Sceideal
Sport Schedule
-
GAA Beo
Dé Céadaoin, 18 Bealtaine, 19:20 - BEOCraobh Mionúr Electric Ireland - Craoladh beo ar Chluiche Ceannais Peile Laighean. Á chur i láthair ag Micheál Ó Domhnaill.
-
Rugbaí Beo
Dé hAoine, 20 Bealtaine, 19:20 - BEOAn t-aicsean is fearr ón gCraobh Rugbaí Aontaithe. Craoladh beo ó Staid Kingspan ar an gcluiche idir Cúige Uladh agus na Cell C Sharks i mBabhta 18 den chraobh.
-
GAA 2022
Dé Sathairn, 21 Bealtaine, 10:00Buaicphointí CLG le haicsean ó chraobhacha peile agus iománaíochta.
-
Rugbaí Beo
Dé Sathairn, 21 Bealtaine, 18:40 - BEOAicsean idirchúige sa gCraobh Rugbaí Aontaithe. Craoladh beo ó Staid an Aviva ar an gcluiche idir Cúige Laighean agus Cúige Mumhan i mBabhta 18 den chraobh.
-
GAA Beo
Dé Domhnaigh, 22 Bealtaine, 13:00 - BEOCraobh Iomána F20 oneills.com - Craoladh beo ar Chluiche Ceannais na hÉireann idir Luimneach agus Cill Chainnigh. Á chur i láthair ag Micheál Ó Domhnaill.
-
Cuimhní Órga Spóirt
Dé Domhnaigh, 22 Bealtaine, 16:30Bhuaigh mná Átha Cliath craobh na hÉireann dhá bhliain as a chéile in 2018. Casadh mná Átha Cliath agus mná Chorcaí ar chéile sa gcluiche ceannais, an ceathrú uair ar casadh ar a chéile iad sa gcraobh le cúig bliana, ach ba é seo an chéad uair a bhuaigh Áth Cliath.
-
GAA GOLD
Dé Domhnaigh, 22 Bealtaine, 18:40Tabharfar spléachadh sa gclár seo ar na heachtraí móra CLG a thit amach le linn na bliana 1986. Caithfimid súil ar an gcluiche deireanach a d'imir Jimmy Barry-Murphy do Chorcaigh agus ar an gcéad uair riamh a shroich Tír Eoghain Cluiche Ceannais Peile na hÉireann.
-
GAA 2022
Dé Luain, 23 Bealtaine, 20:00Buaicphointí CLG le haicsean ó chraobhacha peile agus iománaíochta.
-
The Cycling Show (OS & TS)
Déardaoin, 26 Bealtaine, 21:00Irishchlár míosúil rothaíochta a léireoidh na buaicphointí rothaíochta ar fad ó cheann ceann na tíre, an t-aicsean is fearr ó na Craobhchomórtais Náisiúnta agus ón Sraithchomórtas Náisiúnta san áireamh. Beidh gach uile réim den rothaíocht le feiceáil sa tsraith seo agus taispeánfar na gníomhaíochtaí rothaíochta éagsúla in Éirinn agus níos faide ó bhaile. Tá an rothaíocht ar cheann de na spóirt is mó a bhfuil tóir air in Éirinn agus tá neart réimsí éagsúla ann - idir rásaíocht bhóthair agus rothaíocht sléibhe le fána tá díol spéise ann do chách.