Skip to main content
< back to TG4.ie

Vacancies

 

 


Eagarthóir Ilardáin TG4

Conradh Buan
 

Is mian le TG4 Eagarthóir Ilardáin a cheapadh ar chonradh buan. Tá TG4 ag díriú ar an lucht féachana a fhás ar na hArdáin Dhigiteacha go léir. Ag freagairt don Stiúrthóir Lucht Féachana, Margaíochta agus Comhpháirtíochta, beidh an tEagarthóir Ilardáin i bhfeighil stiúir agus treoir eagarthóireachta agus straitéise a chur i bhfeidhm d’ardáin éagsúla TG4.

Sa ré seo ina bhfuil rogha mór ag an lucht féachana; an ré ilardán, tá fás tagtha ar líon na n-ardán a bhfuil TG4 ar fáil orthu agus tá an chaoi a mbreathnaíonn an lucht féachana ar ábhar ag athrú seasta. Tá TG4 ag iarraidh a chinntiú go mbeidh TG4 aitheanta ina shruthchraoltóir tarraingteach a bhfuil de nós ag an lucht féachana é a úsáid go rialta.

Is craoltóir náisiúnta teilifíse Gaeilge é TG4 atá lonnaithe i mBaile na hAbhann, Co. na Gaillimhe. Is craoltóir-foilsitheoir seirbhíse poiblí é TG4 a fhaigheann formhór a ábhair ó earnáil na léiritheoirí neamhspleácha, ábhar a bhfuil duaiseanna agus gradaim go leor buaite aige. Tá ábhar TG4 ar fáil ar gach ardán teilifíse ar fud na hÉireann, ar fud an domhain ar an idirlíon agus ar ardáin dhigiteacha.

Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4 agus mar sin is riachtanas é go mbeadh Gaeilge den scoth ag an té a cheapfar, idir labhairt agus scríobh na teanga. Is fostóir comhdheiseanna é TG4 agus déanfar iarratais incháilithe a mheas beag beann ar inscne, gnéaschlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh nó ar duine den Lucht Siúil atá i gceist. Tá TG4 i bhfabhar na héagsúlachta. Fáilteoidh muid roimh iarratais ó dhaoine ó chúlraí éagsúla.

Is i gCeannáras TG4 i mBaile na hAbhann a bheidh ionad oibre an phoist seo agus tá polasaí solúbtha oibre i bhfeidhm ag TG4.
 

An Ról:

Beidh an ról nua seo lárnach i dtaobh cuidiú le fás TG4 ar na hardáin sruthaithe go léir, Seinnteoir TG4, ardáin eile ar líne, Sky, Virgin, Eir, Saorview, agus YouTube ina measc. Beidh pleanáil eagarthóireachta, anailís sonraí agus tiomsú (curation) cliste i gceist chun an lucht féachana sruthaithe atá ag an stáisiún a fhás agus a fhorbairt. Beidh an té a cheapfar ag obair le foirne ábhair, dáileacháin agus margaíochta TG4 chun na spriocanna straitéise atá againn a bhaint amach i dtaobh an lucht féachana a fhás agus TG4 a chur in oiriúint don todhchaí.
 

I measc na ndualgas, ach gan bheith teoranta dóibh, a bheidh ar an té a cheapfar beidh:

  • An Lucht Féachana a Fhás: Fás an lucht féachana ar ardáin sruthaithe TG4 a bhrú chun cinn. Tuiscint ghrinn ar shonraí lucht féachana ar ardáin sruthaithe agus ábhar TG4 ar na hardáin a chur in oiriúint do nósanna féachana. Úsáid a bhaint as sonraí agus cinntí bunaithe ar fhianaise a dhéanamh mar chuid den chur chuige eagarthóireachta.
  • Stiúir Eagarthóireachta: Stiúir agus treoir straitéiseach Eagarthóireachta a thabhairt ar ábhar atá le foilsiú ar ardáin sruthaithe TG4. Tiomsú (curation) straitéiseach a dhéanamh chun ábhar a dhíriú ar an sprioclucht féachana. Eisiúint ábhair nua a phleanáil chun úsáid laethúil/seachtainiúil a spreagadh.
  • Treoir i dtaobh Dearaidh & Patrúin Foilsithe: Dea-chleachtais a threorú maidir le dearadh agus foilsiú ar ardáin sruthaithe TG4 chun taithí an úsáideora a fheabhsú agus fonn a chur orthu breis ama a chaitheamh ag sruthú ábhar TG4.
  • Tuiscint: Tuiscint ar algartaim agus ar optamú cuardaigh ar líne agus taithí ar lucht féachana a aimsiú agus a threorú chuig ábhar atá á chuardach acu. Taithí ar straitéisí a chur i bhfeidhm bunaithe ar anailís sonraí.
  • Forbairt: Forbairt a dhéanamh ar straitéis ábhair ar Sheinnteoir TG4 & ar Chainéal YouTube TG4 agus ar ardáin nua a thiocfaidh chun cinn.
  • Comhoibriú: Comhoibriú le foirne ábhair, eagarthóireachta, margaíochta, seinnteora agus dáileacháin TG4 lena chinntiú go bhfuil fás leanúnach ag teacht ar Lucht Féachana ar ardáin sruthaithe uile TG4.
  • Aon dualgais bhailí eile a iarrann Bainisteoir, Stiúrthóir na Rannóige nó an tArd-Stiúrthóir ort a chomhlíonadh.

 
Na scileanna agus an taithí atá riachtanach don phost seo:

  • Taithí Eagarthóireachta, Pleanála nó Straitéise in earnáil na Meán, an tSruthaithe nó na Margaíochta
  • Ábalta a léiriú go bhfuil tuiscint agat ar dhea-chleachtais maidir leis na hardáin dhigiteacha, agus ar phatrúin féachana sa ré dhigiteach.
  • Ábalta sonraí Lucht Féachana a scagadh chun iompar agus nósmhaireacht an lucht féachana a thuiscint agus cinntí a dhéanamh dá réir
  • Scileanna tiomsaithe (curation) agus scéalaíochta, a léiríonn cumas léargais lucht féachana a úsáid chun straitéis foilsithe ábhair a fhorbairt.
  • Bainistiú tograí agus comhoibriú, ábalta tograí a threorú agus foirne tras-rannacha a stiúradh chun spriocanna gnó a bhaint amach.

 
Tabhair ar aird: Is treoir atá sa sainchuntas poist seo maidir le réimsí éagsúla freagrachta agus cuntasachta agus níor cheart breathnú air mar liosta cuimsitheach. D’fhéadfadh an sainchuntas poist a bheith faoi réir athbhreithnithe i bhfianaise struchtúir nua agus / nó athrú a bheith ag teacht ar riachtanais TG4.

Beidh an tuarastal de réir cháilíochtaí agus thaithí an té a roghnófar.

Seol litir iarratais ina léirítear an taithí atá agat agus an cur chuige eagarthóireachta a bheadh agat don phost Eagarthóir Ilardáin chuig cv@tg4.ie roimh 4pm Dé hAoine an 19 Meitheamh 2026.

 

Eolas Breise don Iarratasóir

Grád an Phoist:
Grád 3

Uaireanta Oibre:
39 uair sa tseachtain. Mar gheall ar riachtanais an phoist, táthar ag súil go mbeifí solúbtha ó am go ham, lena n-áirítear a bheith sásta oibriú, nuair atá gá leis, lasmuigh d’uaireanta oifige, ag an deireadh seachtaine agus ar laethanta saoire bainc.

Laethanta Saoire:
Chomh maith leis na laethanta saoire bainc reachtúla, beidh tú i dteideal 23 lá de shaoire íoctha in aghaidh na bliana.

Pinsean:
Tá baill foirne TG4 i dteideal dul isteach i nGrúpscéim Pinsin TG4 faoi réir théarmaí aon scéime atá ann cheana.

Taisteal:
Beidh taisteal i gceist ó am go chéile mar chuid den ról, in Éirinn agus thar lear.

