{"id":262624,"date":"2026-08-31T14:59:42","date_gmt":"2026-08-31T13:59:42","guid":{"rendered":"https:\/\/www.tg4.ie\/?page_id=262624"},"modified":"2026-08-31T16:40:46","modified_gmt":"2026-08-31T15:40:46","slug":"seasur-nua-iontach-fogartha-ag-tg4-ina-mbeidh-scealta-guthanna-agus-aicsean-beo-go-leor","status":"publish","type":"page","link":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2026-2\/seasur-nua-iontach-fogartha-ag-tg4-ina-mbeidh-scealta-guthanna-agus-aicsean-beo-go-leor\/","title":{"rendered":"S\u00e9as\u00far Nua Iontach F\u00f3gartha ag TG4 ina mbeidh Sc\u00e9alta, Guthanna agus Aicsean Beo go Leor"},"content":{"rendered":"<table>\n<tr>\n<td><img decoding=\"async\" loading=\"lazy\" width=\"1920\" height=\"1080\" src=\"https:\/\/d1og0s8nlbd0hm.cloudfront.net\/wp-content\/uploads\/2026\/08\/31160644\/Seoladh_an_Fhomhair_2026_1-1920x1080-1.jpg\" alt=\"\" class=\"aligncenter size-full wp-image-262660\" srcset=\"https:\/\/d1og0s8nlbd0hm.cloudfront.net\/wp-content\/uploads\/2026\/08\/31160644\/Seoladh_an_Fhomhair_2026_1-1920x1080-1.jpg 1920w, https:\/\/d1og0s8nlbd0hm.cloudfront.net\/wp-content\/uploads\/2026\/08\/31160644\/Seoladh_an_Fhomhair_2026_1-1920x1080-1-700x394.jpg 700w, https:\/\/d1og0s8nlbd0hm.cloudfront.net\/wp-content\/uploads\/2026\/08\/31160644\/Seoladh_an_Fhomhair_2026_1-1920x1080-1-1536x864.jpg 1536w, https:\/\/d1og0s8nlbd0hm.cloudfront.net\/wp-content\/uploads\/2026\/08\/31160644\/Seoladh_an_Fhomhair_2026_1-1920x1080-1-250x141.jpg 250w\" sizes=\"(max-width: 1920px) 100vw, 1920px\" \/><\/td>\n<td><img decoding=\"async\" loading=\"lazy\" width=\"1920\" height=\"1080\" src=\"https:\/\/d1og0s8nlbd0hm.cloudfront.net\/wp-content\/uploads\/2026\/08\/31160824\/Seoladh_an_Fhomhair_2026_2-1920x1080-1.jpg\" alt=\"\" class=\"aligncenter size-full wp-image-262661\" srcset=\"https:\/\/d1og0s8nlbd0hm.cloudfront.net\/wp-content\/uploads\/2026\/08\/31160824\/Seoladh_an_Fhomhair_2026_2-1920x1080-1.jpg 1920w, https:\/\/d1og0s8nlbd0hm.cloudfront.net\/wp-content\/uploads\/2026\/08\/31160824\/Seoladh_an_Fhomhair_2026_2-1920x1080-1-700x394.jpg 700w, https:\/\/d1og0s8nlbd0hm.cloudfront.net\/wp-content\/uploads\/2026\/08\/31160824\/Seoladh_an_Fhomhair_2026_2-1920x1080-1-1536x864.jpg 1536w, https:\/\/d1og0s8nlbd0hm.cloudfront.net\/wp-content\/uploads\/2026\/08\/31160824\/Seoladh_an_Fhomhair_2026_2-1920x1080-1-250x141.jpg 250w\" sizes=\"(max-width: 1920px) 100vw, 1920px\" \/><\/td>\n<\/tr>\n<\/table>\n<p>&nbsp;<br \/>\nSe\u00f3r\u00edl TG4:<\/p>\n<div style=\"position: relative; display: block; max-width: 100%;\">\n<div style=\"padding-top: 56.25%;\"><iframe src=\"https:\/\/players.brightcove.net\/1555966122001\/HJlOg6KUz_default\/index.html?videoId=6404354247112\" allowfullscreen=\"\" allow=\"encrypted-media\" style=\"position: absolute; top: 0px; right: 0px; bottom: 0px; left: 0px; width: 100%; height: 100%;\"><\/iframe><\/div>\n<\/div>\n<p>&nbsp;<br \/>\n<a href=\"https:\/\/d1og0s8nlbd0hm.cloudfront.net\/wp-content\/uploads\/2026\/08\/31112955\/Broisiur_Seoladh_TG4_2026.pdf\" rel=\"noopener\" target=\"_blank\">Br\u00f3isi\u00far: Cl\u00e1racha TG4&#8230;Anseo<\/a><br \/>\n&nbsp;<\/p>\n<p>T\u00e1 an tsraith dhr\u00e1ma\u00edochta mh\u00f3r\u00e9ilimh CR\u00c1 ar ais i sceideal an fh\u00f3mhair 2026, a d\u2019fh\u00f3gair TG4 inniu, sceideal at\u00e1 ag cur thar maoil le r\u00e9imse \u00e1bhair siamsa\u00edochta, faisn\u00e9ise, ceoil, sp\u00f3irt, \u00e1bhar don lucht f\u00e9achana \u00f3g, c\u00farsa\u00ed reatha agus r\u00e9imse cl\u00e1racha do leana\u00ed, sceideal.  <\/p>\n<p>T\u00e1 <strong>CR\u00c1<\/strong> ar cheann de na pr\u00edomhchl\u00e1racha i sceideal an fh\u00f3mhair, sceideal a f\u00f3gra\u00edodh inniu ag \u00f3c\u00e1id speisialta seolta i <strong>Staid Dexcom i nGaillimh<\/strong>. Chuir TG4 sceideal den scoth nua i l\u00e1thair ina bhfuil idir dhr\u00e1ma\u00edocht nuacheaptha Ghaeilge, siamsa\u00edocht, cl\u00e1racha faisn\u00e9ise, ceol, sp\u00f3rt beo, c\u00farsa\u00ed reatha agus cl\u00e1racha do ph\u00e1ist\u00ed. <\/p>\n<p>Cuirfear an saol nua at\u00e1 ag an \u00e1bhar bleachtaire, Conall \u00d3 S\u00failleabh\u00e1in, tr\u00edna ch\u00e9ile sa dara sraith de <strong>CR\u00c1<\/strong> nuair a chloiseann s\u00e9 go bhfuil coirpeach tar \u00e9is \u00e9al\u00fa \u00f3n bpr\u00edos\u00fan. N\u00edl aon dul as, caithfidh s\u00e9 filleadh ar Carraig na nGall.  