S21 E4 50m
Is é scéal pheileadóir Mhaigh Eo, Tom Parsons, ábhar na heipeasóide seo de Laochra Gael. Tháinig Tom i réim sa bhliain 2008, ag déanamh gaisce d'fhoireann sinsir Mhaigh Eo gan ann ach déagóir fós. Nuair a chaill sé a áit ar an bhfoireann gan choinne sa bhliain 2011, áfach, thit a shaol as a chéile. Tháinig sé ar ais in 2014 agus bhí ról lárnach aige sa choimhlint clúiteach in aghaidh na Dubs. Cibé díomá a bhí air de bharr na gcailliúintí sna cluichí sin, chonaic sé ina cheart é nuair a gortaíodh go huafásach é in 2018. Ó tharla gur dúradh leis go raibh seans ann nach shiúlfadh sé arís, ba mhíorúilt amach is amach é nuair a chuaigh sé chun páirce arís sa bhliain 2019.
Béarla
16 Feabhra 2023