{"id":252039,"date":"2026-07-07T12:34:27","date_gmt":"2026-07-07T11:34:27","guid":{"rendered":"https:\/\/www.tg4.ie\/?page_id=252039"},"modified":"2026-07-07T13:07:00","modified_gmt":"2026-07-07T12:07:00","slug":"buaiteoiri-ghradam-ceoil-tg4-2026-fogartha-le-linn-scoil-samhraidh-willie-clancy","status":"publish","type":"page","link":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2026-2\/buaiteoiri-ghradam-ceoil-tg4-2026-fogartha-le-linn-scoil-samhraidh-willie-clancy\/","title":{"rendered":"Buaiteoir\u00ed Ghradam Ceoil TG4 2026 F\u00f3gartha le linn Scoil Samhraidh Willie Clancy"},"content":{"rendered":"<p><a href=\"https:\/\/d1og0s8nlbd0hm.cloudfront.net\/wp-content\/uploads\/2026\/07\/07130544\/Gradam_2026_Buaiteoiri_1920x1080.jpg\"><img decoding=\"async\" loading=\"lazy\" width=\"1920\" height=\"1080\" src=\"https:\/\/d1og0s8nlbd0hm.cloudfront.net\/wp-content\/uploads\/2026\/07\/07130544\/Gradam_2026_Buaiteoiri_1920x1080.jpg\" alt=\"\" class=\"aligncenter size-full wp-image-252079\" srcset=\"https:\/\/d1og0s8nlbd0hm.cloudfront.net\/wp-content\/uploads\/2026\/07\/07130544\/Gradam_2026_Buaiteoiri_1920x1080.jpg 1920w, https:\/\/d1og0s8nlbd0hm.cloudfront.net\/wp-content\/uploads\/2026\/07\/07130544\/Gradam_2026_Buaiteoiri_1920x1080-700x394.jpg 700w, https:\/\/d1og0s8nlbd0hm.cloudfront.net\/wp-content\/uploads\/2026\/07\/07130544\/Gradam_2026_Buaiteoiri_1920x1080-1536x864.jpg 1536w, https:\/\/d1og0s8nlbd0hm.cloudfront.net\/wp-content\/uploads\/2026\/07\/07130544\/Gradam_2026_Buaiteoiri_1920x1080-250x141.jpg 250w\" sizes=\"(max-width: 1920px) 100vw, 1920px\" \/><\/a><br \/>\n&nbsp;<\/p>\n<p>F\u00f3gra\u00edodh\u00a0<b>buaiteoir\u00ed\u00a0Ghradam Ceoil TG4 2026<\/b>\u00a0go hoifigi\u00fail ag \u00f3c\u00e1id speisialta in \u00d3st\u00e1n an Armada, Rinn na Sp\u00e1inneach, Co. an Chl\u00e1ir, le linn Scoil Samhraidh Willie Clancy, ceann de na tion\u00f3il is t\u00e1bhachta\u00ed i bhf\u00e9ilire an cheoil thraidisi\u00fanta.<\/p>\n<p><span>Meastar go forleathan gurb \u00e9\u00a0<b>Gradam Ceoil TG4,<\/b>\u00a0ar cuireadh t\u00fas leis 29 bliain \u00f3 shin, an on\u00f3ir is m\u00f3 a bhronntar i gceol traidisi\u00fanta na h\u00c9ireann, lena nd\u00e9antar \u00e9acht, cruthaitheacht agus tionchar cult\u00fair den scoth a cheili\u00faradh i seacht gcatag\u00f3ir ar leith. Is l\u00e9argas iad buaiteoir\u00ed na bliana seo ar shaibhreas, ar fhairsinge agus ar bheocht lean\u00fanach an traidisi\u00fain, idir cheolt\u00f3ir\u00ed agus amhr\u00e1naithe den scoth, taibheoir\u00ed \u00f3ga,\u00a0<i>ensembles<\/i>\u00a0agus iadsan a bhfuil obair r\u00edth\u00e1bhachtach d\u00e9anta acu le blianta fada anuas.<\/span><\/p>\n<p><span>Pain\u00e9al neamhsple\u00e1ch de dhaoine a bhfuil gradam buaite roimhe seo acu agus de phr\u00edomhphearsana i bpobal an cheoil thraidisi\u00fanta a roghna\u00edonn na buaiteoir\u00ed.\u00a0<\/span><br \/>\n&nbsp;<\/p>\n<p><span>Is iad\u00a0<b>buaiteoir\u00ed<\/b>\u00a0<b>Ghradam Ceoil TG4 2026:<\/b><\/span><\/p>\n<p><span><b>Gradam Ceoil TG4 2026<\/b>\u00a0\u2013 Cathal Hayden<br \/>\n<b>Amhr\u00e1na\u00ed TG4 2026<\/b>\u00a0\u2013 Pauline Scanlon<br \/>\n<b>Gradam Saoil TG4 2026<\/b>\u00a0\u2013 Mickey Dunne<br \/>\n<b>Gr\u00fapa Ceoil TG4 2026<\/b>\u00a0\u2013 Cherish the Ladies<br \/>\n<b>Ceolt\u00f3ir\u00ed \u00d3ga TG4 2026<\/b>\u00a0\u2013 S\u00e9amus agus Caoimhe U\u00ed Fhlatharta<br \/>\n<b>Cumad\u00f3ir TG4 2026<\/b>\u00a0\u2013 Niall Vallely<br \/>\n<b>Gradam Comaoine TG4 2026<\/b>\u00a0\u2013 The Tulla C\u00e9il\u00ed Band<\/span><br \/>\n&nbsp;<\/p>\n<p><span>Is \u00e9ard a d\u00fairt <strong>Deirdre N\u00ed Choist\u00edn, Ard-Sti\u00farth\u00f3ir TG4<\/strong>:\u00a0<i>\u201cT\u00e1 r\u00f3l l\u00e1rnach ag Gradam Ceoil TG4, le beagnach 30 bliain anuas, in aitheantas a thabhairt do scoth an cheoil thraidisi\u00fanta in \u00c9irinn agus sin a chur os comhair lucht sp\u00e9ise n\u00e1isi\u00fanta agus idirn\u00e1isi\u00fanta. T\u00e1 m\u00f3rtas ar TG4 tac\u00fa leis na ceolt\u00f3ir\u00ed, leis na pobail agus leis na st\u00edleanna traidisi\u00fanta at\u00e1 f\u00f3s ag cur go m\u00f3r leis an saol a chaitheann muid agus ag cur leis an tuiscint at\u00e1 againn ar \u00e1r bhf\u00e9ini\u00falacht f\u00e9in. Ba mhaith liom comhghairdeas \u00f3 chro\u00ed a dh\u00e9anamh le gach duine a mbeifear ag bronnadh gradam orthu in 2026 agus t\u00e1im ag s\u00fail le bheith ag ceili\u00faradh a n-\u00e9achta\u00ed leo i Luimneach an 13 Me\u00e1n F\u00f3mhair.\u201d<\/i><\/span><\/p>\n<p><span>Is \u00e9ard a d\u00fairt\u00a0<strong>Proinsias N\u00ed Ghr\u00e1inne, Eagarth\u00f3ir Coimisi\u00fanaithe Ghradam Ceoil TG4<\/strong> le linn na h\u00f3c\u00e1ide\u00a0<i>&#8220;Is \u00e9 an Gradam f\u00f3s buaicphointe \u00e1bhar fairsing Ceoil Thraidisi\u00fanta TG4 agus leanfaimid de bheith ag cur len\u00e1r n-eala\u00edona traidisi\u00fanta gach uile bealach is f\u00e9idir chun \u00e1bhar a chur ar f\u00e1il ar na hard\u00e1in bheo, ar \u00e9ileamh agus dhigiteacha go l\u00e9ir chun a chinnti\u00fa go mb\u00edonn teacht ioml\u00e1n ar an \u00e1bhar, mar aon le comhcheangal ioml\u00e1n leis, ag c\u00e1ch ar fud an domhain&#8221;<\/i><\/span><\/p>\n<p><span><strong>An Dr \u00c1ine Hensey, Cathaoirleach, Coiste Roghn\u00fach\u00e1in Ghradam Ceoil TG4<\/strong>:\u00a0<i>&#8220;Tugann buaiteoir\u00ed na bliana 2026 l\u00e9argas d\u00fainn ar chomh domhain agus chomh fairsing agus at\u00e1 cult\u00far ceoil na t\u00edre. \u00d3 phobail \u00e9ags\u00fala ar fud na t\u00edre agus n\u00edos faide i gc\u00e9in, cuireann siad i gcuimhne d\u00fainn nach bhfuil teorainn le saibhreas \u00e1r nd\u00fachais ceoil.\u201d<\/i><\/span><\/p>\n<p><span>Beidh ceolchoirm agus searmanas bronnta Ghradam Ceoil TG4 2026 ar si\u00fal i gCeol\u00e1ras na hOllscoile, Luimneach, D\u00e9 Domhnaigh, an 13 Me\u00e1n F\u00f3mhair 2026. Craolfar an \u00f3c\u00e1id beo ar TG4 agus ar fud na cruinne ar Sheinnteoir TG4, agus beidh aoicheolt\u00f3ir\u00ed\u00a0agus l\u00e1ithreoir\u00ed speisialta ar st\u00e1itse le buaiteoir\u00ed na ngradam d\u2019o\u00edche l\u00e1n ceoil, ceili\u00fartha agus siamsa\u00edochta.<\/span><\/p>\n<p><span>T\u00e1 an nasc chuig na tic\u00e9id anseo :\u00a0<a href=\"https:\/\/uch.ticketsolve.com\/ticketbooth\/shows\/1173674501\" rel=\"noopener\" target=\"_blank\">https:\/\/uch.ticketsolve.com\/ticketbooth\/shows\/1173674501<\/a><\/span><br \/>\n&nbsp;<\/p>\n<p><span><b>Buaiteoir\u00ed<\/b>\u00a0<b>Ghradam Ceoil TG4 2026:<\/b><\/span><br \/>\n&nbsp;<\/p>\n<p><span><b><u>Gradam Ceoil TG4 2026\u00a0\u2013 Cathal Hayden\u00a0<\/u><\/b><\/span><\/p>\n<p><span>Rugadh Cathal Se\u00e1n Hayden in 1963 ar an gCarraig, Co. Th\u00edr Eoghain, in aice le Pomeroy, ceantar at\u00e1 b\u00e1ite sa cheol traidisi\u00fanta. T\u00f3gadh \u00e9 i dteach ina raibh bua an cheoil acu, ba ar an mbainse\u00f3 tean\u00f3ir a thosaigh s\u00e9 agus ansin thug s\u00e9 faoin bhfidil, \u00e9 ag caomhn\u00fa n\u00f3s teaghlaigh a roinn a athair agus a sheanaithreacha leis.<\/p>\n<p>Thaifead Cathal a ch\u00e9ad albam aonair,\u00a0<i>Handed Down<\/i>, sa bhliain 1980 lena dhl\u00fathchara agus meant\u00f3ir Arty McGlynn. Bh\u00ed an ceol a bh\u00ed aige \u00f3n mbaile le brath ar an albam agus ba \u00e9 sin a chuir t\u00fas lena ghairm iontach taifeadta. D\u2019eisigh s\u00e9 ceirn\u00edn\u00ed m\u00f3r le r\u00e1 ina dhiaidh sin lena n-\u00e1ir\u00edtear\u00a0<i>Cathal Hayden, Live in Belfast<\/i>\u00a0agus\u00a0<i>Hooked on Banjo<\/i>.<\/p>\n<p>Bhain Cathal n\u00edos m\u00f3 cl\u00fa agus c\u00e1il amach leis an ngr\u00fapa Arcady in 1988, sular chomhbhunaigh s\u00e9 Four Men and a Dog in 1991. C\u00e9im mh\u00f3r chun cinn sa cheol traidisi\u00fanta a bh\u00ed ina gc\u00e9ad albam,\u00a0<i>Barking Mad<\/i>, \u00e9 ar cheann de na halbaim mh\u00f3ra thraidisi\u00fanta \u00c9ireannacha de chuid na linne sin agus bhuaigh s\u00e9 duais Folk Roots don Albam is Fearr leis an albam c\u00e9anna.<\/p>\n<p>T\u00e1 seinnte ag Cathal le go leor de na ceolt\u00f3ir\u00ed is fearr in \u00c9irinn i gcaitheamh na mblianta, lena n-\u00e1ir\u00edtear Christy Moore, Paddy Keenan, M\u00e1irt\u00edn O\u2019Connor, Seamie O\u2019Dowd, D\u00f3nal Lunny agus na Bow Brothers. T\u00e1 s\u00e9 ina mh\u00e1istir ar an bhfidil agus ar an mbainse\u00f3 araon, agus t\u00e1 paisean, beocht agus samhla\u00edocht curtha aige le ceol traidisi\u00fanta na h\u00c9ireann ar ard\u00e1in ar fud an domhain.\u00a0<\/span><br \/>\n&nbsp;<\/p>\n<p><span><b><u>Amhr\u00e1na\u00ed TG4 2026\u00a0\u2013 Pauline Scanlon<\/u><\/b><\/span><\/p>\n<p><span>T\u00e1 ceann de na gl\u00f3rtha is saini\u00fala in \u00c9irinn ag Pauline\u00a0Scanlon, amhr\u00e1na\u00ed at\u00e1 b\u00e1ite sa traidisi\u00fan ach a bh\u00edonn ag briseadh talamh nua freisin ann. Is as Iarthar Chiarra\u00ed \u00f3 dh\u00fachas \u00ed agus c\u00e9 go bhfuil na seanamhr\u00e1in\u00a0le brath ar a st\u00edl amhr\u00e1na\u00edochta, t\u00e9ann siad i bhfeidhm mar sin f\u00e9in ar shaol an lae inniu.<\/span><\/p>\n<p><span>Bh\u00ed Pauline\u00a0ar dhuine de bhunaitheoir\u00ed FairPl\u00e9\u00a0agus b\u00edonn s\u00ed ag labhairt amach ar mhaithe le mn\u00e1 sna heala\u00edona, d\u00fathracht at\u00e1 feice\u00e1il ina cuid oibre agus ina cuid gn\u00edomha\u00edochais. Ina halbam\u00a0<i>The Unquiet<\/i>, arna l\u00e9iri\u00fa ag John Reynolds, d\u00e9antar an t-amhr\u00e1n traidisi\u00fanta a athshamhl\u00fa tr\u00ed thaith\u00ed saoil mhn\u00e1 na linne seo in \u00c9irinn, albam at\u00e1 faoi an\u00e1il a m\u00e1thar nach maireann, Eileen Scanlon.<\/span><\/p>\n<p><span>Idir a c\u00e9ad albam cl\u00faiteach\u00a0<i>Red Colour Sun<\/i>\u00a0agus a cuid oibre le LUMIERE, John Spillane, D\u00f3nal Lunny, Damien\u00a0Dempsey, Sin\u00e9ad O\u2019Connor agus The Whileaways, t\u00e1 gairm bheatha\u00a0iontach bainte amach ag Scanlon, bunaithe ar chomhshaothair\u00a0agus ar thaibhl\u00e9irithe\u00a0aonair araon. Ina l\u00e1ithreoir di do TG4 agus don BBC, is f\u00f3rsa r\u00edth\u00e1bhachtach bunaidh f\u00f3s \u00ed i gceol na h\u00c9ireann.\u00a0<\/span><br \/>\n&nbsp;<\/p>\n<p><span><b><u>Gradam Saoil TG4 2026\u00a0\u2013 Mickey Dunne<\/u><\/b><\/span><\/p>\n<p><span>Is \u00e9 Mickey Dunne\u00a0duine de na p\u00edobair\u00ed uilleann is m\u00f3 a bhfuil meas air in \u00c9irinn, agus t\u00e1 s\u00e9 ina mh\u00e1istir ar an gceol, ar an m\u00faineadh, ar an gcumad\u00f3ireacht, ar an amhr\u00e1na\u00edocht agus ar ph\u00edoba\u00a0uilleann a dh\u00e9anamh agus t\u00e9ann s\u00e9 i gcion ar lucht an cheoil ina bhaile d\u00fach\u00e1is i Luimneach agus i bhfad n\u00edos faide i gc\u00e9in. T\u00e1 c\u00e1il ar Mickey\u00a0as a st\u00edl oscailte ar na p\u00edoba uilleann, as an eolas domhain at\u00e1 aige ar an gceol agus as bheith fial flaithi\u00fail leis an eolas sin. T\u00e1 na gl\u00fanta\u00a0ceolt\u00f3ir\u00ed in \u00c9irinn agus ar fud an domhain spreagtha aige.<\/span><\/p>\n<p><span>T\u00f3gadh in Prospect\u00a0\u00e9 agus t\u00e1 s\u00e9 ina ch\u00f3na\u00ed anois i gCathair Chinn Lis, t\u00e1 ceangal beo r\u00edth\u00e1bhachtach ag Mickey\u00a0le traidisi\u00fan p\u00edobaireachta an Lucht Si\u00fail. L\u00e9ir\u00edonn a chuid ceard\u00falachta oidhreacht shaibhir chult\u00fair, agus a bhu\u00ed lena cheird ag d\u00e9anamh na bp\u00edob n\u00ed fios c\u00e9 mh\u00e9ad ceolt\u00f3ir a bhfuil p\u00edoba agus feagacha s\u00e1rdh\u00e9anta\u00a0d\u00e1 chuid acu.<\/span><\/p>\n<p><span>T\u00e1 Mickey\u00a0ag obair le hAcadamh Ceoil agus Rince Domhanda na h\u00c9ireann in Ollscoil Luimnigh le fada an l\u00e1, agus is ioma\u00ed p\u00edobaire \u00f3g a threoraigh s\u00e9 agus ar thacaigh s\u00e9 leo le 30 bliain anuas. Mar aitheantas ar an ts\u00e1robair at\u00e1 d\u00e9anta aige ar mhaithe le ceol, cult\u00far agus oideachas na h\u00c9ireann, bronnadh Bonn Uachtar\u00e1n Ollscoil Luimnigh air. T\u00e1 ardmheas ar Mickey Dunne\u00a0agus t\u00e1 tionchar m\u00f3r f\u00f3s aige ar cheol traidisi\u00fanta na h\u00c9ireann.\u00a0<\/span><br \/>\n&nbsp;<\/p>\n<p><span><b><u>Gr\u00fapa Ceoil TG4 2026\u00a0\u2013 Cherish the Ladies<\/u><\/b><\/span><\/p>\n<p><span>T\u00e1 s\u00e9 41 bliain \u00f3 buna\u00edodh Cherish the Ladies, gr\u00fapa at\u00e1 ar th\u00fas cadhna\u00edochta i gceol traidis\u00fanta na h\u00c9ireann \u00f3 shin agus i measc na\u00a0<i>ensembles<\/i>\u00a0is m\u00f3 ar domhan a thaitn\u00edonn le daoine agus a dtugtar ardmholadh d\u00f3. T\u00e1 lucht \u00e9isteachta ar fud na cruinne curtha faoi gheasa acu a bhu\u00ed leis an measc\u00e1n ardmheanmnach de cheol traidisi\u00fanta na h\u00c9ireann, gl\u00f3rtha dochreidte agus damhsa c\u00e9ime den ch\u00e9ad scoth a chuireann siad i l\u00e1thair.<\/p>\n<p>Buna\u00edodh an gr\u00fapa seo, a bhfuil ainmni\u00fach\u00e1n Grammy\u00a0faighe aige, in 1985 agus t\u00e1 na constaic\u00ed sin a bh\u00edodh sa bhealach ar mhn\u00e1 s\u00e1raithe aige, \u00e9 anois i measc ceann de na\u00a0<i>ensembles<\/i>\u00a0mn\u00e1 is faide ar an bhf\u00f3d, beag beann ar an se\u00e1nra. D\u2019\u00e9irigh leo oidhreacht den scoth a bhaint amach agus 19 n-albam a bhfuil ardmholadh faighte acu a eisi\u00faint agus na m\u00edlte ceolchoirmeacha curtha ar st\u00e1its\u00ed acu ar fud an domhain &#8211; i gceol\u00e1rais\u00a0m\u00f3r le r\u00e1, ag na Cluich\u00ed Oilimpeacha agus sa Teach B\u00e1n. I measc an tsaothair ceoil at\u00e1 d\u00e9anta acu i gcomhar le ceolt\u00f3ir\u00ed eile t\u00e1 n\u00edos m\u00f3 n\u00e1 300 taibhl\u00e9iri\u00fa\u00a0le ceolfhoirne siansacha, a fh\u00e1gann gurb \u00e9 an\u00a0<i>ensemble<\/i>\u00a0Popcheoil Cheiltigh is rath\u00fala riamh \u00e9.<\/p>\n<p>Is faoi sti\u00fair Joanie Madden\u00a0at\u00e1 an\u00a0<i>ensemble<\/i>\u00a0seo \u00f3n gc\u00e9ad l\u00e1 riamh, fli\u00faitead\u00f3ir agus seinnteoir fead\u00f3ige a bhfuil c\u00e1il idirn\u00e1isi\u00fanta uirthi, agus ar bronnadh an National Endowment for the Arts National Heritage Fellowship\u00a0uirthi, agus is iad Mary Coogan, Mirella\u00a0Murray, Kathleen Boyle, Nollaig Casey, agus Kate Purcell\u00a0a leathbh\u00e1d\u00f3ir\u00ed. I dteannta a ch\u00e9ile, tugann siad \u00f3m\u00f3s do thraidisi\u00fan saibhir cheol na h\u00c9ireann, traidisi\u00fan a fuair gach aon duine acu \u00f3na n-athair, ag cur measc\u00e1n iontach d&#8217;uirlis\u00ed\u00a0<i>virtuoso<\/i>, guthanna \u00e1ille, damhsa c\u00e9ime thar barr, agus an chro\u00ed\u00falacht agus an g\u00e1ire le ch\u00e9ile, ar saintr\u00e9ithe anois iad i ngach taibhl\u00e9iri\u00fa\u00a0de chuid Cherish the Ladies.\u00a0<\/span><br \/>\n&nbsp;<\/p>\n<p><span><b><u>Ceolt\u00f3ir\u00ed \u00d3ga TG4 2026\u00a0\u2013 S\u00e9amus agus Caoimhe U\u00ed Fhlatharta<\/u><\/b><\/span><\/p>\n<p><span>Is dearth\u00e1ir agus deirfi\u00far iad S\u00e9amus agus Caoimhe U\u00ed Fhlatharta as an Aird Mh\u00f3ir i nGaeltacht Chonamara, Co. na Gaillimhe. Bh\u00ed siad b\u00e1ite sa cheol sa bhaile, agus n\u00edor th\u00f3g s\u00e9 i bhfad orthu c\u00e1il a bhaint amach as a gcuid amhr\u00e1na\u00edochta\u00a0ar an sean-n\u00f3s, as an ndl\u00fath-comhcheol agus as an gc\u00f3iri\u00fa ar leith a dh\u00e9anann siad ar amhr\u00e1in i nGaeilge agus i mB\u00e9arla.<\/p>\n<p>Chuaigh a leagan den chaoineadh Anach\u00a0Cuain in 2022 i gcion ar dhaoine i bhfad agus i gc\u00e9in, scaip s\u00e9 go mear ar fud an domhain agus chuala daoine ar fud na cruinne a ngl\u00f3rtha binne den ch\u00e9ad uair. S\u00e1rcheolt\u00f3ir\u00ed iluirlise\u00a0agus damhs\u00f3ir\u00ed\u00a0Gaelacha iad S\u00e9amus agus Caoimhe freisin a mb\u00edonn an Ghaeilge, an traidisi\u00fan agus an oidhreacht i gcro\u00edl\u00e1r a gcuid saothar ceoil acu fad a chuireann siad rian de bheocht na h\u00f3ige agus de thuiscint na linne seo ar amhr\u00e1in thraidisi\u00fanta.<\/p>\n<p>D\u2019eisigh siad a gc\u00e9ad gceirn\u00edn\u00a0leathfhada in 2023, dar teideal\u00a0<i>S\u00e9amus &amp; Caoimhe<\/i>. Ba iad Brian Whelan\u00a0agus Bill Whelan, a chum Riverdance, a l\u00e9irigh an ceirn\u00edn, lena gcuirtear saibhreas comhcheoil agus f\u00eds cheoil Sh\u00e9amuis\u00a0agus Chaoimhe i l\u00e1thair. Tharraing siad an-chuid airde ag Fleadh\u00a0Cheoil na h\u00c9ireann 2025 i Loch Garman, a threisigh an ch\u00e1il at\u00e1 orthu ina n-ambasad\u00f3ir\u00ed den scoth ar amhr\u00e1na\u00edocht, teanga agus cult\u00far na h\u00c9ireann, c\u00e1il at\u00e1 ag dul i m\u00e9id.<\/p>\n<p>T\u00e1 S\u00e9amus agus Caoimhe anois ag tabhairt a gcumas ceoil ar fud an domhain, iad ag lean\u00faint de cheol agus de theanga Chonamara a chur os comhair lucht sp\u00e9ise nua. Ainmn\u00edodh iad mar na Ceolt\u00f3ir\u00ed is Fearr at\u00e1 ag Teacht Chun Cinn ag Gradaim Ceoil T\u00edre RT\u00c9 in 2024, gradam a dhearbha\u00edonn a n-\u00e1it i measc na dtaibheoir\u00ed\u00a0\u00f3ga is spreag\u00fala i gceol na h\u00c9ireann sa l\u00e1 at\u00e1 inniu ann.\u00a0<\/span><br \/>\n&nbsp;<\/p>\n<p><span><b><u>Cumad\u00f3ir TG4 2026\u00a0\u2013 Niall Vallely<\/u><\/b><\/span><\/p>\n<p><span>T\u00e1 30 bliain caite ag Niall Vallely ag tuilleamh an ch\u00e1il at\u00e1 air mar dhuine de na ceolt\u00f3ir\u00ed agus cumad\u00f3ir\u00ed is suntasa\u00ed in \u00c9irinn. Rugadh in Ard Mhacha \u00e9 in 1970 agus thosaigh a mhuintir, Brian agus Eithne Vallely, ag m\u00faineadh d\u00f3 leis an gconsairt\u00edn a sheinm nuair a bh\u00ed s\u00e9 seacht mbliana d\u2019aois. Ba iad Brian agus Eithne a bhunaigh P\u00edobair\u00ed Ard Mhacha.<\/span><\/p>\n<p><span>Thosaigh Niall ar ch\u00farsa ceoil in UCC i gCorcaigh in 1988 agus is ann at\u00e1 s\u00e9 \u00f3 shin. Chuir s\u00e9 t\u00fas lena ghairm idirn\u00e1isi\u00fanta taibhl\u00e9irithe\u00a0ansin, ag taifeadadh agus ag dul ar camchuairt le Nomos, Buille, Karan\u00a0Casey, Paddy Keenan, Tim O\u2019Brien agus Cassandra Wilson.<\/span><\/p>\n<p><span>T\u00e1 c\u00e1il air as a st\u00edl shaini\u00fail ar an gconsairt\u00edn agus as a shaothair ch\u00e1ili\u00fala, t\u00e1 a chuid fonn le cloiste\u00e1il ar n\u00edos m\u00f3 n\u00e1 80 albam agus is gn\u00e1thn\u00f3s anois \u00e9 ag daoine na foinn sin a sheinm i seisi\u00fain ar fud an domhain. T\u00e1 m\u00f3rshaothair d\u00e1 chuid coimisi\u00fanaithe ag TG4, RT\u00c9, BBC, ag \u00c1ras Ceoldr\u00e1ma\u00edochta Chorca\u00ed, ag an Crash Ensemble, Boston Pops Orchestra\u00a0agus neart eile.<\/span><\/p>\n<p><span>Bhain Niall PhD sa chumad\u00f3ireacht amach in UCC sa bhliain 2018. T\u00e1 s\u00e9 f\u00f3s ag cumadh, ag ceol agus ag obair le ceolt\u00f3ir\u00ed eile ar fud an domhain. Eiseoidh s\u00e9 albam nua i samhradh 2026 dar teideal\u00a0<i>Sun Lines<\/i>\u00a0i gcomhar leis an ngiot\u00e1ra\u00ed as an gCong\u00f3 Niwel Tsumbu\u00a0agus leis an bhfidl\u00e9ir as Meirice\u00e1 Liz Knowles\u00a0agus beidh comhcheol idir an tri\u00far agus Ceolfhoireann Aireagail\u00a0na h\u00c9ireann ag F\u00e9ile Eala\u00edon Chill Chainnigh ar an albam freisin.\u00a0<\/span><br \/>\n&nbsp;<\/p>\n<p><span><b><u>Gradam Comaoine TG4 2026\u00a0\u2013 The Tulla C\u00e9il\u00ed Band<\/u><\/b><\/span><\/p>\n<p><span>Is m\u00f3r an ch\u00e1il at\u00e1 ar The Tulla C\u00e9il\u00ed Band i gceol traidisi\u00fanta na h\u00c9ireann. Buna\u00edodh an gr\u00fapa i gContae an Chl\u00e1ir ocht\u00f3 bliain \u00f3 sin in 1946 agus n\u00edor stop an ceol \u00f3 shin, iad ag cur br\u00ed, rithim agus anam cheol Oirthear an Chl\u00e1r os comhair damhsoir\u00ed agus lucht \u00e9isteachta sa bhaile agus thar lear.<\/span><\/p>\n<p><span>Ba bhanna c\u00e9il\u00ed amach agus amach a bh\u00ed sa ghr\u00fapa \u00f3n l\u00e1 ar buna\u00edodh \u00e9, \u00f3s rud \u00e9 go raibh ceolt\u00f3ir\u00ed m\u00f3r le r\u00e1, lena n-\u00e1ir\u00edtear Paddy Canny, P.J. Hayes\u00a0agus Joe\u00a0Cooley, i measc na gceolt\u00f3ir\u00ed a bhain leis an tr\u00e1th sin. T\u00e1 c\u00e1il bainte amach ag an mbanna \u00f3 shin i leith as an d\u00fathracht, cruinneas agus fuaim\u00a0<i>ensemble\u00a0<\/i>a bhaineann leis, \u00e9 ag d\u00e9anamh a chuid chun ceol damhsa na h\u00c9ireann a chaomhn\u00fa agus a cheili\u00faradh leis na gl\u00fanta.<\/span><\/p>\n<p><span>T\u00e1 m\u00f3rdhuaiseanna\u00a0bronnta ar\u00a0<\/span><span>The Tulla C\u00e9il\u00ed Band<\/span><span>\u00a0ag Fleadh\u00a0Cheoil na h\u00c9ireann, lena n-\u00e1ir\u00edtear craobh banna c\u00e9il\u00ed na h\u00c9ireann in 1957 agus in 1960, agus is saini\u00fail an r\u00f3l at\u00e1 ag an mbanna i sc\u00e9al cheol traidisi\u00fanta na h\u00c9ireann. T\u00e1 an banna ag ceili\u00faradh 80 bliain \u00f3 buna\u00edodh \u00e9 i mbliana, is f\u00f3rsa t\u00e1bhachtach agus buan f\u00f3s \u00e9 a chuireann fonn damhsa ar dhamhs\u00f3ir\u00ed\u00a0agus fonn \u00e9ir\u00ed ar dhuine ar bith a bh\u00edonn ag \u00e9isteacht leo.\u00a0<\/span><\/p>\n<p>&nbsp;<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>&nbsp; F\u00f3gra\u00edodh\u00a0buaiteoir\u00ed\u00a0Ghradam Ceoil TG4 2026\u00a0go hoifigi\u00fail ag \u00f3c\u00e1id speisialta in \u00d3st\u00e1n an Armada, Rinn na Sp\u00e1inneach, Co. an Chl\u00e1ir, le linn Scoil Samhraidh Willie Clancy, ceann de na tion\u00f3il is t\u00e1bhachta\u00ed i bhf\u00e9ilire an cheoil thraidisi\u00fanta. Meastar go forleathan gurb \u00e9\u00a0Gradam Ceoil TG4,\u00a0ar cuireadh t\u00fas leis 29 bliain \u00f3 shin, an on\u00f3ir is m\u00f3 a [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":876,"featured_media":0,"parent":248744,"menu_order":41,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","template":"page-templates\/template-pr.php","meta":{"footnotes":""},"acf":[],"yoast_head":"<!-- This site is optimized with the Yoast SEO plugin v22.6 - https:\/\/yoast.com\/wordpress\/plugins\/seo\/ -->\n<title>Buaiteoir\u00ed Ghradam Ceoil TG4 2026 F\u00f3gartha le linn Scoil Samhraidh Willie Clancy | Preasr\u00e1iteas | TG4<\/title>\n<meta name=\"description\" content=\"F\u00f3gra\u00edodh buaiteoir\u00ed Ghradam Ceoil TG4 2026 go hoifigi\u00fail ag \u00f3c\u00e1id speisialta in \u00d3st\u00e1n an Armada, Rinn na Sp\u00e1inneach, Co. an Chl\u00e1ir, le linn Scoil Samhraidh Willie Clancy, ceann de na tion\u00f3il is t\u00e1bhachta\u00ed i bhf\u00e9ilire an cheoil thraidisi\u00fanta.\" \/>\n<meta name=\"robots\" content=\"index, follow, max-snippet:-1, max-image-preview:large, max-video-preview:-1\" \/>\n<meta property=\"og:locale\" content=\"en_US\" \/>\n<meta property=\"og:type\" content=\"article\" \/>\n<meta property=\"og:title\" content=\"Buaiteoir\u00ed Ghradam Ceoil TG4 2026 F\u00f3gartha le linn Scoil Samhraidh Willie Clancy | Preasr\u00e1iteas | TG4\" \/>\n<meta property=\"og:description\" content=\"F\u00f3gra\u00edodh buaiteoir\u00ed Ghradam Ceoil TG4 2026 go hoifigi\u00fail ag \u00f3c\u00e1id speisialta in \u00d3st\u00e1n an Armada, Rinn na Sp\u00e1inneach, Co. an Chl\u00e1ir, le linn Scoil Samhraidh Willie Clancy, ceann de na tion\u00f3il is t\u00e1bhachta\u00ed i bhf\u00e9ilire an cheoil thraidisi\u00fanta.\" \/>\n<meta property=\"og:url\" content=\"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2026-2\/buaiteoiri-ghradam-ceoil-tg4-2026-fogartha-le-linn-scoil-samhraidh-willie-clancy\/\" \/>\n<meta property=\"og:site_name\" content=\"TG4\" \/>\n<meta property=\"article:publisher\" content=\"https:\/\/www.facebook.com\/TG4TV\" \/>\n<meta property=\"article:modified_time\" content=\"2026-07-07T12:07:00+00:00\" \/>\n<meta property=\"og:image\" content=\"https:\/\/www.tg4.ie\/wp-content\/uploads\/2026\/07\/Gradam_2026_Buaiteoiri_1920x1080.jpg\" \/>\n<meta name=\"twitter:card\" content=\"summary_large_image\" \/>\n<meta name=\"twitter:site\" content=\"@TG4TV\" \/>\n<meta name=\"twitter:label1\" content=\"Est. reading time\" \/>\n\t<meta name=\"twitter:data1\" content=\"11 minutes\" \/>\n<script type=\"application\/ld+json\" class=\"yoast-schema-graph\">{\"@context\":\"https:\/\/schema.org\",\"@graph\":[{\"@type\":\"WebPage\",\"@id\":\"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2026-2\/buaiteoiri-ghradam-ceoil-tg4-2026-fogartha-le-linn-scoil-samhraidh-willie-clancy\/\",\"url\":\"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2026-2\/buaiteoiri-ghradam-ceoil-tg4-2026-fogartha-le-linn-scoil-samhraidh-willie-clancy\/\",\"name\":\"Buaiteoir\u00ed Ghradam Ceoil TG4 2026 F\u00f3gartha le linn Scoil Samhraidh Willie Clancy | Preasr\u00e1iteas | TG4\",\"isPartOf\":{\"@id\":\"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/#website\"},\"primaryImageOfPage\":{\"@id\":\"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2026-2\/buaiteoiri-ghradam-ceoil-tg4-2026-fogartha-le-linn-scoil-samhraidh-willie-clancy\/#primaryimage\"},\"image\":{\"@id\":\"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2026-2\/buaiteoiri-ghradam-ceoil-tg4-2026-fogartha-le-linn-scoil-samhraidh-willie-clancy\/#primaryimage\"},\"thumbnailUrl\":\"https:\/\/www.tg4.ie\/wp-content\/uploads\/2026\/07\/Gradam_2026_Buaiteoiri_1920x1080.jpg\",\"datePublished\":\"2026-07-07T11:34:27+00:00\",\"dateModified\":\"2026-07-07T12:07:00+00:00\",\"description\":\"F\u00f3gra\u00edodh buaiteoir\u00ed Ghradam Ceoil TG4 2026 go hoifigi\u00fail ag \u00f3c\u00e1id speisialta in \u00d3st\u00e1n an Armada, Rinn na Sp\u00e1inneach, Co. an Chl\u00e1ir, le linn Scoil Samhraidh Willie Clancy, ceann de na tion\u00f3il is t\u00e1bhachta\u00ed i bhf\u00e9ilire an cheoil thraidisi\u00fanta.\",\"breadcrumb\":{\"@id\":\"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2026-2\/buaiteoiri-ghradam-ceoil-tg4-2026-fogartha-le-linn-scoil-samhraidh-willie-clancy\/#breadcrumb\"},\"inLanguage\":\"ga\",\"potentialAction\":[{\"@type\":\"ReadAction\",\"target\":[\"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2026-2\/buaiteoiri-ghradam-ceoil-tg4-2026-fogartha-le-linn-scoil-samhraidh-willie-clancy\/\"]}]},{\"@type\":\"ImageObject\",\"inLanguage\":\"ga\",\"@id\":\"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2026-2\/buaiteoiri-ghradam-ceoil-tg4-2026-fogartha-le-linn-scoil-samhraidh-willie-clancy\/#primaryimage\",\"url\":\"https:\/\/www.tg4.ie\/wp-content\/uploads\/2026\/07\/Gradam_2026_Buaiteoiri_1920x1080.jpg\",\"contentUrl\":\"https:\/\/www.tg4.ie\/wp-content\/uploads\/2026\/07\/Gradam_2026_Buaiteoiri_1920x1080.jpg\"},{\"@type\":\"BreadcrumbList\",\"@id\":\"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2026-2\/buaiteoiri-ghradam-ceoil-tg4-2026-fogartha-le-linn-scoil-samhraidh-willie-clancy\/#breadcrumb\",\"itemListElement\":[{\"@type\":\"ListItem\",\"position\":1,\"name\":\"Home\",\"item\":\"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/\"},{\"@type\":\"ListItem\",\"position\":2,\"name\":\"Eolas\",\"item\":\"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/\"},{\"@type\":\"ListItem\",\"position\":3,\"name\":\"Preas\",\"item\":\"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/\"},{\"@type\":\"ListItem\",\"position\":4,\"name\":\"Nuacht R\u00e1itis\",\"item\":\"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/\"},{\"@type\":\"ListItem\",\"position\":5,\"name\":\"2026\",\"item\":\"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2026-2\/\"},{\"@type\":\"ListItem\",\"position\":6,\"name\":\"Buaiteoir\u00ed Ghradam Ceoil TG4 2026 F\u00f3gartha le linn Scoil Samhraidh Willie Clancy\"}]},{\"@type\":\"WebSite\",\"@id\":\"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/#website\",\"url\":\"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/\",\"name\":\"TG4\",\"description\":\"S\u00fail Eile\",\"potentialAction\":[{\"@type\":\"SearchAction\",\"target\":{\"@type\":\"EntryPoint\",\"urlTemplate\":\"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/?s={search_term_string}\"},\"query-input\":\"required name=search_term_string\"}],\"inLanguage\":\"ga\"}]}<\/script>\n<!-- \/ Yoast SEO plugin. -->","yoast_head_json":{"title":"Buaiteoir\u00ed Ghradam Ceoil TG4 2026 F\u00f3gartha le linn Scoil Samhraidh Willie Clancy | Preasr\u00e1iteas | TG4","description":"F\u00f3gra\u00edodh buaiteoir\u00ed Ghradam Ceoil TG4 2026 go hoifigi\u00fail ag \u00f3c\u00e1id speisialta in \u00d3st\u00e1n an Armada, Rinn na Sp\u00e1inneach, Co. an Chl\u00e1ir, le linn Scoil Samhraidh Willie Clancy, ceann de na tion\u00f3il is t\u00e1bhachta\u00ed i bhf\u00e9ilire an cheoil thraidisi\u00fanta.","robots":{"index":"index","follow":"follow","max-snippet":"max-snippet:-1","max-image-preview":"max-image-preview:large","max-video-preview":"max-video-preview:-1"},"og_locale":"en_US","og_type":"article","og_title":"Buaiteoir\u00ed Ghradam Ceoil TG4 2026 F\u00f3gartha le linn Scoil Samhraidh Willie Clancy | Preasr\u00e1iteas | TG4","og_description":"F\u00f3gra\u00edodh buaiteoir\u00ed Ghradam Ceoil TG4 2026 go hoifigi\u00fail ag \u00f3c\u00e1id speisialta in \u00d3st\u00e1n an Armada, Rinn na Sp\u00e1inneach, Co. an Chl\u00e1ir, le linn Scoil Samhraidh Willie Clancy, ceann de na tion\u00f3il is t\u00e1bhachta\u00ed i bhf\u00e9ilire an cheoil thraidisi\u00fanta.","og_url":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2026-2\/buaiteoiri-ghradam-ceoil-tg4-2026-fogartha-le-linn-scoil-samhraidh-willie-clancy\/","og_site_name":"TG4","article_publisher":"https:\/\/www.facebook.com\/TG4TV","article_modified_time":"2026-07-07T12:07:00+00:00","og_image":[{"url":"https:\/\/www.tg4.ie\/wp-content\/uploads\/2026\/07\/Gradam_2026_Buaiteoiri_1920x1080.jpg"}],"twitter_card":"summary_large_image","twitter_site":"@TG4TV","twitter_misc":{"Est. reading time":"11 