{"id":248794,"date":"2026-01-14T14:44:19","date_gmt":"2026-01-14T14:44:19","guid":{"rendered":"https:\/\/www.tg4.ie\/?page_id=248794"},"modified":"2026-01-14T14:46:59","modified_gmt":"2026-01-14T14:46:59","slug":"e13m-i-liuntais-saor-o-chain-le-cailleadh-ag-saighdiuiri-na-heireann-nuair-a-chuirfear-deireadh-le-unifil-in-2027","status":"publish","type":"page","link":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2026-2\/e13m-i-liuntais-saor-o-chain-le-cailleadh-ag-saighdiuiri-na-heireann-nuair-a-chuirfear-deireadh-le-unifil-in-2027\/","title":{"rendered":"\u20ac13m i li\u00fantais saor \u00f3 ch\u00e1in le cailleadh ag saighdi\u00fair\u00ed na h\u00c9ireann nuair a chuirfear deireadh le UNIFIL in 2027"},"content":{"rendered":"<p><img decoding=\"async\" loading=\"lazy\" width=\"1920\" height=\"1080\" src=\"https:\/\/d1og0s8nlbd0hm.cloudfront.net\/wp-content\/uploads\/2026\/01\/14143809\/7LA_UNIFIL_Simon_Harris_1-1920x1080-1.jpg\" alt=\"\" class=\"aligncenter size-full wp-image-248796\" srcset=\"https:\/\/d1og0s8nlbd0hm.cloudfront.net\/wp-content\/uploads\/2026\/01\/14143809\/7LA_UNIFIL_Simon_Harris_1-1920x1080-1.jpg 1920w, https:\/\/d1og0s8nlbd0hm.cloudfront.net\/wp-content\/uploads\/2026\/01\/14143809\/7LA_UNIFIL_Simon_Harris_1-1920x1080-1-250x141.jpg 250w, https:\/\/d1og0s8nlbd0hm.cloudfront.net\/wp-content\/uploads\/2026\/01\/14143809\/7LA_UNIFIL_Simon_Harris_1-1920x1080-1-700x394.jpg 700w, https:\/\/d1og0s8nlbd0hm.cloudfront.net\/wp-content\/uploads\/2026\/01\/14143809\/7LA_UNIFIL_Simon_Harris_1-1920x1080-1-252x141.jpg 252w, https:\/\/d1og0s8nlbd0hm.cloudfront.net\/wp-content\/uploads\/2026\/01\/14143809\/7LA_UNIFIL_Simon_Harris_1-1920x1080-1-1536x864.jpg 1536w, https:\/\/d1og0s8nlbd0hm.cloudfront.net\/wp-content\/uploads\/2026\/01\/14143809\/7LA_UNIFIL_Simon_Harris_1-1920x1080-1-120x68.jpg 120w\" sizes=\"(max-width: 1920px) 100vw, 1920px\" \/><br \/>\n<sup>\u00cdomh\u00e1: \u00d3glaigh na h\u00c9ireann<\/sup><br \/>\n&nbsp;<br \/>\n<center><strong><a href=\"https:\/\/nasc.tg4.tv\/7L\u00c1_2026-01\" rel=\"noopener\" target=\"_blank\">F\u00e9ach ar 7L\u00c1 anseo<\/strong><\/a><\/center><br \/>\n&nbsp;<br \/>\nAr chl\u00e1r c\u00farsa\u00ed reatha TG4 7L\u00c1, l\u00e9ir\u00edonn figi\u00fair\u00ed nua a fuarthas \u00f3n Roinn Cosanta faoin Acht um Shaor\u00e1il Faisn\u00e9ise gur \u00edocadh \u20ac65.6 milli\u00fan i li\u00fantais saor \u00f3 ch\u00e1in le coime\u00e1daithe s\u00edoch\u00e1na na h\u00c9ireann at\u00e1 ar seirbh\u00eds le F\u00f3rsa Eatramhach na N\u00e1isi\u00fan Aontaithe sa Liob\u00e1in (UNIFIL) le c\u00faig bliana anuas.<br \/>\n&nbsp;<\/p>\n<p>Bh\u00ed dh\u00e1 mhisean in 2025 ina raibh 360 coime\u00e1da\u00ed s\u00edoch\u00e1na \u00c9ireannacha ar seirbh\u00eds le UNIFIL, bliain inar \u00edocadh \u20ac13.7 milli\u00fan i li\u00fantais.<br \/>\n&nbsp;<\/p>\n<p>Ar an ioml\u00e1n, \u00edocadh \u20ac13.1 milli\u00fan ar an me\u00e1n in aghaidh na bliana i Li\u00fantais Taca\u00edochta S\u00edoch\u00e1na agus i Li\u00fantais Taca\u00edochta S\u00edoch\u00e1na Armtha le hoifigigh agus le pearsanra a bh\u00ed liost\u00e1ilte sa Liob\u00e1in idir 2021 agus 2025.<br \/>\n&nbsp;<\/p>\n<p><strong>Li\u00fantais \u00edoctha (2021\u20132025) <\/strong><\/p>\n<table>\n<tr>\n<td><strong>Bliain Ph\u00e1rolla<\/strong><\/td>\n<td><strong>2021<\/strong><\/td>\n<td><strong>2022<\/strong><\/td>\n<td><strong>2023<\/strong><\/td>\n<td><strong>2024<\/strong><\/td>\n<td><strong>2025<\/strong><\/td>\n<\/tr>\n<tr>\n<td><strong>(\u20ac)<\/strong><\/td>\n<td>13,001,224<\/td>\n<td>13,952,049<\/td>\n<td>12,140,033<\/td>\n<td>12,800,621<\/td>\n<td>13,722,643<\/td>\n<\/tr>\n<\/table>\n<p>&nbsp;<br \/>\nI r\u00e1iteas do 7L\u00c1 ar TG4, d\u00fairt <strong>PDFORRA<\/strong> (an comhlacht at\u00e1 ionada\u00edoch ar phearsanra liost\u00e1ilte at\u00e1 ar seirbh\u00eds in \u00d3glaigh na h\u00c9ireann): <\/p>\n<p><em>&#8220;Is cuid th\u00e1bhachtach d&#8217;ioncam chomhalta\u00ed \u00d3glaigh na h\u00c9ireann agus a dteaghlaigh iad na Li\u00fantais Taca\u00edochta don Lucht S\u00edoch\u00e1na Armtha. Agus iad ar seirbh\u00eds thar lear b\u00edonn deis ag pearsanra an oili\u00faint at\u00e1 faighte acu a \u00fas\u00e1id i dtimpeallacht oibr\u00edocht\u00fail, a scileanna a chur chun fi\u00fantais agus a muin\u00edn a fhorbairt.<\/p>\n<p>&#8220;Ina theannta sin, cuireann seirbh\u00eds thar lear go m\u00f3r leis na crit\u00e9ir mheas\u00fanaithe le haghaidh ard\u00fa c\u00e9ime. M\u00e1 chailleann siad amach ar an deis seo d\u2019fh\u00e9adfadh droch-thionchar a bheith aige ar ghr\u00fapa nua le hais mar a bheadh ar phearsanra le n\u00edos m\u00f3 taith\u00ed. &#8220;D&#8217;fh\u00e9adfadh na gn\u00e9ithe seo ar fad droch-thionchar a imirt ar \u00e1r gcumas pearsanra a choinne\u00e1il agus a earc\u00fa agus n\u00edos m\u00f3 \u00e9ilimh ag teacht i rith an ama ar shl\u00e1nd\u00e1il idirn\u00e1isi\u00fanta.&#8221;<\/em> &#8211; <strong>Gerard Guinan, Ard-R\u00fana\u00ed PDFORRA<\/strong><br \/>\n&nbsp;<\/p>\n<p>Is \u00e9 an misean s\u00edoch\u00e1na\u00edochta sa Liob\u00e1in an t-imlonn\u00fa is m\u00f3 a bh\u00ed ag \u00c9irinn go dt\u00ed seo agus seirbh\u00eds d\u00e9anta ag 30,000 saighdi\u00fair \u00c9ireannach le UNIFIL \u00f3 1978 i leith. T\u00e1 s\u00e9 beartaithe ag na N\u00e1isi\u00fain Aontaithe deireadh a chur lena n-oibr\u00edochta\u00ed i nDeisceart na Liob\u00e1ine an 31 Nollaig 2026.<\/p>\n<p>Le br\u00fa ag teacht \u00f3 na St\u00e1it Aontaithe agus \u00f3 Iosrael, v\u00f3t\u00e1il Comhairle Sl\u00e1nd\u00e1la na N\u00e1isi\u00fan Aontaithe i m\u00ed L\u00fanasa 2025 deireadh a chur le hoibr\u00edochta\u00ed UNIFIL. Nuair a thiocfaidh deireadh le hoibr\u00edochta\u00ed UNIFIL sa Liob\u00e1in, n\u00ed bheidh ach dorn\u00e1n beag de mhisin bheaga thar lear ar f\u00e1il do shaighdi\u00fair\u00ed de chuid na h\u00c9ireann.<\/p>\n<p>T\u00e1 \u00c9ire ar cheann de 48 dt\u00edr a chuireann pearsanra ar f\u00e1il do mhisean s\u00edoch\u00e1na\u00edochta UNIFIL sa Liob\u00e1in. \u00cdocann na N\u00e1isi\u00fain Aontaithe r\u00e1ta comhr\u00e9idh \u20ac1,262 le t\u00edortha as gach ball d&#8217;aonad m\u00edleata a bh\u00edonn curtha ar mhisean de chuid na N\u00e1isi\u00fan Aontaithe thar lear, in \u00e9ineacht le cuid mhaith de na li\u00fantais a bh\u00edonn ar f\u00e1il do na coime\u00e1daithe s\u00edoch\u00e1na.