23 DEIREADH FÓMHAR 2017 : 18:03
Tairiscint ón Údarás faoi Phlean Teangan Chois Fharraige
Pléifear an tairiscint atá tagtha ó Údarás na Gaeltachta faoi fheidhmiú phlean teangan do cheantar Chois Fharraige ag cruinniú de chuid an Fhóram Pleaneála Teangan a bheas ar bun sa gCrann Taca ag a 8 a chlog tráthnóna.
Is iad Fóram Pleanála Teangan Chois Fharraige an cheanneagraíocht a réitigh plean teangan don cheantar Gaeltachta a shíneann as Ros a' Mhíl go dtí na Forbacha, plean a cuireadh faoi bhráid Údarás na Gaeltachta mí na Nollag 2016.
Sheol Aire Stáit na Gaeltachta Joe Mc Hugh an phlean ag ócáid i nGaoth Dobhair an 21ú Meán an Fhómhair ach tugadh le fios nach mbeadh ach €100,000 ceadaithe don chéad bhliain leis an bplean a fheidhmiú agus duine amháin fostaithe.
Bhí Plean Teangan Chois Fharraige bunaithe ar thriúr a bheith fostaithe go lánaimseartha agus maoiniú €250,000 in aghaidh na bliana a bheith ar fáil.
