TG4 | Underdogs 2021 | Irish Television Channel, Súil Eile Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Underdogs 2021

Underdogs TG4 ar ais agus tá muid sa tóir ar fhoireann nua peileadóirí mná don bhliain 2021. Grúpa ban atá sách maith le haghaidh ar thabhairt ar cheann de na foirne peile Gaelaí is fearr sa tír.
 
Seo do sheans le dul i mbun traenála in éineacht le laochra móra an chluiche agus a bheith faoina stiúir. Is deis é d’imreoirí nach bhfuil eolas ar bith ag an bpobal orthu aghaidh ar thabhairt ar roinnt de na báireoirí is fearr sa tír.
 
Cé atá in ann iarratas a dhéanamh?

  • Ní féidir le daoine a bhí ag imirt ar phainéal craoibhe idirchontae i bPeil na mBan ag leibhéal daoine fásta (sóisir, idirmheánach nó sinsir) le cúig bliana anuas cur isteach ar an gclár.
  • Ní féidir le daoine a bhfuil Craobh idirchontae na hÉireann i bPeil na mBan ag leibhéal daoine fásta (sóisir, idirmheánach nó sinsir) buaite acu cur isteach ar an gclár.
  • Ní mór d’iarrthóirí a bheith ina mbaill chláraithe de Chumann Pheil na mBan (LGFA).
  • Ní mór d’iarrthóirí a bheith 18 mbliana d’aois nó níos sine ar an 14 Meán Fómhair 2020.

 
Fáilteoidh TG4 agus Adare Productions roimh iarratais anois do shraith 2021 de Underdogs.
Beidh trialacha don tsraith ar siúl ag tús mí Dheireadh Fómhair 2020.
 
 
Cliceáil anseo thíos chun iarratas a dhéanamh: