Skip to main content
< back to TG4.ie

Babhta Coimisiúnaithe – Don Chiste Craoltóireachta Gaeilge (ILBF) Fómhar 2025

 

Babhta Coimisiúnaithe – Don Chiste Craoltóireachta Gaeilge (ILBF) Fómhar 2025

An dáta deiridh d’iarratais: 16:00 an 22 Lúnasa 2025

 

Bíonn TG4 ag lorg scéalta láidre tochtmhara, a chuireann gné an ‘súil eile’ in iúl, formáidí nuálacha a mheallfaidh an lucht féachana éagsúil atá againn. Fáiltítear roimh smaointe ó léiritheoirí a bhfuil taithí acu agus ó léiritheoirí atá ag iarraidh an chéad chéim eile ina gcuid oibre a thabhairt chun cinn. Seo do sheans do chuid smaointe a chur i láthair agus cur le sceideal TG4. Má tá do choincheap ar aon dul lenár spriocanna clár agus straitéise, agus má bhaineann sé le lucht féachana TG4, seol iarratas isteach faoin mbabhta seo le do thoil. Táimid ag lorg ábhar a chuireann siamsaíocht, eolas agus spreagadh ar fáil.

Roghnófar tograí faoin mbabhta coimisiúnaithe seo le cur ar aghaidh lena mbreithniú do thacaíocht faoin gcéad bhabhta eile den Chiste Craoltóireachta Gaeilge (ILBF). Ná cuir ar aghaidh ach tionscadail atá incháilithe faoin scéim.

Tabhair san áireamh ag pointe an iarratais na hardáin ar fad agus oiriúnacht do chláir do na hardáin sin: YouTube, Facebook, Instagram, Snapchat, agus TikTok. Is é an sprioc atá againn ceangal a dhéanamh le lucht féachana leathan in Éirinn agus thar lear.

Táimid sásta féachaint ar choincheapa nuálacha agus uathúla a chuirfeadh go mór lenár gclársceideal. Beidh deiseanna forbartha ar fáil ar fud gach réimse má theastaíonn sin. Táimid ag tnúth le hathbhreithniú a dhéanamh ar na hiarratais agus deis a thabhairt duit do chuid smaointe a thabhairt chun fíre ar ár gcuid ardán.

Bí ag cuimhneamh, tráth a mbeidh an t-iarratas á dhéanamh, ar na hardáin ar fad atá ag TG4 agus chomh oiriúnach is a bheadh do chlár dóibh – sin iad sceideal líneach TG4, Seinnteoir TG4, YouTube, nó na hardáin shóisialta eile. . Is é an sprioc atá againn ceangal a dhéanamh le lucht féachana leathan in Éirinn agus thar lear.

Táimid sásta féachaint ar choincheapa nuálacha agus uathúla a chuirfeadh go mór lenár gclársceideal. Beidh deiseanna forbartha ar fáil ar fud gach réimse má theastaíonn sin. Táimid ag tnúth le hathbhreithniú a dhéanamh ar na hiarratais agus deis a thabhairt duit do chuid smaointe a thabhairt chun fíre ar ár gcuid ardán.
 
Níor cheart tograí a diúltaíodh roimhe seo a chur isteach arís gan athruithe suntasacha a bheith déanta orthu ar dtús agus na hathruithe sin a bheith pléite le hEagarthóir Coimisiúnaithe.

N.B: Ní dhéanfar d’iarratas a mheas mura mbeidh na nithe seo san áireamh:
Iarratas: Ní mór don iarratas a bheith ina chomhad PDF agus gan é a bheith níos faide ná 5 leathanach ar a mhéad. Seo an t-eolas atá le cur san iarratas:

  1. An Fhoireann atá Beartaithe – léiritheoir, stiúrthóir agus an tallann atá i gceist a úsáid taobh thiar den cheamara agus ar an scáileán. Cuir na daoine a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu in iúl go soiléir san iarratas.
  2. Déan cur síos ar an togra in abairt amháin.
  3. Déan cur síos ar stíl, ton agus ar chur chuige físiúil an stiúrthóra.
  4. Tabhair na príomhrannpháirtithe/láithreoir atá beartaithe a bheith agat ar an gclár le fios.
  5. Plean/Sceideal léirithe an togra. Cuir sceideal léirithe réalaíoch ar aghaidh le d’iarratas.
  6. Má tá plean nó ábhar digiteach breise i gceist, tabhair samplaí.
  7. Bí soiléir faoin sprioc lucht féachana agus spriocam craolta.