<br \/>\n&nbsp;<\/p>\n<p>Mar fhreagra ar 7L\u00c1 ar TG4, d\u00fairt an <strong>Roinn Cosanta<\/strong>: <\/p>\n<p><em>&#8220;C\u00e9 gur gn\u00e9 th\u00e1bhachtach at\u00e1 sa tseirbh\u00eds thar lear mar a bhaineann le daoine a mhealladh i dtreo oibri\u00fa in \u00d3glaigh na h\u00c9ireann, t\u00e1 gn\u00e9ithe eile i gceist freisin. Chomh maith lena r\u00f3l idirn\u00e1isi\u00fanta, comhl\u00edonann \u00d3glaigh na h\u00c9ireann feidhmeanna r\u00edth\u00e1bhachtacha sa t\u00edr seo freisin. &#8220;D\u00e9anfar aon choigilteas a bheidh ann de bharr na misean thar lear a bheith laghdaithe a athdh\u00e1ileadh chun tosa\u00edochta\u00ed Cosanta eile a chomhl\u00edonadh. D\u00e9anfaidh an Rialtas imlonnaithe a d\u2019fh\u00e9adfadh teacht chun cinn a mheas de r\u00e9ir an ch\u00e1is.&#8221;<\/em><br \/>\n&nbsp;<\/p>\n<p>T\u00e1 s\u00e9 tugtha le fios ag an Taoiseach Miche\u00e1l Martin go bhf\u00e9adfadh imlonn\u00fa san \u00dacr\u00e1in a bheith san \u00e1ireamh do choime\u00e1daithe s\u00edoch\u00e1na na h\u00c9ireann amach anseo, ag brath ar a dtitfidh amach.<br \/>\n&nbsp;<\/p>\n<p>Ina fhreagra do 7L\u00c1\/TG4, d\u00fairt <strong>RACO, Cumann Ionada\u00edoch na nOifigeach Coimisi\u00fanaithe<\/strong>:<\/p>\n<p><em>&#8220;T\u00e1 \u00d3glaigh na h\u00c9ireann ar seirbh\u00eds ar mhisin s\u00edoch\u00e1na\u00edochta \u00f3 1958 i leith, sin beagnach 70 bliain, agus is curiarracht \u00e9 seo a bhfuil s\u00e9 de cheart againn a bheith br\u00f3d\u00fail as. Tugann an tseirbh\u00eds thar lear taith\u00ed oibr\u00edocht\u00fail at\u00e1 r\u00edth\u00e1bhachtach do shaighdi\u00fair\u00ed i dtimpeallacht iln\u00e1isi\u00fanta agus t\u00e1 s\u00e9 t\u00e1bhachtach don fhorbairt ghairmi\u00fail.<\/p>\n<p>Is c\u00fais d\u00edom\u00e1 \u00e9 go bhfuil misean UNIFIL ag teacht chun cr\u00edche agus t\u00e1 s\u00fail againn go mbeidh misean nua faighte gan mhoill a mbeidh \u00d3glaigh na h\u00c9ireann p\u00e1irteach ann&#8221;<\/em>. &#8211; <strong>An Leifteanant-Choirn\u00e9al Conor King, Ard-R\u00fana\u00ed RACCO<\/strong>.<br \/>\n&nbsp;<\/p>\n<p>I r\u00e1iteas a thug s\u00ed do 7L\u00c1 ar TG4, d\u00fairt <strong>an tUachtar\u00e1n Catherine Connolly<\/strong>:<\/p>\n<p><em>\u201cT\u00e1 m\u00f3r-bhu\u00edochas na h\u00c9ireann tuillte ag gach fear agus bean \u00c9ireannach de chuid na bhF\u00f3rsa\u00ed Cosanta, a chaith an clogad gorm sa Liob\u00e1in, at\u00e1 f\u00f3s ag freastal agus iadsan at\u00e1 anois ar scor, agus ag a gclanna uilig a bh\u00ed agus at\u00e1 f\u00f3s faoi ualach imn\u00ed anseo sa mbaile. Ba mhaith liom freisin aitheantas a thabhairt le m\u00f3rmheas do choime\u00e1daithe s\u00edoch\u00e1na as chuile n\u00e1isi\u00fan a bh\u00ed ag obair i gcomhair le h\u00d3glaigh na h\u00c9ireann i UNIFIL, agus iad i bp\u00e1irt\u00edocht dualgais le ch\u00e9ile agus ag comhoibri\u00fa