Sceideal | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

Sceidil TG4

Programme Highlights

Inniu ar TG4

Sceidil an Lae

Dé hAoine 24 Bealtaine

  • 5:30AM
    France 24

    France 24Sraith 11, Eipeasóid 144

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

  • 7:00AM
    Cúla 4

    Cúla 4

    Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

  • 7:02AM
    Mofy

    MofySraith 1, Eipeasóid 50

    Brioscaí Searbha

    Tugann Ciarán cuireadh do chuile dhuine chuig tae agus tugann Sora a cuid brioscaí féin ann. Tá na brioscaí gránna ach níl aon duine ag iarraidh é a rá léi.

  • 7:07AM
    Mofy

    MofySraith 1, Eipeasóid 51

    Cóisir Foraoise

    Tá Mofy le hamhrán a chasadh ag an gcóisir ach tá imní uirthi mar gheall nach bhfuil sí go maith ag gabháil fhoinn.

  • 7:13AM
    Balloon Barnyard

    Balloon BarnyardSraith 1, Eipeasóid 5

    Lá na gCaorach

    Caithfear na caoirigh a chur isteach sa chró nua ach tá Barkley, an madra caorach, tinn.

  • 7:20AM
    Olobob Top

    Olobob TopSraith 1, Eipeasóid 24

    Oíche Mhaith

    Tá Bobble ag fanacht tigh Deeno anocht ach tá sé ag cloisteáil torann aisteach atá ag cur faitís air. An mbeidh Breo Ló in ann é a chur ar a shuaimhneas?

  • 7:25AM
    Tractor Tom

    Tractor TomSraith 1, Eipeasóid 34

    Feithicil Nua

    Tá Fi ag fáil feithicil nua. Meas tú cén sórt feithicle a bheidh inti agus an dteastóidh Tom agus a chairde uaithi níos mó?

  • 7:35AM
    Kid E Cats

    Kid E CatsSraith 1, Eipeasóid 41

    Féile an Chait Dhuibh

    Déanfaidh na piscíní Féile an Chait Dhuibh a cheiliúradh lena gcairde.

  • 7:40AM
    Kid E Cats

    Kid E CatsSraith 1, Eipeasóid 42

    Cá Bhfuil an Míol Mór?

    Tá daidí ag iarraidh pictiúr a thógáil de mhíol mór do chomórtas grianghrafadóireachta.

  • 7:45AM
    School of Roars

    School of RoarsSraith 1, Eipeasóid 48

    Ag Insint Scéalta

    Tá ná páistí ag déanamh eitleog daite. Níl a cheann féin déanta ag Yummble áfach mar go bhfuil sé ró-ghnóthach ag insint scéilíní faoina chuid cairde. An gcuideoidh a chuid cairde leis anois?

  • 7:52AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 1, Eipeasóid 11

    An Dealbh Nua

    Tá dealbh nua le nochtadh go poiblí ag an Méara ach rinne sí dearmad é a rá le daoine!

  • 7:57AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 1, Eipeasóid 12

    An Cairtín Briste

    Tá cairtín déanta ag Stan d'Eoinín don rás agus is cairtín fíor-speisialta í mar go bhfuil ríomhaire inti!

  • 8:03AM
    Dot

    DotSraith 1, Eipeasóid 37

    Ag Súil le hUibheacha

    Tá Dot ag súil go mór leis na huibheacha a bhéarfaidh a cuid cearc.

  • 8:15AM
    The Furchester Hotel

    The Furchester HotelSraith 1, Eipeasóid 4

    Iódal-ay-hee-hoo!

    Foghlaimíonn muintir Furchester le teachtaireachtaí a sheoladh ag iódaláil.

  • 8:26AM
    Maya an Bheachín

    Maya an BheachínSraith 2, Eipeasóid 24

    Céirbheach an Caimiléara

    Goideann Céirbheach amhrán na seangán.

  • 8:40AM
    Bubu & na hUlchabháin Bheaga

    Bubu & na hUlchabháin BheagaSraith 1, Eipeasóid 5

    An Sleamhnán Daite

    Is fada le Bubu, Biel agus Bonie go stopfaidh an bháisteach nó go bhfeiceann siad bogha ceatha.

  • 8:51AM
    Masha agus an Béar

    Masha agus an BéarSraith 1, Eipeasóid 22

    D'anáil a Choinneáil

    Tá fail ar Masha agus tá an Béar ar a dhícheall ag iarraidh í a leigheas.

