Folúntais
Cúntóir Cuntasaíochta
Conradh Buan
Is craoltóir náisiúnta teilifíse Gaeilge é TG4 atá lonnaithe i mBaile na hAbhann, Co. na Gaillimhe. Tá ábhar TG4 ar fáil ar gach ardán teilifíse ar fud na hÉireann, ar fud an domhain ar an idirlíon agus ar ardáin dhigiteacha. Is craoltóir-foilsitheoir seirbhíse poiblí é TG4 a fhaigheann formhór a ábhair ó earnáil na léiritheoirí neamhspleácha, ábhar a bhfuil duaiseanna agus gradaim go leor buaite aige. Is mian le TG4 Cúntóir Cuntasaíochta a earcú ar bhonn buan a bheidh lonnaithe sa gCeannáras i nGaeltacht na Gaillimhe.
Is fostóir comhdheiseanna é TG4 agus déanfar iarratais incháilithe a mheas beag beann ar inscne, gnéaschlaonadh, aois, taithí shóisialta, cine agus eitneacht, éagumas, stádas sibhialta an teaghlaigh, creideamh nó ar duine den Lucht Siúil atá i gceist. Tá TG4 i bhfabhar na héagsúlachta. Fáilteoidh muid roimh iarratais ó dhaoine ó chúlraí éagsúla.
Beidh an té a cheapfar freagrach as an obair seo a leanas maille le cúraimí eile:
- Cuidiú leis an rannóg airgeadais de réir mar is gá lena n-áirítear tascanna dheireadh na míosa a chur i gcrích, anailís agus tuairisciú ad hoc a dhéanamh de réir mar is gá.
- Cuidiú le réamh-mheastacháin maidir leis an sreabhadh airgid.
- Athbhreithniú agus tuairisciú a dhéanamh maidir le barrchostais.
- Cuidiú leis an ullmhúchán don iniúchóireacht inmheánach/sheachtrach.
- Sonraisc a phróiseáil go héifeachtach agus go cruinn le haird ar mhionsonraí.
- Monatóireacht a dhéanamh ar an liosta creidiúnaithe agus íocaíochtaí a phróiseáil nuair is gá.
- Monatóireacht a dhéanamh ar chumarsáid ó lá go lá agus aon cheisteanna a fhreagairt.
- Anailís a dhéanamh ar chuntais soláthraithe aonair agus iarmhéideanna soláthraithe a réiteach.
- Tascanna áirithe san rannóg airgeadais a chlúdach nuair is gá.
- Oibriú ar thionscadail ad hoc de réir mar a éilítear.
- A bheith i do bhall foirne éifeachtach a spreagfaidh fuinneamh agus feabhas leanúnach sa rannóg.
- Aon fhreagrachtaí réasúnta eile a mheasann an Stiúrthóir bunaithe ar riachtanais an ghnó.
Nithe atá riachtanach don phost seo
Tá an méid seo a leanas inmhianaithe:
- Beidh taithí sa réimse oibre seo ina bhuntáiste.
- Buntáiste a bheadh ann tuiscint a bheith agat ar nósanna imeachta soláthair phoiblí.
Is i gceannáras TG4, Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe, H91 atá an post seo lonnaithe. Tá Polasaí oibre solúbtha i bhfeidhm i TG4.
Is 4pm Dé Luain an 23 Meitheamh 2025 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais. Seol d’iarratas mar aon le litir iarratais chuig cv@tg4.ie.
Eolas Breise don Iarratasóir
Grád an Phoist:
Grád 5
Uaireanta Oibre:
39 uair sa tseachtain.
Laethanta Saoire:
Chomh maith leis na laethanta saoire bainc reachtúla, beidh tú i dteideal 23 lá saoire íoctha in aghaidh na bliana.
Pinsean:
Tá baill foirne TG4 i dteideal dul isteach i nGrúpscéim Pinsin TG4 faoi réir théarmaí aon scéime atá ann cheana.
Buntáistí Eile le bheith ag obair le TG4:
- Deiseanna Oiliúna agus Forbartha
- Saoire Staidéir agus Scrúduithe
- Táillí Ballraíochta Gairmiúla
- Pinsean Ranníocach
- Clár Cúnaimh d’Fhostaithe
- Scéim na Rothar chun Oibre