Nuacht | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content

Nuacht TG4

Gan foirgneamh le 21 bliain, 245 dalta atá sa scoil faoi láthair.
23 DEIREADH FÓMHAR 2017 : 18:10
Agóid os comhair na Dála ag Gaelscoil in Áth Cliath

Tá sé i gceist ag tuismitheoirí agus daltaí i nGaelscoil in iar-dheisceart Bhaile Átha Cliath a ghabháil i mbun léirsithe taobh amuigh den Dáil amárach mar gheall ar chomh fada is atá siad ag fanacht le foirgneamh buan.

Tá daltaí agus múinteoirí i nGaelscoil Chnoc Liamhna i mbun scoile i gcóiríocht réamh-dhéanta ó bunaíodh an scoil in 1996.

245 dalta ar fad atá inti, an t-iomlán i bhfoirgnimh réamhdhéanta.

Deir an Roinn Oideachais go bhfuil an próiseas tíolactha do shuíomh na scoile nua ar siúl i láthair na h-uaire agus go dtosófar ar an bpleanáil ailtéireachta go luath.

Ach deir muintir na scoile nach féidir leo fanacht i bhfad eile d'fhoirgneamh buan.

Tá tuismitheoirí dhaltaí na scoile le dul i mbun agóidíochta taobh amuigh de Theach Laighean amárach le brú a chur ar an Rialtas foirgneamh buan a thógáil don scoil go luath.

Fógraíocht