Gradam Ceoil TG4 2026
More on TG4
Aperitíf
NEW - Begins Wednesday 23 September @ 21:30
Aperitíf is TG4’s new dating series where romance is served one course at a time. In each episode, three singletons embark on a unique dating adventure, enjoying three blind dates over a gourmet starter, main course and dessert. With every course comes a new potential match, plenty of laughs, honest conversations and unexpected chemistry.
Sraith nua chleamhnais é Aperitíf ina gcuirfear béile agus b’fhéidir grá chun boird cúrsa ar chúrsa. Rachaidh triúr atá sa tóir ar a ngrá geal ar thrí choinne chéad aithne i ngach clár, agus beidh duine nua os a gcomhair don chéad chúrsa, don phríomhchúrsa agus don mhilseog. Gheobhaidh na hiarrthóirí an deis aithne a chur ar a chéile agus beidh neart gáire agus comhrá ionraic acu freisin.
Mo Thír Mo Thuairim
NEW - Begins Monday 7 September @ 22:00
A fresh weekly current affairs discussion programme presented by Cormac Ó hEadhra, putting young people at the heart of Ireland’s biggest conversations. Each episode explores the stories shaping their lives, from housing, artificial intelligence and social media to addiction, gambling and politics through honest debate, digital engagement, diverse voices and audience interaction.
Clár seachtainiúil cúrsaí reatha ina mbeidh daoine óga i lár an aonaigh, á chur i láthair ag Cormac Ó hEadhra. Beidh cur agus cúiteamh faoi mhórcheisteanna an lae inniu, ar nós cúrsaí tithíochta, intleacht shaorga, na meáin shóisialta, andúil, cearrbhachas, agus cúrsaí polaitíochta.
Trasna na dTonnta
NEW - Begins Monday 14 September @ 20:30
This series follows the lives of immigrants who have made Ireland’s offshore islands their new home. From Ukraine, France, Scotland, South Africa and Germany, they share their personal stories of leaving familiar lives behind and adapting to remote island communities off Ireland’s west coast.
Is ar inimircigh atá ag cur fúthu ar na hoileáin amach ó chósta na tíre a dhíreofar sa tsraith seo. Roinnfidh daoine atá tagtha ón Úcráin, an Fhrainc, Albain, an Afraic Theas agus ón nGearmáin a scéalta féin, ag insint mar a d’fhág siad an baile agus mar atá ag éirigh leo dul i gcleachtadh ar an saol ar na hoileáin amach ó chósta thiar na hÉireann.
Scannán: An Grá Ciúin
NEW - Saturday 26 September @ 21:30
In this intimate feature documentary, three Deaf couples share their extraordinary love stories through sign language: a 50-year forbidden romance that crossed a religious divide, an LGBT couple navigating the challenges of parenting deaf and hearing daughters, and a Deaf boxer and his hearing partner facing an impossible decision.
Roinnfidh trí lánúin atá bodhar a scéalta féin faoi mar a thit siad i ngrá trí theanga chomharthaíochta sa gclár faisnéise pearsanta seo. Feicfear grá neamhcheadaithe a sháraigh deighilt reiligiúnach; lánúin LADT ag tabhairt faoi na dúshláin a bhaineann le bheith ag tógáil clainne agus a bhfuil duine dá n-iníonacha bodhar, agus dornálaí bodhar agus a pháirtí a bhfuil cinneadh mór le déanamh acu.
An Balla
NEW - Series 2 - Begins Tuesday 8 September @ 21:30
An Balla returns for a second series, exploring communities living in the shadow of walls and borders. Síle Nic Chonaonaigh takes viewers to the Finnish-Russian border, São Paulo in Brazil, Vietnam and the Spain-Morocco border in Ceuta.
Sa dara sraith seo tabharfar léargas ar phobail atá ag maireachtáil le hais ballaí agus teorainneacha ar fud an domhain. Rachaidh Síle Nic Chonaonaigh chuig an teorainn idir an Fhionlainn agus an Rúis, chuig São Paulo sa Bhrasaíl, chuig Vítneam agus chuig an teorainn idir an Spáinn agus Maracó in Ceuta.
Éire & Taisteal
NEW - Begins Monday 7 September @ 21:00
This documentary series explores the history of travel and transport in Ireland. From the earliest roads to the bicycle, the horse and cart, through to the canals and the railway, the motor car and the aeroplane, the series tells the story of the evolution of travel. It uncovers stories from history, celebrates the engineers who took the first steps and the pioneers who led the way.
Tugtar léargas ar mar a d’fhorbair cúrsaí taistil agus cúrsaí iompair in Éirinn, ó na chéad bhóithre go canálacha, ó na chéad traenacha go carranna, agus ó loingseoireacht go haerthaisteal. Roinnfear scéalta ón stair, tabharfar ómós do na hinnealtóirí a thug faoin obair agus do na ceannródaithe a bhí á stiúradh.
Foinn na Fliúite - Ceol Comhroinnte na nDaoine
NEW - Sunday 6 September @ 21:00
In this documentary we celebrate and showcase the shared traditions, heritage, and culture of our island. The focus is on the shared flute and fife tradition that give a glimpse of the island’s shared music – North, South, East, and West. This story is not black and white. It is alive with spirit, cultural diversity, and shared history.
Déanfar ceiliúradh ar thraidisiún, oidhreacht agus ar chultúr na tíre sa gclár faisnéise seo. Díreofar ar cheol na feadóige móire agus ar cheol na fífe chun léargas a thabhairt ar an gceol atá le fáil ar fud na hÉireann – ó thuaidh, ó dheas, thoir agus thiar. Ní scéal dubh agus bán atá i gceist, tá sé lán le héagsúlacht chultúrtha agus stair choiteann.
Cúla4's Exciting New Season!
Watch Cúla4 and cula4.com for the New Season!
Our autumn schedule is packed with brand-new programmes, exciting adventures, brilliant stories and plenty of entertainment for all ages. Join Captain Póilín and her crew as they explore the Irish coast in Cois Cladaigh, get little ones singing and exploring in Seal le Sailí, and follow Doireann and Fíadh in Dialann Damhsa as they navigate fierce competition, friendship, social media pressures and the ups and downs of growing up. We’re also delighted to introduce our brand-new Nuacht Cúla4 team, who will be bringing the latest stories from Ireland and around the world to young viewers. There’s plenty more to discover this autumn, with brand-new programmes alongside the return of some of your favourite Cúla4 shows.
Cainéal 4 Saorview; Cainéal 104 Sky
Cainéal 104 UPC; 137 HD ar UPC, 602 Cúla4 ar UPC
Tuaisceart Éireann: 163 (Sky); 877 (Virgin Cable); 51 (Freeview)
Ar fud na Cruinne: www.tg4.tv