le d\u00f3chas roinnte ar son na s\u00edoch\u00e1na. T\u00e1 \u00c9irinn br\u00f3d\u00fail gurbh \u00ed an t-aon t\u00edr at\u00e1 gn\u00edomhach \u00f3 1958 i leith ar oibr\u00edochta\u00ed s\u00edoch\u00e1na\u00edochta de chuid n\u00f3 faoi shainord\u00fa na N\u00e1isi\u00fan Aontaithe. Ba mhaith liomsa, mar Uachtar\u00e1n, aitheantas a thabhairt don m\u00e9id a rinne gach Coime\u00e1da\u00ed S\u00edoch\u00e1na: iad gairmi\u00fail agus proifisi\u00fanta ach le cro\u00ed na daonnachta go smior iontu agus seasmhacht \u00e1 sol\u00e1thar do phobail a mhair r\u00f3-fhada le h\u00e9iginnteacht. N\u00ed acrainm coimhth\u00edoch at\u00e1 i gceist le UNFIL in \u00c9irinn.  Is caibidil bheo d\u00e1r sc\u00e9al n\u00e1isi\u00fanta \u00e9, scr\u00edofa ag na gl\u00fanta de Choime\u00e1daithe S\u00edoch\u00e1na a shaothraigh i nDeisceart na Liob\u00e1ine le cr\u00f3gacht, le f\u00e9insmacht agus le tiomantas daingean do na N\u00e1isi\u00fain Aontaithe. T\u00e1 n\u00edos m\u00f3 n\u00e1 30,000 ball de chuid \u00d3glaigh na h\u00c9ireann tar \u00e9is freastal go cumasach sa Liob\u00e1in \u00f3 1978 i leith.  T\u00e1 an t-uaf\u00e1s i gceist leis an tseirbh\u00eds sin:  an creideamh seasmhach at\u00e1 in \u00c9irinn go bhfuil dualgas ar chuile th\u00edr, beag n\u00f3 m\u00f3r, cosaint a dh\u00e9anamh nuair at\u00e1 an dl\u00ed idirn\u00e1isi\u00fanta \u00e1 s\u00e1r\u00fa, agus gur cleachtas agus n\u00ed smaoineamh at\u00e1 i gceist le hiltaobhachas. Is mian liomsa aitheantas ar leith a thabhairt don 47 ball a cailleadh sa Liob\u00e1in agus iad i mbun choime\u00e1d na s\u00edoch\u00e1na.  Is gn\u00edomh cr\u00f3gachta agus coinsiasa a bh\u00ed sa tseirbh\u00eds a thug siad ar son na s\u00edoch\u00e1na.  N\u00ed ligfear iadsan n\u00f3 a n-\u00edobairt i ndearmad anseo in \u00c9irinn.  T\u00e1 muid ag smaoineamh ar a gclanna go speisialta inniu agus i gc\u00f3na\u00ed. Caithfidh muid athnuachan a dh\u00e9anamh anois, n\u00edos m\u00f3 na riamh, ar \u00e1r dtiomantas do na N\u00e1isi\u00fain Aontaithe, agus na strucht\u00far at\u00e1 acu chun dul i ngleic le coimhlint.\u201d<\/em><br \/>\n&nbsp;<br \/>\n<center><strong><a href=\"https:\/\/nasc.tg4.tv\/7L\u00c1_2026-01\" rel=\"noopener\" target=\"_blank\">F\u00e9ach ar 7L\u00c1 anseo<\/a><\/strong><\/center><br \/>\n&nbsp;<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>\u00cdomh\u00e1: \u00d3glaigh na h\u00c9ireann &nbsp; F\u00e9ach ar 7L\u00c1 anseo &nbsp; Ar chl\u00e1r c\u00farsa\u00ed reatha TG4 7L\u00c1, l\u00e9ir\u00edonn figi\u00fair\u00ed nua a fuarthas \u00f3n Roinn Cosanta faoin Acht um Shaor\u00e1il Faisn\u00e9ise gur \u00edocadh \u20ac65.6 milli\u00fan i li\u00fantais saor \u00f3 ch\u00e1in le coime\u00e1daithe s\u00edoch\u00e1na na h\u00c9ireann at\u00e1 ar seirbh\u00eds le F\u00f3rsa Eatramhach na N\u00e1isi\u00fan Aontaithe sa Liob\u00e1in (UNIFIL) [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":876,"featured_media":0,"parent":248744,"menu_order":2,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","template":"page-templates\/template-pr.php","meta":{"footnotes":""},"acf":[],"yoast_head":"<!