Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Gearáin Fhoirmiúla

 

Próiseas Maidir le Gearáin TG4

Aiseolas

Cuireann TG4 fáilte roimh aiseolas ón lucht féachana.
Fáiltíonn muid roimh aiseolas maidir le cláir TG4 agus roinneann muid sin le foireann eagarthóireachta TG4 mar léargas luachmhar ar thuairimí an lucht féachana.
Más mian leat an próiseas aiseolais seo a fháil, bain úsáid as an nasc seo a leanas:


nó déan teagmháil linn ag eolas@tg4.ie
 
 
Próiseas maidir le Gearáin Fhoirmiúla

Tá idirdhealú shoiléir idir próiseas maidir le gearáin fhoirmiúla reachtúla agus tuairimí nó aiseolas faoi chlár a roinnt le TG4.

Tá dlite ar na craoltóirí agus soláthróirí ar fad a chuireann seirbhísí meán cumarsáide ar fáil ar líne faoin Acht Um Rialáil Sábháilteachta ar Líne agus na Méan, 2022, (Alt 47 & Alt 48 arna leasú) gnás oibre a chur ar bun chun déileáil le gearáin.
 
Tá Cód Cleachtais ar láimhseáil gearán TG4 ar fáil anseo: Láimhsiú Gearán TG4
 
Más mian le duine gearán foirmiúil a dhéanamh faoi chraoladh ar TG4, nó ar líne, is gá coinníollacha áirithe a leanúint chun cuidiú leis an gcraoltóir nuair atá an gearán á phróiseáil.
Ní mór gach gearán a dhéanamh níos lú ná 30 lá tar éis an dáta craolta. Ní mór gach gearán a bhaineann le hábhar ar ardán neamhlíneach TG4 a dhéanamh taobh istigh de 30 lá ón dáta deireanach a raibh an clár ar fáil ar an ardán (m/sh ar Seinnteoir TG4). Tá 20 lá oibre ag TG4 le freagra a thabhairt.
 
Más mian leat gearán foirmiúil a dhéanamh faoi chraoladh ar TG4, comhlánaigh an fhoirm gearán seo a leanas:
 


 
Nó seol ríomhphost chuig gearan@tg4.ie
 
Ba cheart go mbeadh na nithe seo a leanas sa ríomhphost:

  • Ainm | Seoladh | Sonraí Teagmhála
  • Teideal an Chláir | Dáta & Am Craolta
  • Sonraí agus cúis do ghearáin
  • Cén Riail/Prionsabal atá sonraithe sa Chód Craolacháin atá sáraithe dár leat

Má bhaineann an gearán le clár ar sheinnteoir TG4, ní mór an dáta ar breathnaíodh ar an gclár a lua.
 
Tá teacht ar na Cóid Chraolacháin ábhartha sin ar shuíomh gréasáin Údarás Craolacháin na hÉireann – Cliceáil Anseo
 
Is féidir le duine den phobal gearán a dhéanamh le Coimisiún na Meán mura mbítear sásta leis an bhfreagra a thugann TG4 ar ghearán.
Tá 14 lá tar éis freagra a fháil ó TG4 ag an té atá ag gearán le dul i dteagmháil le complaints@cnam.ie.