Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Inrochtaineacht

 

Ráiteas Inrochtaineachta Láithreán Gréasáin TG4 & Rochtain Mhíchumais

Ráiteas Inrochtaineachta Láithreán Gréasáin TG4

Tá TG4 tiomanta dá láithreáin ghréasáin agus dá feidhmchláir mhóibíleacha a dhéanamh inrochtana, faoi réir Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Inrochtaineacht Suíomhanna Gréasáin agus Feidhmchláir Mhóibíleacha Chomhlachtaí na hEarnála Poiblí), 2020.
 

Ár dtiomantas agus ár gcur chuige maidir le suíomh gréasáin inrochtana a chothabháil

Tá TG4 tiomanta do na nithe seo a leanas:

 

Cloí an láithreáin ghréasáin seo le treoirlínte oifigiúla inrochtaineachta

Faoi láthair tá an láithreán gréasáin ag cloí leis na treoirlínte (WCAG) 2.1 maidir le hinrochtaineacht ábhair ar an ngréasán. Tá iniúchadh leanúnach déanta againn ar inrochtaineacht an láithreáin ghréasáin seo agus é á dhearadh agus á fhorbairt.
 

Conas aiseolas a sheoladh ar inrochtaineacht an tsuímh ghréasáin seo

Cuirimid fáilte roimh aiseolas maidir le hinrochtaineacht an láithreáin ghréasáin seo.
R-phost chugainn: Rochtain@TG4.ie
Glaoigh orainn: (091) 505050
Scríobh chugainn: Access, TG4, Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe, H91 X4T0
 

Roinnt gnéithe inrochtaineachta den láithreán gréasáin seo

Dearadh Gréasáin Sofhreagrach
Cóiróidh dearadh an láithreáin ghréasáin seo leithead do scáileáin, ionas gur féidir leat an méid atá á lorg agat a aimsiú agus a léamh go héasca. Cóiróidh an dearadh freisin do mhéid an téacs, ionas gur féidir leat an méid a mhéadú an oiread agus is gá duit.

WCAG Leibhéal AA Comhlíontach
Cloíonn cód an láithreáin ghréasáin seo le Prionsabail Inrochtaineachta POUR (Indéanta, Inoibrithe, Intuigthe agus Stóinsithe), trína ndúntar clibeanna oscailte i gceart agus go n-úsáidtear clib thuairisciúil ALT tríd síos.
 

Aiseolas agus Sonraí Teagmhála

Má aimsíonn tú aon fhadhbanna nach bhfuil liostaithe ar an leathanach seo, déan teagmháil Rochtain@TG4.ie
 

Nós Imeachta Forfheidhmithe

Mura bhfuil tú sásta lenár bhfreagra, nó más mian leat saincheist inrochtaineachta a ardú nach mbaineann leis an suíomh gréasáin seo, is féidir leat gearán a dhéanamh ag Rochtain@TG4.ie
 
 

Rochtain do dhaoine faoi mhíchumas

Oifigeach rochtana
Leagann an tAcht um Míchumas, 2005 dualgas ar eagraíochtaí poiblí a chinntiú go bhfuil a bhfoirgnimh agus a seirbhísí poiblí inrochtana, a mhéid agus is féidir, do dhaoine faoi mhíchumas.

Ról an oifigigh rochtana
Is é ról an Oifigigh Rochtana cabhrú le custaiméirí agus fostaithe TG4 faoi mhíchumas rochtain níos éasca a fháil ar sheirbhísí agus ar fhaisnéis TG4. Áirítear leis sin:

  • Comhlíonadh leis an Achta um Míchumas, 2005 a chinntiú, agus aghaidh a thabhairt ar bhacainní ar rochtain do chustaiméirí agus d’fhoireann TG4
  • Dea-chleachtas inrochtaineachta a chur chun cinn i gcumarsáid, i seirbhís do chustaiméirí, i dteicneolaíochtaí faisnéise, i bhfoirgnimh agus i soláthar
  • Idirchaidreamh ar chúrsaí míchumais le custaiméirí, fostaithe, réimsí gnó TG4, comhlachtaí reachtúla agus grúpaí ionadaíocha míchumais

     
    Trevor Ó Clochartaigh,
    Oifigeach Rochtana,
    TG4
    Baile na hAbhann,
    Co na Gaillimhe,
    H91 X4T0
    Phone: 091 505050
    E-mail: Rochtain@TG4.ie

 

Nósanna imeachta TG4 chun déileáil le gearáin faoi alt 38 den Acht um Míchumas, 2005

Is féidir gearán a dhéanamh i gcoinne TG4 mura gcomhlíonann sé forálacha Ailt 25, 26, 27 agus 28 den Acht um Míchumas, 2005. Baineann na hailt seo den Acht le rochtain ag daoine faoi mhíchumas ar:

  • Foirgnimh phoiblí TG4;
  • Seirbhísí TG4;
  • Seirbhísí a sholáthraítear do TG4;
  • Faisnéis arna soláthar ag TG4

 

Oifigigh Fiosrúcháin faoin Acht um Míchumas 2005

Tá Oifigeach Fiosrúcháin ceaptha ag TG4 chun gearáin a dhéantar faoi alt 38 den Acht um Míchumas a fhiosrú. Déanfaidh an tOifigeach Fiosrúcháin imscrúduithe go príobháideach agus cuirfidh sé/sí tuarascáil ar fáil a déarfaidh

  • Má tá do ghearán bailí
  • Cibé ar theip ar TG4 maidir le do ghearán

Sa chás gur tharla teip, tabharfar breac-chuntas ann ar na céimeanna atá le glacadh chun comhlíonadh amach anseo a chinntiú. Cuirfear an tuarascáil seo ar fáil d’Ard-Stiúrthóir TG4 agus don té a dhéanann an gearán.
 