-- This site is optimized with the Yoast SEO plugin v22.6 - https:\/\/yoast.com\/wordpress\/plugins\/seo\/ -->\n<title>\u20ac13m i li\u00fantais saor \u00f3 ch\u00e1in le cailleadh ag saighdi\u00fair\u00ed na h\u00c9ireann nuair a chuirfear deireadh le UNIFIL in 2027 | Preasr\u00e1iteas | TG4<\/title>\n<meta name=\"robots\" content=\"index, follow, max-snippet:-1, max-image-preview:large, max-video-preview:-1\" \/>\n<meta property=\"og:locale\" content=\"en_US\" \/>\n<meta property=\"og:type\" content=\"article\" \/>\n<meta property=\"og:title\" content=\"\u20ac13m i li\u00fantais saor \u00f3 ch\u00e1in le cailleadh ag saighdi\u00fair\u00ed na h\u00c9ireann nuair a chuirfear deireadh le UNIFIL in 2027 | Preasr\u00e1iteas | TG4\" \/>\n<meta property=\"og:description\" content=\"\u00cdomh\u00e1: \u00d3glaigh na h\u00c9ireann &nbsp; F\u00e9ach ar 7L\u00c1 anseo &nbsp; Ar chl\u00e1r c\u00farsa\u00ed reatha TG4 7L\u00c1, l\u00e9ir\u00edonn figi\u00fair\u00ed nua a fuarthas \u00f3n Roinn Cosanta faoin Acht um Shaor\u00e1il Faisn\u00e9ise gur \u00edocadh \u20ac65.6 milli\u00fan i li\u00fantais saor \u00f3 ch\u00e1in le coime\u00e1daithe s\u00edoch\u00e1na na h\u00c9ireann at\u00e1 ar seirbh\u00eds le F\u00f3rsa Eatramhach na N\u00e1isi\u00fan Aontaithe sa Liob\u00e1in (UNIFIL) [&hellip;]\" \/>\n<meta property=\"og:url\" content=\"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2026-2\/e13m-i-liuntais-saor-o-chain-le-cailleadh-ag-saighdiuiri-na-heireann-nuair-a-chuirfear-deireadh-le-unifil-in-2027\/\" \/>\n<meta property=\"og:site_name\" content=\"TG4\" \/>\n<meta property=\"article:publisher\" content=\"https:\/\/www.facebook.com\/TG4TV\" \/>\n<meta property=\"article:modified_time\" content=\"2026-01-14T14:46:59+00:00\" \/>\n<meta property=\"og:image\" content=\"https:\/\/www.tg4.ie\/wp-content\/uploads\/2026\/01\/7LA_UNIFIL_Simon_Harris_1-1920x1080-1.jpg\" \/>\n<meta name=\"twitter:card\" content=\"summary_large_image\" \/>\n<meta name=\"twitter:site\" content=\"@TG4TV\" \/>\n<meta name=\"twitter:label1\" content=\"Est. reading time\" \/>\n\t<meta name=\"twitter:data1\" content=\"5 minutes\" \/>\n<script type=\"application\/ld+json\" class=\"yoast-schema-graph\">{\"@context\":\"https:\/\/schema.org\",\"@graph\":[{\"@type\":\"WebPage\",\"@id\":\"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2026-2\/e13m-i-liuntais-saor-o-chain-le-cailleadh-ag-saighdiuiri-na-heireann-nuair-a-chuirfear-deireadh-le-unifil-in-2027\/\",\"url\":\"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2026-2\/e13m-i-liuntais-saor-o-chain-le-cailleadh-ag-saighdiuiri-na-heireann-nuair-a-chuirfear-deireadh-le-unifil-in-2027\/\",\"name\":\"\u20ac13m i li\u00fantais saor \u00f3 ch\u00e1in le cailleadh ag saighdi\u00fair\u00ed na h\u00c9ireann nuair a chuirfear deireadh le UNIFIL in 2027 | Preasr\u00e1iteas | TG4\",\"isPartOf\":{\"@id\":\"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/#website\"},\"primaryImageOfPage\":{\"@id\":\"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2026-2\/e13m-i-liuntais-saor-o-chain-le-cailleadh-ag-saighdiuiri-na-heireann-nuair-a-chuirfear-deireadh-le-unifil-in-2027\/#primaryimage\"},\"image\":{\"@id\":\"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2026-2\/e13m-i-liuntais-saor-o-chain-le-cailleadh-ag-saighdiuiri-na-heireann-nuair-a-chuirfear-deireadh-le-unifil-in-2027\/#primaryimage\"},\"thumbnailUrl\":\"https:\/\/www.tg4.ie\/wp-content\/uploads\/2026\/01\/7LA_UNIFIL_Simon_Harris_1-1920x1080-1.jpg\",\"datePublished\":\"2026-01-14T14:44:19+00:00\",\"dateModified\":\"2026-01-14T14:46:59+00:00\",\"breadcrumb\":{\"@id\":\"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2026-2\/e13m-i-liuntais-saor-o-chain-le-cailleadh-ag-saighdiuiri-na-heireann-nuair-a-chuirfear-deireadh-le-unifil-in-2027\/#breadcrumb\"},\"inLanguage\":\"ga\",\"potentialAction\":[{\"@type\":\"ReadAction\",\"target\":[\"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2026-2\/e13m-i-liuntais-saor-o-chain-le-cailleadh-ag-saighdiuiri-na-heireann-nuair-a-chuirfear-deireadh-le-unifil-in-2027\/\"]}]},{\"@type\":\"ImageObject\",\"inLanguage\":\"ga\",\"@id\":\"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2026-2\/e13m-i-liuntais-saor-o-chain-le-cailleadh-ag-saighdiuiri-na-heireann-nuair-a-chuirfear-deireadh-le-unifil-in-2027\/#primaryimage\",\"url\":\"https:\/\/www.tg4.ie\/wp-content\/uploads\/2026\/01\/7LA_UNIFIL_Simon_Harris_1-1920x1080-1.jpg\",\"contentUrl\":\"https:\/\/www.tg4.ie\/wp-content\/uploads\/2026\/01\/7LA_UNIFIL_Simon_Harris_1-1920x1080-1.jpg\"},{\"@type\":\"BreadcrumbList\",\"@id\":\"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2026-2\/e13m-i-liuntais-saor-o-chain-le-cailleadh-ag-saighdiuiri-na-heireann-nuair-a-chuirfear-deireadh-le-unifil-in-2027\/#breadcrumb\",\"itemListElement\":[{\"@type\":\"ListItem\",\"position\":1,\"name\":\"Home\",\"item\":\"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/\"},{\"@type\":\"ListItem\",\"position\":2,\"name\":\"Eolas\",\"item\":\"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/\"},{\"@type\":\"ListItem\",\"position\":3,\"name\":\"Preas\",\"item\":\"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/\"},{\"@type\":\"ListItem\",\"position\":4,\"name\":\"Nuacht R\u00e1itis\",\"item\":\"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/\"},{\"@type\":\"ListItem\",\"position\":5,\"name\":\"2026\",\"item\":\"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2026-2\/\"},{\"@type\":\"ListItem\",\"position\":6,\"name\":\"\u20ac13m i li\u00fantais saor \u00f3 ch\u00e1in le cailleadh ag saighdi\u00fair\u00ed na h\u00c9ireann nuair a chuirfear deireadh le UNIFIL in 2027\"}]},{\"@type\":\"WebSite\",\"@id\":\"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/#website\",\"url\":\"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/\",\"name\":\"TG4\",\"description\":\"S\u00fail Eile\",\"potentialAction\":[{\"@type\":\"SearchAction\",\"target\":{\"@type\":\"EntryPoint\",\"urlTemplate\":\"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/?s={search_term_string}\"},\"query-input\":\"required name=search_term_string\"}],\"inLanguage\":\"ga\"}]}<\/script>\n<!