  • 8:58AM
    Kazoops

    KazoopsSraith 1, Eipeasóid 11

    Stocaí mar a chéile

    Níl Monty in ann teacht ar phéire stocaí atá ag meaitseáil. Cén fáth a gcaithfidh rudaí a bheith ag meaitseáil ar aon nós?

  • 9:05AM
    Zou

    ZouSraith 3, Eipeasóid 42

    Zou an Damhsóir Bailé

    Déanfaidh Zou rud ar bith le rang bailé a sheachaint inniu.

  • 9:16AM
    Ár Scéal (GS)

    Ár Scéal (GS)Sraith 1, Eipeasóid 46

    Tadhg an Spideog

    Buailfidh Úna bóthar agus tabharfaidh sí a haghaidh ar Ghaelscoil Donncha Rua i gCo. an Chláir áit a bhfuil scéal ag a cairde di le cur lena bailiúchán scéalta. Déanfaidh siad spideog ollmhór in éineacht sula dtugann siad cluas don scéal 'Tadhg an Spideog'.

  • 9:30AM
    Ainmhí 999 (OS & TS)

    Ainmhí 999 (OS & TS)Sraith 4, Eipeasóid 5

    Sraith a thugann léargas ar an obair a dhéanann carthanacht ainmhithe in Albain. Rachaidh an t-oibrí tarrthála Stacey Irwin chuig árasán in aice le lár Glaschú, áit a bhfuil cait thréigthe.

  • 10:00AM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 11, Eipeasóid 4

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á cur i láthair ag Anne Robinson.

  • 10:55AM
    Little House on the Prairie (TS)

    Little House on the Prairie (TS)Sraith 8, Eipeasóid 20

    A Faraway Cry

    Faigheann Caroline glaoch ó sheanchara léi, Louisa, atá ag iompar clainne ach atá go dona tinn. Faigheann Louisa bás ach maireann an páiste.

  • 11:50AM
    Cheese Slices (TS)

    Cheese Slices (TS)Sraith 1, Eipeasóid 3

    Parmigiano Reggiano / Grana Padano

    Sraith a fhiosraíonn na scéalta agus na traidisiúin iontacha a bhaineann leis na cáiseanna is mó cáil ar domhan. Rachaidh an saineolaí cáise Will Studd go dtí an Iodáil go bhfeicfidh sé mar a dhéantar Parmigiano Reggiano. Déantar an cháis seo ar an seanbhealach i gcónaí, i gcoirí copair ollmhóra. Míneoidh Will a ndearnadh le táirgeadh na cáise seo a chosaint.

  • 12:15PM
    Logainm (OS & TS)

    Logainm (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 26

    Crainn agus Coillte na hÉireann

    Sraith ina dtugtar léargas ar logainmneacha na hÉireann, staidéar a thugann chun solais go leor den saibhreas tíreolaíochta atá ar fáil iontu. Le cabhair ó shaineolaithe agus ó thuairiscí ó láithreacha ar fud na tíre, fiosróidh Breanndán Ó Beaglaoich na logainmneacha atá sa Ghaeilge. Logainmneacha a bhfuil baint acu le coillte agus le crainn na hÉireann a bheidh á bplé an tseachtain seo. Ar phainéal na seachtaine seo beidh Máire Ní Neachtain ó Choláiste Mhuire gan Smál, Luimneach agus Fiachra Mac Gabhain, saineolaí logainmneacha.

  • 12:45PM
    Amhráin is Ansa Liom (OS)

    Amhráin is Ansa Liom (OS)Sraith 2, Eipeasóid 18

    Peadar Ó Ceannabháin

    Is é Peadar Ó Ceannabháin as Conamara a bheidh sa stiúideo an tseachtain seo. Casfaidh Peadar na hamhráin is ansa leis féin, 'An Frag', 'Bruach na Carraige Léith', agus 'Máire Ní Eidhin' agus déanfaidh sé píosa cainte fúthu.

  • 1:15PM
    The West Wing (TS)

    The West Wing (TS)Sraith 1, Eipeasóid 19

    Let Bartlet Be Bartlet

    Éiríonn beirt chomhaltaí ar an gCoimisiún Toghcháin as. Casann Sam agus Toby le hoifigigh airm le plé a dhéanamh ar chead a bheith ag daoine atá aerach a bheith san arm. Tagann nóta a scríobh Mandy sular thosaigh sí ag obair sa Teach Bán chun solais. Ann, déanann sí cur síos ar na laigí a bhí i rialtas Bartlet. Deir Leo leis an Uachtarán go bhfuil sé in am aige tacaíocht a thabhairt do na nithe a gcreideann sé féin iontu.

  • 2:05PM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 11, Eipeasóid 4

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á cur i láthair ag Anne Robinson.

