Sceideal | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

Sceidil TG4

Programme Highlights

Inniu ar TG4

Sceidil an Lae

Dé Domhnaigh 21 Aibreán

  • 5:30AM
    France 24

    France 24Sraith 11, Eipeasóid 111

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

  • 7:00AM
    Cúla 4

    Cúla 4

    Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

  • 7:02AM
    Alvinnn !!! agus na Chipmunks

    Alvinnn !!! agus na ChipmunksSraith 1, Eipeasóid 30

    Ar Ais ar Scoil Arís

    Faigheann Dáithí amach nár chríochnaigh sé an scoil riamh. Beartaíonn sé dul ar ais arís ach cé a bheadh sa rang in éineacht leis ach Alvin!

  • 7:13AM
    Dónall Dána (GS)

    Dónall Dána (GS)Sraith 1, Eipeasóid 30

    Dónall Dána agus an Club Rúnda

    Tá Dónall agus Peigí i gcomórtas faoi cé aige a bhfuil an club rúnda is fearr.

  • 7:24AM
    Winston Steinburger & Sir Dudley Ding Dong

    Winston Steinburger & Sir Dudley Ding DongSraith 1, Eipeasóid 33

    Seascann Craiceáilte

    Tuirlingíonn Winston, Dudley agus Hampton ar Phláinéad an Seascainn trí thimpiste agus casann siad le déagóir craiceáilte.

  • 7:35AM
    Winston Steinburger & Sir Dudley Ding Dong

    Winston Steinburger & Sir Dudley Ding DongSraith 1, Eipeasóid 34

    Taibhse i mBurgar

    Scaoileann Sissy Wissy taibhse saor ó bhurgar trí thimpiste.

  • 7:47AM
    Angelo Rules (GS)

    Angelo Rules (GS)Sraith 3, Eipeasóid 2

    An Séitéir

    Féachann Angelo le deireadh a chur le caimiléireacht Tracy.

  • 7:58AM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag a 7 a.m. go dtí a 10.00 am agus arís ag a 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 8:00AM
    Eolaíocht le Bert

    Eolaíocht le BertSraith 1, Eipeasóid 2

    Fuaim

    Tabharfaidh Bert faoi thurgnamh a bhaineann le fuaim inniu.

  • 8:04AM
    Eolaíocht le Bert

    Eolaíocht le BertSraith 1, Eipeasóid 3

    Maighnéadas

    Tabharfaidh Bert faoi thurgnamh a bhaineann le maighnéadas inniu.

  • 8:08AM
    The Furchester Hotel

    The Furchester HotelSraith 1, Eipeasóid 23

    Eochair Phoebe

    Tá an eochair speisialta atá ag Phoebe le gach glas san óstán a oscailt caillte aici.

  • 8:19AM
    Elmo Anseo

    Elmo AnseoSraith 1, Eipeasóid 5

    Ag Roinnt

    Foghlaimeoidh Elmo agus a chara nua Cliste faoi a bheith ag roinnt.

  • 8:25AM
    PJ Masks

    PJ MasksSraith 1, Eipeasóid 30

    Gekko agus Ruaille Buaille ag an Iarsmalann

    Is é Romeo a tharraingeoidh trioblóid anocht.

  • 8:37AM
    Dinosaur Train (GS)

    Dinosaur Train (GS)Sraith 4, Eipeasóid 10

    Tréad Breá Mór

    Tá Tank ag iarraidh an láthair picnice is fearr leis a thaispeáint do Buddy, Tiny, Shiny agus Don, ach bíonn an tréad trícheireatóip ann rompu.

  • 8:50AM
    Woozle & Pip

    Woozle & PipSraith 1, Eipeasóid 15

    Iasc Beag

    Cuireann na cairde Iasc Beag i mbabhla ach níl an Cat sásta.

  • 8:55AM
    Wissper

    WissperSraith 1, Eipeasóid 30

    Am Spraoi

    Tá Ódi cinnte go bhfuil deireadh lena chuid spraoi ó tharla a sciathán liúnta aige.

  • 9:03AM
    Zou

    ZouSraith 3, Eipeasóid 9

    Iarsmalann Zou

    Tá Zou lena mhúsaem féin a oscailt.

  • 9:15AM
    Bia Linn (TS)

    Bia Linn (TS)Sraith 2, Eipeasóid 16

    Pasta

    Sraith spleodrach cócaireachta do pháistí óga. Bí linn sa chistin go bhfeicfidh tú cé a bheidh ag cuidiú le Muireann. Pasta a bheidh á ullmhú ag Muireann inniu. Cé gur bia é seo as an Iodáil is breá linne anseo in Éirinn é. Tabharfaidh Coco cuairt ar bhialann Iodálach agus taispeánfaidh siad dó le pasta a dhéanamh as plúr agus uibheacha.

  • 9:30AM
    Is Mise (GS)

    Is Mise (GS)Sraith 1, Eipeasóid 12

    Cóil ag Stáisiún na Briogáide Dóiteáin

    Tabharfaidh Cóil cuairt ar Stáisiún Bhriogáid Dóiteáin na Ceathrún Rua agus casfaidh sé le Edward agus Dónal. Tabharfaidh siad turas timpeall an ionaid agus taispeánfaidh siad dó na nithe ar fad a bheidh ag teastáil uathu - clogad, seaicéad agus ceamara speisialta. Déanfaidh Dónal cur síos ar an inneall dóiteáin agus bíonn Cóil ar bís nuair a fhaigheann sé deis an píobán dóiteáin a úsáid.

  • 9:45AM
    Ainmhithe Beaga sa bhFiántas (OS & TS)

    Ainmhithe Beaga sa bhFiántas (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 8

    Ainmhithe sa Sneachta

    Caithfimid súil ar mar a chaitheann ainmhithe óga sa sneachta an tráthnóna.

  • 10:15AM
    Seoidíní Staire (OS)

    Seoidíní Staire (OS)Sraith 1, Eipeasóid 1

    Ráth Chairn

    Rachaimid ar fud na tíre le heolas a fháil ar nithe staire agus ar earraí cuimhneacháin atá ag daoine a thugann léiriú ar stair na háite. Is i Ráth Chairn i gCo. na Mí a bheimid an tseachtain seo. Tiocfaimid ar litir athar chuig a mhac le linn an Dara Cogadh Domhanda agus bailiúchán pearsanta d'fheithiclí agus de threalamh feirmeoireachta den seanré.

  • 10:45AM
    Ar Shlí na Fírinne (OS)

    Ar Shlí na Fírinne (OS)Sraith 1, Eipeasóid 1

    Béal Feirste

    Sraith nua, 6 chlár faoin reilig agus an ról atá aici i saol agus i gcultúr na hÉireann. Is cuid den saol an bás agus cé go bhfuil athrú beag ag tarlú sa tír le scór bliain anuas, is gnách gur sa reilig fós a chuirtear an duine in Éirinn tar éis bháis dó. Sa tsraith seo tugann an t-údar aitheanta Séamas Mac Annaidh faoin tábhacht atá leis an reilig i gcultúr na hÉireann a fhiosrú le cabhair ó shaineolaithe béaloideasa, staire agus cultúir. Tabharfaidh Séamas cuairt sa chéad chlár ar Bhéal Feirste agus fiosróidh na scéalta ceilte a bhaineann le stair chasta na cathrach.

  • 11:15AM
    Timpeall na Tíre (OS)

    Timpeall na Tíre (OS)Sraith 17, Eipeasóid 15

    Achoimre ar chuid de mhórscéalta na seachtaine mar a craoladh ar Nuacht TG4.

  • 11:45AM
    Scannán: Harvey (TS)

    Scannán: Harvey (TS)

    (1950, Scannán grinn, Dráma, Fantaisíocht) James Stewart, Wallace Ford agus William H. Lynn na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Henry Koster. Is cosúil go gceapann fear go bhfuil coinín sé troigh ar airde, nach féidir a fheiceáil, mar chara aige agus is cosúil go gceapann a mhuintir go bhfuil sé as a mheabhair!

  • 1:40PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 111

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 1:45PM
    GAA Beo

    GAA BeoSraith 18, Eipeasóid 91

    Craoladh beo ar an gcluiche idir Cill Ia v Na Piarsaigh i gCraobhchomórtas Iomána Chlubanna Chorcaí.

  • 3:30PM
    GAA Beo

    GAA BeoSraith 18, Eipeasóid 92

    Craoladh beo ar an gcluiche idir Fánaithe an Ghleanna v Mainistir na Corann i gCraobhchomórtas Iomána Chlubanna Chorcaí.

  • 6:40PM
    Síolscéalta (OS & TS)

    Síolscéalta (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 4

    Tá díobháil mhór déanta ag an triomach do gharraí Aonghuis agus tá sé ag súil le báisteach. Tá cuireadh faighte aige labhairt faoina gharraí ag imeacht áitiúil. Tugann an tsuim a chuireann daoine ina scéal misneach dó. Téann cúrsaí i bhfeabhas nuair a aimsíonn sé margaí nua. Le teacht an fhómhair, déanann Aonghus machnamh ar an ngnó. Tuigeann sé nach mbeidh sé in ann tollán a cheannach i mbliana ach tugann croíúlacht agus cairdeas na Wwoofers an-spreagadh dó.