I bhfianaise chomh maith agus a d\u2019\u00e9irigh leis an gc\u00e9ad sraith, a d\u00edoladh le 68 t\u00edr, t\u00e1 CR\u00c1 ar cheann de na h\u00e1bhair suntais is m\u00f3 i sceideal an fh\u00f3mhair. <\/p>\n<p>Sa bhreis ar na cl\u00e1racha sin a bheidh ar ais agus a mb\u00edonn an-t\u00f3ir orthu, cuirfidh TG4 form\u00e1id\u00ed nua, guthanna nua agus r\u00e9imse leathan sc\u00e9alta le sceideal an fh\u00f3mhair i mbliana. Tabharfaidh na form\u00e1id\u00ed, na guthanna agus na sc\u00e9alta sin l\u00e9argas ar \u00c9irinn sa l\u00e1 at\u00e1 inniu ann. Beidh idir ch\u00farsa\u00ed gr\u00e1 agus fh\u00e9ini\u00falacht na linne seo, c\u00farsa\u00ed imirce, ceoil, sp\u00f3irt agus shaol na Gaeltachta faoi chaibidil.<br \/>\n&nbsp;<\/p>\n<p>Bh\u00ed an m\u00e9id seo le r\u00e1 ag <strong>Deirdre N\u00ed Choist\u00edn, Ard-Sti\u00farth\u00f3ir TG4<\/strong>: \u201c <\/p>\n<p><em>\u201cIs deis a bheidh in \u00f3c\u00e1id mh\u00f3r O\u00edche Shamhna na bliana seo, agus muid ag com\u00f3radh 30 bliain \u00f3 buna\u00edodh TG4, machnamh a dh\u00e9anamh ar an gcaoi a gcotha\u00edmid ceangal leis an lucht f\u00e9achana agus ar an gcaoi a bhfreagra\u00edmid don mh\u00e9id a bhfuiltear ag s\u00fail uainn. <\/p>\n<p>Choimisi\u00fanaigh TG4 Bricolage i mbliana chun tabhairt faoi thaighde a thabharfadh tuiscint n\u00edos fearr d\u00fainn ar riachtanais agus ar n\u00f3sanna f\u00e9achana i r\u00e9 an rogha don lucht f\u00e9ach\u00e1na.  De r\u00e9ir an taighde sin, t\u00e1 an lucht f\u00e9achana m\u00f3rtasach as cl\u00e1rsceideal TG4.   <\/p>\n<p>T\u00e1 an-\u00e1thas orm an leagan amach nua at\u00e1 ar sceideal TG4 a fh\u00f3gairt inniu, ar sceideal \u00e9 a sh\u00e1sa\u00edonn na riachtanais sin fad a leantar den \u00e1bhar saini\u00fail sin a spreagann m\u00f3rtas agus a chotha\u00edonn ceangal len\u00e1r lucht f\u00e9achana a chruth\u00fa. T\u00e1imid ag neart\u00fa an chur chuige neodrach \u00f3 thaobh ard\u00e1in at\u00e1 againn maidir le d\u00e1ileadh cl\u00e1r agus \u00e1bhair, a l\u00e9ir\u00edonn an chaoi a bhfuil an lucht f\u00e9achana ag roghn\u00fa breathn\u00fa ar \u00e1bhar TG4 n\u00edos minice.  <\/p>\n<p>Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt d\u00e1r gcomhph\u00e1irtithe l\u00e9iri\u00fach\u00e1in iontacha agus bu\u00edochas a ghlacadh leo as an \u00e1bhar cruthaitheach den scoth agus nuacheaptha a chuireann siad ar f\u00e1il agus tr\u00edna gcuirtear \u2018S\u00fail Eile\u2019 os comhair an lucht f\u00e9achana in \u00c9irinn agus n\u00edos faide i gc\u00e9in.\u201d <\/em><br \/>\n&nbsp;<\/p>\n<h2><strong><u>Dr\u00e1ma\u00edocht &#038; Siamsa\u00edocht<\/u><\/strong><\/h2>\n<p>Chomh maith leis an tsraith <strong>CR\u00c1<\/strong>, t\u00e1 TG4 ag lean\u00faint de thaca\u00edocht a thabhairt don ch\u00e9ad ghl\u00fain eile de dhaoine cumasacha scann\u00e1na\u00edochta na Gaeilge tr\u00ed na sc\u00e9imeanna gearrscann\u00e1in <strong>T\u00fas<\/strong> agus <strong>C\u00e9im Eile<\/strong> chun go mbeidh siad \u00e1balta dul chun cinn a dh\u00e9anamh sa tionscadal. <\/p>\n<p>Is faoin sc\u00e9im <strong>T\u00fas<\/strong> a rinneadh an gearrscann\u00e1n <strong>Capall<\/strong>, coirsc\u00e9al dorcha grinn ina dt\u00e9ann c\u00farsa\u00ed \u00f3 smacht uile idir beirt d\u00fanmharf\u00f3ir\u00ed ar conradh, agus an gearrscann\u00e1n <strong>M\u00ed-\u00c1dh<\/strong> faoi thiom\u00e1na\u00ed tacsa\u00ed a mb\u00edonn air a chuid pleananna a chaitheamh i dtraipis\u00ed a bhu\u00edochas do phaisin\u00e9ir gan choinne. <\/p>\n<p>Is faoin sc\u00e9im <strong>C\u00e9im Eile<\/strong> a rinneadh <strong>An Mh\u00e1thair<\/strong>, gearrscann\u00e1n faoi mh\u00e1thair at\u00e1 faoi mh\u00e9ala a mb\u00edonn uirthi aghaidh a thabhairt ar an t\u00e9 is c\u00fais le b\u00e1s a mic, agus an gearrscann\u00e1n <strong>\u00c1r gCluiche F\u00e9in<\/strong> faoi bheirt pheilead\u00f3ir\u00ed Gaelacha agus faoin gcaidreamh r\u00fanda eatarthu i saol ar dl\u00fathchuid de traidisi\u00fan, fear\u00falacht agus rialacha intuigthe. <\/p>\n<p>Sraith nua eile an f\u00f3mhar seo is ea <strong>Aperit\u00edf<\/strong>, form\u00e1id nua se\u00f3 cleamhnais ina gcuirtear an r\u00f3m\u00e1ns\u00falacht chun boird, c\u00farsa i ndiaidh c\u00farsa. Is iad Mair\u00e9ad N\u00ed Chuaig agus Cu\u00e1n de B\u00farca a chuirfidh an tsraith i l\u00e1thair.  <\/p>\n<p>Tabharfaidh Hector \u00d3 hEochag\u00e1in turas eile ar Mheirice\u00e1 Theas 25 bliana i ndiaidh a ch\u00e9ad turais in <strong>Hola Hector: \u00d3 Bogota go Buenos Aires<\/strong>.<\/p>\n<p>Sc\u00e9alta pearsanta ocht dteaghlach ar conraitheoir\u00ed talmha\u00edochta iad a bheidh faoi chaibidil sa tsraith <strong>Contractors<\/strong>. Beidh <strong>Ros na R\u00fan<\/strong> ar ais agus neart dr\u00e1ma\u00edochta, cont\u00fairte agus \u00e1bhar grinn i nd\u00e1n d\u00fainn, agus beidh an se\u00f3 cluiche br\u00edomhar l\u00e1n strait\u00e9ise, eolais ghinear\u00e1lta agus seans, <strong>An Deis<\/strong>, ar ais don dara sraith, agus Eibhl\u00edn N\u00ed Chonghaile i mbun l\u00e1ithreoireachta ar\u00eds.<br \/>\n&nbsp;<\/p>\n<h2><strong><u>Cl\u00e1racha F\u00edorasacha &#038; Faisn\u00e9ise<\/u><\/strong><\/h2>\n<p>Craolfar an scann\u00e1n faisn\u00e9ise <strong>Gealtra<\/strong>, a bhfuil gradaim buaite aige, den ch\u00e9ad uair riamh ar an teilif\u00eds ar TG4 an f\u00f3mhar seo. Baill den ghr\u00fapa ceoil Kabin Krew is \u00e1bhar don scann\u00e1n seo.  <\/p>\n<p>Craolfar an scann\u00e1n faisn\u00e9ise <strong>An Gr\u00e1 Ci\u00fain<\/strong>, a bhfuil gradaim buaite aige f\u00e9in, den ch\u00e9ad uair freisin. Sc\u00e9alta \u00e1ille gr\u00e1 neamhghn\u00e1cha i dteanga chomhartha\u00edochta tr\u00ed l\u00e1n\u00fain at\u00e1 bodhar a bheidh faoi chaibidil sa scann\u00e1n.  <\/p>\n<p>Fiosr\u00f3far an chastacht a bhaineann le c\u00farsa\u00ed gr\u00e1, gn\u00e9is agus p\u00f3sta in \u00c9irinn sa tsraith <strong>P\u00f3s M\u00e9<\/strong>, agus fiosr\u00f3idh an l\u00e1ithreoir Caoimhe N\u00ed Chathail an br\u00fa a bh\u00edonn ar dhaoine faoi ch\u00farsa\u00ed caidrimh, teaghlaigh, sl\u00e1inte, mar aon leis an mbr\u00fa a bhaineann leis an gcusp\u00f3ir at\u00e1 acu sa saol agus an s\u00fail a bh\u00edonn ann gur cheart gach gn\u00e9 den saol sin a bheith leagtha amach acu in <strong>Spriocanna Saoil<\/strong>. <\/p>\n<p>C\u00faigear a rugadh i dTuaisceart \u00c9ireann idir na blianta 1994 agus 1998, nuair a s\u00edn\u00edodh Comhaont\u00fa Aoine an Ch\u00e9asta, a bheidh faoi chaibidil in <strong>Gl\u00fain an tSosa Cogaidh<\/strong> agus iad ag cuimhneamh siar ar an saol a bh\u00ed acu agus iad ag \u00e9ir\u00ed an\u00edos i ndiaidh na dTriobl\u00f3id\u00ed. <\/p>\n<p>Beidh m\u00f3rtas \u00e1ite le brath go l\u00e1idir ar an sceideal le linn an ts\u00e9as\u00fair. Tabharfar l\u00e9argas in <strong>Conamara \u2013 Idir Chnoc agus Cladach<\/strong> ar mhuintir, ar th\u00edrdhreach agus ar thraidisi\u00fain Chonamara, agus rachfar amach \u00f3 ch\u00f3sta an Chl\u00e1ir in <strong>Cill Stuifin<\/strong>, \u00e1it a dtagann b\u00e9aloideas, eola\u00edocht mhuir\u00ed agus surf\u00e1il le ch\u00e9ile i seansc\u00e9al faoi chathair faoi thoinn. <\/p>\n<p>Sa tsraith <strong>Gn\u00edomha\u00ed<\/strong>, fiosr\u00f3idh an ceolt\u00f3ir agus gn\u00edomha\u00ed Ois\u00edn Mac an m\u00e9id a spreagann daoine chun dul i mbun gn\u00edomha\u00edochta ar son c\u00faiseanna \u00e9ags\u00fala in \u00c9irinn.  <\/p>\n<p>Tabharfaidh S\u00edle Nic Chonaonaigh cuairt ar an teorainn idir an Fhionlainn agus an R\u00fais, ar S\u00e3o Paulo, V\u00edtneam agus Ceuta i sraith nua de <strong>An Balla<\/strong> chun an tionchar a bh\u00edonn ag bacainn\u00ed fisici\u00fala agus dofheicthe araon ar shaol daoine a fhiosr\u00fa. <\/p>\n<p>Inseofar sc\u00e9alta na leana\u00ed, na dteaghlach agus na m\u00fainteoir\u00ed in dh\u00e1 na\u00edonra ar leith, ceann in Iarthar Bh\u00e9al Feirste agus ceann i R\u00e1th Chairn, Contae na M\u00ed, sa tsraith <strong>Na\u00edonra<\/strong>, dh\u00e1 phobal at\u00e1 ag iarraidh an Ghaeilge a thabhairt ar aghaidh don ch\u00e9ad ghl\u00fain eile.  <\/p>\n<p>Caithfear s\u00fail ghrinn sa tsraith <strong>\u00c9ire &#038; Taisteal<\/strong> ar stair ch\u00farsa\u00ed taistil agus iompair in \u00c9irinn agus ar an gcaoi a bhfuil athr\u00fa tagtha air. Tabharfar l\u00e9argas in <strong>\u00c1ras \u00c9anna \u2013 Eala\u00edn ar an Imeall<\/strong> ar shaol na n-eala\u00edont\u00f3ir\u00ed, na n-oile\u00e1nach, agus an Sti\u00farth\u00f3ra Eala\u00edne Dara McGee ar Inis O\u00edrr.<br \/>\n&nbsp;<\/p>\n<h2><strong><u>\u00c9ire i mbun athraithe<\/u><\/strong><\/h2>\n<p>Daoine as an \u00dacr\u00e1in, an Afraic Theas, an Nig\u00e9ir, an Fhrainc, Albain agus an Ghearm\u00e1in a bhfuil s\u00e9 socraithe acu, ar ch\u00fais amh\u00e1in n\u00f3 ar ch\u00fais eile, cur f\u00fathu ar oile\u00e1in amach \u00f3 ch\u00f3sta na h\u00c9ireann a bheidh faoi chaibidil in <strong>Trasna na dTonnta<\/strong>. Tabharfar l\u00e9argas in <strong>Bia \u00dar<\/strong> ar shaol, ar chult\u00fair agus ar chuimhn\u00ed cinn phobail nua na h\u00c9ireann tr\u00ed l\u00e9argas a thabhairt ar an mbia a itheann siad. Beidh <strong>\u00c9ire Eile<\/strong> ar ais chun sc\u00e9alta nua \u00f3 fhochult\u00fair na h\u00c9ireann at\u00e1 ag athr\u00fa a insint.<br \/>\n&nbsp;<\/p>\n<h2><strong><u>Nuacht &#038; C\u00farsa\u00ed Reatha<\/u><\/strong><\/h2>\n<p>Sraith faisn\u00e9ise \u00farnua seachtaini\u00fail is ea <strong>Mo Th\u00edr, Mo Thuairim<\/strong>, arna cur i l\u00e1thair ag Cormac \u00d3 hEadhra, ina gcuirfear tuairim\u00ed daoine \u00f3ga i gceartl\u00e1r na gcomhr\u00e1ite is m\u00f3 a tharraing\u00edonn cainte in \u00c9irinn. Caithfear s\u00fail ghrinn i ngach cl\u00e1r ar na sc\u00e9alta is m\u00f3 a imr\u00edonn tionchar ar shaol na ndaoine \u00f3ga sin, \u00f3 thith\u00edocht, intleacht shaorga agus na me\u00e1in sh\u00f3isialta go c\u00farsa\u00ed and\u00faile, cearrbhachais agus polait\u00edochta tr\u00ed dh\u00edosp\u00f3ireacht ionraic, idirghn\u00edomh\u00fa digiteach agus tr\u00ed chluas a thabhairt do thuairim\u00ed daoine \u00f3 ch\u00falra\u00ed \u00e9ags\u00fala.  <\/p>\n<p>Leanfar den nuacht, den anail\u00eds agus den d\u00edosp\u00f3ireacht tr\u00ed Ghaeilge faoi sc\u00e9alta n\u00e1isi\u00fanta agus idirn\u00e1isi\u00fanta araon chomh maith le sc\u00e9alta \u00f3 cheantair Ghaeltachta ar <strong>Nuacht TG4<\/strong> agus ar <strong>7L\u00c1<\/strong>.<br \/>\n&nbsp;<\/p>\n<h2><strong><u>Ceol do Ch\u00e1ch<\/u><\/strong><\/h2>\n<p>Beidh ceol mar chuid l\u00e1rnach de sceideal f\u00f3mhair TG4. <\/p>\n<p>Craolfar <strong>Gradam Ceoil TG4 2026<\/strong> beo as Ceol\u00e1ras na hOllscoile, Luimneach, ar an 13 Me\u00e1n F\u00f3mhair agus d\u00e9anfar ceili\u00faradh ar sheachtar den scoth i saol an cheoil thraidisi\u00fanta in \u00c9irinn.  <\/p>\n<p>Na hamhr\u00e1in a bhain le h\u00c9ir\u00ed Amach na mbliana 1798 a bheidh faoi chaibidil sa chl\u00e1r <strong>Ceol 1798<\/strong>. D\u00e9anfar sin tr\u00ed thaibhl\u00e9irithe, tr\u00e1chtaireacht \u00f3 shaineolaithe agus tr\u00ed ch\u00farsa\u00ed a bhain le stair na linne sin a phl\u00e9. Fiosr\u00f3far an oidhreacht chomhroinnte at\u00e1 ag pobail ar fud an oile\u00e1in a mh\u00e9id a bhaineann le ceol na fead\u00f3ige m\u00f3ire agus na f\u00edfe sa chl\u00e1r <strong>Foinn na Fli\u00faite \u2013 Ceol Comhroinnte na nDaoine<\/strong>. <\/p>\n<p>Beidh <strong>Ceol \u00f3n gCr\u00e9<\/strong> ar ais agus an t-amhr\u00e1na\u00ed Nell N\u00ed Chr\u00f3in\u00edn ag caitheamh s\u00fail ghrinn ar an tionchar a bh\u00edonn ag an teaghlach, ag an obair, ag an imirce agus ag an saol \u00f3 l\u00e1 go l\u00e1 ar cheol traidisi\u00fanta. Tabharfaidh an ceolt\u00f3ir R\u00f3is\u00edn Chambers cuairt ar chlubanna ceoil t\u00edre ar fud na t\u00edre sa chl\u00e1r <strong>An Folk Club<\/strong>. Tabharfaidh an ceolt\u00f3ir agus cumad\u00f3ir cl\u00faiteach clasaiceach agus traidisi\u00fanta Zo\u00eb Conway ceol \u00f3n bhf\u00e9ile ceoil <strong>F\u00e9ile na T\u00e1na<\/strong>, i gCairlinn, Co. L\u00fa chugainn. Is iad Zo\u00eb agus a fear c\u00e9ile, John McIntyre a re\u00e1cht\u00e1lann an fh\u00e9ile.  <\/p>\n<p>Is iad Louise Cantillon agus Tarach \u00d3 Snodaigh a chuirfidh s\u00e9 cheolchoirm bheo as Cyprus Avenue i gCorcaigh i l\u00e1thair sa tsraith <strong>Buile<\/strong>. Beidh Le Boom, Tol\u00fc Makay, Chasing Abbey, Huartan, Tosh\u00edn agus David Keenan i measc na gceolt\u00f3ir\u00ed a bheidh ar st\u00e1itse.  Cuirfear t\u00fas leis an gcuardach don amhr\u00e1na\u00ed \u00f3g a dh\u00e9anfaidh ionada\u00edocht ar \u00c9irinn ag Com\u00f3rtas Amhr\u00e1na\u00edochta Junior Eurovision i M\u00e1lta i mbliana sa tsraith <strong>Junior Eurovision 2026<\/strong>.  <\/p>\n<p>Beidh Doireann N\u00ed Ghlac\u00e1in ar ais le sraith nua de <strong>Curf\u00e1<\/strong> agus \u00ed sa t\u00f3ir ar an gc\u00f3r is fearr in \u00c9irinn agus beidh Daniel O\u2019Donnell ar ais ar st\u00e1itse an Millennium Forum i nDoire sa tsraith <strong>Opry le Daniel ar Thuras<\/strong>. <\/p>\n<p>Beidh TG4 ar an aer beo, ar Sheinnteoir TG4 agus ar na me\u00e1in sh\u00f3isialta \u00f3 Oireachtas na Gaeilge i gCill Airne i nDeireadh F\u00f3mhair na bliana seo. I measc chl\u00fadach TG4 den tseachtain cheili\u00fartha seo beidh an com\u00f3rtas damhsa ar an sean-n\u00f3s, Steip agus craolfar Corn U\u00ed Riada, m\u00f3rchom\u00f3rtas amhr\u00e1na\u00edochta ar an sean-n\u00f3s, beo ar TG4 agus ar RT\u00c9 Raidi\u00f3 na Gaeltachta ag an am c\u00e9anna den ch\u00e9ad uair riamh.<br \/>\n&nbsp;<\/p>\n<h2><strong><u>Sp\u00f3rt Beo<\/u><\/strong><\/h2>\n<p>Leanfar de thiomantas TG4 sp\u00f3rt beo a chur ar f\u00e1il an f\u00f3mhar seo le <strong>GAA Beo, Rugba\u00ed Beo<\/strong> agus <strong>Sacar na mBan Beo<\/strong>. <\/p>\n<p>Beidh n\u00edos m\u00f3 n\u00e1 40 cluiche beo den Chraobhchom\u00f3rtas Rugba\u00ed Aontaithe le feice\u00e1il ar <strong>Rugba\u00ed Beo<\/strong>, agus leanfaidh TG4 de chl\u00fadach fairsing a chur ar f\u00e1il ar chluich\u00ed Gaelacha, idir chom\u00f3rtais na sinsear, na gclubanna, faoi aois agus tr\u00ed\u00fa leibh\u00e9al. <\/p>\n<p>Beidh c\u00farsa\u00ed sp\u00f3irt faoi chaibidil freisin in <strong>R\u00e9alt na Mara FC<\/strong>, ina n-inseofar sc\u00e9al iontach faoi fhoireann peile \u00f3ige ar a raibh imreoir\u00ed Protast\u00fanacha agus Caitliceacha ag imirt taobh le taobh tr\u00e1th, sular athraigh na Triobl\u00f3id\u00ed a bpobal go deo.<br \/>\n&nbsp;<\/p>\n<h2><strong><u>C\u00fala4 tr\u00ed bliana ar an bhf\u00f3d<\/u><\/strong><\/h2>\n<p>T\u00e1 <strong>C\u00fala4<\/strong>, an t-aon chain\u00e9al Gaeilge do dhaoine \u00f3ga, tr\u00ed bliana ar an bhf\u00f3d i Me\u00e1n F\u00f3mhair na bliana seo agus t\u00e1 r\u00e9imse cl\u00e1r nuacheaptha r\u00e9idh le craoladh ar an gcain\u00e9al. <\/p>\n<p>I measc bhuaicphoint\u00ed sceideal an fh\u00f3mhair beidh <strong>Dialann Damhsa<\/strong>, a bheidh ar f\u00e1il ar chain\u00e9al YouTube C\u00fala4, agus ina mbeifear in \u00e9ineacht le Doireann, at\u00e1 14 bliana d\u2019aois, agus \u00ed ag glacadh p\u00e1irt i gcom\u00f3rtais agus ag d\u00e9ile\u00e1il le c\u00farsa\u00ed chairdis agus le c\u00farsa\u00ed an tsaoil agus \u00ed ag \u00e9ir\u00ed an\u00edos.  Is d\u00edrithe ar leana\u00ed r\u00e9amhscoile agus ar a dtuismitheoir\u00ed a bheidh <strong>Seal le Sail\u00ed<\/strong>, ina dtabharfar cuireadh d\u00f3ibh p\u00e1irt a ghlacadh i ngn\u00edomha\u00edochta\u00ed simpl\u00ed c\u00e9adfacha, amhr\u00e1in a chanadh agus gearrsc\u00e9alta a chloiste\u00e1il.  Beidh an Captaen P\u00f3il\u00edn agus a cri\u00fa ar mhisean feadh ch\u00f3sta na h\u00c9ireann ar bord an Super Squid, a bhfomhuire\u00e1n eola\u00edochta sa tsraith <strong>Cois Cladaigh<\/strong>.  <\/p>\n<p>I measc na gcl\u00e1racha agus na sraitheanna eile a bheidh sa sceideal beidh <strong>M\u2019Ainm Mo Sc\u00e9al, Dar le Daideo, Am Ab\u00fa!, Anfa, Tekkers agus M\u00ed na Nollag<\/strong>, chomh maith le cl\u00e1racha agus sraitheanna idirn\u00e1isi\u00fanta a bhfuil an-t\u00f3ir orthu agus at\u00e1 dub\u00e1ilte go Gaeilge, <strong>Lego Dreamzz, Quentin Blake\u2019s Box of Treasures, Blocuimhreacha, Tiny Wonders, SpongeBob SquarePants<\/strong> agus <strong>Curious George<\/strong> ina measc. <\/p>\n<p>B\u00edonn C\u00fala4 ar an aer gach l\u00e1 \u00f3 6am go 8pm, agus leanfar de Nuacht C\u00fala4, a fheasach\u00e1n nuachta do leana\u00ed, a chur ar f\u00e1il \u00f3 Mh\u00e1irt go hAoine ag 1.30pm agus 5.30pm.<br \/>\n&nbsp;<\/p>\n<p>Le ch\u00e9ile, cuireann <strong>TG4<\/strong>, <strong>C\u00fala4<\/strong> agus branda\u00ed TG4 <strong>Foghlaim TG4<\/strong>, <strong>MOLSC\u00c9AL<\/strong> agus <strong>BLOC<\/strong> \u00e1bhar Gaeilge os comhair an lucht f\u00e9achana tr\u00ed na hard\u00e1in chraolta, dhigiteacha agus me\u00e1n s\u00f3isialta uile. <\/p>\n<p>Tos\u00f3far ag craoladh sceideal an Fh\u00f3mhair 2026 ar TG4 agus ar na hard\u00e1in dhigiteacha \u00f3 mh\u00ed Mhe\u00e1n F\u00f3mhair.<br \/>\n&nbsp;<\/p>\n","protected":false},"excerpt":{"rendered":"<p>&nbsp; Se\u00f3r\u00edl TG4: &nbsp; Br\u00f3isi\u00far: Cl\u00e1racha TG4&#8230;Anseo &nbsp; T\u00e1 an tsraith dhr\u00e1ma\u00edochta mh\u00f3r\u00e9ilimh CR\u00c1 ar ais i sceideal an fh\u00f3mhair 2026, a d\u2019fh\u00f3gair TG4 inniu, sceideal at\u00e1 ag cur thar maoil le r\u00e9imse \u00e1bhair siamsa\u00edochta, faisn\u00e9ise, ceoil, sp\u00f3irt, \u00e1bhar don lucht f\u00e9achana \u00f3g, c\u00farsa\u00ed reatha agus r\u00e9imse cl\u00e1racha do leana\u00ed, sceideal. T\u00e1 CR\u00c1 ar cheann [&hellip;]<\/p>\n","protected":false},"author":876,"featured_media":0,"parent":248744,"menu_order":56,"comment_status":"closed","ping_status":"closed","template":"page-templates\/template-pr.php","meta":{"footnotes":""},"acf":[],"yoast_head":"<!