Buntáistí eile a bhaineann le bheith ag obair i TG4:

  • Deiseanna Oiliúna agus Forbartha
  • Saoire Staidéir agus Scrúduithe
  • Táillí Ballraíochta Gairmiúla
  • Pinsean Ranníocach
  • An Clár Cúnaimh d’Fhostaithe
  • An Scéim um Rothaíocht chun na hOibre

 

 
 


Bainisteoir CÚLA4

Conradh 3 Bliana
 

Fáilteoidh TG4 roimh iarratais ar an bpost Bainisteoir Chainéal CÚLA4 ar chonradh 3 bliana. Is post sinsearach, dúshlánach é seo ag bainistiú agus ag forbairt Chainéal CÚLA4. I gCeannáras TG4 i nGaeltacht na Gaillimhe a bheidh an té a cheapfar lonnaithe agus beidh sé freagrach don Stiúrthóir Lucht Féachana, Margaíochta agus Comhpháirtíochta.
Is fostóir comhionannais deiseanna é TG4 agus déantar iarratais incháilithe a mheas gan beann ar inscne, gnéaschlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh ná ballraíocht den Lucht Siúil. Tá dearcadh dearfach ag TG4 i leith na hÉagsúlachta. Fáilteoidh muid roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil cúlraí éagsúla acu.
 

Cúramaí
Beidh an té a cheapfar freagrach as ceannasaíocht a ghlacadh ar fhorbairt CÚLA4, as bainistiú a dhéanamh ar an aschur, as láithreachas agus margaíocht CÚLA4 a stiúradh agus as ardáin CÚLA4 a fhorbairt agus a chur chun cinn i measc phobal féachana leathan na hÉireann agus thar lear.

I measc na gcúraimí a bheidh i gceist, gan bheith teoranta dóibh, beidh;

  • Straitéis agus plean oibre trasardáin a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm do CÚLA4.
  • Oibriú i bpáirt leis an Eagarthóir Coimisiúnaithe Óige chun bainistiú a dhéanamh ar sholáthar & ar Sceideal CÚLA4.
  • Forbairt a dhéanamh ar ardáin CÚLA4 agus iad a chur chun cinn
  • Forbairt a dhéanamh ar láithreachas CÚLA4
  • Ábhar láithreachais agus neamhlíneach CÚLA4 a léiriú agus a threorú.
  • Forbairt a dhéanamh ar mhargaíocht, ar fheachtais agus ar imeachtaí CÚLA4
  • Comhoibriú le comhlachtaí léiriúcháin chun plean poiblíochta a chur le chéile do shraitheanna nua don Óige.
  • Treoir & freagracht a ghlacadh as Sceideal & Láithreachas CÚLA4
  • Foireann CÚLA4 a bhainistiú
  • Comhoibriú leis an bpobal féachana agus le heagraíochtaí Óige chun imeachtaí a eagrú.
  • Aon dualgais bhailí eile a iarrann Bainisteoir, Stiúrthóir na Rannóige nó an tArd-Stiúrthóir ort a chomhlíonadh.

 

Nithe atá riachtanach don phost seo:

  • Fócas dearfach, cumas maith foirne agus taithí chruthaithe ar fhoireann a bhainistiú.
  • Is buntáiste é taithí ar bheith ag obair le daoine óga agus / nó tuiscint ar an gcuraclam oideachais a bheith ag an té a cheapfar.
  • Sár-thuiscint ar chumas na meán sóisialta agus na n-ardán digiteach lucht féachana a mhealladh.
  • Tuiscint ar an bpobal féachana atá ag CÚLA4
  • Taithí mhaith ar chúrsaí riaracháin agus ríomhaireachta (ard-tuiscint ar Excel, MS Office agus ábalta córais nua a fhoghlaim go tapa).
  • Ábalta feidhmiú go muiníneach agus go héifeachtach as do stuaim féin i dtimpeallacht spreagúil.
  • Ábalta spriocanna oibre a chomhlíonadh agus a chinntiú go mbeidh ábhar, a bheidh ar ardchaighdeán, réidh agus ar fáil in am.
  • Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4 agus mar sin tá sé riachtanach go mbeadh Gaeilge den scoth ag an té a cheapfar, idir labhairt agus scríobh na teanga.

 

Tabhair ar aird: Is treoir atá sa sainchuntas poist seo maidir le réimsí éagsúla freagrachta agus cuntasachta agus níor cheart breathnú air mar liosta cuimsitheach. D’fhéadfadh an sainchuntas poist a bheith faoi réir athbhreithnithe i bhfianaise struchtúir nua agus / nó athrú a bheith ag teacht ar riachtanais TG4.

