a stopfaidh siad ag obair. In achar nach lú na céad bliain, tá an ceann is fearr faighte ag baictéir ar na hantaibheathaigh a bhí in ainm is deireadh a chur leo. Labhrófar le micribhitheolaithe agus le dochtúirí a thabharfaidh a gcuid tuairimí féin maidir leis an méid a chuaigh amú orainn. Inseoidh siad faoi na pleananna atá á gcur i bhfeidhm don a bhfuil i ndán dúinn.

  • 11:25PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 178

    An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

  • 11:30PM
    Scannán: The Other Wife (TS)

    Scannán: The Other Wife (TS)

    (2016, Dráma, Scéinséir) Is iad Kimberley Hews, Tonya Kay agus Christine Sclafani na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Nick Lyon. Bíonn Kate croíbhriste nuair a fhaigheann sí amach go raibh bean eile agus saol eile ag a fear céile Billy, atá anois caillte. Mar bharr ar an mí-ádh, tá dúnmharfóir ina diaidh freisin mar go gceapann sé gur aicise atá an t-airgead a ghoid Billy.

  • 1:10AM
    Dáil Éireann

    Dáil ÉireannSraith 19, Eipeasóid 63

    Craoladh ar imeachtaí na maidine de riar na hoibre i nDáil Éireann.

  • 1:35AM
    France 24

    France 24Sraith 11, Eipeasóid 178

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.