S21 E3 50m
Leanfaidh an 21ú sraith de Laochra Gael le scéal an imreora camógaíochta as Cill Chainnigh, Anne Dalton. Tar éis Cluiche Ceannais na hÉireann a chailliúint trí huaire, d'éirigh le Anne a sprioc a bhaint amach sa deireadh in 2016. Ina dhiaidh sin, chaill sí trí chluiche ceannais as a chéile arís. Níor chaill sí a misneach áfach agus d'éirigh léi clú agus cáil a bhaint amach mar dhuine de na himreoirí is fearr riamh. Bhí an-mhórtas go deo uirthi in 2020 nuair a bhuaigh na Cait an Chraobh arís agus a bean chéile, imreoir na nDéise Karen Kelly, agus a dtriúr páistí óga ag féachaint uirthi sa bhaile.
Béarla
09 Feabhra 2023