Beidh an tuarastal de réir cháilíochtaí agus thaithí an té a roghnófar.

4pm Dé hAoine an 19 Meitheamh 2026 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais. Seol d’iarratas mar aon le litir iarratais ina leagtar amach an chaoi a n-oireann do thaithí agus do cháilíochtaí don ról seo chuig cv@tg4.ie

 
Eolas Breise don Iarratasóir

Grád an Phoist:
Grád 3

Uaireanta Oibre:
39 uair sa tseachtain. Mar gheall ar riachtanais an phoist, táthar ag súil go mbeifí solúbtha ó am go ham, lena n-áirítear a bheith sásta oibriú, nuair atá gá leis, lasmuigh d’uaireanta oifige, ag an deireadh seachtaine agus ar laethanta saoire bainc.

Laethanta Saoire:
Chomh maith leis na laethanta saoire bainc reachtúla, beidh tú i dteideal 23 lá de shaoire íoctha in aghaidh na bliana.

Pinsean:
Tá baill foirne TG4 i dteideal dul isteach i nGrúpscéim Pinsin TG4 faoi réir théarmaí aon scéime atá ann cheana.

Taisteal:
Beidh taisteal i gceist ó am go chéile mar chuid den ról, in Éirinn agus thar lear.

Buntáistí eile a bhaineann le bheith ag obair i TG4:

  • Deiseanna Oiliúna agus Forbartha
  • Saoire Staidéir agus Scrúduithe
  • Táillí Ballraíochta Gairmiúla
  • Pinsean Ranníocach
  • An Clár Cúnaimh d’Fhostaithe
  • An Scéim um Rothaíocht chun na hOibre

 

 
 


Anailísí Sonraí – Léargas Lucht Féachana

Conradh Buan
 

Cuirfear fáilte roimh iarratais ar an bpost Anailísí Sonraí. Tá TG4 ag lorg duine atá oillte san Eolaíocht Sonraí a chuideoidh chun foinsí eolais a scagadh agus a léiriú go físiúil. Cuideoidh an té a cheapfar le heolas ar an lucht féachana a bhailiú ar na hardáin go léir agus é a léiriú ar bhealach físiúil a thacóidh le cinntí coimisiúnaithe, eagarthóireachta agus foilsithe TG4.

Beidh an té a ceapfar freagrach don Bhainisteoir Léargais Lucht Féachana. Beidh cianobair, mar aon le bheith i láthair i gCeannáras TG4 i mBaile na hAbhann, i gceist. Is í an Ghaeilge teanga oibre TG4 agus mar sin tá sé riachtanach go mbeadh Gaeilge ag an té a cheaptar.

Is fostóir comhdheiseanna é TG4 agus déanfar iarratais incháilithe a mheas beag beann ar inscne, gnéaschlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh nó ar duine den Lucht Siúil atá i gceist. Tá TG4 i bhfabhar na héagsúlachta. Fáilteoidh muid roimh iarratais ó dhaoine ó chúlraí éagsúla.
 

I measc na ndualgas, ach gan bheith teoranta dóibh, a bheidh ar an té a cheapfar beidh:

  • Tuairisciú agus scagadh a dhéanamh ar eolas lucht féachana agus é a chur i láthair go físiúil agus go hidirghníomhach do lucht eagarthóireachta nó déanta clár.
  • Sonraí ó fhoinsí éagsúla a bhailiú, a ghlanadh, a thrasfhoirmiú, agus a chur i mbunachar sonraí. Eolas faoi threochtaí agus patrúin féachana a scagadh agus a chur i láthair go físiúil.
  • Deiseanna a thapú inar féidir uirlisí uathoibríocha nó meaisínfhoghlama a úsáid a chuidíonn le hábhar a dhíriú ar an lucht féachana.
  • Tograí Anailíse Sonraí a chur i gcrích i gcomhar le Foireann Teicneolaíochta TG4.
  • Cuidiú leis an mBainisteoir Léargais Lucht Féachana i dtaobh tuairisciú agus scagadh sonraí.
  • Aon dualgais bhailí eile a iarrann Bainisteoir, Stiúrthóir na Rannóige nó an tArd-Stiúrthóir ort a chomhlíonadh.

