Skip to main content
< back to TG4.ie

Irish News

 

Cruinniú ag Uachtarán Mheiriceá le hUachtarán Zelensky sa Róimh

26 APRIL 2025, 17:12

Uachtarán na Stát Aontaithe agus Uachtarán na hÚcráine i mbun cainte sa Róimh ar maidin
X Facebook

Bhí comhrá a mhair 15 nóiméad ag Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump le hUachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky sa Róimh ar maidin.

Tionóladh an cruinniú i mBaisleac Pheadair roimh shochraid an Phápa Proinsias.

Dúirt an Teach Bán go raibh ''cruinniú an-thairbheach'' ag an dá cheannaire.

Deir úrlabhraí uachtaránachta na hÚcráine Serhiy Nykyforov go bhfuil socruithe á ndéanamh chun tuilleadh cainteanna a reáchtáil.

Dúirt Uachtarán na hÚcráine má bhaintear na nithe a pléadh inniu amach go bhféadfadh sé tarlú gur cruinniú stairiúil a bhí ann.

Ba é seo an chéad chruinniú a bhí ag na hUachtaráin ó bhí cruinniú teasaí idir an dá cheannaire sa Teach Bán i Washington i Mí Feabhra.

D'fhág Uachtarán Mheiriceá an Róimh ar Air Force One i ndiaidh do freastal ar shochraid an Phápa sa Róimh.

I ndiaidh an chruinnithe, cháin an tUachtarán Trump, Uachtarán na Rúise Vladimir Putin agus dúirt sé go bhfuil sé i mbun macnaimh maidir le tuilleadh smachtbhannaí a ghearradh ar an Rúis, rud atá á lorg ag Uachtarán na hÚcráine arís agus arís eile.

Dúirt an tUachtarán Zelensky gur pléadh sos comhairc iomlán agus conas síocháin a mhairfeadh agus a chuirfeadh stop le cogadh eile tosnú a bhaint amach.

Idir an dá linn, leanann ionsaithe na Rúise ar an Úcráin.