  • 7:12PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 111

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 7:15PM
    Nuacht TG4

    Nuacht TG4Sraith 22, Eipeasóid 111

    Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

  • 7:30PM
    Ollchlár Ros na Rún (OS & GS)

    Ollchlár Ros na Rún (OS & GS)Sraith 23, Eipeasóid 33

    Ní chreideann Caitríona go gcuireann torthaí tropaiceacha as do Michelle ach is maith a thuigeann sí ina dhiaidh sin é nuair nach beag nach gcuireann torthaí dá leithéid Michelle den tsaol. Tá Briain ag iarraidh a bheith ag tabhairt gach cúnamh do Bherni ach níl Berni ag glacadh lena chomhairle. Tá Gráinne ag iarraidh cleamhnas a dhéanamh idir Cóilí Jackie agus a ghrá geal B.N.G. Tá Tadhg é féin istigh ar an bplean agus coinníonn sé Cóilí Jackie Tigh Thaidhg. Tá Jude ar iarraidh agus téann David, Bobbi Lee agus Máire á cuardach. I ngan fhios dóibh, tá Jude tar éis bualadh le Andy ar an trá.

  • 8:30PM
    Réalta agus Gaolta (OS & TS)

    Réalta agus Gaolta (OS & TS)Sraith 2, Eipeasóid 5

    Leanfar leis an gcuardach don teaghlach is cumasaí sa tír! Sraith ceoil agus damhsa ina rachaidh teaghlaigh chumasacha san iomaíocht ar stáitse. Cé a bheidh ina seaimpíní in 2019? Á cur i láthair ag Síle Seoige agus is iad Sinéad Ní Uallacháin, craoltóir agus léiritheoir, Irial Ó Ceallaigh, amhránaí sean-nóis agus Jim Lockhart ón mbanna ceoil "Horslips" na moltóirí.

  • 9:30PM
    Gradam Ceoil TG4 2019 (OS & TS)

    Gradam Ceoil TG4 2019 (OS & TS)

    Gradam Ceoil TG4 2019 as Halla an Waterfront i mBéal Feirste. Tiocfaidh plúr na gceoltóirí traidisiúnta ó gach cearn den domhan le chéile don ócáid speisialta seo. Ina measc Tríona Ní Dhomhnaill, Catherine McEvoy, Conor Connolly, Brendan Mulkere, Nicky & Anne McAuliffe, Four Men and a Dog, Thomas McCarthy agus go leor eile. Á chur i láthair ag Dónal O'Connor agus Doireann Ní Ghlacáin.

  • 11:45PM
    Carole King - Natural Woman

    Carole King - Natural Woman

    Scannán faoi shaol agus shaothar Carole King, ó bhí sí ina cailín óg ag éirí aníos i Brooklyn go dtí an t-am ar bhain sí clú agus cáil amach ina scríbhneoir amhrán in éineacht lena fear céile Gerry Goffin. Scríobh sí amhráin a bhain cáil mhór amach sna 60idí, "Take Good Care of My Baby", "The Locomotion" agus "Will You Love Me Tomorrow" ina measc. D'éirigh léi féin barr na gcairteacha a bhaint amach leis na hamhráin "It's Too Late, You've Got a Friend" agus "I Feel the Earth Move". Tá breis is 400 amhrán dá cuid canta ag breis is 1,000 amhránaí ar fud an domhain mhóir go dtí seo.

  • 0:45AM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 111

    An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

  • 0:50AM
    The Battle with Satan (OS)

    The Battle with Satan (OS)

    Ag deireadh an 20ú haois, thug an Pápa Eoin Pól II ar ais deasghnáth a bhí san Eaglais Chaitliceach Rómhánach a bhain le díbirt deamhan, deasghnáth a cleachtadh go forleathan ina dhiaidh sin sa bPolainn. Seo scéal triúr cailíní a chreideann go bhfuil an diabhal iontu féin a chaitear a dhíbirt astu. Féachann an tAthair Radon, sagart Caitliceach agus síciteiripeoir, taighde a dhéanamh ar an ábhar agus faigheann sé amach gur ó Phrotastúnaigh as Meiriceá a tháinig an deasghnáth isteach san Eaglais Chaitliceach an chéad lá riamh.

  • 1:50AM
    France 24

    France 24Sraith 11, Eipeasóid 111

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.