Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Treoirlínte

 

Caighdeáin Theicniúla

Tá sonraíocht chuimsitheach bheacht leagtha síos ag TG4 i gcáipéis a chuimsíonn gach gné de na caighdeáin theicniúla atá riachtanach ina chuid clár, idir bheo agus thaifeadtha. Más mian leat riachtanais an chainéil i leith na gcaighdeán agus na sonraíochtaí seo – fhíse, fhuaime, theicniúil, sheachadadh téipe, bheochraolta agus eile – a fháil, brúigh anseo.
 

Treoirlínte Leanúnachas

Is mian le TG4 treoir a thabhairt chun go mbeidh leanúnachas i bhfeidhm ar chláracha coimisiúnaithe TG4.

I gcás tús míre / briseadh fógraíochta / deireadh míre – Is é seo a leanas an t-aon téacs a nglacfaidh TG4 leo as seo amach.

Caithfidh an téacs seo a bheith ar gach chlár.

1.
Deireadh le Cuid a hAon NÓ Deireadh Chuid a hAon

2.

Cuid a Dó

Deireadh le Cuid a Dó NÓ Deireadh Chuid a Dó

3.

Cuid a Trí

Deireadh le Cuid a Trí NÓ Deireadh Chuid a Trí

Ní ghlacfar le haon Hashtags ná le haon leagan eile den mhéid atá thuas mar chomhartha ar an mbriseadh fógraíochta.
 

Treoirlínte Iar Léiriúcháin

Lean na treoirlínte Iar léiriúcháin anseo. Is féidir an Logo agus clár deirigh a bhfuil tagairt déanta dó ins na Treoirlínte a íoslódáil anseo (www.tg4.ie/treoir).
 

Caighdeáin Theicniúla Gearrfhoirm

Caighdeáin Theicniúla Gearrfhoirm ar fáil anseo … Cliceáil Anseo
 

Foirm Scaoileach do Dhaoine Páirteach i gclár

Caithfidh gach duine a bhíonn rannpháirteach go cruthaitheach i gclár – amhránaí, damhsóir, aisteoir, agallóir, scríbhneoir, cumadóir, léiritheoir, stiúrthóir – an fhoirm seo a shíniú.
 

Glanadh Cearta Ceoil

Is gá bileog cheoil a sheoladh leis an gclár críochnaithe chuig TG4 in a bhfuil eolas iomlán – fad an phíosa ceoil, cumadóir, foilsitheoir, an lipéad ceirníní &rl. I gcás gur ceol beo atá in úsáid, ba chóir do na ceoltóirí ar fad an fhoirm scaoileach rannpháirtíochta a shíniú agus í a sheoladh isteach leis an mbileog chiúála cheoil.
 

Íomhánna

Tá an caighdeán ríthábhachtach maidir le híomhánna poiblíochta. Taifeach, comhdhéanamh, soilsiú, fócas, tionchar físiúil den chaighdeán is airde etc. Teastaíonn 5-6 íomhá don tsraith agus 5-6 íomhá eile do gach clár. 20 íomhá ar a laghad le haghaidh cláir aon-uaire, agus 6 íomhá an eipeasóid le haghaidh sraithe.
Príomhriachtanais:
• Glactha ar DSLR ag na socruithe iomlán caighdeánacha RAW.
• Curtha ar fáil mar leaganacha RAW agus jpeg
• Níl cead pictiúir a bheidh glactha ar fhón soghluaiste ná snapanna den scáileán a úsáid.
• Ní mór do ghrianghraif a bheith ar an taifeach iomlán, lándaite, gan aon ghrádáil seachas sa chás go bhfuil stíleáil eagarthóireachta déanta orthu. E.g. Clár Dubh agus Bán
• Ná bíodh aon lógónna ná comhartha uisce leabaithe.
• 10 MB jpeg ar a laghad
• Ní mór do gach grianghraf a bheidh le húsáid ar mhaithe le hionramháil ardleibhéil a bheith den taifeach iomlán 15 MB ar a laghad
Tuilleadh eolas … Cliceáil Anseo.
 

Lógó / Teideal Sraithe

Lógó teideal clár/sraithe le seachadh mar .png, PSD nó AI i mbán nó daite.
 

Scannán Cartlainne / Sean Phictiúirí

Caithfear ceadúnas scríofa a fháil ó úinéir na gcearta d’aon mhír chartlainne/seanphictúirí a úsáidfear sa chlár. D’fhéadfadh go mbeadh glanadh cearta níos leithne ag teastáil más comhléiriú é seo nó má tá maoiniú ag teacht ó fhoinsí eile.
 

Páipéarachas Dlí – Ginearálta

Nuair a bheidh an clár críochnaithe á sheoladh agat chuig TG4 caithfear na sonraí cláir agus an fhoirm chóipchirt atá ceangailte leis an gconradh a líonadh amach agus a thabhairt do TG4, mar aon le cóipeanna de gach cáipéisíocht glanta cearta eile atá luaite thuas. Ba chóir duit na bunchóipeanna a choinneáil slán dod chomhad féin.
 

Úsáid Lógó TG4

Chun Treoireacha ar úsáid Lógó TG4 … Cliceáil Anseo.
 

Treoirlínte Fotheidil TG4

Treoirlínte Fotheidil TG4 … Cliceáil Anseo.