-- \/ Yoast SEO plugin. -->","yoast_head_json":{"title":"\u20ac13m i li\u00fantais saor \u00f3 ch\u00e1in le cailleadh ag saighdi\u00fair\u00ed na h\u00c9ireann nuair a chuirfear deireadh le UNIFIL in 2027 | Preasr\u00e1iteas | TG4","robots":{"index":"index","follow":"follow","max-snippet":"max-snippet:-1","max-image-preview":"max-image-preview:large","max-video-preview":"max-video-preview:-1"},"og_locale":"en_US","og_type":"article","og_title":"\u20ac13m i li\u00fantais saor \u00f3 ch\u00e1in le cailleadh ag saighdi\u00fair\u00ed na h\u00c9ireann nuair a chuirfear deireadh le UNIFIL in 2027 | Preasr\u00e1iteas | TG4","og_description":"\u00cdomh\u00e1: \u00d3glaigh na h\u00c9ireann &nbsp; F\u00e9ach ar 7L\u00c1 anseo &nbsp; Ar chl\u00e1r c\u00farsa\u00ed reatha TG4 7L\u00c1, l\u00e9ir\u00edonn figi\u00fair\u00ed nua a fuarthas \u00f3n Roinn Cosanta faoin Acht um Shaor\u00e1il Faisn\u00e9ise gur \u00edocadh \u20ac65.6 milli\u00fan i li\u00fantais saor \u00f3 ch\u00e1in le coime\u00e1daithe s\u00edoch\u00e1na na h\u00c9ireann at\u00e1 ar seirbh\u00eds le F\u00f3rsa Eatramhach na N\u00e1isi\u00fan Aontaithe sa Liob\u00e1in (UNIFIL) [&hellip;]","og_url":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2026-2\/e13m-i-liuntais-saor-o-chain-le-cailleadh-ag-saighdiuiri-na-heireann-nuair-a-chuirfear-deireadh-le-unifil-in-2027\/","og_site_name":"TG4","article_publisher":"https:\/\/www.facebook.com\/TG4TV","article_modified_time":"2026-01-14T14:46:59+00:00","og_image":[{"url":"https:\/\/www.tg4.ie\/wp-content\/uploads\/2026\/01\/7LA_UNIFIL_Simon_Harris_1-1920x1080-1.jpg"}],"twitter_card":"summary_large_image","twitter_site":"@TG4TV","twitter_misc":{"Est. reading time":"5 minutes"},"schema":{"@context":"https:\/\/schema.org","@graph":[{"@type":"WebPage","@id":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2026-2\/e13m-i-liuntais-saor-o-chain-le-cailleadh-ag-saighdiuiri-na-heireann-nuair-a-chuirfear-deireadh-le-unifil-in-2027\/","url":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2026-2\/e13m-i-liuntais-saor-o-chain-le-cailleadh-ag-saighdiuiri-na-heireann-nuair-a-chuirfear-deireadh-le-unifil-in-2027\/","name":"\u20ac13m i li\u00fantais saor \u00f3 ch\u00e1in le cailleadh ag saighdi\u00fair\u00ed na h\u00c9ireann nuair a chuirfear deireadh le UNIFIL in 2027 | Preasr\u00e1iteas | TG4","isPartOf":{"@id":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/#website"},"primaryImageOfPage":{"@id":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2026-2\/e13m-i-liuntais-saor-o-chain-le-cailleadh-ag-saighdiuiri-na-heireann-nuair-a-chuirfear-deireadh-le-unifil-in-2027\/#primaryimage"},"image":{"@id":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2026-2\/e13m-i-liuntais-saor-o-chain-le-cailleadh-ag-saighdiuiri-na-heireann-nuair-a-chuirfear-deireadh-le-unifil-in-2027\/#primaryimage"},"thumbnailUrl":"https:\/\/www.tg4.ie\/wp-content\/uploads\/2026\/01\/7LA_UNIFIL_Simon_Harris_1-1920x1080-1.jpg","datePublished":"2026