23 DEIREADH FÓMHAR 2017 : 17:52
Simon Zebo ag fágáil na Mumhan
Tá sé deimhnithe ag Cúige Mumhan go mbeidh Simon Zebo ag fágáil na Cúige sin ag deireadh an tséasúir.
Meastar gur ag imirt sa bhFrainc a bheidh sé.
Beidh a chonradh leis na Muimhnigh rite sa samhradh agus is cosúil nach raibh Cúige Mumhan in acmhain a ghabháil in iomaíocht leis na tairiscintí móra a bhí Zebo a fháil ó chumainn thar toinn.
Dúirt Príomhfheidhmeannach na Mumhan Garrett Fitzgerald go raibh siad an-diomúch nár éirigh leo é a choineáil ar chonradh nua ach ghuí sé gach rath agus deá-ghuí air.
Deir Simon Zebo é féin gur cinneadh crua a bhí ann ach gur airigh sé go raibh sé in am aige blaiseadh a fháil don saol i dtír eile agus gur chun a leasa féin agus leasa a theaghlaigh a bhí an cinneadh.
Dúirt sé go dtabharfadh sé gach a raibh ann le cinntiú go mbeadh rath ar fhoireann na Mumhan nó go bhfágfaidh sé.