-- This site is optimized with the Yoast SEO plugin v22.6 - https:\/\/yoast.com\/wordpress\/plugins\/seo\/ -->\n<title>S\u00e9as\u00far Nua Iontach F\u00f3gartha ag TG4 ina mbeidh Sc\u00e9alta, Guthanna agus Aicsean Beo go Leor | Preasr\u00e1iteas | TG4<\/title>\n<meta name=\"description\" content=\"T\u00e1 an tsraith dhr\u00e1ma\u00edochta mh\u00f3r\u00e9ilimh CR\u00c1 ar ais i sceideal an fh\u00f3mhair 2026, a d\u2019fh\u00f3gair TG4 inniu, sceideal at\u00e1 ag cur thar maoil le r\u00e9imse \u00e1bhair siamsa\u00edochta, faisn\u00e9ise, ceoil, sp\u00f3irt, \u00e1bhar don lucht f\u00e9achana \u00f3g, c\u00farsa\u00ed reatha agus r\u00e9imse cl\u00e1racha do leana\u00ed, sceideal.\" \/>\n<meta name=\"robots\" content=\"index, follow, max-snippet:-1, max-image-preview:large, max-video-preview:-1\" \/>\n<meta property=\"og:locale\" content=\"en_US\" \/>\n<meta property=\"og:type\" content=\"article\" \/>\n<meta property=\"og:title\" content=\"S\u00e9as\u00far Nua Iontach F\u00f3gartha ag TG4 ina mbeidh Sc\u00e9alta, Guthanna agus Aicsean Beo go Leor | Preasr\u00e1iteas | TG4\" \/>\n<meta property=\"og:description\" content=\"T\u00e1 an tsraith dhr\u00e1ma\u00edochta mh\u00f3r\u00e9ilimh CR\u00c1 ar ais i sceideal an fh\u00f3mhair 2026, a d\u2019fh\u00f3gair TG4 inniu, sceideal at\u00e1 ag cur thar maoil le r\u00e9imse \u00e1bhair siamsa\u00edochta, faisn\u00e9ise, ceoil, sp\u00f3irt, \u00e1bhar don lucht f\u00e9achana \u00f3g, c\u00farsa\u00ed reatha agus r\u00e9imse cl\u00e1racha do leana\u00ed, sceideal.\" \/>\n<meta property=\"og:url\" content=\"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2026-2\/seasur-nua-iontach-fogartha-ag-tg4-ina-mbeidh-scealta-guthanna-agus-aicsean-beo-go-leor\/\" \/>\n<meta property=\"og:site_name\" content=\"TG4\" \/>\n<meta property=\"article:publisher\" content=\"https:\/\/www.facebook.com\/TG4TV\" \/>\n<meta property=\"article:modified_time\" content=\"2026-08-31T15:40:46+00:00\" \/>\n<meta property=\"og:image\" content=\"https:\/\/www.tg4.ie\/wp-content\/uploads\/2026\/08\/Seoladh_an_Fhomhair_2026_1-1920x1080-1.jpg\" \/>\n<meta name=\"twitter:card\" content=\"summary_large_image\" \/>\n<meta name=\"twitter:site\" content=\"@TG4TV\" \/>\n<meta name=\"twitter:label1\" content=\"Est. reading time\" \/>\n\t<meta name=\"twitter:data1\" content=\"10 minutes\" \/>\n<script type=\"application\/ld+json\" class=\"yoast-schema-graph\">{\"@context\":\"https:\/\/schema.org\",\"@graph\":[{\"@type\":\"WebPage\",\"@id\":\"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2026-2\/seasur-nua-iontach-fogartha-ag-tg4-ina-mbeidh-scealta-guthanna-agus-aicsean-beo-go-leor\/\",\"url\":\"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2026-2\/seasur-nua-iontach-fogartha-ag-tg4-ina-mbeidh-scealta-guthanna-agus-aicsean-beo-go-leor\/\",\"name\":\"S\u00e9as\u00far Nua Iontach F\u00f3gartha ag TG4 ina mbeidh Sc\u00e9alta, Guthanna agus Aicsean Beo go Leor | Preasr\u00e1iteas | TG4\",\"isPartOf\":{\"@id\":\"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/#website\"},\"primaryImageOfPage\":{\"@id\":\"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2026-2\/seasur-nua-iontach-fogartha-ag-tg4-ina-mbeidh-scealta-guthanna-agus-aicsean-beo-go-leor\/#primaryimage\"},\"image\":{\"@id\":\"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2026-2\/seasur-nua-iontach-fogartha-ag-tg4-ina-mbeidh-scealta-guthanna-agus-aicsean-beo-go-leor\/#primaryimage\"},\"thumbnailUrl\":\"https:\/\/www.tg4.ie\/wp-content\/uploads\/2026\/08\/Seoladh_an_Fhomhair_2026_1-1920x1080-1.jpg\",\"datePublished\":\"2026-08-31T13:59:42+00:00\",\"dateModified\":\"2026-08-31T15:40:46+00:00\",\"description\":\"T\u00e1 an tsraith dhr\u00e1ma\u00edochta mh\u00f3r\u00e9ilimh CR\u00c1 ar ais i sceideal an fh\u00f3mhair 2026, a d\u2019fh\u00f3gair TG4 inniu, sceideal at\u00e1 ag cur thar maoil le r\u00e9imse \u00e1bhair siamsa\u00edochta, faisn\u00e9ise, ceoil, sp\u00f3irt, \u00e1bhar don lucht f\u00e9achana \u00f3g, c\u00farsa\u00ed reatha agus r\u00e9imse cl\u00e1racha do leana\u00ed, sceideal.