-01-14T14:44:19+00:00","dateModified":"2026-01-14T14:46:59+00:00","breadcrumb":{"@id":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2026-2\/e13m-i-liuntais-saor-o-chain-le-cailleadh-ag-saighdiuiri-na-heireann-nuair-a-chuirfear-deireadh-le-unifil-in-2027\/#breadcrumb"},"inLanguage":"ga","potentialAction":[{"@type":"ReadAction","target":["https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2026-2\/e13m-i-liuntais-saor-o-chain-le-cailleadh-ag-saighdiuiri-na-heireann-nuair-a-chuirfear-deireadh-le-unifil-in-2027\/"]}]},{"@type":"ImageObject","inLanguage":"ga","@id":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2026-2\/e13m-i-liuntais-saor-o-chain-le-cailleadh-ag-saighdiuiri-na-heireann-nuair-a-chuirfear-deireadh-le-unifil-in-2027\/#primaryimage","url":"https:\/\/www.tg4.ie\/wp-content\/uploads\/2026\/01\/7LA_UNIFIL_Simon_Harris_1-1920x1080-1.jpg","contentUrl":"https:\/\/www.tg4.ie\/wp-content\/uploads\/2026\/01\/7LA_UNIFIL_Simon_Harris_1-1920x1080-1.jpg"},{"@type":"BreadcrumbList","@id":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2026-2\/e13m-i-liuntais-saor-o-chain-le-cailleadh-ag-saighdiuiri-na-heireann-nuair-a-chuirfear-deireadh-le-unifil-in-2027\/#breadcrumb","itemListElement":[{"@type":"ListItem","position":1,"name":"Home","item":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/"},{"@type":"ListItem","position":2,"name":"Eolas","item":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/"},{"@type":"ListItem","position":3,"name":"Preas","item":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/"},{"@type":"ListItem","position":4,"name":"Nuacht R\u00e1itis","item":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/"},{"@type":"ListItem","position":5,"name":"2026","item":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2026-2\/"},{"@type":"ListItem","position":6,"name":"\u20ac13m i li\u00fantais saor \u00f3 ch\u00e1in le cailleadh ag saighdi\u00fair\u00ed na h\u00c9ireann nuair a chuirfear deireadh le UNIFIL in 2027"}]},{"@type":"WebSite","@id":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/#website","url":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/","name":"TG4","description":"S\u00fail Eile","potentialAction":[{"@type":"SearchAction","target":{"@type":"EntryPoint","urlTemplate":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/?s={search_term_string}"},"query-input":"required name=search_term_string"}],"inLanguage":"ga"}]}},"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/pages\/248794"}],"collection":[{"href":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/pages"}],"about":[{"href":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/page"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/876"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=248794"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/pages\/248794\/revisions"}],"up":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/pages\/248744"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=248794"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}