Skip to main content
< back to TG4.ie

BABHTA COIMISIÚNAITHE OLLSOLÁTHAIR MOLSCÉAL

 

BABHTA COIMISIÚNAITHE OLLSOLÁTHAIR MOLSCÉAL

4i.n. Déardaoin an 12 Meitheamh 2025 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais

LÉIRIÚ ÁBHAIR do MOLSCÉAL i gConamara, An Rinn, Maigh Eo, Dún na nGall, Tuaisceart Éireann, Ráth Chairn, Baile Átha Cliath, Ciarraí agus Múscraí.
 
Cuirfidh MOLSCÉAL fáilte roimh iarratais ó chomhlachtaí léiriúcháin a bheidh in ann cúram léirithe a dhéanamh chun scéalta físe a chruthú ar bhonn rialta a bheidh ina gcranntaca ag Molscéal sna i gceantair Ghaeltachta Chonamara, na Rinne, Mhaigh Eo, Dhún na nGall, Thuaisceart Éireann, Ráth Chairn, Bhaile Átha Cliath, Chiarraí agus Mhúscraí.

I bhFómhar na bliana 2018 a chuir TG4 tús leis an mbranda nua Neamhlíneach, MOLSCÉAL, atá dírithe ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Tá ag éirí thar barr le MOLSCÉAL ó shin agus bíonn nach mór cúig mhilliún amharc físe ag físeáin MOLSCÉAL in aghaidh na bliana ar na meáin shóisialta.
 
MOLSCÉAL:
Fáiltítear roimh iarratais ó chomhlachtaí atá lonnaithe i gceantair Ghaeltachta, a bhfuil sé ar a gcumas scéalta físe áitiúla ó chroíphobal na Gaeltachta agus ó shaol na Gaeilge a sholáthar atá curtha in oiriúint d’ardáin ar líne MOLSCÉAL. Táimid ag lorg comhlachtaí a bhfuil thuiscint ghrinn acu ar Chroíphobal na Gaeltachta agus na Gaeilge, agus a bhfuil foireann faoina gcúram atá in ann scéalta ar ardchaighdeán a chruthú.

Táthar ag súil le soláthar scéalta reatha agus scéalta suimiúla atá dírithe ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Táthar ag iarraidh scéalta as gach ceantar Gaeltachta agus go dtabharfar clúdach leathan do na pobail éagsúla. D’fhéadfaí freisin, ó am go chéile, sraitheanna a chruthú ar théamaí ar leith.
€1,000 an mír an luach atá ag dul leis an gconradh seo. Cuirfear tús leis an gconradh i mí Dheireadh Fómhair 2025 agus mairfidh sé ar feadh 3 bliaina.

Beidh cearta saoil trasardán ar fud an domhain ag TG4 ar an ábhar seo

Ní mór na nithe seo a leanas a bheith san áireamh san iarratas:

  • An cur chuige físe a ghlacfar i leith an ábhair
  • An cur chuige a bheidh agat chun teacht ar sholáthar reatha scéalta nó daoine – ábhar ón nGaeltacht / ábhar ó Phobail Ghaeilge
  • Príomhfhoireann Léirithe an togra. (Léiritheoir/Taighdeoir/Ceamaradóir/Eagarthóir)
  • An buiséad bunaithe ar €1,000/mír.
  • Samplaí de na cineálacha scéalta / daoine a mholfá.
  • Léargas ar thuiscint an chomhlachta ar ábhar do na hárdáin shóisialta.
  • An líon míreanna a bheadh i gceist agat a sholáthar.
  • Plean seachadta na míreanna.

 
Ní mór gach iarratas ar Ollsoláthar a chur chugainn tríd an gcóras eCoimisiúin ina cheangaltán pdf agus an buiséad ina cheangaltán Excel. Ní dhéanfar aon iarratas nach bhfuil buiséad leis a mheas. Comhlachtaí atá cláraithe ina gcomhlachtaí teoranta amháin a bheidh incháilithe do choimisiúin. Ní mór do na hiarratais a bheith i nGaeilge.
 
Ní mór gach iarratas a chur ar aghaidh go leictreonach chuig TG4. Ní mór do chomhlachtaí léiriúcháin a chinntiú ar dtús go bhfuil siad cláraithe ar ár gcóras eCoimisiúin https://ecomm.tg4.ie , agus an t-iarratas, mar aon leis an mbuiséad, a uaslódáil roimh an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais trí ‘Babhta Coimisiúnaithe Ollsoláthair Molscéal’ a roghnú ón roghchlár anuas. Cuirfear in iúl duit, go huathoibríoch, nuair a bheidh do thogra curtha ar aghaidh. Ní ghlacfar le tograí nuair a bheidh an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais caite. Is féidir ceist ar bith maidir leis an mbabhta seo agus maidir le hoiriúnacht an tionscadail a sheoladh chuig katie.ni.mhuircheartaigh@tg4.ie
 
Clár Ama:

Déardaoin, 12 Meitheamh Spriocdháta
Seachtain, 23 Meitheamh Roghnúchán
Dé Máirt, 1 Iúil Cur i láthair

 
Glacfar le hiarratas ar an mbonn go gcomhlíonfaidh iarrthóir na hoibleagáidí reachtúla iomchuí uile.

Níl dualgas ar TG4 glacadh leis an iarratas is ísle praghais, ná le haon iarratas.

Beidh aon chonradh ag brath ar Dheimhniú Imréitigh Cánach a bheith agat ó na Coimisinéirí Ioncaim.

An tAcht um Shaoráil Faisnéise: Cuirtear iarrthóirí ar an eolas gur ceadmhach eolas a sholáthraítear a nochtadh don phobal faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. Ba chóir d’iarrthóirí aird a tharraingt ar aon fhaisnéis íogair (más ann di) agus an chúis go bhfuil an fhaisnéis sin íogair a lua. Ní féidir glacadh leis nach mbeidh dualgas ar TG4 faisnéis a eisiúint, fiú más dóigh leis an iarrthóir gur faisnéis íogair í agus go bhfuil sin curtha in iúl do TG4.

Ní ann d’aon chineál ceangail – conartha nó aon chineál eile – go dtí go mbeidh conradh foirmiúil scríofa forghníofa ag nó thar ceann TG4.