Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Fotheidil

 

Tá Fotheidil ar ar fáil ag TG4 do réimse clár. Tugtar eolas ar an leathanach sceidil faoi an chineál fotheideal atá ar fáil do gach clár, de réir mar a mínítear thíos.

 

Fotheidil Ros na Rún

Dé Máirt & Déardaoin 20:30
NÍL fotheidil ar scáileán ar an chraoladh seo. Tá Fotheidil BHÉARLA ar fáil má roghnaíonn tú Subtitles ON ar do theilifís

An Ollchlár Dé Domhnaigh agus an craoladh ag 23:30 Dé Máirt & Déardaoin
Tá fotheidil BHÉARLA ar scáileán (agus tá FOTHEIDIL GHAEILGE ar fáil mar rogha má roghnaíonn tú Subtitles ON ar do theilifís)
** Seo na h-eagráin is oiriúnaí le Series Record a dhéanamh orthu nó le Fotheidil Ghaeilge a fháil orthu

ROS na RÚN ar an Seinnteoir (Catch Up)
Sa gcás seo tá Rogha agat na Fotheidil a roghnú as Gaeilge nó as Béarla
 


Feicfidh tú ins na Billings Reatha, cé acu cineál fotheidil atá ar fáil le gach clár (má tá fotheidil leis)

  • Má tá TS scríofa = Fotheidil ar Teilitéacs
  • Má tá OS scríofa = Fotheidil Oscailte ar Scáileán (Béarla)
  • Má tá GS scríofa = Fotheidil Gaeilge ar Teilitéacs
  • Má tá OS & TS = fotheidil Bhéarla oscailte ar scáileán agus leanfaidh fotheidil Bhéarla dúnta ar scáileán do na bodhair.
  • Má tá OS & GS = fotheidil oscailte Bhéarla  ar scáileán agus fotheidil Gaeilge ar fáil ach  “Fotheidil”  a roghnú ar do ghaireas.

Mar shampla faoi láthair, tá fotheidil Ghaeilge ar Teilitéacs le fáil ar roinnt ábhar do pháistí  (m/sh Saol faoi Shráid agus Garfield.) agus ar Ros na Rún. Chun teacht ar fhotheidil dhúnta TS nó GS; is gá S a roghnú nó 888 a roghnú ar teilitéacs.


 
Fotheidil ar Seinnteoir TG4:

Tá athrú ar an seirbhís fotheidil ar an seinnteoir anois.  Is féidir na fotheidil a mhúchadh más mian.

Le fotheidil a chasadh as, brú cc ag bun an scáileáin sa seinnteoir.

Má tá fotheidil Ghaeilge againn, is féidir iad seo a roghnú in áit na bhfotheideal Béarla

Má tá tú ag breathnú ar Explore 8 nó ar Windows ’95 nó leaganacha níos sine, ní oibreoidh na roghanna nua.  Is gá mar sin do árdán a uasghrádú.

Measaimid gur chun tairbhe ár lucht féachana iad na hathruithe seo.  Déan teagmháil linn má tá aon deacracht agat.