Skip to main content
< back to TG4.ie

Traenáil & Forbairt

Spreag

Sprioc-am d’iarratais chuig Animation Ireland – Dé hAoine an 30ú Bealtaine 2025


 

Gearrscannáin Anamúlachta as Gaeilge

 

Cuireann TG4, Fís Éireann agus Ciste Craoltóireachta Gaeilge Scáileáin Thuaisceart Éireann fáilte roimh iarratais ar mhaoiniú do thograí Gearrscannáin Anamúlachta Gaeilge.  Tá muid ag súil go spreagfaidh an ciste maoinithe seo tograí anamúlachta Gaeilge, atá bunaithe ar coincheap agus scríbhneoireacht Gaeilge agus a thugann léargas ar scéalaíocht atá dúchasach agus samhailteach agus a léiríonn ábhar spéise agus eispéiris saoil ilghnéitheach an phobail Gaelach.

Táthar ag súil na gearrscannáin a cruthaítear a bheith léirithe ar ard chaighdeán agus ar fáil le dáileadh ag fleadh scannáin agus féilte maraon le bheith ar fáil le craoladh ar TG4 nó Cúla4.

Díreoidh an scéim ar chumas scríobhneoirí le Gaeilge a chothú i réimsí na hanamúlachta, agus deis forbartha a thabhairt do thallann nua le Gaeilge sa tionscail.   Fáilteofar roimh iarratais ó fhoirne ina mbeidh:

  • Scríobhneoir le Gaeilge in éineacht le Léiritheoir & Stiúrthóir le roinnt taithí
  • Stiúrthóir le Gaeilge & Scríobhneoir le Gaeilge in éineacht le Léiritheoir le roinnt taithí

Beidh tacaíocht ar fáil do iarrthóirí faoi stiúir agus faoi mheantóireacht Animation Ireland Talent Academy agus cuirfear Léiritheoir Feidhmiúcháin ag obair le gach togra le comhairle a chuir ar fáil.

 

Tá súil idir 4 – 6 cinn de thograí a fhorbairt.  Tograí idir 3 nóiméad agus 6 nóiméad ar fhaid.

Beidh súil le léirithe a beith críochnaithe agus seachadadh faoi tús Mí Márta 2026.
 
 
CINEÁL ÁBHAR

Fáilteofar roimh thograí Anamúlachta a bheidh ag díriú ar ceann den dá réimse seo:

 

  • CÚLA4: Tá Cúla4 dírithe ar dhaoine óga idir aois réamhscoile go 13 bliana d’aois.  Craolann cainéal Cúla4 gach lá ón 6am – 8pm agus tá fáil ar App Cúla4 am ar bith, áit ar bith.

Tá eolas breise ar fáil faoi Cúla4 ach teagmháil le siobhan.ni.bhradaigh@tg4.ie

 

  • BLOC TG4: Is mol sóisialta é BLOC atá dírithe ar lucht féachana 18+ .  Tá ábhar BLOC ar fáil ar Instagram, YouTube & Tik Tok.  Fáiltíonn BLOC roimh ábhar físe nuálach, spreagúil agus siamsúil dírithe ar lucht féachana óg ós cionn 18 bliana d’aois.

Tá eolas breise ar fáil faoi BLOC ach teagmháil le roisin.ni.thuairisg@tg4.ie

 

Is féidir comhairle breise maidir le ullmhú iarratais anamúlachta a fháil ó: animation@nationaltalentacademies.ie

 

 

 

 

Tá tacaíocht arb fhiú €240,000 ag an gciste seo.  Is comhpháirtíocht í idir TG4, Fís Éireann, ILBF agus Animation Ireland.
 

 
 
 

SPREAG :  tacaíocht maoinithe ó: