Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Underdogs 2022


 

Cliceáil an cnaipe thíos chun iarratas a dhéanamh:
 


TÁ ‘UNDERDOGS’ TG4 AG LORG IOMÁNAITHE!

 
Tá Underdogs, sraith chlúiteach CLG TG4, ar ais do 2022 agus i mbliana táimid ag díriú ar an iomáint. Táimid ag iarraidh teacht ar ghrúpa fear atá cumasach, díocasach agus uaillmhianach go leor le haghaidh a thabhairt ar cheann de na foirne iománaíochta is fearr sa tír. Beidh grúpa nua roghnóirí mór le rá ar an taobhlíne i mbliana.
 
Seo do sheans dul i mbun traenála in éineacht le laochra móra an chluiche agus a bheith faoina stiúir. Is deis í d’imreoirí nach bhfuil eolas ar bith ag an bpobal orthu aghaidh a thabhairt ar roinnt de na hiománaithe is fearr sa tír.
 
Cé ar féidir leo iarratas a dhéanamh?

  • Imreoirí fir nár imir le foireann idirchontae i gcorn Liam Mhic Cárthaigh
  • Ní mór do gach iarratasóir a bheith 18 mbliana d’aois ar an/faoin 18 Aibreán 2022 le bheith incháilithe.
  • Ní mór d’imreoirí a bheith cláraithe le cumann/club CLG i láthair na huaire.

 
Fáilteoidh TG4 agus Adare Productions roimh iarratais anois do shraith 2022 de Underdogs. Beidh trialacha náisiúnta ar siúl i mí Aibreáin 2022.
 
Is féidir le himreoirí dul chuig www.tg4.ie/underdogs chun iarratas a dhéanamh, nó glaoch a chur ar Adare Productions ag (01) 284 3877 – 083 132 6599; nó ríomhphost a sheoladh go underdogs@adareproductions.ie
 
 


 
Cliceáil an cnaipe thíos chun iarratas a dhéanamh: