{"id":262332,"date":"2026-07-31T14:33:39","date_gmt":"2026-07-31T13:33:39","guid":{"rendered":"https:\/\/www.tg4.ie\/?page_id=262332"},"modified":"2026-07-31T14:33:39","modified_gmt":"2026-07-31T13:33:39","slug":"aontroim-ceatharlach-fear-manach-ros-comain-gaillimh-agus-ciarrai-sa-toir-ar-onoracha-chraobhchomortais-na-heireann-tg4-2026","status":"publish","type":"page","link":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2026-2\/aontroim-ceatharlach-fear-manach-ros-comain-gaillimh-agus-ciarrai-sa-toir-ar-onoracha-chraobhchomortais-na-heireann-tg4-2026\/","title":{"rendered":"Aontroim, Ceatharlach, Fear Manach, Ros Com\u00e1in, Gaillimh agus Ciarra\u00ed sa T\u00f3ir ar On\u00f3racha Chraobhchom\u00f3rtais na h\u00c9ireann TG4 2026"},"content":{"rendered":"<p><img decoding=\"async\" loading=\"lazy\" width=\"1920\" height=\"1080\" src=\"https:\/\/d1og0s8nlbd0hm.cloudfront.net\/wp-content\/uploads\/2026\/07\/29153745\/Cluichi_Ceannais_Peil_na_mBan_2026_Na_Captaen_1-1920x1080-1.jpg\" alt=\"\" class=\"aligncenter size-full wp-image-262311\" srcset=\"https:\/\/d1og0s8nlbd0hm.cloudfront.net\/wp-content\/uploads\/2026\/07\/29153745\/Cluichi_Ceannais_Peil_na_mBan_2026_Na_Captaen_1-1920x1080-1.jpg 1920w, https:\/\/d1og0s8nlbd0hm.cloudfront.net\/wp-content\/uploads\/2026\/07\/29153745\/Cluichi_Ceannais_Peil_na_mBan_2026_Na_Captaen_1-1920x1080-1-700x394.jpg 700w, https:\/\/d1og0s8nlbd0hm.cloudfront.net\/wp-content\/uploads\/2026\/07\/29153745\/Cluichi_Ceannais_Peil_na_mBan_2026_Na_Captaen_1-1920x1080-1-1536x864.jpg 1536w, https:\/\/d1og0s8nlbd0hm.cloudfront.net\/wp-content\/uploads\/2026\/07\/29153745\/Cluichi_Ceannais_Peil_na_mBan_2026_Na_Captaen_1-1920x1080-1-250x141.jpg 250w\" sizes=\"(max-width: 1920px) 100vw, 1920px\" \/><br \/>\n&nbsp;<\/p>\n<p>Th\u00e1inig captaein na s\u00e9 fhoireann a bheidh san ioma\u00edocht i gCluich\u00ed Ceannais Chraobhchom\u00f3rtais na h\u00c9ireann TG4 i bPeil na mBan D\u00e9 Domhnaigh seo chugainn, an 2 L\u00fanasa, le ch\u00e9ile i bP\u00e1irc an Chr\u00f3caigh D\u00e9 C\u00e9adaoin seo caite.<br \/>\n&nbsp;<\/p>\n<p>L\u00e1 f\u00edorspeisialta a bheidh ann D\u00e9 Domhnaigh seo chugainn freisin agus Cumann Peil Gael na mBan agus TG4, urraitheoir Chraobhchom\u00f3rtais na h\u00c9ireann, ag ceili\u00faradh 25 bliain den chomhph\u00e1irt\u00edocht.<br \/>\n&nbsp;<\/p>\n<p>Ba \u00e9 Cluiche Ceannais Chraobh Shinsir na h\u00c9ireann 2001 an ch\u00e9ad Chluiche Ceannais Sinsir a chraol TG4 beo. Fuair Laois an ceann is fearr ar Mhaigh Eo i gcluiche thar a bheith corraitheach an l\u00e1 sin.<br \/>\n&nbsp;<\/p>\n<p>Ag leath-am i gCluiche Ceannais Idirmhe\u00e1nach na h\u00c9ireann TG4 D\u00e9 Domhnaigh seo chugainn, tabharfar aitheantas d\u2019fhoireann bhuacach Laoise \u00f3 2001 agus cuirfear os comhair an lucht f\u00e9achana iad.<br \/>\n&nbsp;<\/p>\n<p>Agus na laethanta \u00e1 gcomhaireamh anois go dt\u00ed Cluich\u00ed Ceannais na h\u00c9ireann TG4 2026, thug captaein na bhfoirne faoi seach, Bronagh Devlin (Aontroim), R\u00f3is\u00edn Bailey (Ceatharlach), Shannan McQuade (Fear Manach), Helena Cummins (Ros Com\u00e1in), Kate Geraghty (Gaillimh) agus S\u00edofra O\u2019Shea (Ciarra\u00ed), cuairt ar Ph\u00e1irc an Chr\u00f3caigh D\u00e9 C\u00e9adaoin.<br \/>\n&nbsp;<\/p>\n<p>Tabharfaidh Gaillimh agus Ciarra\u00ed aghaidh ar a ch\u00e9ile sa 53\u00fa Cluiche Ceannais Sinsir i stair Chumann Peil Gael na mBan. Is \u00e9 seo an dara huair le tr\u00ed sh\u00e9as\u00far a chasfaidh na contaetha ar a ch\u00e9ile i gCluiche Ceannais Chorn Brendan Martin.<br \/>\n&nbsp;<\/p>\n<p>Tos\u00f3idh an cluiche sin ag 4.15pm. Roimhe sin, imreofar an Cluiche Ceannais Idirmhe\u00e1nach idir Fear Manach agus Ros Com\u00e1in ag 1.45pm agus an Cluiche Ceannais S\u00f3isir idir Aontroim agus Ceatharlach ag 11.45am.<br \/>\n&nbsp;<\/p>\n<p>Sa ch\u00e9ad chluiche den chl\u00e1r tr\u00ed chluiche i bP\u00e1irc an Chr\u00f3caigh, beidh Aontroim ag iarraidh d\u00edoltas a bhaint amach as an gcailli\u00faint a d\u2019fhulaing siad in aghaidh L\u00fa i gCluiche Ceannais na bliana seo caite.<br \/>\n&nbsp;<\/p>\n<p>N\u00ed bheidh cluiche \u00e9asca acu in aghaidh Cheatharlach, \u00e1fach, agus an contae sin ag imirt i gCluiche Ceannais na h\u00c9ireann TG4 den ch\u00e9ad uair riamh D\u00e9 Domhnaigh seo chugainn.<br \/>\n&nbsp;<\/p>\n<p>T\u00e1 Corn West County Hotel buaite tr\u00ed huaire ag Aontroim, tar \u00e9is d\u00f3ibh an beart a dh\u00e9anamh in 2022, 2012 agus 2009.<br \/>\n&nbsp;<\/p>\n<p>Imreoidh buaiteoir\u00ed an Chluiche Ceannais seo i gCraobh Idirmhe\u00e1nach na h\u00c9ireann an bhliain seo chugainn.<br \/>\n&nbsp;<\/p>\n<p>Idir an d\u00e1 linn, beidh Fear Manach agus Ros Com\u00e1in ag d\u00edri\u00fa ar ard\u00fa c\u00e9ime go Craobh Shinsir na h\u00c9ireann TG4 agus iad ag ullmh\u00fa don Chluiche Ceannais Idirmhe\u00e1nach.<br \/>\nD\u2019imir Fear Manach i gCluiche Ceannais Idirmhe\u00e1nach na h\u00c9ireann TG4 dh\u00e1 uair roimhe seo, ach chaill siad in 2014 agus 2009. Is \u00e9 seo an ch\u00e9ad chluiche ceannais sa ghr\u00e1d seo do Ros Com\u00e1in \u00f3 bhuaigh siad an teideal in 2005.<br \/>\n&nbsp;<\/p>\n<p>Imr\u00edodh an Cluiche Ceannais sin 21 bliain \u00f3 shin i bP\u00e1irc Naomh L\u00f3m\u00e1in sa Mhuileann gCearr. F\u00e1gann s\u00e9 sin go mbeidh Ros Com\u00e1in ar ais i bP\u00e1irc an Chr\u00f3caigh den ch\u00e9ad uair \u00f3 2001, nuair a bhuaigh siad in aghaidh Chill Dara sa Chluiche Ceannais S\u00f3isir.<br \/>\n&nbsp;<\/p>\n<p>T\u00e1 go leor le buachan sa Chluiche Ceannais Sinsir agus Gaillimh agus Ciarra\u00ed ag tabhairt aghaidh ar a ch\u00e9ile ar\u00eds.<br \/>\n&nbsp;<\/p>\n<p>Chas na foirne ar a ch\u00e9ile i gCluiche Ceannais 2024. Chuir bua Chiarra\u00ed an l\u00e1 sin deireadh leis an mbriseadh cro\u00ed a bhain le cailli\u00faint Chluich\u00ed Ceannais 2022 agus 2023 agus thug siad Corn Brendan Martin ar ais go dt\u00ed an R\u00edocht den ch\u00e9ad uair \u00f3 1993.<br \/>\n&nbsp;<\/p>\n<p>T\u00e1 s\u00fail ag Gaillimh go mbeidh siad ina seaimp\u00edn\u00ed Sinsir na h\u00c9ireann TG4 nuair a sh\u00e9idfear an fhead\u00f3g D\u00e9 Domhnaigh seo chugainn. M\u00e1 \u00e9ir\u00edonn leo, bheadh an teideal sinsir buaite den dara huair riamh acu i stair an chontae agus an ch\u00e9ad cheann \u00f3 2004.<br \/>\n&nbsp;<\/p>\n<p>M\u00e1 bhuann Ciarra\u00ed, beidh an teideal na Craoibhe Sinseara\u00ed \u00e1 thabhairt leo den 13\u00fa huair, sin p\u00e9ire n\u00edos m\u00f3 n\u00e1 Corcaigh, a bhfuil 11 teideal acu.<br \/>\n&nbsp;<\/p>\n<p>Chun blaiseadh a thabhairt don lucht freastail agus don lucht f\u00e9achana teilif\u00edse roimh an gcl\u00e1r tr\u00ed chluiche i bP\u00e1irc an Chr\u00f3caigh D\u00e9 Domhnaigh, craolfar Ceili\u00faradh Pheil na mBan ar TG4, \u00e1 chur i l\u00e1thair ag M\u00e1ire N\u00ed Bhraon\u00e1in, ag 7.45pm tr\u00e1thn\u00f3na D\u00e9 Sathairn, an 1 L\u00fanasa.<br \/>\n&nbsp;<\/p>\n<p>Tabharfar cuairt sa chl\u00e1r ar na s\u00e9 chontae a bheidh p\u00e1irteach sna Cluich\u00ed Ceannais S\u00f3isir, Idirmhe\u00e1nach agus Sinsir.<br \/>\n&nbsp;<\/p>\n<p>Beidh ceol \u00f3 gach ceann de na contaetha le cloiste\u00e1il sa chl\u00e1r ceili\u00fartha seo, mar aon le s\u00fail siar ar Chluiche Ceannais na h\u00c9ireann 2001. Labhr\u00f3idh imreoir\u00ed reatha faoin m\u00e9id at\u00e1 tarlaithe i gCraobhchom\u00f3rtais 2026 go dt\u00ed seo agus f\u00e9achfaidh siad chun cinn ar chluich\u00ed m\u00f3ra an Domhnaigh.<br \/>\n&nbsp;<\/p>\n<p>Beidh \u00e1bhar eisiach taobh thiar de na radhairc \u00f3 L\u00e1 Chluich\u00ed Ceannais na h\u00c9ireann TG4 i bP\u00e1irc an Chr\u00f3caigh ar f\u00e1il freisin ar chain\u00e9il me\u00e1n s\u00f3isialta Sp\u00f3rt TG4.<br \/>\n&nbsp;<\/p>\n<p>Beidh cl\u00fadach uile TG4 ar Pheil na mBan ar f\u00e1il do lucht f\u00e9achana ar fud an domhain ar Sheinnteoir TG4 ar <a href=\"https:\/\/www.tg4.ie\/beo\" rel=\"noopener\" target=\"_blank\">https:\/\/www.tg4.ie\/beo<\/a> agus ar Aip TG4.<br \/>\n&nbsp;<\/p>\n<p>T\u00e1 eolas faoi thic\u00e9id do chluich\u00ed an Domhnaigh le f\u00e1il ar <a href=\"https:\/\/bit.ly\/3Gqd0ND\" rel=\"noopener\" target=\"_blank\">https:\/\/bit.ly\/3Gqd0ND<\/a>. Is f\u00e9idir f\u00e9achaint ar na cluich\u00ed beo ar chain\u00e9al teilif\u00edse TG4 agus ar l\u00edne freisin.<br \/>\n&nbsp;<\/p>\n<p>Ag f\u00e9achaint chun cinn agus ag machnamh ar sh\u00e9as\u00far iontach eile den chomhph\u00e1irt\u00edocht, d\u00fairt <strong>Ard-Sti\u00farth\u00f3ir TG4, Deirdre N\u00ed Choist\u00edn<\/strong>: <em>\u201cIs l\u00e1 f\u00edorspeisialta \u00e9 L\u00e1 na gCluich\u00ed Ceannais i bP\u00e1irc an Chr\u00f3caigh, agus t\u00e1 br\u00f3d ar leith ar TG4 a bheith ag ceili\u00faradh 25 bliain den chomhph\u00e1irt\u00edocht le Cumann Peil Gael na mBan i mbliana. \u00d3 thosaigh an caidreamh seo in 2001, t\u00e1 f\u00e1s agus forbairt iontach tagtha ar Pheil na mBan, agus t\u00e1 TG4 thar a bheith br\u00f3d\u00fail as an r\u00f3l at\u00e1 againn in\u00e1r n-urraitheoir agus in\u00e1r gcraolt\u00f3ir ar Chraobhchom\u00f3rtais Pheil na mBan. Is comhph\u00e1irt\u00edocht \u00ed at\u00e1 bunaithe ar fh\u00eds, ar mheas agus ar mhian l\u00e1idir an cluiche a chur chun cinn.<\/p>\n<p>\u201cT\u00e1 comhph\u00e1irt\u00edocht TG4 le Cumann Peil Gael na mBan ar cheann de mh\u00f3rsc\u00e9alta ratha sp\u00f3rt na h\u00c9ireann. Le 25 bliain anuas, ba phribhl\u00e9id d\u00fainn scil, d\u00fathracht, l\u00fathchleasa\u00edocht agus paisean na n-imreoir\u00ed seo a chur os comhair lucht f\u00e9achana ar fud na h\u00c9ireann agus ar fud an domhain. L\u00e9ir\u00edonn \u00e1r bhfeachtas don bhliain 2026, \u2018Peil Gan Srian\u2019, an uaillmhian sin: na himreoir\u00ed a cheili\u00faradh, a gcuid sc\u00e9alta a insint agus lean\u00faint de bheith ag tac\u00fa le f\u00e1s Pheil Gael na mBan ag gach leibh\u00e9al.<\/p>\n<p>\u201cBa mhaith liom comhghairdeas a dh\u00e9anamh le hAontroim, Ceatharlach, Fear Manach, Ros Com\u00e1in, Gaillimh agus Ciarra\u00ed as Cluich\u00ed Ceannais na h\u00c9ireann TG4 D\u00e9 Domhnaigh a bhaint amach. T\u00e1imid ag s\u00fail le tr\u00ed chluiche den scoth i bP\u00e1irc an Chr\u00f3caigh agus le l\u00e1 speisialta eile i gCraobhchom\u00f3rtais na h\u00c9ireann TG4 i bPeil na mBan.\u201d<\/em><br \/>\n&nbsp;<\/p>\n<p>D\u00fairt <strong>Uachtar\u00e1n Chumann Peil Gael na mBan, Trina Murray<\/strong>: <em>\u201cAg t\u00fas sh\u00e9as\u00far Chraobhchom\u00f3rtais na h\u00c9ireann TG4 2026, thug 33 fhoireann faoin aistear agus iad sa t\u00f3ir ar ghl\u00f3ir na h\u00c9ireann. N\u00edl f\u00e1gtha anois ach s\u00e9 fhoireann agus iad r\u00e9idh le dul san ioma\u00edocht do thr\u00f3faithe sa Chraobh Sh\u00f3isir, Idirmhe\u00e1nach agus Shinsir. T\u00e1imid ar fad ag s\u00fail go m\u00f3r le tr\u00ed chluiche den scoth. Ba sh\u00e9as\u00far iontach \u00e9 agus t\u00e1 a n-\u00e1it sna cluich\u00ed ceannais tuillte go hioml\u00e1n ag na s\u00e9 fhoireann.<\/p>\n<p>\u201cIs \u00f3c\u00e1id shuntasach fh\u00edorspeisialta \u00e9 L\u00e1 na gCluich\u00ed Ceannais freisin agus muid ag ceili\u00faradh 25 bliain den chomhph\u00e1irt\u00edocht idir Cumann Peil Gael na mBan agus TG4. \u00d3 2001 i leith, t\u00e1 TG4 ina thacad\u00f3ir seasmhach do Pheil Ghael na mBan, agus iad ag cabhr\u00fa len\u00e1r n-imreoir\u00ed, \u00e1r gcom\u00f3rtais agus \u00e1r bpobail a chur os comhair lucht f\u00e9achana sa bhaile agus thar lear. Bh\u00ed r\u00f3l r\u00edth\u00e1bhachtach ag an tiomantas lean\u00fanach sin i bhf\u00e1s agus in infheictheacht iontach \u00e1r gcluiche le ceathr\u00fa c\u00e9id anuas.\u201d<\/p>\n<p>\u201cBa mhaith liom \u00f3m\u00f3s a thabhairt d\u2019Ard-Sti\u00farth\u00f3ir TG4, Deirdre N\u00ed Choist\u00edn, agus d\u2019fhoireann ioml\u00e1n TG4, lena n-\u00e1ir\u00edtear Ceannasa\u00ed Sp\u00f3irt TG4, R\u00f3n\u00e1n \u00d3 Coisdealbha, as a dtiomantas agus a bpaisean lean\u00fanach. Thar ceann gach duine i gCumann Peil Gael na mBan, gabhaim \u00e1r mbu\u00edochas \u00f3 chro\u00ed le TG4 as 25 bliain de chomhph\u00e1irt\u00edocht den scoth. T\u00e1im ag s\u00fail go m\u00f3r le L\u00e1 Chluich\u00ed Ceannais na h\u00c9ireann TG4 eile nach nd\u00e9anfar dearmad air a cheili\u00faradh le ch\u00e9ile.\u201d<\/em><br \/>\n&nbsp;<\/p>\n<p>T\u00e1 praghas \u20ac30 ar thic\u00e9id do dhaoine f\u00e1sta agus \u20ac15 do mhic l\u00e9inn, do phinsin\u00e9ir\u00ed agus do dhaoine faoi 18. T\u00e1 pac\u00e1iste teaghlaigh do bheirt daoine f\u00e1sta agus beirt faoi 18 ar f\u00e1il ar \u20ac70.<br \/>\n&nbsp;<\/p>\n<p>N\u00edl r\u00e1ta\u00ed gr\u00fapa ar f\u00e1il ach \u00f3 Oifig Chumann Peil Gael na mBan: duine f\u00e1sta amh\u00e1in ar \u20ac10 le gach gr\u00fapa de dheichni\u00far faoi 18 ar \u20ac5 an p\u00e1iste \u2013 \u20ac60 san ioml\u00e1n.<br \/>\n&nbsp;<\/p>\n<p>Seol r\u00edomhphost chuig <a href=\"mailto:tickets@lgfa.ie\" rel=\"noopener\" target=\"_blank\">tickets@lgfa.ie<\/a> n\u00f3 cuir glaoch ar 01-8363156 chun tuilleadh eolais a fh\u00e1il.<br \/>\n&nbsp;<\/p>\n<p>T\u00e1 tic\u00e9id ar f\u00e1il freisin \u00f3 ghn\u00e1thionaid d\u00edolach\u00e1in CLG agus ar l\u00edne ar Ticketmaster ach clice\u00e1il <a href=\"https:\/\/www.ticketmaster.ie\/lgfa-tg4-all-ireland-finals-dublin-02-08-2026\/event\/180064CBB1FDDDC0\" rel=\"noopener\" target=\"_blank\">anseo<\/a>.<br \/>\n&nbsp;<\/p>\n<p><strong>D\u00e9 Domhnaigh, an 2 L\u00fanasa 2026<\/strong><br \/>\nCluiche Ceannais S\u00f3isir na h\u00c9ireann TG4 \u2013 Aontroim v Ceatharlach, 11.45am<br \/>\nCluiche Ceannais Idirmhe\u00e1nach na h\u00c9ireann TG4 \u2013 Fear Manach v Ros Com\u00e1in, 1.45pm<br \/>\nCluiche Ceannais Sinsir na h\u00c9ireann TG4 \u2013 Gaillimh v Ciarra\u00ed, 4.15pm<br \/>\n#peilnamban #ANTvCAR #FERvROS #GALvKER<\/p>\n<p>&nbsp;<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>&nbsp; Th\u00e1inig captaein na s\u00e9 fhoireann a bheidh san ioma\u00edocht i gCluich\u00ed Ceannais Chraobhchom\u00f3rtais na h\u00c9ireann TG4 i bPeil na mBan D\u00e9 Domhnaigh seo chugainn, an 2 L\u00fanasa, le ch\u00e9ile i bP\u00e1irc an Chr\u00f3caigh D\u00e9 C\u00e9adaoin seo caite. &nbsp; L\u00e1 f\u00edorspeisialta a bheidh ann D\u00e9 Domhnaigh seo chugainn freisin agus Cumann Peil Gael na mBan [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":876,"featured_media":0,"parent":248744,"menu_order":48,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","template":"page-templates\/template-pr.php","meta":{"footnotes":""},"acf":[],"yoast_head":"<!-- This site is optimized with the Yoast SEO plugin v22.6 - https:\/\/yoast.com\/wordpress\/plugins\/seo\/ -->\n<title>Aontroim, Ceatharlach, Fear Manach, Ros Com\u00e1in, Gaillimh agus Ciarra\u00ed sa T\u00f3ir ar On\u00f3racha Chraobhchom\u00f3rtais na h\u00c9ireann TG4 2026 | Preasr\u00e1iteas | TG4<\/title>\n<meta name=\"description\" content=\"Th\u00e1inig captaein na s\u00e9 fhoireann a bheidh san ioma\u00edocht i gCluich\u00ed Ceannais Chraobhchom\u00f3rtais na h\u00c9ireann TG4 i bPeil na mBan D\u00e9 Domhnaigh seo chugainn, an 2 L\u00fanasa, le ch\u00e9ile i bP\u00e1irc an Chr\u00f3caigh D\u00e9 C\u00e9adaoin seo caite.\" \/>\n<meta name=\"robots\" content=\"index, follow, max-snippet:-1, max-image-preview:large, max-video-preview:-1\" \/>\n<meta property=\"og:locale\" content=\"en_US\" \/>\n<meta property=\"og:type\" content=\"article\" \/>\n<meta property=\"og:title\" content=\"Aontroim, Ceatharlach, Fear Manach, Ros Com\u00e1in, Gaillimh agus Ciarra\u00ed sa T\u00f3ir ar On\u00f3racha Chraobhchom\u00f3rtais na h\u00c9ireann TG4 2026 | Preasr\u00e1iteas | TG4\" \/>\n<meta property=\"og:description\" content=\"Th\u00e1inig captaein na s\u00e9 fhoireann a bheidh san ioma\u00edocht i gCluich\u00ed Ceannais Chraobhchom\u00f3rtais na h\u00c9ireann TG4 i bPeil na mBan D\u00e9 Domhnaigh seo chugainn, an 2 L\u00fanasa, le ch\u00e9ile i bP\u00e1irc an Chr\u00f3caigh D\u00e9 C\u00e9adaoin seo caite.\" \/>\n<meta property=\"og:url\" content=\"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2026-2\/aontroim-ceatharlach-fear-manach-ros-comain-gaillimh-agus-ciarrai-sa-toir-ar-onoracha-chraobhchomortais-na-heireann-tg4-2026\/\" \/>\n<meta property=\"og:site_name\" content=\"TG4\" \/>\n<meta property=\"article:publisher\" content=\"https:\/\/www.facebook.com\/TG4TV\" \/>\n<meta property=\"og:image\" content=\"https:\/\/www.tg4.ie\/wp-content\/uploads\/2026\/07\/Cluichi_Ceannais_Peil_na_mBan_2026_Na_Captaen_1-1920x1080-1.jpg\" \/>\n<meta name=\"twitter:card\" content=\"summary_large_image\" \/>\n<meta name=\"twitter:site\" content=\"@TG4TV\" \/>\n<meta name=\"twitter:label1\" content=\"Est. reading time\" \/>\n\t<meta name=\"twitter:data1\" content=\"3 minutes\" \/>\n<script type=\"application\/ld+json\" class=\"yoast-schema-graph\">{\"@context\":\"https:\/\/schema.org\",\"@graph\":[{\"@type\":\"WebPage\",\"@id\":\"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2026-2\/aontroim-ceatharlach-fear-manach-ros-comain-gaillimh-agus-ciarrai-sa-toir-ar-onoracha-chraobhchomortais-na-heireann-tg4-2026\/\",\"url\":\"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2026-2\/aontroim-ceatharlach-fear-manach-ros-comain-gaillimh-agus-ciarrai-sa-toir-ar-onoracha-chraobhchomortais-na-heireann-tg4-2026\/\",\"name\":\"Aontroim, Ceatharlach, Fear Manach, Ros Com\u00e1in, Gaillimh agus Ciarra\u00ed sa T\u00f3ir ar On\u00f3racha Chraobhchom\u00f3rtais na h\u00c9ireann TG4 2026 | Preasr\u00e1iteas | TG4\",\"isPartOf\":{\"@id\":\"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/#website\"},\"primaryImageOfPage\":{\"@id\":\"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2026-2\/aontroim-ceatharlach-fear-manach-ros-comain-gaillimh-agus-ciarrai-sa-toir-ar-onoracha-chraobhchomortais-na-heireann-tg4-2026\/#primaryimage\"},\"image\":{\"@id\":\"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2026-2\/aontroim-ceatharlach-fear-manach-ros-comain-gaillimh-agus-ciarrai-sa-toir-ar-onoracha-chraobhchomortais-na-heireann-tg4-2026\/#primaryimage\"},\"thumbnailUrl\":\"https:\/\/www.tg4.ie\/wp-content\/uploads\/2026\/07\/Cluichi_Ceannais_Peil_na_mBan_2026_Na_Captaen_1-1920x1080-1.jpg\",\"datePublished\":\"2026-07-31T13:33:39+00:00\",\"dateModified\":\"2026-07-31T13:33:39+00:00\",\"description\":\"Th\u00e1inig captaein na s\u00e9 fhoireann a bheidh san ioma\u00edocht i gCluich\u00ed Ceannais Chraobhchom\u00f3rtais na h\u00c9ireann TG4 i bPeil na mBan D\u00e9 Domhnaigh seo chugainn, an 2 L\u00fanasa, le ch\u00e9ile i bP\u00e1irc an Chr\u00f3caigh D\u00e9 C\u00e9adaoin seo caite.\",\"breadcrumb\":{\"@id\":\"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2026-2\/aontroim-ceatharlach-fear-manach-ros-comain-gaillimh-agus-ciarrai-sa-toir-ar-onoracha-chraobhchomortais-na-heireann-tg4-2026\/#breadcrumb\"},\"inLanguage\":\"ga\",\"potentialAction\":[{\"@type\":\"ReadAction\",\"target\":[\"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2026-2\/aontroim-ceatharlach-fear-manach-ros-comain-gaillimh-agus-ciarrai-sa-toir-ar-onoracha-chraobhchomortais-na-heireann-tg4-2026\/\"]}]},{\"@type\":\"ImageObject\",\"inLanguage\":\"ga\",\"@id\":\"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2026-2\/aontroim-ceatharlach-fear-manach-ros-comain-gaillimh-agus-ciarrai-sa-toir-ar-onoracha-chraobhchomortais-na-heireann-tg4-2026\/#primaryimage\",\"url\":\"https:\/\/www.tg4.ie\/wp-content\/uploads\/2026\/07\/Cluichi_Ceannais_Peil_na_mBan_2026_Na_Captaen_1-1920x1080-1.jpg\",\"contentUrl\":\"https:\/\/www.tg4.ie\/wp-content\/uploads\/2026\/07\/Cluichi_Ceannais_Peil_na_mBan_2026_Na_Captaen_1-1920x1080-1.jpg\"},{\"@type\":\"BreadcrumbList\",\"@id\":\"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2026-2\/aontroim-ceatharlach-fear-manach-ros-comain-gaillimh-agus-ciarrai-sa-toir-ar-onoracha-chraobhchomortais-na-heireann-tg4-2026\/#breadcrumb\",\"itemListElement\":[{\"@type\":\"ListItem\",\"position\":1,\"name\":\"Home\",\"item\":\"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/\"},{\"@type\":\"ListItem\",\"position\":2,\"name\":\"Eolas\",\"item\":\"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/\"},{\"@type\":\"ListItem\",\"position\":3,\"name\":\"Preas\",\"item\":\"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/\"},{\"@type\":\"ListItem\",\"position\":4,\"name\":\"Nuacht R\u00e1itis\",\"item\":\"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/\"},{\"@type\":\"ListItem\",\"position\":5,\"name\":\"2026\",\"item\":\"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2026-2\/\"},{\"@type\":\"ListItem\",\"position\":6,\"name\":\"Aontroim, Ceatharlach, Fear Manach, Ros Com\u00e1in, Gaillimh agus Ciarra\u00ed sa T\u00f3ir ar On\u00f3racha Chraobhchom\u00f3rtais na h\u00c9ireann TG4 2026\"}]},{\"@type\":\"WebSite\",\"@id\":\"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/#website\",\"url\":\"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/\",\"name\":\"TG4\",\"description\":\"S\u00fail Eile\",\"potentialAction\":[{\"@type\":\"SearchAction\",\"target\":{\"@type\":\"EntryPoint\",\"urlTemplate\":\"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/?s={search_term_string}\"},\"query-input\":\"required name=search_term_string\"}],\"inLanguage\":\"ga\"}]}<\/script>\n<!-- \/ Yoast SEO plugin. -->","yoast_head_json":{"title":"Aontroim, Ceatharlach, Fear Manach, Ros Com\u00e1in, Gaillimh agus Ciarra\u00ed sa T\u00f3ir ar On\u00f3racha Chraobhchom\u00f3rtais na h\u00c9ireann TG4 2026 | Preasr\u00e1iteas | TG4","description":"Th\u00e1inig captaein na s\u00e9 fhoireann a bheidh san ioma\u00edocht i gCluich\u00ed Ceannais Chraobhchom\u00f3rtais na h\u00c9ireann TG4 i bPeil na mBan D\u00e9 Domhnaigh seo chugainn, an 2 L\u00fanasa, le ch\u00e9ile i bP\u00e1irc an Chr\u00f3caigh D\u00e9 C\u00e9adaoin seo caite.","robots":{"index":"index","follow":"follow","max-snippet":"max-snippet:-1","max-image-preview":"max-image-preview:large","max-video-preview":"max-video-preview:-1"},"og_locale":"en_US","og_type":"article","og_title":"Aontroim, Ceatharlach, Fear Manach, Ros Com\u00e1in, Gaillimh agus Ciarra\u00ed sa T\u00f3ir ar On\u00f3racha Chraobhchom\u00f3rtais na h\u00c9ireann TG4 2026 | Preasr\u00e1iteas | TG4","og_description":"Th\u00e1inig captaein na s\u00e9 fhoireann a bheidh san ioma\u00edocht i gCluich\u00ed Ceannais Chraobhchom\u00f3rtais na h\u00c9ireann TG4 i bPeil na mBan D\u00e9 Domhnaigh seo chugainn, an 2 L\u00fanasa, le ch\u00e9ile i bP\u00e1irc an Chr\u00f3caigh D\u00e9 C\u00e9adaoin seo caite.","og_url":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2026-2\/aontroim-ceatharlach-fear-manach-ros-comain-gaillimh-agus-ciarrai-sa-toir-ar-onoracha-chraobhchomortais-na-heireann-tg4-2026\/","og_site_name":"TG4","article_publisher":"https:\/\/www.facebook.com\/TG4TV","og_image":[{"url":"https:\/\/www.tg4.ie\/wp-content\/uploads\/2026\/07\/Cluichi_Ceannais_Peil_na_mBan_2026_Na_Captaen_1-1920x1080-1.jpg"}],"twitter_card":"summary_large_image","twitter_site":"@TG4TV","twitter_misc":{"Est. reading time":"3 minutes"},"schema":{"@context":"https:\/\/schema.org","@graph":[{"@type":"WebPage","@id":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2026-2\/aontroim-ceatharlach-fear-manach-ros-comain-gaillimh-agus-ciarrai-sa-toir-ar-onoracha-chraobhchomortais-na-heireann-tg4-2026\/","url":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2026-2\/aontroim-ceatharlach-fear-manach-ros-comain-gaillimh-agus-ciarrai-sa-toir-ar-onoracha-chraobhchomortais-na-heireann-tg4-2026\/","name":"Aontroim, Ceatharlach, Fear Manach, Ros Com\u00e1in, Gaillimh agus Ciarra\u00ed sa T\u00f3ir ar On\u00f3racha Chraobhchom\u00f3rtais na h\u00c9ireann TG4 2026 | Preasr\u00e1iteas | TG4","isPartOf":{"@id":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/#website"},"primaryImageOfPage":{"@id":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2026-2\/aontroim-ceatharlach-fear-manach-ros-comain-gaillimh-agus-ciarrai-sa-toir-ar-onoracha-chraobhchomortais-na-heireann-tg4-2026\/#primaryimage"},"image":{"@id":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2026-2\/aontroim-ceatharlach-fear-manach-ros-comain-gaillimh-agus-ciarrai-sa-toir-ar-onoracha-chraobhchomortais-na-heireann-tg4-2026\/#primaryimage"},"thumbnailUrl":"https:\/\/www.tg4.ie\/wp-content\/uploads\/2026\/07\/Cluichi_Ceannais_Peil_na_mBan_2026_Na_Captaen_1-1920x1080-1.jpg","datePublished":"2026-07-31T13:33:39+00:00","dateModified":"2026-07-31T13:33:39+00:00","description":"Th\u00e1inig captaein na s\u00e9 fhoireann a bheidh san ioma\u00edocht i