S21 E2 50m
Is é Aidan O'Mahony, peileadóir mór Chiarraí an chéad Laoch Gael eile a bheidh faoi chaibidil. Cé go raibh deacrachtaí móra aige lena shláinte nuair a bhí sé óg d'éirigh leis áit a bhaint amach ar cheann de na foirne ab fhearr riamh. Nuair a bhí sé i mbarr a mhaitheasa, áfach, bhí sé sáite i gconspóid mar gheall gurbh é an chéad imreoir CLG a chlis air i dtástáil drugaí. Tháinig meath ar a mheabharshláinte agus tar éis tréimhse in ionad cóireála, thug sé aghaidh ar an dúshlán ba mhó ina shaol - brí na beatha agus an grá a bhí aige don chluiche a aimsiú arís.
Béarla
02 Feabhra 2023