Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Ceisteanna Coitianta

Cén chaoi le breathnú ar TG4?

Is féidir teacht ar TG4 ar iomaí bealach:

  • Saorview: cainéal 4;  Sky cainéal 104;  Virgin Media: cainéal 104  and cainéal 602 d’ábhar Cúla4), Eircom.
  • Tuaisceart Éireann:  Sky: cainéal 163;   Virgin Cable: cainéal 877;  Freeview: cainéal 51.
  • Ar fud an Domhain:  TG4.ie,  IOS App agus Android App.
  • Ag teacht: Smart TV Apps (Samsung , LG & Sony), Android TV App agus AppleTV App

Abhar atá Srianta i do Cheantar

Tá srianta ceantair ar roinnt d’ábhar TG4, rud a fhágann nach féidir linn é a thaispeáint las muid d’Éirinn.
Léireoidh an leathanach sceidil cén srianta atá ar chlár; feice tú siombal (é) d’ábhar atá srianta go Éire amháin agus an siombail ? d’ábhar nach bhfuil ar fáil ar chor ar bith ar líne. Do gach clár eile, ba cheart go mbeadh sé le feiceáil agat go h-idirnáisiúnta.

Má tá tú ag breathú ar tg4.ie, is gá duit cinntiú go bhfuil do sheoladh IP cláraithe in Éirinn, le deimhniú go seinnfidh an clár duit. (ipstack.com)
Má tá tú ag breathnú ag úsáid APP IOS/ANDROID TG4, is gá duit cinntiú go bhfuil do ‘Location Services’ ar siúl ar do ghiorras.

 

 

Níl na físeáin ag seinm ar an Seinnteoir ar IOS / Android

Le breathnú ar an Seinnteoir ar IOS, íoslódáil Aip TG4
Ar fáil anseo (saor in aisce) (https://itunes.apple.com/ie/app/tg4-player/id598591024?mt=8)

Le breathnú ar an Seinnteoir ar Android, íoslódáil Aip TG4 ó Google Play
Ar fáil anseo (saor in aisce) (https://play.google.com/store/apps/details?id=ie.bytes.tg4.tg4videoapp)

Tá deacrachtaí agam leis an Seinnteoir ar an suíomh nua?

Rinne muid athdhearadh ar suíomh TG4 le déanaí.  Má tá deacracht agat leis an suíomh nua, bheimís fíor bhuíoch díot as e mail a sheoladh ag webmaster@tg4.ie le insint dúinn, cén brabhsálaí, cén leagan brabhsálaí agus cén córas oibriúcháin atá agat le teacht ar an suíomh.

Is féidir freisin féachaint ar an Seinnteoir tríd an App don iPad, iPhone nó Teilifís cliste, atá ar fáil saor in aisce le íoslódáil – cuardaigh ‘TG4’ san App store.

Cén uair a bhíonn ábhar ar fáil ar an Seinnteoir tar éis a chraolta?

De ghnáth bíonn an clár thuas díreach tar éis a chraolta. I gcás eisceachtúil, d’fhéadfadh moill a bheith ar chlár go dtí an iar-nóin an lá dár gcionn.

Cén bealach gur féidir liom cuid 2, cuid 3 &rl don chlár a fheiceáil?

I gcás clár BEO, déantar taifead go díreach ón chraoladh ar gach páirt. Tiocfaidh cuid 2 suas as féin díreach tar éis cuid 1.  Lig don sruth leanúint lena sheinm ag deireadh Cuid 1. Bíonn fógraí roimh chaon páirt.

Cén t-ábhar atá ar fáil ar an Seinnteoir?

De ghnáth bíonn aon chlár a bhfuil cearta againn dhó le feiceáil ar feadh 35 lá tar éis an dáta craolta teilifíse, ag brath ar chearta.  Tá ábhar breise ar fáil faoi ‘Collections’ ar an seinnteoir.

An féidir liom féachaint ó thíortha thar lear?

Is féidir féachaint ar chuid de na cláir ó áit ar bith ar fud an domhain.  Tá srianta cearta ar roinnt clár, rud a fhágann gur in Éirinn amháin is féidir iad a fheiceáil. Bíonn cláir againn freisin nach bhfuil cearta idirlíon againn orthu.  Tá graific bheag in aice gach clár ar an liosta cláir a léiríonn cá bhfuil na cearta ar fáil.

An féidir liom féachaint ar TG4 Beo?

Is féidir. Tá craoladh beo TG4 le fáil ar Seinnteoir TG4 ag brath ar chearta. Ó am go cheile bíonn an dara sruth beo againn chun ócáidí speisialta a thaispeáint.

Conas gur féidir teacht ar chlár faoi leith?

Is féidir theacht ar chláir tríd an ais ‘cuardach’ ach theideal/eolas a chuir isteach. Is féidir dáta a roghnú chun cláir a craoladh ar an lá sin a fheiceáil. Is féidir féachaint faoin rannóg ‘genre‘ na gclár. Chomh maith le seo tá liostaí dena Cláir is Déanaí agus na Cláir is Coitianta ar fáil.

Cá bhfuil ábhar na bpáistí ar an Seinnteoir?

Is féidir teacht ar an ábhar seo ar an Seinnteoir seo faoi ‘Cúla4’ agus tá Seinnteoir ar leith d’ábhar páistí  ar fáil ar an leathanach baile.  Tá cluichí idirghníomhacha agus eolas breise ar ábhar na nÓg ar fáil ag cula4.com

An féidir liom féachaint ar chlár gan fotheidil Bhéarla?

Is féidir anois breathnú ar an ábhar ar an Seinnteoir GAN fotheidil más sin is fearr leat.  Más mian leat na fotheidil a mhúchadh, brú cc ag bun an scáileáin ar an seinnteoir.  (beidh na fotheidil fós greanta isteach ar an ábhar atá ar an Seinnteoir le tamall)

Má tá fotheidil Ghaeilge cruthaithe againn don ábhar, is féidir iad seo a roghnú in áit na bhfotheideal Béarla

Má tá tú ag úsáid Explore 8 nó ar Windows ’95 nó leaganacha níos sine, ní oibreoidh na roghanna nua duit.  Is gá mar sin iad a uasghrádú ar do árdán.

Cén ráta leathanbhanda atá ag teastáil?

Faoi láthair chuireann TG4 ceithre ‘rendition’ ar fáil, ó 250kbit/s go 1.2mbit/s. Moltar leathanbhanda de 1megabit (ar a laghad) chun an leas is fearr a bhaint den gcóras.

Tá deacrachtaí agam leis an sruth. Céard is féidir liom a dhéanamh?

Teagmháil: webmaster@tg4.ie

An féidir liom cóip a fháil do chlár?

Ní le TG4 na cearta le cóipeanna a chuir ar fáil.  Go h-iondúil is leis an léiritheoir nó an dáilitheoir na cearta.  Sa gcás eisceachtúil go bhfuil cearta againn le cóip a chuir ar fáil, seo thíos na rataí cuí:

  • Clár 30 nóim – €88 + CBL @ 23% = €108.24
  • Os cionn 30 nóim – €125 + CBL @ 23% = €153.75

Clúdaíonn seo am duine, trealamh agus an cóip féin.

Is féidir fiosrúcháin faoi chóipeanna a sheoladh ag cartlann@tg4.ie nó is féidir cóip a ordú ach cliceáil anseo  – FOIRM ORDAITHE CARTLAINNE.

An féidir liom cóip  a fháil do Scannáin Ghaeilge do Ghasúir?

Ní le TG4 na cearta le cóipeanna a chuir ar fáil.  Tá roinnt scannáin Gaeilge eisithe ar DVD, mar shampla Spongebob Squarepants Spúinse as Uisce (Sponge out of Water) agus Amhrán na Mara (Song of the Sea).  Tá siad seo ar fáil i siopaí nó ó www.cic.ie.

Más mian leat fiosrú faoi scannáin Ghaeilge le taispeáint go poiblí, is gá teagmháil a dhéanamh le mplc.org nó le filmlibrary.ie (GFD) nó accesscinema.ie