gCluich\u00ed Ceannais Chraobhchom\u00f3rtais na h\u00c9ireann TG4 i bPeil na mBan D\u00e9 Domhnaigh seo chugainn, an 2 L\u00fanasa, le ch\u00e9ile i bP\u00e1irc an Chr\u00f3caigh D\u00e9 C\u00e9adaoin seo caite.","breadcrumb":{"@id":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2026-2\/aontroim-ceatharlach-fear-manach-ros-comain-gaillimh-agus-ciarrai-sa-toir-ar-onoracha-chraobhchomortais-na-heireann-tg4-2026\/#breadcrumb"},"inLanguage":"ga","potentialAction":[{"@type":"ReadAction","target":["https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2026-2\/aontroim-ceatharlach-fear-manach-ros-comain-gaillimh-agus-ciarrai-sa-toir-ar-onoracha-chraobhchomortais-na-heireann-tg4-2026\/"]}]},{"@type":"ImageObject","inLanguage":"ga","@id":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2026-2\/aontroim-ceatharlach-fear-manach-ros-comain-gaillimh-agus-ciarrai-sa-toir-ar-onoracha-chraobhchomortais-na-heireann-tg4-2026\/#primaryimage","url":"https:\/\/www.tg4.ie\/wp-content\/uploads\/2026\/07\/Cluichi_Ceannais_Peil_na_mBan_2026_Na_Captaen_1-1920x1080-1.jpg","contentUrl":"https:\/\/www.tg4.ie\/wp-content\/uploads\/2026\/07\/Cluichi_Ceannais_Peil_na_mBan_2026_Na_Captaen_1-1920x1080-1.jpg"},{"@type":"BreadcrumbList","@id":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2026-2\/aontroim-ceatharlach-fear-manach-ros-comain-gaillimh-agus-ciarrai-sa-toir-ar-onoracha-chraobhchomortais-na-heireann-tg4-2026\/#breadcrumb","itemListElement":[{"@type":"ListItem","position":1,"name":"Home","item":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/"},{"@type":"ListItem","position":2,"name":"Eolas","item":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/"},{"@type":"ListItem","position":3,"name":"Preas","item":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/"},{"@type":"ListItem","position":4,"name":"Nuacht R\u00e1itis","item":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/"},{"@type":"ListItem","position":5,"name":"2026","item":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2026-2\/"},{"@type":"ListItem","position":6,"name":"Aontroim, Ceatharlach, Fear Manach, Ros Com\u00e1in, Gaillimh agus Ciarra\u00ed sa T\u00f3ir ar On\u00f3racha Chraobhchom\u00f3rtais na h\u00c9ireann TG4 2026"}]},{"@type":"WebSite","@id":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/#website","url":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/","name":"TG4","description":"S\u00fail Eile","potentialAction":[{"@type":"SearchAction","target":{"@type":"EntryPoint","urlTemplate":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/?s={search_term_string}"},"query-input":"required name=search_term_string"}],"inLanguage":"ga"}]}},"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/pages\/262332"}],"collection":[{"href":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/pages"}],"about":[{"href":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/page"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/876"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=262332"}],"version-history":[{"count":2,"href":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/pages\/262332\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":262334,"href":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/pages\/262332\/revisions\/262334"}],"up":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/pages\/248744"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=262332"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}