  • 3:00PM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag a 7 a.m. go dtí a 10.00 am agus arís ag a 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 3:02PM
    Dot

    DotSraith 1, Eipeasóid 39

    An Cró Madra

    Táthar chun cró madraí nua a dhéanamh do Scratch.

  • 3:13PM
    Kazoops

    KazoopsSraith 1, Eipeasóid 39

    Deaide ag Damhsa

    Tá Monty ag iarraidh a fháil amach an gá go mbeadh duine go maith ag rud le sult a bhaint as ó tharla Stan a bheith chomh dona sin ag damhsa.

  • 3:20PM
    Bubu & na hUlchabháin Bheaga

    Bubu & na hUlchabháin BheagaSraith 1, Eipeasóid 24

    A Mhac go deo, a mhealbhacáin uisce

    Téann na hulchabháin sa tóir ar bhronntanais do Dheaide agus faigheann siad amach mar a fhásann mealbhacáin uisce.

  • 3:31PM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 2, Eipeasóid 3

    Pónaire

    Taispeánann an Cat pónaire speisialta do Nic agus do Shailí.

  • 3:44PM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 2, Eipeasóid 4

    Cad é sin?

    Cloiseann na páistí fuaim faoi leith ach níl siad in ann a dhéanamh amach cá as a bhfuil sí ag teacht.

  • 4:00PM
    Cúla 4

    Cúla 4

    Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

  • 4:02PM
    Alvinnn !!! agus na Chipmunks

    Alvinnn !!! agus na ChipmunksSraith 1, Eipeasóid 25

    Feighlí Leanaí

    Tá airgead ag teastáil ó Alvin chun an físchluiche is déanaí a cheannach agus mar sin socraíonn sé post feighlí leanaí Brittany a ghoid.

  • 4:13PM
    Dónall Dána (GS)

    Dónall Dána (GS)Sraith 4, Eipeasóid 33

    Misean Laochta Dónall Dána

    Tá Rí Dónall agus a chuid ridirí sa tóir ar an gClaíomh Cródhearg!

  • 4:24PM
    Angelo Rules (GS)

    Angelo Rules (GS)Sraith 4, Eipeasóid 16

    Angelo i gCoinne an Scrúdaithe

    Caithfidh Angelo an Máistir Mac Spág a stopadh ó scrúdú a thabhairt don rang.

  • 4:35PM
    Harvey Beaks (GS)

    Harvey Beaks (GS)Sraith 2, Eipeasóid 23

    Fág ag Kathy É & Ag Maireachtáil sa bhFiántas

    Tá ag éirí go maith le seó nua Kathy. Tá lucht leanúna mór aici agus tá duine amháin an-tógtha go deo léi. Téann Harvey agus a chuid cairde ar eachtra dúlra sa bhfiántas ach ní fada go dtuigeann siad nach bhfuil siad ullmhaithe i gceart faoina chóir.

  • 5:00PM
    Is Eolaí Mé (GS)

    Is Eolaí Mé (GS)Sraith 1, Eipeasóid 18

    An Croí

    An croí agus mar a oibríonn sé is ábhar do chlár an lae inniu. Fiosróidh Peadar mar a oibríonn an croí. Tabharfaidh sé cuairt ar otharcharr croí agus feicfidh sé an chaoi a n-oibríonn dífhibrileoir agus an tábhacht atá leis. Tabharfaidh Úna agus a cairde cuairt ar na Cell Explorers in Ollscoil na hÉireann Gaillimh agus fiosróidh siadsan an croí freisin. Tabharfaidh Oisín Concannon agus Oisín Mac Aodh cuairt ar an stiúideo agus ar Pheadar chun níos mó a fháil amach faoin gcaoi a n-oibríonn an croí. Tá meaisín nua faighte ag an Ollamh Ullamh atá sé ag iarraidh a thástáil ar Aodh bocht.

  • 5:28PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 144

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 5:30PM
    Lurgan 2K18 (OS & GS)

    Lurgan 2K18 (OS & GS)Sraith 3, Eipeasóid 2

    Paradise

    Sraith siamsaíochta do dhaoine óga ina dtaispeánfar físeáin nua ó 'TG Lurgan' chomh maith leis na daltaí ardchumasacha a ghlacann páirt iontu. Déanfaidh Noah cur síos ar an deis a fuair sé ceann dá chuid amhrán a chasadh in éineacht leis an Cross Boarder Orchestra of Ireland. Casfaidh sé amhrán nuachumtha "Gan Treoir" agus casfar an t-amhrán "Paradise" le George Ezra.