 
Na scileanna agus an taithí atá riachtanach don phost seo:

  • Léargas: tuiscint láidir ar dhisciplíní léargais éagsúla (anailísíocht sonraí, taighde agus tuairisciú). Ábalta sonraí casta a chur i láthair go soiléir agus léargas a thabhairt a chuideoidh cinntí a dhéanamh.
  • Anailís Sonraí: ábalta oibriú le tacair mhóra sonraí ó fhoinsí éagsúla (líneach, sruthú agus sonraí meán sóisialta) chun treochtaí agus patrúin a aithint agus a scagadh.
  • Taithí ar Ríomhchláir: taithí ar theanga scripte sonraí mar shampla Python, R, SQL, HTML nó PostgreSql. Eolas ar uirlisí mar PowerBI, Tableau, Shiny R, Python Dash nó Kipfolio agus ábalta iad a úsáid. Ba bhuntáiste é eolas a bheith agat ar uirlisí tionscail (m/sh Arianna (Nielsen)
  • Ardscileanna in MS Office: ardinniúlacht in Excel chun tacair mhóra sonraí a ghlanadh, a anailísiú agus a shamhaltú, mar aon le hinniúlacht i PowerPoint chun eolas a chur i láthair go físiúil.
  • Tuairisciú: Ábalta tuairiscí a scríobh agus cuir i láthair a thabhairt chun sonraí a mhíniú agus léargas ina leith a thabhairt. Déileáil le hiarratais ar bhonn ad hoc le haghaidh sonraí/torthaí/anailís faoi leith.
  • Comhoibriú: ábalta comhoibriú le foirne agus scileanna cumarsáide a bheith agat chun eolas a chur ar fáil go hinmheánach agus go seachtrach.
  • Meon Dearfach i leith na Nuálaíochta: A bheith ar an eolas faoi na huirlisí, modhanna agus smaointeoireacht atá ag teacht chun cinn ionas gur féidir léargas níos fearr a chur ar fáil. Ardscileanna taighde agus a bheith fiosrach agus spreagtha faoi imscrúdú a dhéanamh ar na sonraí.

 
Tabhair ar aird: Is treoir atá sa sainchuntas poist seo maidir le réimsí éagsúla freagrachta agus cuntasachta agus níor cheart breathnú air mar liosta cuimsitheach. D’fhéadfadh an sainchuntas poist a bheith faoi réir athbhreithnithe i bhfianaise struchtúir nua agus / nó athrú a bheith ag teacht ar riachtanais TG4.

Beidh an tuarastal de réir cháilíochtaí agus thaithí an té a roghnófar.

4pm Dé hAoine an 19 Meitheamh 2026 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais. Seol d’iarratas mar aon le litir iarratais chuig cv@tg4.ie

 
Eolas Breise don Iarratasóir

Grád an Phoist:
Grád 5

Uaireanta Oibre:
39 uair sa tseachtain. Mar gheall ar riachtanais an phoist, táthar ag súil go mbeifí solúbtha ó am go ham, lena n-áirítear a bheith sásta oibriú, nuair atá gá leis, lasmuigh d’uaireanta oifige, ag an deireadh seachtaine agus ar laethanta saoire bainc.

Laethanta Saoire:
Chomh maith leis na laethanta saoire bainc reachtúla, beidh tú i dteideal 23 lá de shaoire íoctha in aghaidh na bliana.

Pinsean:
Tá baill foirne TG4 i dteideal dul isteach i nGrúpscéim Pinsin TG4 faoi réir théarmaí aon scéime atá ann cheana.

Taisteal:
Beidh taisteal i gceist ó am go chéile mar chuid den ról, in Éirinn agus thar lear.

Buntáistí eile a bhaineann le bheith ag obair i TG4:

  • Deiseanna Oiliúna agus Forbartha
  • Saoire Staidéir agus Scrúduithe
  • Táillí Ballraíochta Gairmiúla
  • Pinsean Ranníocach
  • An Clár Cúnaimh d’Fhostaithe
  • An Scéim um Rothaíocht chun na hOibre