Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Gearán Faoi Rochtain ar Sheirbhísí

 

Gearán Faoi Rochtain ar Sheirbhísí

Úsáidfear an cháipéis seo chun eolas a fháil ar fhadhbanna maidir le fotheidil ar chláir teilifíse. Tá sí leagtha amach chun an méid eolais agus is féidir a fháil faoin fhadhb agus ba cheart go dtabharfadh sin deis níos fearr don chraoltóir agus do sholáthróir an ardáin an fhadhb a réiteach.

Clár píolótach é seo arna fhorbairt ag an BAI, craoltóirí agus soláthróirí ardán. Déanfar an clár a fhorbairt thar thréimhse ama ag brath ar aiseolas ó pháirtithe leasmhara.

Beidh roinnt eolas pearsanta ag teastáil uainn chun go mbeidh an craoltóir ábalta teagmháil a dhéanamh leis an lucht féachana chun breis eolais a fháil. I gcomhréir le coinníollacha GDPR, ní úsáidfear an t-eolas seo ach amháin don ghearán seo agus déanfar é a scriosadh ina dhiaidh sin.

Iarrtar ort sa cháipéis seo eolas a chur ar fáil fút féin, faoin gclár ar a raibh tú ag féachaint agus an modh a bhí agat chun féachaint air. Ní bheidh tú ábalta ach gearán a dhéanamh faoi chlár a craoladh ar chainéal atá liostaithe sna Rialacha Rochtana. Is iad sin:

RTÉ One, RTÉ Two, RTÉ One + One, RTÉjr, RTÉ News Now

Virgin Media One ,Virgin Media Two, Virgin Media Three

TG4

Eir Sport

Oireachtas TV

Cork Community Television

Dublin Community Television

Ní bheidh tú ábalta gearán a dhéanamh faoi chláir a craoladh ar an BBC, ar ITV etc.
 

 
 
Is é Trevor Ó Clochartaigh, Oifigeach Idirchaidrimh Rochtana TG4. Is féidir teagmháil a dhéanamh leis maidir le cúrsaí Rochtana ag rochtain@tg4.ie