Gene Kelly - Réalt an Rince
More on TG4
Note from the Ard-Stiúrthóir
Deirdre Ní Choistín
Wishing you and your family a very Happy Christmas. Thank you for your continued support of TG4 this year and I hope you enjoy the feast of programmes on TG4 and on the TG4 Player this Christmas.
We wish you a Happy Christmas and a Peaceful New Year, from all of us at TG4.
Ag guí Nollaig mhór mhaith ort féin agus ar do chomhluadar. Go raibh maith agat as tacaíocht a thabhairt do TG4 i mbliana agus tá súil agam go mbainfidh tú taitneamh as an bhféasta cláracha a bheidh le feiceáil ar TG4 agus ar Seinnteoir TG4 an Nollaig seo.
Guímid Nollaig Shona agus Athbhliain faoi Mhaise agus faoi Shíocháin ort, uainn ar fad i TG4.
Cartlann Christy Moore
NEW - New Year's Eve @ 22:10 on TG4 & TG4.ie
Legendary folk singer Christy Moore sits down with Liam O’Connor, director of the Irish Traditional Music Archive, to reflect on a lifetime of song as Moore formally donates his personal archive. With contributions from some of Ireland’s best-known artists, this film celebrates a remarkable musical legacy.
Labhraíonn an t-amhránaí mór le rá Christy Moore le Liam O’Connor atá ina stiúrthóir ar Thaisce Cheol Dúchais Éireann chun súil siar a chaitheamh ar a shaothair ceoil agus bronnann Moore a chartlann pearsanta féin ar Thaisce Cheol Dúchais Éireann. Beidh cuid de mhórcheoltóirí na hÉireann ar an gclár freisin chun oidhreacht cheoil Christy Moore a cheiliúradh.
George Best i gCorcaigh
NEW - St. Stephen's Day @ 20:15 on TG4 & TG4.ie
This documentary tells the extraordinary story of George Best and his time with Cork Celtic on the 50th anniversary of his time in League of Ireland, featuring exclusive interviews and rare archive footage of Best in action in Cork. He played with Manchester United as one of their star players for 11 years and when he left, the world wondered what was next for George Best. As it turned out, the next thing for him was a stint in Cork.
Clár faisnéise faoin tréimhse a chaith George Best ag imirt do Cork Celtic, ag comóradh 50 bliain ó d’imir sé i Sraith na hÉireann. D’imir sé le Manchester United feadh 11 bliain agus bhí an domhan mór ag faire air go bhfeicfí céard a dhéanfadh sé nuair a d’imigh sé uathu, mar a tharla sé bhí rún aige seal a chaitheamh i gCorcaigh.
Cine4 Film: Fidil Ghorm
NEW - Christmas Day @ 20:30 on TG4 & TG4.ie
(2024 Cine4 Film) The story of a 10-year-old girl called Molly who believes that if she learns to play the fiddle that she can wake her dad from a coma. There is also a grumpy old man in the rehab home who had once been a champion fiddler, Molly is told that he has ‘magic in his hands’ and she coaxes him to teach her to play the fiddle.
(Scannán Cine4 2024) Scannán faoi chailín óg a cheapann go dtiocfaidh a hathair as cóma má chasann sí an fhidil dó. Tá seanfhear cantalach ina chónaí san ionad athshlánúcháin freisin agus nuair a fhaigheann Molly amach gur togha fidléara a bhí ann le “draíocht ina lámha” iarrann sí air an fhidil a mhúineadh di.
Gradam Ceoil TG4 @ Expo 25
NEW - Sunday 21 December @ 21:30 on TG4 & TG4.ie
A musical collaboration celebrating the cultural links between Ireland and Japan featuring the recipients of the TG4 Gradam Ceoil Awards 2025 and traditional Japanese musicians and dancers. The concert features Okinawan singing, Taiko drumming and Bon Odori dancing. Presented by Áine Hensey.
Déanfar ceiliúradh ar na ceangail chultúrtha atá idir Éire agus an tSeapáin sa gceolchoirm seo. Beidh buaiteoirí Gradaim Ceoil TG4 2025 chomh maith le damhsóirí agus ceoltóirí tradisiúnta ón tSeapáin ar stáitse le chéile. Beidh amhránaíocht as Okinawa, drumadóireacht Taiko agus damhsa Bon Odori fite fuaite le ceol traidisiúnta na hÉireann. Á chur i láthair ag Áine Hensey.
GAA 70's - Réabhlóid Shóisialta - ISL
NEW - Monday 22 December @ 19:45 on TG4 & TG4.ie
A new documentary that looks at the revival of Gaelic football in the 70s and the sociological impact it created. This era shaped the history of the GAA and inspired generations. (ISL interpretation onscreen.)
Clár faisnéise nua a thugann léargas ar an mborradh a tháinig ar pheil Ghaelach sna 70idí chomh maith leis an tionchar socheolaíoch a bhí aige sin ar mhuintir na hÉireann. Tá an tréimhse ar cheann de na réanna is tábhachtaí i stair an CLG. (Ateangaireacht TCÉ ar an scáileán.)
Geantraí na Nollag 2025
NEW - Christmas Day @ 19:00 on TG4 & TG4.ie
The 2025 Geantraí Christmas Special comes from the stunning surroundings of Mount Falcon Estate, County Mayo and brings together an exceptional lineup of artists. From legendary performers such as Paul Brady performing two of his most celebrated folk songs – Arthur McBride and The Lakes of Pontchartrain – to the powerhouse that is Breanndán O’Beaglaoich and the much loved Tommy Fleming to the brightest new voices in traditional and folk music.
Is in Eastáit an Droma Riabhaigh i gContae Mhaigh Eo a chuirfear clár speisialta na Nollag 2025 i láthair agus beidh ceoltóirí agus amhránaithe den chéad scoth ar an gclár.
Special Christmas Shows & Irish Films
on Cúla4 & www.cula4.com
From the frozen world of Ice Age to the land of Far Far Away and a journey of discovery through the heart of Ireland. Join Po, Shrek, Sid and Nollaí the giant Irish deer for magical movies the whole family will love. Watch on Cúla4 or when they are added to the player after broadcast!
Ó dhomhan faoi oighear Ice Age go dtí an domhan i bhfad i bhfad uainn agus turas taiscéalaíochta trí chroílár na hÉireann. Bí i dteannta Po, Shrek, Sid agus Nollaí, fia mór na mbeann do scannáin dhraíochta a mbainfidh an teaghlach go léir sásamh astu. Is féidir iad a fheiceáil ar Cúla4 nó ar Sheinnteoir Cúla4 tar éis a gcraolta.
Cainéal 4 Saorview; Cainéal 104 Sky
Cainéal 104 UPC; 137 HD ar UPC, 602 Cúla4 ar UPC
Tuaisceart Éireann: 163 (Sky); 877 (Virgin Cable); 51 (Freeview)
Ar fud na Cruinne: www.tg4.tv
