Dúirt Coimisinéir na nGardaí, Martin Callinan agus é ag labhairt ag searmanas cuimhneacháin i gcuimhne 87 oifigeach ón bhfórsa a maraíodh agus iad i mbun a gcuid oibre, gur eachtra uafásach a bhí i ndúnmharú an bhleachtaire Garda, Adrian Donohoe.
I Meiriceá, tá droch bhail ar chúigear de bharr timpiste a bhí ag dhá thraein i gConnecticut. Gortaíodh suas le trí scór duine uilig sa timpiste.
Reachtáilfear an babhta ceannais den 58ú Comórtas Eorafíse i gcathair Malmo san tSualainn anocht. Beidh 26 tír páirteach sa gcomórtas.
Tá sé ráite ag an dTeachta Dála Neamhspleách, Mick Wallace, gur léir ós na ráitis is déanaí atá déanta ag an Aire Dlí is Cirt, Alan Shatter maidir le conspóid na bpointí pionóis go bhfuil an tAire ag iarraidh míchlú a tharraingt air.
Tá fiosrúchán ar bun ag oifigigh custam i mBleá Cliath tar éis dóibh ionad sciúrtha díosail a aimsiú sa chathair.
Corn Heineken na hEorpa buaite ag Toulon, tar éis dóibh Clermont Auvergne a chloí 16-15 i Staid Aviva
Ní raibh fios dá laghad ag Jonathon Sexton deir sé, go raibh Rónán O'Gara le bogadh go Racing Metro mar chóitseálaí ciceála.
An baol ann go mbeidh Iománaithe Chill Chainnigh d'uireasa Michael Fennelly dá bhfeachtas i gcraobh iomána Laighean, tar éis dó a rúitín a ghortú ag imirt lena chlub, Seamróga Bhaile Éil.
TUILLEADH EOLAIS
Cló Iar-Chonnacht
€10.00
€14.95
€25.00
€20.00
€15.00
€12.00
Bankos Tales Productions
€9.99
€21.99
Sea Fever Productions
€19.99
An Spailpín Fánach
€32.00
€39.00
€14.00