  • 5:45PM
    Lurgan 2K18 (OS & GS)

    Lurgan 2K18 (OS & GS)Sraith 3, Eipeasóid 3

    Strangers

    Sraith siamsaíochta do dhaoine óga ina dtaispeánfar físeáin nua ó 'TG Lurgan' chomh maith leis na daltaí ardchumasacha a ghlacann páirt iontu. Tabharfar cuntas sa tsraith seo ar na heachtraí saoil a thug na daoine óga seo le chéile agus tabharfar léargas ar an tuiscint atá ag na scoláirí ar chultúr na Gaeilge tríd an gceol. Sa chlár seo casfaidh Grace Willis 'Deora', amhrán nuachumtha, agus tabharfaidh Muireann a haghaidh ar an stáitse ag Féile 2k18 chun 'Strangers', amhrán le Sigrid, a chasadh.

  • 6:05PM
    Gilmore Girls (TS)

    Gilmore Girls (TS)Sraith 2, Eipeasóid 2

    Hammers and Veils

    Sraith ghrinn drámaíochta. Tá Lorelai le Max a phósadh. Ní mó ná sásta atá Emily gur ó Sookie a chloiseann sí an scéala. Ní fada go mbíonn muintir an bhaile ag réiteach don bhainis. Tugann Rory Dean chun dinnéir i dteach a seantuismitheoirí ach is léir nach dtaitníonn Dean le Richard.

  • 6:57PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 144

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 7:00PM
    Nuacht TG4

    Nuacht TG4Sraith 22, Eipeasóid 144

    Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

  • 7:30PM
    Survivor: Heroes vs. Healers vs. Hustlers (OS & TS)

    Survivor: Heroes vs. Healers vs. Hustlers (OS & TS)Sraith 35, Eipeasóid 4

    I don't like having Snakes around

    Tá athrú sna treibheanna agus tá iomaitheoir amháin ag cur isteach go mór ar an treibh nua díreach roimh Chomhairle na Treibhe.

  • 8:25PM
    Na Sár-Laochra Spóirt (OS & GS)

    Na Sár-Laochra Spóirt (OS & GS)Sraith 1, Eipeasóid 4

    Lionel Messi /  Marco Van Basten agus Ruud Gullit / Ferenc Puskás

    Ceathrar imreoirí sacair mór le rá a bheidh faoi chaibidil ar an gclár seo - Lionel Messi, Marco Van Basten agus Ruud Gullit, beirt imreoirí mór le rá as an Ísiltír, agus Ferenc Puskas na hUngáire.

  • 8:55PM
    Scothfhoirne (OS & GS)

    Scothfhoirne (OS & GS)Sraith 1, Eipeasóid 31

    Sasana / An 21ú Aois (46)

    Is mór i gceist an rugbaí i Sasana ach cé na himreoirí a bhainfeadh áit amach ar scothfhoireann na tíre?

  • 9:25PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 144

    An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

  • 9:30PM
    An Western: Bandolero!

    An Western: Bandolero!

    (1968, Aicsean, coiriúlacht, Dráma) Is iad James Stewart, Dean Martin agus Raquel Welch na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Andrew V. McLaglen. Ligeann Mace Bishop air féin gurb é a dheartháir é chun éalú óna chrochadh. Éalaíonn sé ansin go Meicsiceo nuair a bhíonn an sirriam ar a thóir.

  • 11:30PM
    Paul Henry - Portráid Éireannach (OS & TS)

    Paul Henry - Portráid Éireannach (OS & TS)

    Clár faisnéise ar an ealaíontóir Paul Henry. Fiosróidh Antaine Ó Donnaile mar a d'éirigh le Paul Henry, Baisteach as Béal Feirste, íomhánna aitheanta a tharraingt d'Iarthar na hÉireann. Tabharfaidh Antaine cuairt ar Bhéal Feirste, Londain, Páras agus ar Acaill chun na háiteanna agus na daoine a phéinteáil sé a fhiosrú.

  • 0:30AM
    The Vampire Diaries (TS)

    The Vampire Diaries (TS)Sraith 8, Eipeasóid 4

    An Eternity of Misery

    Rachaidh Damon go Texas sa tóir ar an déantán mistéireach. Beidh sé ina achrann nuair a chasfar Peter Maxwell air. Tagann eolas chun solais a chuireann iontas ar Damon. Rachaidh Stefan agus Alaric i bpáirt chun foinse an fhórsa osnádúrtha a aimsiú.

  • 1:20AM
    France 24

    France 24Sraith 11, Eipeasóid 144

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.