\",\"breadcrumb\":{\"@id\":\"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2026-2\/seasur-nua-iontach-fogartha-ag-tg4-ina-mbeidh-scealta-guthanna-agus-aicsean-beo-go-leor\/#breadcrumb\"},\"inLanguage\":\"ga\",\"potentialAction\":[{\"@type\":\"ReadAction\",\"target\":[\"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2026-2\/seasur-nua-iontach-fogartha-ag-tg4-ina-mbeidh-scealta-guthanna-agus-aicsean-beo-go-leor\/\"]}]},{\"@type\":\"ImageObject\",\"inLanguage\":\"ga\",\"@id\":\"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2026-2\/seasur-nua-iontach-fogartha-ag-tg4-ina-mbeidh-scealta-guthanna-agus-aicsean-beo-go-leor\/#primaryimage\",\"url\":\"https:\/\/www.tg4.ie\/wp-content\/uploads\/2026\/08\/Seoladh_an_Fhomhair_2026_1-1920x1080-1.jpg\",\"contentUrl\":\"https:\/\/www.tg4.ie\/wp-content\/uploads\/2026\/08\/Seoladh_an_Fhomhair_2026_1-1920x1080-1.jpg\"},{\"@type\":\"BreadcrumbList\",\"@id\":\"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2026-2\/seasur-nua-iontach-fogartha-ag-tg4-ina-mbeidh-scealta-guthanna-agus-aicsean-beo-go-leor\/#breadcrumb\",\"itemListElement\":[{\"@type\":\"ListItem\",\"position\":1,\"name\":\"Home\",\"item\":\"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/\"},{\"@type\":\"ListItem\",\"position\":2,\"name\":\"Eolas\",\"item\":\"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/\"},{\"@type\":\"ListItem\",\"position\":3,\"name\":\"Preas\",\"item\":\"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/\"},{\"@type\":\"ListItem\",\"position\":4,\"name\":\"Nuacht R\u00e1itis\",\"item\":\"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/\"},{\"@type\":\"ListItem\",\"position\":5,\"name\":\"2026\",\"item\":\"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2026-2\/\"},{\"@type\":\"ListItem\",\"position\":6,\"name\":\"S\u00e9as\u00far Nua Iontach F\u00f3gartha ag TG4 ina mbeidh Sc\u00e9alta, Guthanna agus Aicsean Beo go Leor\"}]},{\"@type\":\"WebSite\",\"@id\":\"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/#website\",\"url\":\"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/\",\"name\":\"TG4\",\"description\":\"S\u00fail Eile\",\"potentialAction\":[{\"@type\":\"SearchAction\",\"target\":{\"@type\":\"EntryPoint\",\"urlTemplate\":\"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/?s={search_term_string}\"},\"query-input\":\"required name=search_term_string\"}],\"inLanguage\":\"ga\"}]}<\/script>\n<!-- \/ Yoast SEO plugin. -->","yoast_head_json":{"title":"S\u00e9as\u00far Nua Iontach F\u00f3gartha ag TG4 ina mbeidh Sc\u00e9alta, Guthanna agus Aicsean Beo go Leor | Preasr\u00e1iteas | TG4","description":"T\u00e1 an tsraith dhr\u00e1ma\u00edochta mh\u00f3r\u00e9ilimh CR\u00c1 ar ais i sceideal an fh\u00f3mhair 2026, a d\u2019fh\u00f3gair TG4 inniu, sceideal at\u00e1 ag cur thar maoil le r\u00e9imse \u00e1bhair siamsa\u00edochta, faisn\u00e9ise, ceoil, sp\u00f3irt, \u00e1bhar don lucht f\u00e9achana \u00f3g, c\u00farsa\u00ed reatha agus r\u00e9imse cl\u00e1racha do leana\u00ed, sceideal.","robots":{"index":"index","follow":"follow","max-snippet":"max-snippet:-1","max-image-preview":"max-image-preview:large","max-video-preview":"max-video-preview:-1"},"og_locale":"en_US","og_type":"article","og_title":"S\u00e9as\u00far Nua Iontach F\u00f3gartha ag TG4 ina mbeidh Sc\u00e9alta, Guthanna agus Aicsean Beo go Leor | Preasr\u00e1iteas | TG4","og_description":"T\u00e1 an tsraith dhr\u00e1ma\u00edochta mh\u00f3r\u00e9ilimh CR\u00c1 ar ais i sceideal an fh\u00f3mhair 2026, a d\u2019fh\u00f3gair TG4 inniu, sceideal at\u00e1 ag cur thar maoil le r\u00e9imse \u00e1bhair siamsa\u00edochta, faisn\u00e9ise, ceoil, sp\u00f3irt, \u00e1bhar don lucht f\u00e9achana \u00f3g, c\u00farsa\u00ed reatha agus r\u00e9imse cl\u00e1racha do leana\u00ed, sceideal.","og_url":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2026-2\/seasur-nua-iontach-fogartha-ag-tg4-ina-mbeidh-scealta-guthanna-agus-aicsean-beo-go-leor\/","og_site_name":"TG4","article_publisher":"https:\/\/www.facebook.com\/TG4TV","article_modified_time":"2026-08-31T15:40:46+00:00","og_image":[{"url":"https:\/\/www.tg4.ie\/wp-content\/uploads\/2026\/08\/Seoladh_an_Fhomhair_2026_1-1920x1080-1.jpg"}],"twitter_card":"summary_large_image","twitter_site":"@TG4TV","twitter_misc":{"Est. reading time":"10 minutes"},"schema":{"@context":"https:\/\/schema.org","@graph":[{"@type":"WebPage","@id":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2026-2\/seasur-nua-iontach-fogartha-ag-tg4-ina-mbeidh-scealta-guthanna-agus-aicsean-beo-go-leor\/","url":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2026-2\/seasur-nua-iontach-fogartha-ag-tg4-ina-mbeidh-scealta-guthanna-agus-aicsean-beo-go-leor\/","name":"S\u00e9as\u00far