Aontas
More on TG4
Mná na Léinte Gorma
NEW - Wednesday 4 March @ 21:30 on TG4 & TG4.ie
As nationalism swept 1930s Europe, Ireland faced its own reckoning. Mná na Léinte Gorma uncovers the untold story of the Blue Blouses-over 12,000 Irish women who joined the proto-fascist Blueshirts. This documentary reveals a complex legacy of power, identity, and the role of women in extremism-then and now.
Bhí géarchéim in Éirinn sna 1930idí mar a scaip an náisiúnachas ar fud na hEorpa. Insítear scéal Mhná na Léinte Gorma sa gclár seo, 12,000 bean a sheas leis na Léinte Gorma, eagraíocht luath-fhaisisteach in Éirinn. Tugann an clár faisnéise seo cúrsaí cumhachta, féiniúlachta agus ról na mban san antoisceacha chun solais.
Ceartas Crua - Mná v An Dlí
NEW - Begins Wednesday 11 March @ 21:30 on TG4 & TG4.ie
Ceartas Crua – Mná v An Dlí is a two-part documentary series that examines the real impact of 100 years of the Irish State on the country’s women through the prism of the judicial system. This series explores women’s history in a unique way, examining the country’s legislation and laws, as well as looking back on famous court cases.
Clár faisnéise dhá chuid é Ceartas Crua – Mná v An Dlí ina mbreathnaítear ar an gcóras breithiúnach in Éirinn ó bunaíodh an Stát agus an tionchar a bhí ag an gcóras sin ar mhná na tíre. Tugtar léargas ar leith ar stair na mban ag breathnú ar dhlíthe agus reachtaíocht agus caitear súil siar ar chásanna cúirte clúiteacha.
Iniúchadh TG4
NEW - Wednesday 25 March @ 21:30 on TG4 & TG4.ie
Kevin Magee investigates the extent of rural decline in Ireland as some GAA clubs struggle to survive as populations dwindle. He examines the housing crisis in small communities and the barriers preventing young people from remaining or setting up home in the countryside.
Fiosraíonn Kevin Magee an titim i ndaonra na tuaithe agus roinnt clubanna CLG ag streachailt foirne a chur chun páirce. Tugann sé léargas ar an ngéarcheim tithíochta agus ar na constaicí a chaitheann daoine óga a shárú más mian leo cur futhú faoin tuath.
Pobal Mhúscraí
NEW - Begins Thursday 12 March @ 20:00 on TG4 & TG4.ie
In this series we get an insight into the communities in six areas within the Múscraí Gaeltacht in Co. Cork; Béal Átha an Ghaorthaidh, Cill na Martra, Ré na nDoirí, Cúil Aodha, Baile Mhic Íre and Baile Bhuirne. The people living in these areas are creative, musical and tight-knit.
Tugtar léargas ar na pobail i sé cheantar i nGaeltacht Mhúscraí i gContae Chorcaí sa tsraith seo; Béal Átha an Ghaorthaidh, Cill na Martra, Ré na nDoirí, Cúil Aodha, Baile Mhic Íre agus Baile Bhuirne. Tá na daoine atá ag cur fúthu sna háiteanna seo cruthaitheach, ceolmhar agus fite fuaite ina chéile.
Slé Anois go Cúramach
NEW - Begins Tuesday 24 March @ 19:30 on TG4 & TG4.ie
Slé Anois go Cúramach is the first Irish language teen quiz show! Each episode sees two secondary school teams from around Ireland go head-to-head to try and win prizes! The teams are put through their paces in five entertaining rounds. Hosted by Síomha Ní Ruairc.
Is é Slé Anois go Cúramach an chéad chlár tráth na gceist i nGaeilge do dhéagóirí! Tabharfaidh dhá fhoireann as meánscoileanna ar fud na hÉireann aghaidh ar a chéile chun duaiseanna a bhuachan agus beidh cúig bhabhta spraíúil i ngach clár. Á chur i láthair ag Síomha Ní Ruairc.
An Deis
NEW - Begins Sunday 8 March @ 19:30 on TG4 & TG4.ie
One game, two dice, and three teams competing against each other to take home the jackpot. An Deis is an exciting game show with three rounds and three teams. Presented by Eibhlín Ní Chonghaile.
Cluiche amháin, dhá dhísle agus trí fhoireann san iomaíocht lena chéile chun an pota óir a thabhairt abhaile leo. Is seó cluichí spleodrach é An Deis ina mbíonn trí bhabhta. Á chur i láthair ag Eibhlín Ní Chonghaile.
Ceolaireacht
NEW - Begins Sunday 8 March @ 21:30 on TG4 & TG4.ie
Fiddler Doireann Ní Ghlacáin sets out on a musical journey, exploring the heart of tradition in four regions across Ireland: South Dublin, Tyrone, North Kerry, and East Galway. On her journey, Doireann learns who the musicians are in each area, what styles shape their sound, and how have past generations left their mark on the music.
Téann an fidléir Doireann Ní Ghlacáin ar thuras ceoil chuig ceithre cheantar in Éirinn agus í sa tóir ar chuisle an cheoil sna ceantair sin; deisceart Bhaile Átha Cliath, Tír Eoghain, tuaisceart Chiarraí agus oirthear na Gaillimhe. Is mian le Doireann eolas a chur ar na ceoltóirí, an ceol agus an stíl a bhaineann leis na ceantair áirithe seo.
SpongeBob an Scannán: Cá bhfuil SquarePants?
We are delighted to announce the Irish-language release of SpongeBob an Scannán: Cá bhfuil SquarePants? in selected cinemas nationwide to celebrate Seachtain na Gaeilge this year. Paramount Pictures Ireland, in association with TG4, is proud to bring this exciting project to Irish cinemas.
Tá ríméad orainn a fhógairt go mbeidh an leagan Gaeilge de SpongeBob an Scannán: Cá bhfuil SquarePants? á thaispeáint i bpictiúrlanna faoi leith ar fud na tíre chun Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh i mbliana. Tá mórtas ar Paramount Pictures Ireland, i gcomhar le TG4, an togra iontach seo a thaispeáint i bpictiúrlanna na hÉireann.
Cainéal 4 Saorview; Cainéal 104 Sky
Cainéal 104 UPC; 137 HD ar UPC, 602 Cúla4 ar UPC
Tuaisceart Éireann: 163 (Sky); 877 (Virgin Cable); 51 (Freeview)
Ar fud na Cruinne: www.tg4.tv