Gearán a dhéanamh

  1. De réir Alt 39 (2) den Acht um Míchumas, 2005 is iad seo a leanas na nósanna imeachta chun gearáin den sórt sin a dhéanamh agus a imscrúdú.
    Féadfaidh duine gearán a dhéanamh, nó tríd an méid seo a leanas:

    • Céile/páirtnéir, tuismitheoir nó gaol;
    • Caomhnóir nó duine atá ag gníomhú in loco parentis don duine sin;
    • Ionadaí dlíthiúil;
    • Abhcóide pearsanta, arna shannadh ag an mBord um Fhaisnéis do Shaoránaigh chun ionadaíocht a dhéanamh ar an duine sin;
    • Nó ag duine eile a fheidhmíonn thar ceann an duine sin lena thoiliú nó lena toiliú.
  2. Ní mór gearán a dhéanamh i scríbhinn, a bhféadfadh r-phost a bheith san áireamh ann, agus ba cheart go gcuirfí na sonraí teagmhála go léir ar fáil don duine atá ag déanamh an ghearáin.
  3. Ba cheart a lua sa ghearán gur gearán é faoi Alt 38 den Acht um Míchumas 2005 agus ba cheart, bunús an ghearáin maidir le mainneachtain TG4 rochtain a sholáthar ar a fhoirgnimh nó ar a seirbhísí, a leagan amach chomh soiléir agus is féidir.
  4. Ní mór an gearán a dhéanamh le:

    Ard-Stiúrthóir
    TG4,
    Baile na hAbhann,
    Co. na Gaillimhe,
    H91 X4T0.
    Guthán: 091 505050

  5. Tar éis an gearán a fháil, cuirfidh an Ard-Stiúrthóir an t-ábhar ar aghaidh chuig an Oifigeach Fiosrúcháin agus cuirfidh sé nó sí comhairle ar an duine atá ag déanamh an ghearáin dá réir.

 

Gearán a imscrúdú

  1. Nuair a fhaigheann said an ghearán ón Ard-Stiúrthóir, tabharfaidh an tOifigeach Fiosrúcháin admháil don duine a rinne an gearán, go bhfuarthas é,.
  2. Scrúdóidh an tOifigeach Fiosrúcháin an gearán lena fháil amach an mbaineann sé le mainneachtain líomhnaithe TG4 Ailt 25, 26, 27 agus 28 den Acht um Míchumas, 2005 a chomhlíonadh.
  3. I gcás ina measann an tOifigeach Fiosrúcháin go bhfuil an gearán suaibhreosach nó cráiteach, cuirfidh sé nó sí é sin in iúl don Ard-Stiúrthóir agus don duine a rinne an gearán. Seachas sin, déanfaidh sé nó sí imscrúdú ar an ngearán.
  4. Féadfaidh an tOifigeach Fiosrúcháin tuilleadh faisnéise/sonraí a iarraidh ar an duine a rinne an gearán agus féadfaidh sé nó sí a cheangal go dtabharfar an fhaisnéis/na sonraí sin laistigh de thréimhse shonraithe.
  5. Féadfaidh an tOifigeach Fiosrúcháin dul i gcomhairle le gach páirtí a mheasann sé nó sí a bheith cuí maidir leis an ábhar.
  6. Le linn an imscrúdaithe, féadfaidh an tOifigeach Fiosrúcháin agallaimh a dhéanamh le daoine den sórt sin a mheasann sé nó sí a bheith cuí, lena n-áirítear an duine a rinne an gearán, chun faisnéis a fháil.
  7. Coimeádfaidh an tOifigeach Fiosrúcháin taifead scríofa dá imscrúdú nó dá himscrúdú.
  8. Ullmhóidh an tOifigeach Fiosrúcháin tuarascáil scríofa ar thorthaí an imscrúdaithe ina leagfar amach a chuid nó a cuid torthaí mar aon le cinneadh maidir leis na nithe seo a leanas:
    a. Cibé ar mhainnigh TG4 an fhoráil ábhartha den Acht um Míchumas a chomhlíonadh; agus
    b. Má léiríonn cinneadh den sórt sin gur theip ar a leithéid, na bearta a cheanglaítear ar TG4 a dhéanamh chun an fhoráil/na forálacha ábhartha den Acht a chomhlíonadh.
  9. Tabharfaidh an tOifigeach Fiosrúcháin cóip dá thuarascáil nó dá tuarascáil don duine a rinne an gearán agus don Ard-Stiúrthóir.
  10. Nuair a chuirtear an tuarascáil ar fáil don duine a rinne an gearán agus don Ard-Stiúrthóir, cuirtear clabhsúr ar imscrúdú an ghearáin.
  11. Cuirfear an ceart achomhairc chuig Oifig an Ombudsman in iúl don ghearánach ar féidir teagmháil a dhéanamh léi ag:

    Oifig an Ombudsman,
    18 Sráid Líosain Íochtarach,
    Baile Átha Cliath 2.
    Teil: (01) 639 5600
    Facs: (01) 6395674
    Ríomhphost: ombudsman@ombudsman.gov.ie

 

Foilsiú an Phrótacail seo

Tá Nós Imeachta Gearán TG4, mar atá leagtha amach thuas, ar fáil do chustaiméirí TG4 i bhformáidí malartacha, ach é a iarraidh.
Teil: (091) 505050
Ríomhphost: Rochtain@TG4.ie