Nua Iontach F\u00f3gartha ag TG4 ina mbeidh Sc\u00e9alta, Guthanna agus Aicsean Beo go Leor | Preasr\u00e1iteas | TG4","isPartOf":{"@id":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/#website"},"primaryImageOfPage":{"@id":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2026-2\/seasur-nua-iontach-fogartha-ag-tg4-ina-mbeidh-scealta-guthanna-agus-aicsean-beo-go-leor\/#primaryimage"},"image":{"@id":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2026-2\/seasur-nua-iontach-fogartha-ag-tg4-ina-mbeidh-scealta-guthanna-agus-aicsean-beo-go-leor\/#primaryimage"},"thumbnailUrl":"https:\/\/www.tg4.ie\/wp-content\/uploads\/2026\/08\/Seoladh_an_Fhomhair_2026_1-1920x1080-1.jpg","datePublished":"2026-08-31T13:59:42+00:00","dateModified":"2026-08-31T15:40:46+00:00","description":"T\u00e1 an tsraith dhr\u00e1ma\u00edochta mh\u00f3r\u00e9ilimh CR\u00c1 ar ais i sceideal an fh\u00f3mhair 2026, a d\u2019fh\u00f3gair TG4 inniu, sceideal at\u00e1 ag cur thar maoil le r\u00e9imse \u00e1bhair siamsa\u00edochta, faisn\u00e9ise, ceoil, sp\u00f3irt, \u00e1bhar don lucht f\u00e9achana \u00f3g, c\u00farsa\u00ed reatha agus r\u00e9imse cl\u00e1racha do leana\u00ed, sceideal.","breadcrumb":{"@id":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2026-2\/seasur-nua-iontach-fogartha-ag-tg4-ina-mbeidh-scealta-guthanna-agus-aicsean-beo-go-leor\/#breadcrumb"},"inLanguage":"ga","potentialAction":[{"@type":"ReadAction","target":["https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2026-2\/seasur-nua-iontach-fogartha-ag-tg4-ina-mbeidh-scealta-guthanna-agus-aicsean-beo-go-leor\/"]}]},{"@type":"ImageObject","inLanguage":"ga","@id":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2026-2\/seasur-nua-iontach-fogartha-ag-tg4-ina-mbeidh-scealta-guthanna-agus-aicsean-beo-go-leor\/#primaryimage","url":"https:\/\/www.tg4.ie\/wp-content\/uploads\/2026\/08\/Seoladh_an_Fhomhair_2026_1-1920x1080-1.jpg","contentUrl":"https:\/\/www.tg4.ie\/wp-content\/uploads\/2026\/08\/Seoladh_an_Fhomhair_2026_1-1920x1080-1.jpg"},{"@type":"BreadcrumbList","@id":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2026-2\/seasur-nua-iontach-fogartha-ag-tg4-ina-mbeidh-scealta-guthanna-agus-aicsean-beo-go-leor\/#breadcrumb","itemListElement":[{"@type":"ListItem","position":1,"name":"Home","item":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/"},{"@type":"ListItem","position":2,"name":"Eolas","item":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/"},{"@type":"ListItem","position":3,"name":"Preas","item":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/"},{"@type":"ListItem","position":4,"name":"Nuacht R\u00e1itis","item":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/"},{"@type":"ListItem","position":5,"name":"2026","item":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/eolas\/preas\/nuacht-raitis\/2026-2\/"},{"@type":"ListItem","position":6,"name":"S\u00e9as\u00far Nua Iontach F\u00f3gartha ag TG4 ina mbeidh Sc\u00e9alta, Guthanna agus Aicsean Beo go Leor"}]},{"@type":"WebSite","@id":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/#website","url":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/","name":"TG4","description":"S\u00fail Eile","potentialAction":[{"@type":"SearchAction","target":{"@type":"EntryPoint","urlTemplate":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/?s={search_term_string}"},"query-input":"required name=search_term_string"}],"inLanguage":"ga"}]}},"_links":{"self":[{"href":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/pages\/262624"}],"collection":[{"href":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/pages"}],"about":[{"href":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/types\/page"}],"author":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/users\/876"}],"replies":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/comments?post=262624"}],"version-history":[{"count":8,"href":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/pages\/262624\/revisions"}],"predecessor-version":[{"id":262665,"href":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/pages\/262624\/revisions\/262665"}],"up":[{"embeddable":true,"href":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/pages\/248744"}],"wp:attachment":[{"href":"https:\/\/www.tg4.ie\/ga\/wp-json\/wp\/v2\/media?parent=262624"}],"curies":[{"name":"wp","href":"https:\/\/api.w.org\/{rel}","templated":true}]}}