minutes"},"schema":{"@context":"https:\/\/schema.org","@graph":[{"@type":"WebPage","@id":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2026-2\/buaiteoiri-ghradam-ceoil-tg4-2026-fogartha-le-linn-scoil-samhraidh-willie-clancy\/","url":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2026-2\/buaiteoiri-ghradam-ceoil-tg4-2026-fogartha-le-linn-scoil-samhraidh-willie-clancy\/","name":"Buaiteoir\u00ed Ghradam Ceoil TG4 2026 F\u00f3gartha le linn Scoil Samhraidh Willie Clancy | Preasr\u00e1iteas | TG4","isPartOf":{"@id":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/#website"},"primaryImageOfPage":{"@id":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2026-2\/buaiteoiri-ghradam-ceoil-tg4-2026-fogartha-le-linn-scoil-samhraidh-willie-clancy\/#primaryimage"},"image":{"@id":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2026-2\/buaiteoiri-ghradam-ceoil-tg4-2026-fogartha-le-linn-scoil-samhraidh-willie-clancy\/#primaryimage"},"thumbnailUrl":"https:\/\/www.tg4.ie\/wp-content\/uploads\/2026\/07\/Gradam_2026_Buaiteoiri_1920x1080.jpg","datePublished":"2026-07-07T11:34:27+00:00","dateModified":"2026-07-07T12:07:00+00:00","description":"F\u00f3gra\u00edodh buaiteoir\u00ed Ghradam Ceoil TG4 2026 go hoifigi\u00fail ag \u00f3c\u00e1id speisialta in \u00d3st\u00e1n an Armada, Rinn na Sp\u00e1inneach, Co. an Chl\u00e1ir, le linn Scoil Samhraidh Willie Clancy, ceann de na tion\u00f3il is t\u00e1bhachta\u00ed i bhf\u00e9ilire an cheoil thraidisi\u00fanta.","breadcrumb":{"@id":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2026-2\/buaiteoiri-ghradam-ceoil-tg4-2026-fogartha-le-linn-scoil-samhraidh-willie-clancy\/#breadcrumb"},"inLanguage":"ga","potentialAction":[{"@type":"ReadAction","target":["https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2026-2\/buaiteoiri-ghradam-ceoil-tg4-2026-fogartha-le-linn-scoil-samhraidh-willie-clancy\/"]}]},{"@type":"ImageObject","inLanguage":"ga","@id":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2026-2\/buaiteoiri-ghradam-ceoil-tg4-2026-fogartha-le-linn-scoil-samhraidh-willie-clancy\/#primaryimage","url":"https:\/\/www.tg4.ie\/wp-content\/uploads\/2026\/07\/Gradam_2026_Buaiteoiri_1920x1080.jpg","contentUrl":"https:\/\/www.tg4.ie\/wp-content\/uploads\/2026\/07\/Gradam_2026_Buaiteoiri_1920x1080.jpg"},{"@type":"BreadcrumbList","@id":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2026-2\/buaiteoiri-ghradam-ceoil-tg4-2026-fogartha-le-linn-scoil-samhraidh-willie-clancy\/#breadcrumb","itemListElement":[{"@type":"ListItem","position":1,"name":"Home","item":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/"},{"@type":"ListItem","position":2,"name":"Eolas","item":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/"},{"@type":"ListItem","position":3,"name":"Preas","item":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/"},{"@type":"ListItem","position":4,"name":"Nuacht R\u00e1itis","item":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/"},{"@type":"ListItem","position":5,"name":"2026","item":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2026-2\/"},{"@type":"ListItem","position":6,"name":"Buaiteoir\u00ed Ghradam Ceoil TG4 2026 F\u00f3gartha le linn Scoil Samhraidh Willie Clancy"}]},{"@type":"WebSite","@id":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/#website","url":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/","name":"TG4","description":"S\u00fail Eile","potentialAction":[{"@type":"SearchAction","target":{"@type":"EntryPoint","urlTemplate":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/?s={search_term_string}"},"query-input":"required name=search_term_string"}],"inLanguage":"ga"}]}},"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/pages\/252039"}],"collection":[{"href":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/pages"}],"about":[{"href":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/page"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/876"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=252039"}],"version-history":[{"count":0,"href":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/pages\/252039\/revisions"}],"up":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/pages\/248744"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=252039"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}