Sceideal
Sport Schedule
-
Rugbaí Beo
Dé hAoine, 23 Aibreán, 22:25An t-aicsean is fearr ón Rainbow Cup. Craoladh iarbheo ar Chúige Uladh agus Cúige Chonnacht sa gcéad bhabhta den chomórtas nua seo ó Staid Kingspan. Cuán Ó Flatharta agus Ronan Loughney a bheidh i mbun tráchtaireachta.
-
Cluichí na Bliana (TS)
Dé Sathairn, 24 Aibreán, 11:00Lá mór i stair an Chumann Lúthchleas Gael a bhí ann nuair a bhuaigh Cora Finne Craobh Peile na hÉireann AIB don tríú uair as a chéile. Chuaigh an cluiche go dtí Am Breise ach níorbh Cill Chua ábalta deireadh a chur leis an réim iontach sin.
-
Rugbaí Beo
Dé Sathairn, 24 Aibreán, 21:45An t-aicsean is fearr ón Rainbow Cup. Craoladh iarbheo ar Chúige Laighean agus Cúige Mumhan sa chéad bhabhta den chomórtas nua seo ón RDS. Garry Mac Donncha agus Eamonn Molloy a bheidh i mbun tráchtaireachta.
-
Rugbaí Gold
Dé Domhnaigh, 25 Aibreán, 11:25Buaicphointí ón gCartlann. Deis eile na sean-naimhde, Cúige Laighean agus Scarlets, a fheiceáil in adharca a chéile i gCluiche Ceannais an Guinness PRO14 2018. Bhí an dá fhoireann ag iarraidh éacht stairiúil a bhaint amach - na Laighinigh ag féachaint le craobh mór na hÉireann agus na hEorpa a thabhairt leo in aon bhliain amháin den chéad uair agus na Scarlets sa tóir ar an dara craobh as a chéile.
-
Luthchleasaíocht Beo
Dé Domhnaigh, 25 Aibreán, 11:40Grand prix Lúthchleasaíochta raoin is faiche Mheiriceá ó Ollscoil Oregon. Beidh na lúthchleasaithe uile ar a ndícheall lena n-áit a bhaint amach ar fhoireann Mheiriceá do na Cluichí Oilimpeacha.
-
Rásaí Beo
Dé Domhnaigh, 25 Aibreán, 13:45 - BEOTá Rásaí BEO ar ais ar TG4. Craoladh beo ón Uaimh i gCo. na Mí le Seán Bán Breathnach, Mánus Ó Conghaile, Sarah Lynam agus Daragh Ó Conchúir.
-
Punchestown Festival Preview
Dé Domhnaigh, 25 Aibreán, 17:25Súil chun cinn ar Fhéile Seilge Náisiúnta Bhaile Phúinse. Déanfaidh na saineolaithe anailís ar phríomhimeachtaí na féile agus ar na capaill mhóra a bheidh san iomaíocht. Arna chur i láthair ag Denis Kirwan.
-
Peil na mBan 20 bliain ag Fás
Dé Domhnaigh, 25 Aibreán, 19:00Bhí ról lárnach ag Noelle Healy i mbua Átha Cliath i gCraobh na hÉireann sa mbliain 2017. Inseoidh Noelle dúinn faoi na dúshláin a bhíonn le sárú agus tú ar do dhícheall barr do réime a bhaint amach.
-
Punchestown Festival Preview
Dé Luain, 26 Aibreán, 19:30Súil chun cinn ar Fhéile Seilge Náisiúnta Bhaile Phúinse. Déanfaidh na saineolaithe anailís ar phríomhimeachtaí na féile agus ar na capaill mhóra a bheidh san iomaíocht. Arna chur i láthair ag Denis Kirwan.
-
Cluichí na Bliana (TS)
Dé Sathairn, 1 Bealtaine, 11:00Cluiche spleodrach a bhí idir Carraig Dubh agus Fánaithe an Ghleanna i gCluiche Ceannais Iomána Chorcaí 2020. Bhuaigh Na Rockies an Chraobh den chéad uair ón mbliain 2002. Chuaigh an cluiche go h-am breise agus bhí briseadh croí i ndán d'Fhánaithe an Ghleanna ar deireadh nuair a chaill siad an dara cluiche ceannais iomána as a chéile.
-
Rásaí Beo
Dé Domhnaigh, 2 Bealtaine, 13:45 - BEOTá Rásaí BEO ar ais ar TG4. Craoladh beo as Sligeach le Seán Bán Breathnach, Mánus Ó Conghaile, Evelyn Ní Ghriallais agus Daragh Ó Conchúir.