Buiséad: Beidh plean airgeadais agus buiséad comhlánaithe ar an teimpléad buiséid cuí ag teastáil le haghaidh gach iarratas. Ní dhéanfar iarratais a chuirtear isteach gan buiséad comhlánaithe ar an teimpléad ábhartha a bheith leo a mheas.

ILBF: Teimpléad buiséid ILBF

Beidh eagarthóirí coimisiúnaithe TG4 ar fáil le haghaidh cruinnithe le léiritheoirí a léiríonn suim sa bhabhta seo. Dá mba mhaith leat cruinniú a shocrú, nó má tá aon cheisteanna agat faoi aon chuid den bhabhta seo, seol ríomhphost chuig Julieann.ni.fhatharta@tg4.ie.

Na seánraí a bheidh inghlachta faoin mbabhta seo

Faoi 35

Tá TG4 ag lorg smaointe spreagúla úra cláir atá dírithe ar lucht féachana óg idir 18-35 bliana d’aois. Is mian linn saol dinimiciúil agus éagsúil daoine óga in Éirinn agus thar lear a cheiliúradh, agus iad ag dul i dtaithí ar an domhan sa lá atá inniu ann.

Táimid ag lorg ábhair a léiríonn doimhneacht bhríomhar, fhuinniúil daoine óga a labhraíonn Gaeilge anseo agus ar fud an domhain. Ábhar láidir, nuálach agus tarraingteach a luíonn le paisin, spéiseanna agus taithí Ghaeil Óga an lae inniu.

  • Smaointe Úra: Táimid ag lorg coincheapa úrnua ar fad — smaoinigh ar fhormáidí líneacha agus neamhlíneacha a sháraíonn teorainneacha cruthaitheacha. Ní mór don scéalaíocht a bheith nua agus nuálach. Táimid sásta féachaint ar smaointe le haghaidh sraitheanna a sheasfaidh an aimsir, cláir faisnéise aon uaire, imeachtaí, podchraoltaí amhairc, ábhar gearrfhoirme. B’fhéidir gur scéalta iad a bhfuil eolas againn orthu ach caithfear iad a insint ar bhealach ceannródaíoch, spreagúil.
  • Éagsúlacht: Teastaíonn cláir uainn a léiríonn saibhreas shaol agus phobal na ndaoine óga in Éirinn.
  • Ábhar atá Ábhartha agus Barántúil: Cláir a léiríonn na rudaí atá tábhachtach do dhaoine óga sa lá atá inniu ann. Cláir atá déanta ag daoine óga, do dhaoine óga, a léiríonn go fírinneach a nguthanna, a bpaisin agus na dúshláin éagsúla a bhíonn le sárú acu.
  • Fáilteofar roimh gach Seánra: Coiméide, siamsaíocht, fíorasach, cúrsaí reatha, drámaíocht, faisnéis – níl teorainn ar bith.
  • Guthanna Nua: Ba mhaith linn cloisteáil ó dhaoine a bhfuil scil acu sa réimse seo agus smaointe cruthaitheacha nua a fháil a chuirfidh smaointe nua agus difriúla os ár gcomhair.

Ba mhaith linn tuilleadh a chloisteáil ó ghuthanna óga agus ionadaíocht a dhéanamh ar shaol na nGael óg sa lá atá inniu ann, in Éirinn agus ar fud an domhain.
 

Ábhar Siamsaíochta & Stíle Maireachtála

Táimid ag lorg smaointe spraíúla, siamsúla agus tarraingteacha a thaitneoidh le lucht féachana leathan teaghlaigh tráthnóna Dé Domhnaigh nó ábhar siamsaíochta/saoil do phobal leathan féachana TG4 i rith na seachtaine. Ba chóir go mbeadh an t-ábhar ag cur lucht féachana TG4 ar an scáileán agus go mbeadh an sprioc agus an cur chuige soiléir.

Táimid sásta glacadh le smaointe ar fud raon seánraí, lena n-áirítear ach gan bheith teoranta dóibh: Seónna ardfhuinnimh agus dinimiciúla atá taifeadta i stiúideo nó ardáin eile a tharraingíonn lucht féachana leathan; Formáidí siamsaíochta atá dírithe ar cheol, damhsa, amhránaíocht, eile, nó meascán díobh sin; Seónna tráth na gceist nó seónna cluichí atá tarraingteach, spraíúil agus an-fhísiúil; Sraitheanna stíle maireachtála a léiríonn éasgúlachtaí shaol an lae inniu; Cláir shiamsaíochta fhíorasacha a thugann ardú croí agus a chuireann ábhar siamsaíochta ar fáil do na glúnta go léir.

Ba chóir gach smaoineamh a bheith spraíúil agus go dtabharfadh siad ardú croí don lucht féachana. Cuirfimid fáilte ar leith roimh smaointe ar féidir iad a chur ar fáil go nádúrtha ar na hardáin dhigiteacha agus ar na meáin shóisialta chun an lucht féachana is leithne is féidir, a mhealladh. Tá muid solúbtha ó thaobh líon agus fad na gclár.
 

Croílucht Féachana TG4

Is pobail thráthúla iad pobal na Gaeilge agus pobal na Gaeltachta, agus is iadsan croílucht féachana TG4. Táthar ag lorg léiriúchán atá lán le brí agus fuinneamh, léiriúcháin atá ionraic agus a thugann léargas ar na pobail iontacha agus eisceachtúla seo.
Fáiltímid roimh iarratais do chláir aonair agus sraitheanna, cláir a bhfuil dánacht ag baint leo agus cláir dheasa, cláir ghéimiúla agus cláir a bhainfidh deora asat, ach thar aon ní eile, fáiltímid roimh chláir atá comhaimseartha.

  • Beagán de gach uile ní: siamsaíocht, greann, fáisnéis, drámaíocht. Sraitheanna ina bhfuil cláir leathuaire nó cláir uair an chloig. 6 x 25’, 12 x 25’ nó sraitheanna 6 x 50’
  • Ábhar nua don phobal trí chéile. Ábhar a bheadh oiriúnach don teilifís agus do na hardáin ar líne araon.
  • Ábhar lena mbaineann éagsúlacht mar go bhfuil an saol níos iléagsúla anois ná mar a bhí riamh!
  • Ábhar tráthúil agus uathúil mar go mbíonn daoine ag iarraidh ábhar nua agus mar gurb é an rud is annamh is iontach!
  • Is iomaí insint ar scéal, agus is iomaí scéal nach bhfuil cloiste againn fós. Inis dúinn iad.

 

Ceiliúradh ar Laethanta Speisialta san Fhéilire in 2026

Tograí le haghaidh ábhar siamsaíochta, taibhléiriú, clár faisnéise nó an dá cheann a bheadh curtha in oiriúint go sonrach lena gcraoladh faoi Nollaig in 2026, Lá Fhéile Bríde an 1 Feabhra 2026, Lá Padraig 2026, Samhain srl.

Cláir uair an chloig a chraolfar mar ‘bhloc’ príomh-ama chun ceangal na hÉireann leis na mór-ócáidí sin a cheiliúradh.

Cláir cheoil, comóradh, ceiliúradh a thugann ardán do shaothar nua agus atá déanta ar bhealach nuálach a chuirfidh siamsaíocht ar fáil agus a spreagfaidh lucht féachana a d’fhéadfaí a chraoladh arís i sceideal TG4.
 

Formáidí

Cuir iontas orainn le formáidí nua, spreagúla agus siamsúla a bheadh le craoladh roimh 9pm agus tar éis 9pm faoi na ceannteidil seo: geandáil, stíl mhaireachtála, taisteal, cócaireacht, feirmeoireacht, sláinte, tithíocht nó meascán díobh sin.

Táimid ag lorg smaointe clár le téamaí sainiúla agus pearsantachtaí láidre luaite leo a bhfuil an paisean, an scil agus an t-eolas acu chun aghaidh a thabhairt ar an ábhar. Beidh ord reatha ríthábhachtach chun go mbeimid ábalta an coincheap a thuiscint. Molaimid go láidir freisin go gcuirfidh tú sizzle ríl ar aghaidh den láithreoir atá beartaithe má tá láithreoir i gceist. Breithneofar formáidí atá ann cheana freisin, murar craoladh iad ar chainéil is féidir a fheiceáil in Éirinn. Tá maoiniú forbartha ar fáil más cuí. Sraitheanna: 6 x 25’, 12 x 25’ nó níos mó.
 

Fíorsasach (50 nóiméad)

Cláir faisnéise aonair nó mionsraitheanna (2-4 clár), a thugann léargas nua ar dhearcadh an domhain ar an bpobal a bheadh oiriúnach a chraoladh i rith phríomham craolta TG4.

Ba chóir cuspóir a bheith ag na cláir, go mbeadh siad uaillmhianach agus nuálach, go mbeadh tionchar acu agus go spreagfadh siad díospóireacht. Tá fíorthábhacht go mbeadh teacht ar gach taobh den scéal agus ba chóir cur chuige soiléir agus cruthaitheach an stiúrthóra a áireamh sa togra.

Fáiltítear roimh athrú cuspóra atá cruthaitheach a dhéanamh ar ábhar cartlainne trína ndéantar an ‘tuiscint’ atá againn ar théama náisiúnta nó ar chomóradh náisiúnta a léiriú ar bhealach eile, chomh maith le téamaí staire lena dtugtar léargas comhaimseartha ar an am atá caite.

Cuirfimid fáilte roimh thionscadail faisnéise le maoiniú ag TG4 amháin, mar aon le tionscadail a bheidh cómhaoinithe ag craoltóirí, VODanna nó comhlachtaí maoiniúcháin eile. Beifear sásta sraitheanna i bhfoirm níos giorra, a bheadh le taispeáint ar dtús ar Sheinnteoir TG4 nó ar chainéal YouTube TG4, a mheas.
 

Fíorsasach (25 nóiméad)

Cuirfimid fáilte roimh smaointe do chláir faisnéise, cláir aonair nó mionsraitheanna gearra, ar féidir an scéal a bhaineann leo a insint go fonnmhar agus go cruthaitheach i 25 nóiméad, ina dtugtar léargas a mbeadh suim ag cách ann ar shaol comhaimseartha na hÉireann. Ba chóir carachtair agus scéalta láidre a bheith lárnach sa gclár agus a bheith tarraingteach do lucht féachana TG4 ar an Teilifís agus ar Sheinnteoir TG4 araon.

Tabharfar tús áite sa réimse seo do dhaoine cumasacha nua a bhfuil Gaeilge acu. Cuirfear fáilte roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil taithí léiriúcháin acu nó ó dhaoine atá ag iarraidh an chéad chéim eile ina gcuid oibre cruthaithí a ghlacadh; iadsan atá ag iarraidh cur lena gcuid scileanna i ról an léiritheora/stiúrthóra, scríbhneora srl; fad is atá an paisean agus an cumas iontu scéalta Gaeilge úra agus comhaimseartha a chur ar an scáileán.
 

Cúla4 – Sraitheanna Siamsaíochta – Daoine Óga – Lucht Féachanna Réamhscoile & Páistí idir 6 & 12 bhliain

Ábhar tarraingteach agus spraíúil atá á lorg a léiríonn ábhar spéise agus caitheamh aimsire an lucht féachana seo agus a thabharfaidh deis don lucht féachana a mhacasamhail féin a fheiceáil ar an scáileán. Is fiú smaoineamh ar an ábhar spéise is mó atá ag daoine óga – spórt, ealaín, peataí, teicneolaíocht etc. Ní mór smaointe/tuairimí an lucht féachana a chur san áireamh agus ní mór stíl, ton agus brandáil a bheith soiléir ó thús an togra.

Fáiltímid roimh léiriúcháin fhíorúla.

Fáiltímid roimh shraitheanna a dteastaíonn níos mó forbartha a dhéanamh orthu.

I gcás sraitheanna a mbeadh forbairt le déanamh orthu, is fiú míreanna nó gnéithe a d’fhéadfaí a úsáid ar fud na n-ardán éagsúil a chur san áireamh.
 

Cúla4 – Seó Cluichí do Pháistí idir 7 & 12 bhliain & Teaghlaigh Sraith ina gcuirfí scoileanna, clubanna nó buíon cairde in iomaíocht le chéile.

Sraith uaillmhianach agus fhísiúil ina mbeadh spraoi, iomaíocht, idirghníomhaíocht agus teannas.

Sraith ina ndíreofaí ar dhúshlán a shárú seachas ar thráth na gceist amháin.

Fáiltímid roimh ábhar a bhaineann leis an teicneolaíocht agus léiriúcháin fhíorúla ach tá sé tábhachtach go mbeadh an lucht féachana iad féin páirteach agus ag baint spraoi as an dúshlán.

Fáiltímid roimh théamaí faoi leith don fhormáid seo, mar shampla mistéir, comórtais spóirt srl i stiúideo nó in ionad feiliúnach eile.

Ba chóir láithreoir/daoine a bhfuil cur i láthair tarraingteach acu agus a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu ar an scáileán. Is gné thábhachtach d’aon iarratas é go mbeadh plean léirithe leis mar aon le feachtas chun iomaitheoirí a mhealladh.
 


Ní mór gach togra a chur ar aghaidh go leictreonach chuig TG4. Ní mór do chomhlachtaí léiriúcháin a chinntiú ar dtús go bhfuil siad cláraithe ar ár gcóras eCoimisiúin https://ecomm.tg4.ie

Ní mór iarratais a uaslódáil roimh an spriocam agus iad a chur ar aghaidh trí ‘ILBF Fómhar, 2025’ a roghnú ón roghchlár anuas. Cuirfear in iúl duit, go huathoibríoch, nuair a bheidh do thogra curtha ar aghaidh. Ní ghlacfar le tograí nuair a bheidh an spriocdháta deiridh molta caite.

Is féidir ceist ar bith faoin mbabhta seo agus faoi oiriúnacht an tionscadail a sheoladh chuig Julieann.ni.fhatharta@tg4.ie.

Glacfar le hiarratas ar an mbonn go gcomhlíonfaidh iarrthóir na hoibleagáidí reachtúla iomchuí uile.

Níl dualgas ar TG4 glacadh leis an iarratas is ísle i bpraghas, ná le haon iarratas.

Beidh aon chonradh ag brath ar Dheimhniú Imréitigh Cánach a bheith agat ó na Coimisinéirí Ioncaim.

An tAcht um Shaoráil Faisnéise: Cuirtear iarrthóirí ar an eolas gur ceadmhach eolas a sholáthraítear a nochtadh don phobal faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. Ba chóir d’iarrthóirí aird a tharraingt ar aon fhaisnéis íogair (más ann di) agus an chúis go bhfuil an fhaisnéis sin íogair a lua. Ní féidir glacadh leis nach mbeidh dualgas ar TG4 faisnéis a eisiúint, fiú más dóigh leis an iarrthóir gur faisnéis íogair í agus go bhfuil sin curtha in iúl do TG4.

Ní ann d’aon chineál ceangail – conradh ná aon chineál eile – go dtí go mbeidh conradh foirmiúil scríofa forghníofa ag nó thar ceann TG4.